A A A A A
Facebook Instagram Twitter
Gaeilge Bible [Irish Gaelic] (ABN)

Apacailipsis 10



1
Ansin chonaic mé aingeal tréan eile ag tuirlingt ó na flaithis, agus néal mar éide ina thimpeall, agus an bogha sine ar a cheann. Bhí a cheannaithe mar an ngrian agus a chosa mar cholúin tine,
2
agus bhí scrolla beag ar oscailt aige ina lámh. Chuir sé a chos dheas ar an bhfarraige agus a chos chlé ar an talamh,
3
agus ghlaoigh sé de ghlór ard mar leon ag búireadh. Agus nuair a ghlaoigh, labhair na seacht dtoirneach lena nglór ar leith féin.
4
Agus nuair a labhair na seacht dtoirneach, bhíos ar tí scríofa, agus chuala guth ó na flaithis á rá: «Cuir séala lena bhfuil ráite ag na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.»
5
Agus an t-aingeal a chonaic mé ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh, d' ardaigh sé a lámh chun na bhflaitheas agus
6
mhionnaigh sé dar an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, an té a chruthaigh na flaithis agus a bhfuil iontu, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti; mhionnaigh sé: «Ní bheidh moill ann feasta,
7
ach sna laethanta a ghlaofaidh an seachtú haingeal, nuair a bheidh sé ar tí a thrumpa a shéideadh, ansin beidh rúndiamhair Dé arna comhlíonadh faoi mar a d' fhógair sé dá sheirbhísigh, na fáithe.»
8
Ansin an guth a chuala ó na flaithis labhair sé liom arís, agus dúirt sé liom: «Ar aghaidh leat, tóg an scrolla atá ar oscailt i lámh an aingil atá ina sheasamh ar an bhfarraige agus ar an talamh.»
9
Chuaigh mé chun an aingil á rá leis an scrolla beag a thabhairt dom. Agus dúirt sé liom: «Tóg agus slog é, agus cuirfidh sé casadh searbh ar do ghoile, ach beidh sé milis mar mhil i do bhéal.»
10
Thóg mé an scrolla beag, más ea, ó lámh an aingil agus shlog mé é, agus bhí sé milis mar mhil i mo bhéal, agus nuair a bhí sé ite agam tháinig casadh searbh ar mo ghoile.
11
Ansin dúradh liom: «Ní foláir duit fáistine a dhéanamh arís i dtaobh pobal agus ciníocha (agus teangacha) agus a lán ríthe.»











Apacailipsis 10:1

Apacailipsis 10:2

Apacailipsis 10:3

Apacailipsis 10:4

Apacailipsis 10:5

Apacailipsis 10:6

Apacailipsis 10:7

Apacailipsis 10:8

Apacailipsis 10:9

Apacailipsis 10:10

Apacailipsis 10:11







Apacailipsis 1 / Apa 1

Apacailipsis 2 / Apa 2

Apacailipsis 3 / Apa 3

Apacailipsis 4 / Apa 4

Apacailipsis 5 / Apa 5

Apacailipsis 6 / Apa 6

Apacailipsis 7 / Apa 7

Apacailipsis 8 / Apa 8

Apacailipsis 9 / Apa 9

Apacailipsis 10 / Apa 10

Apacailipsis 11 / Apa 11

Apacailipsis 12 / Apa 12

Apacailipsis 13 / Apa 13

Apacailipsis 14 / Apa 14

Apacailipsis 15 / Apa 15

Apacailipsis 16 / Apa 16

Apacailipsis 17 / Apa 17

Apacailipsis 18 / Apa 18

Apacailipsis 19 / Apa 19

Apacailipsis 20 / Apa 20

Apacailipsis 21 / Apa 21

Apacailipsis 22 / Apa 22