A A A A A
Facebook Instagram Twitter
Gaeilge Bible [Irish Gaelic] (ABN)

Eoin 6



1
Ina dhiaidh sin d' imigh Íosa anonn thar farraige na Gailíle, is é sin, farraige Thibirias.
2
Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.
3
Ghabh Íosa an sliabh suas agus shuigh ansiúd in éineacht lena dheisceabail.
4
Bhí féile na nGiúdach, an Cháisc, in achmaireacht.
5
Nuair a d' ardaigh Íosa a shúile, mar sin, agus nuair a chonaic go raibh slua mór ag teacht chuige, dúirt sé le Pilib: «Cá gceannóimid arán chun go mbeadh bia acu seo?»
6
Ag baint trialach as a dúirt sé é sin, mar bhí a fhios aige féin cad a bhí sé chun a dhéanamh.
7
D' fhreagair Pilib é: «Níor leor luach dhá chéad déanar d' arán chun go mbeadh greim an duine acu.»
8
Dúirt duine dá dheisceabail leis ba é Aindrias é, deartháir Shíomóin Peadar:
9
«Tá ógánach anseo a bhfuil cúig builíní eorna aige, agus dhá iasc, ach cá rachadh an méid sin ar oiread daoine?»
10
Dúirt Íosa: «Cuirigí na daoine ina suí» bhí mórán féir san áit. Shuigh siad síos mar sin, timpeall cúig mhíle duine.
11
Agus thóg Íosa na builíní, d' altaigh, agus roinn iad ar na daoine agus iad ina suí; agus mar an gcéanna oiread agus a b' áil leo de na héisc.
12
Nuair a bhí siad sách, dúirt sé lena dheisceabail: «Bailígí an bruscar fuíligh chun nach rachadh aon ní amú.»
13
Bhailigh siad ansin lán dhá chiseán déag de bhruscar as na cúig builíní eorna, a d' fhág na daoine a fuair an béile.
14
Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: «Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.»
15
Agus ó bhí a fhios ag Íosa go raibh ar aigne acu teacht á fhuadach chun rí a dhéanamh de, chuaigh sé i leataobh arís faoin sliabh ina aonar.
16
Nuair a bhí an tráthnóna ann chuaigh a dheisceabail síos chun na farraige,
17
agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós.
18
Bhí gaoth mhór ag séideadh agus d' éirigh suaitheadh ar an bhfarraige.
19
Nuair a bhí cúig nó deich staid fichead d' fharraige curtha díobh acu, chonaic siad Íosa ag siúl ar an bhfarraige agus é ag teacht i gcóngar na loinge; agus tháinig scanradh orthu.
20
Ach dúirt sé leo: «Mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.»
21
B' áil leo ansin é thógáil isteach sa long, agus bhí an long gan aon mhoill ag an talamh mar a raibh siad ag dul.
22
Lá arna mhárach chonaic an slua a d' fhan ar an taobh thall den fharraige nach raibh aon long eile ann ach an t-aon long amháin agus nach ndeachaigh Íosa sa long lena dheisceabail ach gur imigh a dheisceabail leo féin.
23
Tháinig, áfach, longa eile ó Thibirias isteach in aice na háite inar caitheadh an bia tar éis altú an Tiarna.
24
Nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bord na long agus tháinig siad go Cafarnáum ar lorg Íosa.
25
Nuair a fuair siad é taobh thall den fharraige dúirt siad leis: «A raibí, cén uair a tháinig tú anseo?»
26
D' fhreagair Íosa: «Amen, Amen, a deirim libh, tá sibh ar mo lorg, agus ní de bhrí go bhfaca sibh comharthaí ach de bhrí gur ith sibh na builíní agus go bhfuair sibh bhur sáith.
27
Ná saothraigí an bia a théann amú, ach saothraigí an bia a mhaireann chun na beatha síoraí, é siúd a thabharfaidh Mac an Duine daoibh. Óir is air sin a chuir Dia an tAthair a shéala.»
28
Dúirt siad leis ansin: «Cad tá le déanamh againn ionas go ndéanfaimis oibreacha Dé?»
29
D' fhreagair Íosa: «Is í seo obair Dé,» ar sé leo, «go gcreidfeadh sibh sa té a chuir sé uaidh.»
30
Dúirt siad leis: «Cén comhartha mar sin atá tú a dhéanamh ionas go bhfeicfimis é agus go gcreidfimis ionat? Cad atá tú a dhéanamh?
31
D' ith ár n-aithreacha manna san fhásach faoi mar atá scríofa: 'Thug sé arán ó neamh dóibh le hithe.'»
32
Dúirt Íosa leo ansin: «Amen, Amen, a deirim libh, ní hé Maois a thug an t-arán ó neamh daoibh, ach is é m' Athair a thugann an t-arán ó neamh daoibh, an t-arán fírinneach.
33
Óir is é arán Dé an té a thagann anuas ó neamh agus a thugann beatha don domhan.»
34
«A dhuine uasail,» ar siad ansin leis, «tabhair dúinn an t-arán sin i gcónaí.» Dúirt Íosa leo:
35
«Mise arán na beatha, an té a thagann chugamsa ní bheidh ocras air choíche, agus an té a chreideann ionamsa ní bheidh tart air choíche.
36
Ach dúirt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach gcreideann sibh.
37
Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é.
38
Óir tháinig mé anuas ó neamh ní chun go ndéanfainn mo thoil féin ach toil an té a chuir uaidh mé.
39
Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom, ach go dtógfainn suas é an lá deireanach.
40
Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé, gach duine a fheiceann an Mac agus a chreideann ann, go mbeadh an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.»
41
Thosaigh na Giúdaigh ansin ag cnáimhseáil mar gheall air go ndúirt sé: «Is mise an t-arán a tháinig anuas ó neamh.»
42
«Nach é seo,» a deiridís, «Íosa mac Iósaef a bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? Cén chaoi is féidir leis a rá: 'Tháinig mé anuas ó neamh'?»
43
D' fhreagair Íosa: «Ná bígí ag cnáimhseáil eadraibh féin,» ar sé.
44
«Ní féidir d' aon duine teacht chugam, gan an tAthair a chuir uaidh mé á tharraingt, agus tógfaidh mise suas é an lá deireanach.
45
Tá sé scríofa sna fáithe: ' Beidh siad go léir á dteagasc ag Dia.' An té a chluineann teagasc an Athar, agus a fhoghlaimíonn, tagann sé chugamsa.
46
Ní hé go bhfaca aon duine an tAthair; ach an té atá tagtha ón Athair, chonaic seisean an tAthair.
47
Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann, tá an bheatha shíoraí aige.
48
Mise arán na beatha.
49
D' ith bhur n-aithreacha manna san fhásach agus fuair siad bás.
50
Is é seo an t-arán a thagann anuas ó neamh, i dtreo má itheann duine é nach bhfaighidh sé bás.
51
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh. Má itheann duine an t-arán seo mairfidh sé go deo, agus an t-arán a thabharfaidh mé uaim is é m' fheoil é [a thabharfar] ar son bheatha an domhain.»
52
Bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá: «Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?»
53
Dúirt Íosa leo: «Amen, Amen, a deirim libh, mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine, agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh.
54
An té a itheann m' fheoil agus a olann m' fhuil, tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
55
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.
56
An té a itheann m' fheoil agus a ólann m' fhuil cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
57
Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom.
58
Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ní ionann is an manna ar ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.»
59
Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg.
60
Ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: «Is crua an chaint í seo, agus cé a d' fhéadfadh éisteacht léi?»
61
Bhí a fhios ag Íosa ann féin go raibh a dheisceabail ag cnáimhseáil ina thaobh seo agus dúirt sé leo: «An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh?
62
Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé cheana?
63
Is é an spiorad a dhéanann beoú, ní dhéanann an fheoil aon tairbhe. Na focail atá ráite agam libh, is spiorad agus is beatha iad.
64
Ach tá cuid agaibh nach gcreideann.» Óir bhí a fhios ag Íosa ó thús cérbh iad nár chreid agus cé a bhí ar tí é a bhrath.
65
Lean sé air: «Uime sin is ea a dúirt mé libh nach féidir d' aon duine teacht chugam gan sin a bheith tugtha dó ag m' Athair.»
66
Ansin tharraing a lán dá dheisceabail siar agus ní théidís timpeall lena chois a thuilleadh.
67
Dúirt Íosa dá bhrí sin leis an dáréag: «Cad mar gheall oraibhse, an mian libhse freisin imeacht?»
68
D' fhreagair Síomón Peadar é: «A Thiarna, cé chuige a rachamaid? Is agatsa atá briathra na beatha síoraí,
69
agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.»
70
D' fhreagair Íosa iad: «Nach ndearna mé, sibhse, an dáréag agaibh, a thoghadh? Agus is diabhal duine agaibh.»
71
Is ar Iúdás mac Shíomóin ó Isceiriót a bhí sé ag caint; óir bhí seisean chun é a bhrath agus gur dhuine den dáréag é.











Eoin 6:1
Eoin 6:2
Eoin 6:3
Eoin 6:4
Eoin 6:5
Eoin 6:6
Eoin 6:7
Eoin 6:8
Eoin 6:9
Eoin 6:10
Eoin 6:11
Eoin 6:12
Eoin 6:13
Eoin 6:14
Eoin 6:15
Eoin 6:16
Eoin 6:17
Eoin 6:18
Eoin 6:19
Eoin 6:20
Eoin 6:21
Eoin 6:22
Eoin 6:23
Eoin 6:24
Eoin 6:25
Eoin 6:26
Eoin 6:27
Eoin 6:28
Eoin 6:29
Eoin 6:30
Eoin 6:31
Eoin 6:32
Eoin 6:33
Eoin 6:34
Eoin 6:35
Eoin 6:36
Eoin 6:37
Eoin 6:38
Eoin 6:39
Eoin 6:40
Eoin 6:41
Eoin 6:42
Eoin 6:43
Eoin 6:44
Eoin 6:45
Eoin 6:46
Eoin 6:47
Eoin 6:48
Eoin 6:49
Eoin 6:50
Eoin 6:51
Eoin 6:52
Eoin 6:53
Eoin 6:54
Eoin 6:55
Eoin 6:56
Eoin 6:57
Eoin 6:58
Eoin 6:59
Eoin 6:60
Eoin 6:61
Eoin 6:62
Eoin 6:63
Eoin 6:64
Eoin 6:65
Eoin 6:66
Eoin 6:67
Eoin 6:68
Eoin 6:69
Eoin 6:70
Eoin 6:71






Eoin 1 / Eoi 1
Eoin 2 / Eoi 2
Eoin 3 / Eoi 3
Eoin 4 / Eoi 4
Eoin 5 / Eoi 5
Eoin 6 / Eoi 6
Eoin 7 / Eoi 7
Eoin 8 / Eoi 8
Eoin 9 / Eoi 9
Eoin 10 / Eoi 10
Eoin 11 / Eoi 11
Eoin 12 / Eoi 12
Eoin 13 / Eoi 13
Eoin 14 / Eoi 14
Eoin 15 / Eoi 15
Eoin 16 / Eoi 16
Eoin 17 / Eoi 17
Eoin 18 / Eoi 18
Eoin 19 / Eoi 19
Eoin 20 / Eoi 20
Eoin 21 / Eoi 21