A A A A A
Facebook Instagram Twitter
Gaeilge Bible [Irish Gaelic] (ABN)

Marcas 7



1
Na Fairisínigh agus cuid de na scríobhaithe a bhí tar éis teacht ó Iarúsailéim, chruinnigh siad le chéile chuige,
2
agus nuair a chonaic siad go raibh cuid dá dheisceabail ag caitheamh a gcoda le lámha neamhghlana, is é sin, le lámha nach raibh nite
3
óir, na Fairisínigh agus na Giúdaigh uile, ní chaitheann siad a gcuid gan a lámha a ní, ag coinneáil traidisiún na sinsear;
4
agus an rud a thagann ón margadh, ní itheann siad gan uisce a chroitheadh air, agus tá mórán nithe eile a choinníonn siad ó shinsearacht, cupaí a ní agus corcáin agus soithí práis
5
d' fhiafraigh na Fairisínigh agus na scríobhaithe de: «Cén fáth nach siúlann do dheisceabail de réir thraidisiún na sinsear ach a gcuid bia a chaitheamh le lámha neamhghlana?»
6
Dúirt sé leo: «Is breá an tairngreacht a rinne Íseáia mar gheall oraibhse, bréagchráifigh, mar atá scríofa: 'Tugann an pobal seo onóir dom ó bheola ach is fada uaim atá a gcroí;
7
is díomhaoin dóibh bheith do m' adhradh óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.'
8
«Fágann sibh aithne Dé agus coinníonn sibh traidisiún na ndaoine, níochán corcán agus cupaí, agus déanann sibh mórán nithe eile den sórt sin.»
9
Agus dúirt sé leo: «Is breá mar a chuireann sibh aithne Dé ar gcúl chun go gcoimeádfadh sibh bhur dtraidisiún.
10
Óir dúirt Maois: 'Tabhair onóir do d' athair agus do do mháthair'; agus: 'An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air.'
11
Ach is é a deir sibhse: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: 'Ní ar bith de mo chuidse a d' fhéadfadh dul chun sochair duitse, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é',
12
ní ligeann sibh dó feasta rud ar bith a dhéanamh dá athair nó dá mháthair,
13
ag cur briathar Dé ar neamhní tríd an traidisiún seo agaibh a fhágann sibh ag bhur sliocht. Agus déanann sibh mórán nithe den sórt sin.»
14
Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo: «Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo.
15
Níl aon ní lasmuigh den duine a d' fhéadfadh, trí dhul isteach ann, é dhéanamh neamhghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamhghlan.
16
Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine, éisteadh!»
17
Agus ar dhul isteach sa teach dó, i leataobh ón slua, d' fhiafraigh a dheisceabail de faoin bparabal.
18
Dúirt sé leo: «Nach bhfuil tuiscint agaibhse ach oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é dhéanamh neamhghlan,
19
de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?» (Sin mar a d' fhógair sé gach bia a bheith glan.)
20
Dúirt sé: «An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.
21
Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe,
22
bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht.
23
Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine.»
24
Chuir sé chun siúil as sin agus d' imigh go críocha na Tuíre agus na Síodóine. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne.
25
Óir bean a raibh a hiníon bheag agus spiorad míghlan inti, chuala sí scéala air láithreach agus tháinig sí á caitheamh féin ag a chosa.
26
Bean Ghréagach í, Suíriféinicach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon.
27
Dúirt sé léi: «Fan go dtugtar a sáith do na leanaí ar dtús, mar níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.»
28
Ach dúirt sí leis á fhreagairt: «Cinnte, a Thiarna, agus na coileáin féin a bhíonn faoin mbord, itheann siad grabhróga na leanaí.»
29
Agus dúirt sé léi: «Mar gheall ar an bhfocal sin, imigh leat: tá an deamhan tar éis imeacht as d' iníon.»
30
Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe.
31
Ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh sé tríd an tSíodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil.
32
Agus thug siad chuige duine bodhar a raibh bascadh ar a chaint agus d' iarr siad air a lámh a chur air.
33
Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga,
34
agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: «Eafatá!» focal a chiallaíonn: «Osclaítear thú.»
35
Agus osclaíodh a chluasa láithreach, agus scaoileadh an sreangán dá theanga agus labhair sé i gceart.
36
Agus d' ordaigh sé dóibh gan a insint do dhuine ar bith, ach dá ghéire a d' ordaigh sé dóibh is ea ba mhó a bhí siad á fhógairt,
37
agus bhí ionadh saoil orthu ag rá: «Rinne sé gach aon ní go maith: thug sé éisteacht do bhodhráin agus caint do bhalbháin.»











Marcas 7:1

Marcas 7:2

Marcas 7:3

Marcas 7:4

Marcas 7:5

Marcas 7:6

Marcas 7:7

Marcas 7:8

Marcas 7:9

Marcas 7:10

Marcas 7:11

Marcas 7:12

Marcas 7:13

Marcas 7:14

Marcas 7:15

Marcas 7:16

Marcas 7:17

Marcas 7:18

Marcas 7:19

Marcas 7:20

Marcas 7:21

Marcas 7:22

Marcas 7:23

Marcas 7:24

Marcas 7:25

Marcas 7:26

Marcas 7:27

Marcas 7:28

Marcas 7:29

Marcas 7:30

Marcas 7:31

Marcas 7:32

Marcas 7:33

Marcas 7:34

Marcas 7:35

Marcas 7:36

Marcas 7:37







Marcas 1 / Mar 1

Marcas 2 / Mar 2

Marcas 3 / Mar 3

Marcas 4 / Mar 4

Marcas 5 / Mar 5

Marcas 6 / Mar 6

Marcas 7 / Mar 7

Marcas 8 / Mar 8

Marcas 9 / Mar 9

Marcas 10 / Mar 10

Marcas 11 / Mar 11

Marcas 12 / Mar 12

Marcas 13 / Mar 13

Marcas 14 / Mar 14

Marcas 15 / Mar 15

Marcas 16 / Mar 16