1 |
Ba mhaith liom dá gcuirfeadh sibh suas anois le beagán díth céille uaimse. Déanaigí sin, más ea. |
2 |
Táim ag éad libh mar a bheadh Dia féin, mar tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí á tabhairt dá haon fhear céile. |
3 |
Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost. |
4 |
Mar, má thagann duine éigin ag fógairt Íosa daoibh nach é an té a fhógraíomana, nó má fhaigheann sibh spiorad nach é an Spiorad a fuair sibh uainne, nó má ghlacann sibh le dea-scéal seachas an dea-scéal lenar ghlac sibh, is breá mar a chuireann sibh suas leis. |
5 |
Ní dóigh liom go bhfuilimse pioc chun deiridh ar na sáraspail sin. |
6 |
Más tuata féin ar urlabhra mé, ní aon tuata mé ar eolas, rud atá léirithe agam i ngach slí daoibh riamh anall. |
7 |
Nó an é peaca atá déanta agam dea-scéal Dé a fhógairt daoibh saor in aisce agus mé féin a ísliú d' fhonn sibhse a ardú? |
8 |
Lom mé eaglaisí eile agus ghlac mé pá uathu chun freastal oraibhse; |
9 |
agus fad a bhí mé in bhur measc agus mé ar an ngannchuid, ní raibh mé i mo mhuirear ar dhuine ar bith agaibh mar ba iad na bráithre a tháinig ón Macadóin a choinnigh riar mo cháis liom. Níor lig mé dom féin bheith i m' ualach ar bith oraibh ná ní ligfidh mé amach anseo. |
10 |
Dar fírinne Chríost ionam, ní mhúchfar an maíomh seo ionam laistigh de chríocha Acháia. |
11 |
Agus cén fáth? Toisc nach bhfuil cion agam oraibhse, an ea? Tá a fhios ag Dia go bhfuil. |
12 |
An ní seo atáim a dhéanamh leanfaidh mé á dhéanamh sa tslí nach bhfágfaidh mé cos fúthu siúd a bhíonn i gcónaí ag lorg leithscéil chun bheith ag maíomh go bhfuil siad ar aon chéim linne. |
13 |
Níl iontu siúd ach aspail bhréige, oibreoirí mímhacánta faoi riocht aspail Chríost. |
14 |
Ach cá hionadh sin, nuair a chuireann Sátan féin riocht an aingil ghil air féin? |
15 |
Ní mór an ní é, dá bhrí sin, má théann a sheirbhísigh sin i riocht sheirbhísigh na fíréantachta. Bhéarfaidh críoch iad sin, áfach, a bheidh de réir a ngníomhartha. |
16 |
Deirim arís é: ná tugadh aon duine meas amadáin ormsa. Ach más é sin an meas atá agaibh orm, glacaigí liom mar amadán go ndéanfaidh mé beagán mórtais chomh maith le cách. |
17 |
Níl an méid a deirim á rá agam le húdarás an Tiarna ach le barr díth céille agus mé ag maíomh go teann. |
18 |
Ós rud é go bhfuil mórán eile ag maíomh as a gcumas nádúrtha, déanfaidh mise maíomh chomh maith leo, |
19 |
mar tá sibhse chomh stuama sin go gcuireann sibh suas go fonnmhar le hamadáin: |
20 |
cuireann sibh suas, mar shampla, leis an duine a bhíonn ag déanamh giollaí díbh, nó ag déanamh foghla oraibh, nó ag teacht i dtír oraibh, nó ag cur gothaí air féin, nó ag tarraingt leiceadair oraibh. |
21 |
Is náir liom a admháil go bhfuilimidne rólag chun a leithéid a dhéanamh, ach aon ní a leomhfadh duine ar bith acu sin maíomh as caint bhuile í seo tá an maíomh céanna le déanamh agamsa. |
22 |
An Eabhraigh iad? Is ea mise freisin. An Iosraelaigh iad? Is ea mise chomh maith. An sliocht Abrahám iad? Is ea mise chomh maith céanna. |
23 |
An searbhóntaí do Chríost iad? Tá saochan céille anois orm ní foláir ach is mó ná sin mise, mar is mó go mór a shaothraigh mé ná iad; ba mhinice i gcarcair mé: fuaireas léasadh gan áireamh agus ba mhinic mé i mbaol an bháis. |
24 |
Cúig uair fuair mé na naoi mbuillí is tríocha ó na Giúdaigh. |
25 |
Gabhadh de shlata orm faoi thrí agus gabhadh de chlocha orm aon uair amháin; longbhriseadh mé faoi thrí agus thug mé lá agus oíche san uisce. |
26 |
Ba mhinic i mo shiúlta mé agus gur bhaol dom aibhneacha agus gur bhaol dom robálaithe; ba bhaol dom mo chine féin agus ba bhaol dom na gintlithe. Ba bhaol dom sa chathair agus ba bhaol dom faoin bhfásach; ba bhaol dom ar muir agus ba bhaol dom na bráithre bréige. |
27 |
Ba mhinic ag saothar agus ag tiaráil mé agus ar easpa codlata; ba mhinic ocras agus tart orm agus mé gan bhia, gan teas, gan éadach. |
28 |
Agus gan na nithe eile a bhac, bíonn cúram na n-eaglaisí uile ina mhuirín laethúil orm. |
29 |
Cé bhaintear dá threoir nach mbímse scólta mar gheall air? |
30 |
Más éigean dom maíomh a dhéanamh, is as mo laigí féin a mhaífidh mé. |
31 |
Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim á rá: |
32 |
i nDamaisc dom bhí ceannfort rí Aratas ag faire na cathrach chun mé a ghabháil; |
33 |
ach scaoileadh anuas i gciseán mé trí fhuinneog san fhalla agus d' éalaigh mé uaidh.
|
Irish Bible 1981 |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
2 Corantaigh 11:1 |
2 Corantaigh 11:2 |
2 Corantaigh 11:3 |
2 Corantaigh 11:4 |
2 Corantaigh 11:5 |
2 Corantaigh 11:6 |
2 Corantaigh 11:7 |
2 Corantaigh 11:8 |
2 Corantaigh 11:9 |
2 Corantaigh 11:10 |
2 Corantaigh 11:11 |
2 Corantaigh 11:12 |
2 Corantaigh 11:13 |
2 Corantaigh 11:14 |
2 Corantaigh 11:15 |
2 Corantaigh 11:16 |
2 Corantaigh 11:17 |
2 Corantaigh 11:18 |
2 Corantaigh 11:19 |
2 Corantaigh 11:20 |
2 Corantaigh 11:21 |
2 Corantaigh 11:22 |
2 Corantaigh 11:23 |
2 Corantaigh 11:24 |
2 Corantaigh 11:25 |
2 Corantaigh 11:26 |
2 Corantaigh 11:27 |
2 Corantaigh 11:28 |
2 Corantaigh 11:29 |
2 Corantaigh 11:30 |
2 Corantaigh 11:31 |
2 Corantaigh 11:32 |
2 Corantaigh 11:33 |
|
|
|
|
|
|
2 Corantaigh 1 / 2Cor 1 |
2 Corantaigh 2 / 2Cor 2 |
2 Corantaigh 3 / 2Cor 3 |
2 Corantaigh 4 / 2Cor 4 |
2 Corantaigh 5 / 2Cor 5 |
2 Corantaigh 6 / 2Cor 6 |
2 Corantaigh 7 / 2Cor 7 |
2 Corantaigh 8 / 2Cor 8 |
2 Corantaigh 9 / 2Cor 9 |
2 Corantaigh 10 / 2Cor 10 |
2 Corantaigh 11 / 2Cor 11 |
2 Corantaigh 12 / 2Cor 12 |
2 Corantaigh 13 / 2Cor 13 |