1 |
Cad faoi deara cogaí agus cathanna a bheith in bhur measc? Nach é seo, go bhfuil bhur n-ainmhianta ag troid le chéile in bhur mbaill bheatha? |
2 |
Santaíonn sibh rud éigin agus níl sé agaibh; maraíonn sibh agus lorgann sibh, ach ní féidir daoibh teacht air; fearann sibh cath agus cogadh, ach ní fhaigheann sibh seilbh mar nach n-iarrann sibh. |
3 |
Iarrann sibh rud, ach ní fhaigheann sibh mar nach n-iarrann sibh go cuí, ach lena chaitheamh ar bhur n-ainmhianta. |
4 |
A striapacha, nach bhfuil a fhios agaibh gur cuma cairdeas an tsaoil seo nó eascairdeas Dé? Dá bhrí sin an té ar mian leis a bheith ina chara ag an saol seo, déanann sé namhaid Dé de féin. |
5 |
Nó an dóigh libh gur gan fáth a deir an scrioptúr: «Bíonn sé ag tnúth le héad leis an spiorad a chuir sé a chónaí ionainn?» |
6 |
Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: «Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.» |
7 |
Géilligí dá bhrí sin do Dhia; cuirigí i gcoinne an diabhail agus teithfidh sé uaibh. |
8 |
Druidigí i gcóngar Dé agus druidfidh Dia in bhur gcóngarsa. Nígí bhur lámha, a pheacacha, agus glanaigí bhur gcroí, sibhse atá ag cogadh le bhur n-aigne. |
9 |
Bígí go dearóil, ag gol is ag caoineadh. Bíodh bhur ngáire ina gol agaibh, agus bhur lúcháir ina gruaim. |
10 |
Déanaigí sibh féin a ísliú os comhair an Tiarna agus ardóidh sé sibh. |
11 |
Ná bígí ag tromaíocht ar a chéile, a bhráithre. An té a dhéanann tromaíocht ar bhráthair, nó a dhaorann a bhráthair déanann sé tromaíocht ar an dlí agus daorann sé an dlí. Ach má dhaorann tú an dlí, ní á chomhlíonadh a bhíonn tú ach á dhaoradh. |
12 |
Níl ach aon reachtóir agus aon bhreitheamh amháin ann, agus tá cumhacht saortha agus scriosta aigesean. Ach cé hé tusa le breith a thabhairt ar do chomharsa? |
13 |
Féachaigí anseo sibhse a deir: «Rachaimid go dtí a leithéid seo de bhaile inniu nó amárach agus caithfímid bliain ann agus beimid ag trádáil ann agus ag déanamh airgid.» |
14 |
Níl a fhios agaibh céard a tharlóidh amárach. Céard é bhur mbeo? Níl ionaibh ach mar ghal a thaibhsíonn ar feadh tamaill bhig agus a théann ar ceal ansin. |
15 |
In ionad a rá: «Más é toil an Tiarna é, mairfimid agus déanfaimid seo nó siúd.» |
16 |
Ach mar atá an scéal, nach sibh atá ag maíomh le barr sotail! Is olc é gach maíomh den sórt sin. |
17 |
An té arb eol dó céard is ceart a dhéanamh agus nach ndéanann é, is peaca dó é.
|
Irish Bible 1981 |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Séamas 4:1 |
Séamas 4:2 |
Séamas 4:3 |
Séamas 4:4 |
Séamas 4:5 |
Séamas 4:6 |
Séamas 4:7 |
Séamas 4:8 |
Séamas 4:9 |
Séamas 4:10 |
Séamas 4:11 |
Séamas 4:12 |
Séamas 4:13 |
Séamas 4:14 |
Séamas 4:15 |
Séamas 4:16 |
Séamas 4:17 |
|
|
|
|
|
|
Séamas 1 / Séa 1 |
Séamas 2 / Séa 2 |
Séamas 3 / Séa 3 |
Séamas 4 / Séa 4 |
Séamas 5 / Séa 5 |