1 |
A bhráithre, má bheirtear ar dhuine ag déanamh rud éigin as an tslí, sibhse a bhfuil an Spiorad agaibh, déanaigí é a cheartú go mín réidh agus féach chugat féin nach gcuirfear an cathú ort féin leis. |
2 |
Déanaigí ualaí a chéile a iompar agus sa tslí sin beidh sibh ag comhlíonadh dlí Chríost. |
3 |
Nuair is dóigh le duine gan aird gur mór le rá é féin, is á mhealladh féin atá sé. |
4 |
Déanadh gach duine a shaothar féin a thástáil, agus ansin beidh rud éigin dá chuid féin amháin aige le maíomh as in ionad cuid duine eile. |
5 |
Mar beidh a ultach féin le hiompar ag cách. |
6 |
An duine a bhíonn ag foghlaim an chreidimh, roinneadh sé a chuid maoine ar a oide múinte. |
7 |
Ná bíodh aon dul amú oraibh: ní féidir bob a bhualadh ar Dhia. Mar a chuireann duine an síol is ea a bhainfidh sé an fómhar. |
8 |
An té a chuireann síol i ngort na colainne bainfidh sé fómhar an mhillte, ach an té a chuireann síol i ngort an Spioraid, bainfidh sé fómhar na beatha síoraí. |
9 |
Ná bímis cortha choíche den mhaith a dhéanamh; má leanaimid de gan staonadh bainfimid an fómhar in am is i dtráth. |
10 |
Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh. |
11 |
Féachaigí na litreacha móra seo ina bhfuilim ag scríobh chugaibh le mo láimh féin. |
12 |
Na daoine seo atá ag brú an timpeallghearrtha oraibh, is iadsan ar mhaith leo bheith taibhseach sa cholainn agus gan d' aidhm acu ach go n-éalóidís ó ghéarleanúint mar gheall ar chrois Chríost. |
13 |
Fiú amháin na daoine a ndéantar timpeallghearradh orthu, ní choimeádann siad féin an dlí, ach is maith leo sibhse a bheith timpeallghearrtha d' fhonn is go mbeidís ag maíomh as bhur gcolainn. |
14 |
Nár lige Dia go ndéanfainnse maíomh as rud ar bith ach amháin as crois ár dTiarna Íosa Críost, an chros trína bhfuilimse céasta i dtaca leis an saol agus trína bhfuil an saol céasta i dtaca liom. |
15 |
Is cuma timpeallghearradh, nó gan timpeallghearradh, ach cruthú as an nua. |
16 |
Síocháin agus trócaire ar an uile dhuine a leanann an prionsabal seo agus ar Iosrael Dé. |
17 |
Ná bíodh aon duine do mo bhuaireamh as seo amach, mar tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar mo chorp agam. |
18 |
Go raibh grásta ar dTiarna Íosa Críost agaibh, a bhráithre. Amen.
|
Irish Bible 1981 |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Galataigh 6:1 |
Galataigh 6:2 |
Galataigh 6:3 |
Galataigh 6:4 |
Galataigh 6:5 |
Galataigh 6:6 |
Galataigh 6:7 |
Galataigh 6:8 |
Galataigh 6:9 |
Galataigh 6:10 |
Galataigh 6:11 |
Galataigh 6:12 |
Galataigh 6:13 |
Galataigh 6:14 |
Galataigh 6:15 |
Galataigh 6:16 |
Galataigh 6:17 |
Galataigh 6:18 |
|
|
|
|
|
|
Galataigh 1 / Gal 1 |
Galataigh 2 / Gal 2 |
Galataigh 3 / Gal 3 |
Galataigh 4 / Gal 4 |
Galataigh 5 / Gal 5 |
Galataigh 6 / Gal 6 |