A A A A A
Facebook Instagram Twitter
Gaeilge Bible [Irish Gaelic] (ABN)

Marcas 6



1
D' imigh sé as an áit sin agus tháinig sé ina dhúiche féin, agus lean a chuid deisceabal é.
2
Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: «Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha?
3
Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?» Agus ghlac siad scannal ann.
4
Ach dúirt Íosa leo: «Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.»
5
Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas,
6
agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh. Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc.
7
Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana.
8
D' ordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata arán ná tiachóg ná airgead sa chrios;
9
ach cuaráin a chur orthu, «agus ná cuirigí dhá ionar oraibh».
10
Agus dúirt sé leo: «Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite.
11
Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n-aghaidh.»
12
Agus ar dhul amach dóibh d' fhógair siad aithrí a dhéanamh
13
agus chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad.
14
Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: «Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n-oibriú tríd.»
15
Dúirt daoine eile: «Éilias atá ann.» Dúirt daoine eile: «Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.»
16
Ach nuair a chuala Héaród mar gheall air, dúirt: «Eoin úd, ar bhain mé an ceann de, is é atá éirithe.»
17
Óir is amhlaidh a chuir Héaród ordú amach Eoin a ghabháil agus a chur i ngéibheann i bpríosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir, mar bhí sé tar éis í a phosadh.
18
Óir dúirt Eoin le Héaród: «Ní ceadmhach duit bean do dhearthár a bheith agat.»
19
Bhí olc ag Héaróidias chuige agus b' áil léi é mharú ach ní fhéadfadh,
20
óir bhí eagla ar Héaród roimh Eoin, ó bhí a fhios aige gur dhuine cóir naofa é, agus choinnigh sé slán é, agus nuair a chuala sé a chomhrá, bhí sé go mór trí chéile ach thug sé cluas dó go fonnmhar.
21
Agus tháinig uair na faille nuair a thug Héaród fleá, i gcuimhne lae a bhreithe, do lucht a chúirte agus d' oifigigh agus do chinn phobail na Gailíle;
22
agus tháinig iníon Héaróidias isteach agus rinne sí rince, agus thaitin sé le Héaród agus leo seo a bhí ag bord leis. Dúirt an rí leis an gcailín: «Iarr orm cibé ní is mian leat agus tabharfaidh mé duit é.»
23
Agus thug sé a mhionn di: «Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.»
24
Ghabh sise amach agus dúirt sí lena máthair: «Cad a iarrfaidh mé?» Dúirt sí siúd: «Ceann Eoin Baiste.»
25
Tháinig sí isteach faoi dheifir láithreach go dtí an rí agus d' iarr air ag rá: «Is mian liom go dtabharfá dom ar mhias gan mhoill ceann Eoin Baiste.»
26
Tháinig buaireamh mór ar an rí, ach mar gheall ar a chuid mionn agus ar na daoine a bhí ag bord, níorbh áil leis dul siar ar a fhocal léi,
27
agus chuir an rí duine den gharda amach láithreach agus d' ordaigh a cheann a thabhairt isteach. D' imigh seisean agus dhícheannaigh sé sa phríosún é,
28
agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é.
29
Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é.
30
Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus d' inis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu.
31
Dúirt sé leo: «Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall» óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu.
32
D' imigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh.
33
Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus d' aithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu.
34
Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.
35
Nuair a bhí an lá ag dul i ndéanaí, tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: «Áit uaigneach é seo, agus tá sé déanach feasta.
36
Scaoil uait iad go rachaidís isteach sna feirmeacha agus sna bailte mórthimpeall ag ceannach rud éigin le hithe dóibh féin.»
37
Dúirt sé leo á bhfreagairt: «Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.» Dúirt siad leis: «An ea go rachaimid ag ceannach luach dhá chéad déanar d' arán agus é a thabhairt dóibh le hithe?»
38
Dúirt sé leo: «Cé mhéad builín atá agaibh? Imígí agus faighigí amach.» Ar fháil amach dóibh dúirt siad: «Tá cúig cinn, agus dhá iasc.»
39
Agus d' ordaigh sé dóibh uile luí fúthu ina mbuíonta ar an bhféar glas,
40
agus lig siad fúthu ina ngasraí, ina gcéadta agus ina gcaogaidí.
41
Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách.
42
D' ith siad uile agus bhí siad sách.
43
Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de bhruscar agus den iasc.
44
Cúig mhíle fear an líon a d' ith na builíní.
45
Ansin chuir sé d' fhiacha ar a dheisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall, go dtí Béatsáide, fad a bheadh sé féin ag scaoileadh an tslua uaidh.
46
Tar éis dó iad a chur chun siúil, d' imigh sé faoin sliabh chun guí.
47
Agus nuair a bhí sé déanach, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige agus eisean ina aonar ar tír.
48
Ar a fheiceáil dó go raibh siad ar saothar ag na maidí rámha, mar bhí an ghaoth ina gcoinne, tháinig sé chucu, timpeall an ceathrú faire den oíche, agus é ag siúl ar an bhfarraige, agus bhí sé ar tí dul tharstu.
49
Shíl siad gur taibhse a bhí ann agus scread siad amach,
50
mar chonaic siad uile é agus bhíodar buartha. Ach labhair sé leo láithreach agus dúirt leo: «Bíodh misneach agaibh! mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.»
51
Tháinig sé isteach sa bhád chucu agus thit an ghaoth.
52
Agus tháinig alltacht thar na bearta orthu, mar níor thuig siad mar gheall ar na builíní, ach bhí a gcroí go dúr.
53
Ar dhul trasna dóibh, bhuail siad talamh ag Geinéasaireit agus tháinig chun leaba ancaire.
54
Agus ar theacht as an mbád dóibh, d' aithin na daoine é agus rith siad ar fud an cheantair sin ar fad,
55
agus thosaigh siad ag breith na ndaoine a bhí tinn ar a gcuid sráideog chun na háite ar chuala siad é bheith.
56
Agus cibé áit a dtéadh sé; sna bailte, sna cathracha, sna feirmeacha, chuiridís lucht tinnis ina luí sna háiteanna poiblí agus dhéanaidís achainí air go mbainfidís le scothóg a bhrait fiú amháin, agus a mbaineadh, shlánaítí iad.











Marcas 6:1
Marcas 6:2
Marcas 6:3
Marcas 6:4
Marcas 6:5
Marcas 6:6
Marcas 6:7
Marcas 6:8
Marcas 6:9
Marcas 6:10
Marcas 6:11
Marcas 6:12
Marcas 6:13
Marcas 6:14
Marcas 6:15
Marcas 6:16
Marcas 6:17
Marcas 6:18
Marcas 6:19
Marcas 6:20
Marcas 6:21
Marcas 6:22
Marcas 6:23
Marcas 6:24
Marcas 6:25
Marcas 6:26
Marcas 6:27
Marcas 6:28
Marcas 6:29
Marcas 6:30
Marcas 6:31
Marcas 6:32
Marcas 6:33
Marcas 6:34
Marcas 6:35
Marcas 6:36
Marcas 6:37
Marcas 6:38
Marcas 6:39
Marcas 6:40
Marcas 6:41
Marcas 6:42
Marcas 6:43
Marcas 6:44
Marcas 6:45
Marcas 6:46
Marcas 6:47
Marcas 6:48
Marcas 6:49
Marcas 6:50
Marcas 6:51
Marcas 6:52
Marcas 6:53
Marcas 6:54
Marcas 6:55
Marcas 6:56






Marcas 1 / Mar 1
Marcas 2 / Mar 2
Marcas 3 / Mar 3
Marcas 4 / Mar 4
Marcas 5 / Mar 5
Marcas 6 / Mar 6
Marcas 7 / Mar 7
Marcas 8 / Mar 8
Marcas 9 / Mar 9
Marcas 10 / Mar 10
Marcas 11 / Mar 11
Marcas 12 / Mar 12
Marcas 13 / Mar 13
Marcas 14 / Mar 14
Marcas 15 / Mar 15
Marcas 16 / Mar 16