A A A A A
Facebook Instagram Twitter
Gaeilge Bible [Irish Gaelic] (ABN)

Lúcás 12



1
Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: «Seachnaígí sibh féin ar ghabháil is é sin, ar bhréagchrábhadh na bhFairisíneach.
2
Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.
3
Agus dá bhrí sin, cibé nithe a dúirt sibh sa dorchadas, cluinfear i solas an lae iad, agus an cogar i gcluais a labhair sibh sna seomraí cúil, fógrófar é ó bharr na dtithe.
4
Ach is libhse a deirim é, a chairde: ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp agus ina dhiaidh sin nach dtagann leo níos mó a dhéanamh.
5
Ach taispeánfaidh mé daoibh cé is eagal daoibh; bíodh eagla oraibh roimh an té a bhfuil ar a chumas, tar éis an mharaithe, neach a theilgean isteach in ifreann. Sea, deirim libh, bíodh eagla oraibh roimhe sin.
6
Nach ndíoltar cúig gealbhain ar dhá phingin? Agus fiú aon cheann amháin acu, níl ar dearmad i láthair Dé.
7
Ní hea, ach fiú amháin ribí bhur gcinn, tá siad uile comhairthe. Ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibh ná dá mhéad na gealbhain.
8
Deirim libh, gach aon duine a ghlacfaidh liomsa os comhair daoine, glacfaidh Mac an Duine leis sin chomh maith os comhair aingeal Dé;
9
ach an té a shéanfaidh mise i láthair daoine, séanfar eisean i láthair aingeal Dé.
10
Agus gach aon duine a déarfaidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é; ach an té a mbíonn diamhasla déanta aige in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann.
11
Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh;
12
óir múinfidh an Spiorad Naomh daoibh an uair sin féin na nithe nach foláir a rá.»
13
Dúirt duine as an slua leis: «A Mháistir, abair le mo dheartháir mo chion féin den oidhreacht a thabhairt dom.»
14
Ach dúirt seisean leis: «A chara, cé a cheap mise chun bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?»
15
Dúirt sé leo ansin: «Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.»
16
Agus labhair sé parabal leo: «Bhí fear saibhir ann ar thug a chuid talún barraí breátha uaithi,
17
agus dúirt sé leis féin as a mhachnamh: 'Cad a dhéanfaidh mé, mar níl slí stórála agam do mo chuid barraí?'
18
Dúirt sé ansin: 'Is é a dhéanfaidh mé, mo sciobóil a leagan anuas agus cinn níos mó a thógáil, agus an t-arbhar go léir agus mo chuid maitheasaí a chur i dtaisce iontu;
19
agus déarfaidh mé le m' anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.'
20
Ach dúirt Dia leis: 'A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d' anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?'
21
Sin mar a bhíonn ag an té a thaisceann a chuid in ionad é féin a dhéanamh saibhir de réir Dé.»
22
Dúirt sé lena dheisceabail: «Sin é an fáth a n-abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh.
23
Óir is mó le rá an bheatha ná an bia agus an corp ná an t-éadach.
24
Breathnaígí na fiacha dubha: ní dhéanann siad síolchur ná fómhar, níl teach stórais acu ná scioból; agus tugann Dia bia dóibh. Nach mó is fiú sibhse ná an éanlaith?
25
Cé agaibh a d' fhéadfadh, trí bheith ag déanamh imní aon bhanlámh amháin a chur le fad a shaoil?
26
Dá bhrí sin, nuair nach bhfuil neart agaibh ar an rud is lú, cad chuige daoibh bheith imníoch faoi na rudaí eile?
27
Breathnaígí na lilí mar a fhásann siad: ní dhéanann siad saothar ná sníomh. Ach deirim libh nach raibh ar Sholamh féin, dá mhéad a ghlóire, cóir éadaigh mar atá ar cheann díobh seo.
28
An lus ar an mbán a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh!
29
Sibhse, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin.
30
Óir is iad na nithe sin uile a mbíonn págánaigh an domhain seo ar a dtóir; ach tá a fhios ag bhur nAthair go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin.
31
Ach déanaigí a ríocht sin a lorg, agus tabharfar daoibh na nithe úd chomh maith.
32
Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh.
33
Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot.
34
Óir, san áit a mbíonn bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroí freisin.
35
«Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh,
36
agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n-osclóidh siad láithreach dó.
37
Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.
38
Agus cibé acu sa dara nó sa tríú faire a thagann sé, agus nithe a fháil amhlaidh, is dóibh siúd is méanar.
39
Ach bíodh a fhios agaibh é seo: dá mb' eol don fhear tí cén uair a thiocfadh an bithiúnach, ní cheadódh sé a theach a bhriseadh isteach.
40
Bígí sibhse ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.»
41
Dúirt Peadar ansin: «A Thiarna, an linne atá tú ag tagairt an pharabail seo, nó le cách eile chomh maith?»
42
Dúirt an Tiarna: «Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth?
43
Is méanar don seirbhíseach sin a bhfaighidh a mháistir é ag déanamh amhlaidh ar theacht dó.
44
Deirim libh go dearfa, ceapfaidh sé os cionn a mhaoine go léir é.
45
Ach má deir an seirbhíseach sin ina chroí: 'Is é an teacht mall ag mo mháistir é,' agus go dtosóidh ag bualadh na mbuachaillí aimsire agus na gcailíní, agus ag ithe agus ag ól agus ag meisceoireacht,
46
tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin sa lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na míthairiseach dó.
47
An seirbhíseach sin arbh eol dó toil a mháistir agus nach ndearna ullmhú ná beart de réir a thola, gabhfar de mhórán buillí air;
48
ach an té nárbh eol dó í agus a rinne nithe ba dhíol buillí, gabhfar de bheagán buillí air. An té ar tugadh mórán dó, beifear ag lorg mórán uaidh, agus an té ar taobhaíodh mórán leis, iarrfar níos mó air.
49
«Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin!
50
Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcrích!
51
An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas.
52
Óir, as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile, triúr le beirt agus beirt le triúr;
53
athair le mac agus mac le hathair, máthair le hiníon agus iníon le máthair; máthair chéile le bean a mic, agus bean mhic le máthair a céile.»
54
Dúirt sé freisin leis na sluaite: «Nuair a fheiceann sibh scamall ag éirí san iarthar, deir sibh láithreach: 'Tá báisteach chugainn,' agus is amhlaidh a bhíonn;
55
agus nuair a shéideann sé aneas, deir sibh: 'Beidh teas ann,' agus bíonn.
56
A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t-am seo i láthair a léamh?
57
Cad chuige nach dtugann sibh breith, uaibh féin, faoin rud is cóir a dhéanamh?
58
Mar sin, nuair a bhíonn tú ag imeacht le fear do chúisithe i láthair an phrionsa, déan do dhícheall, agus tú sa bhóthar, ar bheith réidh leis, le heagla go dtarraingeodh sé os comhair an bhreithimh tú agus go dtabharfadh an breitheamh ar láimh don sirriam tú agus go dteilgfeadh an sirriam i bpríosún tú.
59
Deirim leat, ní thiocfaidh tú amach as sin nó go mbeidh an leathfheoirling dheireanach íoctha agat.











Lúcás 12:1
Lúcás 12:2
Lúcás 12:3
Lúcás 12:4
Lúcás 12:5
Lúcás 12:6
Lúcás 12:7
Lúcás 12:8
Lúcás 12:9
Lúcás 12:10
Lúcás 12:11
Lúcás 12:12
Lúcás 12:13
Lúcás 12:14
Lúcás 12:15
Lúcás 12:16
Lúcás 12:17
Lúcás 12:18
Lúcás 12:19
Lúcás 12:20
Lúcás 12:21
Lúcás 12:22
Lúcás 12:23
Lúcás 12:24
Lúcás 12:25
Lúcás 12:26
Lúcás 12:27
Lúcás 12:28
Lúcás 12:29
Lúcás 12:30
Lúcás 12:31
Lúcás 12:32
Lúcás 12:33
Lúcás 12:34
Lúcás 12:35
Lúcás 12:36
Lúcás 12:37
Lúcás 12:38
Lúcás 12:39
Lúcás 12:40
Lúcás 12:41
Lúcás 12:42
Lúcás 12:43
Lúcás 12:44
Lúcás 12:45
Lúcás 12:46
Lúcás 12:47
Lúcás 12:48
Lúcás 12:49
Lúcás 12:50
Lúcás 12:51
Lúcás 12:52
Lúcás 12:53
Lúcás 12:54
Lúcás 12:55
Lúcás 12:56
Lúcás 12:57
Lúcás 12:58
Lúcás 12:59






Lúcás 1 / Lúc 1
Lúcás 2 / Lúc 2
Lúcás 3 / Lúc 3
Lúcás 4 / Lúc 4
Lúcás 5 / Lúc 5
Lúcás 6 / Lúc 6
Lúcás 7 / Lúc 7
Lúcás 8 / Lúc 8
Lúcás 9 / Lúc 9
Lúcás 10 / Lúc 10
Lúcás 11 / Lúc 11
Lúcás 12 / Lúc 12
Lúcás 13 / Lúc 13
Lúcás 14 / Lúc 14
Lúcás 15 / Lúc 15
Lúcás 16 / Lúc 16
Lúcás 17 / Lúc 17
Lúcás 18 / Lúc 18
Lúcás 19 / Lúc 19
Lúcás 20 / Lúc 20
Lúcás 21 / Lúc 21
Lúcás 22 / Lúc 22
Lúcás 23 / Lúc 23
Lúcás 24 / Lúc 24