1 |
Chuir Íosa chun labhartha i bparabail leo arís: |
2 |
«Is iad dála ríocht na bhflaitheas,» ar seisean, «mar a bhí ag rí a rinne bainis dá mhac. |
3 |
Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht. |
4 |
Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: 'Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.' |
5 |
Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun cheannaíochta, |
6 |
agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad. |
7 |
Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair. |
8 |
Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: 'Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é. |
9 |
Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.' |
10 |
Chuaigh na seirbhísigh sin amach ar na bóithre agus bhailigh siad ar casadh orthu, olc agus maith, go raibh halla na bainise lán de chuideachta. |
11 |
Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air. |
12 |
Dúirt sé leis: 'Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?' Ach ní raibh focal as. |
13 |
Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: 'Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.' |
14 |
Óir tá glaoite ar mhórán ach níl tofa ach beagán.» |
15 |
D' imigh na Fairisínigh ansin ag déanamh comhairle le chéile chun go mbéarfaidís i ngaiste air sa chaint, |
16 |
agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: «A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile. |
17 |
Abair linn do bharúil, mar sin: An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach?» |
18 |
Ach bhí a fhios ag Íosa an mhallaitheacht a bhí iontu agus dúirt: «Cad ab áil libh ag baint trialach asam, a bhréagchráifeacha? Taispeánaigí bonn na cánach dom,» |
19 |
agus shín siad déanar chuige. |
20 |
Dúirt sé leo: «Cé hé arb í seo a íomhá agus a inscríbhinn?» |
21 |
«Céasar,» ar siad leis. «Maith go leor,» ar seisean leo, «íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.» |
22 |
Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: d' fhág siad é agus d' imigh siad leo. |
23 |
Tháinig Sadúcaigh chuige an lá céanna dream a deir nach bhfuil aiséirí ar bith ann agus chuir siad ceist air: |
24 |
«A Mháistir,» ar siad, «dúirt Maois: 'Má fhaigheann duine bás gan chlann, pósadh a dheartháir an bhaintreach, chun sliocht a thógáil dá dheartháir.' |
25 |
Bhí, inár meascna, seachtar dearthár. Phós an chéad duine acu agus fuair bás gan sliocht, ag fágáil a mhná ag a dheartháir. |
26 |
An dara duine mar an gcéanna agus an tríú duine, go dtí an seachtar, |
27 |
agus b' í an bhean féin is déanaí a fuair bás. |
28 |
San aiséirí, más ea, cé acu den seachtar a mbeidh sí ina bean chéile aige? Óir bhí sí acu uile.» |
29 |
Dúirt Íosa leo á bhfreagairt: «Tá dul amú oraibh, de bhrí nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé. |
30 |
Óir, san aiséirí, ní bheidh fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le posadh, ach bíonn siad ar nós aingeal Dé ar neamh. |
31 |
Ach mar gheall ar aiséirí na marbh, nár léigh sibh a ndúirt Dia libh: |
32 |
' Is mise Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib'? Ní hé Dia na marbh é ach Dia na mbeo.» |
33 |
Ar a chloisteáil sin do na sluaite, ghabh iontas iad faoina theagasc. |
34 |
Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág sé focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile, |
35 |
agus duine acu, a bhí ina dhlíodóir, chuir sé ceist air ag baint trialach as: |
36 |
«A Mháistir, cén aithne mhór sa dhlí?» |
37 |
Dúirt sé leis: «' Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d' anam go hiomlán agus ó d' aigne go hiomlán' |
38 |
is í sin an aithne mhór agus an phríomhaithne. |
39 |
Agus is cosúil léise an dara ceann: 'Gráóidh tú do chomharsa mar thú féin.' |
40 |
Ag brath ar an dá aithne sin atá an dlí ar fad agus na fáithe.» |
41 |
Le linn do na Fairisínigh bheith i dteannta a chéile, d' fhiafraigh Íosa díobh: |
42 |
«Cad é bhur mbarúil faoin gCríost? Cé dó ar mac é?» Dúirt siad leis: «Do Dháiví.» |
43 |
Dúirt sé leo: «Más ea, cad a bheir do Dháiví Tiarna a ghlaoch air nuair a dúirt sé faoi luí an Spioraid: |
44 |
' Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis, nó go gcuirfead do naimhde faoi do chosa'?
|
45 |
«Má ghlaonn Dáiví Tiarna air, mar sin, cad a bheir ina mhac dó é?» |
46 |
Ach ní fhéadfadh aon duine focal a rá á fhreagairt, ná ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air ón lá sin amach.
|
Irish Bible 1981 |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Matha 22:1 |
Matha 22:2 |
Matha 22:3 |
Matha 22:4 |
Matha 22:5 |
Matha 22:6 |
Matha 22:7 |
Matha 22:8 |
Matha 22:9 |
Matha 22:10 |
Matha 22:11 |
Matha 22:12 |
Matha 22:13 |
Matha 22:14 |
Matha 22:15 |
Matha 22:16 |
Matha 22:17 |
Matha 22:18 |
Matha 22:19 |
Matha 22:20 |
Matha 22:21 |
Matha 22:22 |
Matha 22:23 |
Matha 22:24 |
Matha 22:25 |
Matha 22:26 |
Matha 22:27 |
Matha 22:28 |
Matha 22:29 |
Matha 22:30 |
Matha 22:31 |
Matha 22:32 |
Matha 22:33 |
Matha 22:34 |
Matha 22:35 |
Matha 22:36 |
Matha 22:37 |
Matha 22:38 |
Matha 22:39 |
Matha 22:40 |
Matha 22:41 |
Matha 22:42 |
Matha 22:43 |
Matha 22:44 |
Matha 22:45 |
Matha 22:46 |
|
|
|
|
|
|
Matha 1 / Mat 1 |
Matha 2 / Mat 2 |
Matha 3 / Mat 3 |
Matha 4 / Mat 4 |
Matha 5 / Mat 5 |
Matha 6 / Mat 6 |
Matha 7 / Mat 7 |
Matha 8 / Mat 8 |
Matha 9 / Mat 9 |
Matha 10 / Mat 10 |
Matha 11 / Mat 11 |
Matha 12 / Mat 12 |
Matha 13 / Mat 13 |
Matha 14 / Mat 14 |
Matha 15 / Mat 15 |
Matha 16 / Mat 16 |
Matha 17 / Mat 17 |
Matha 18 / Mat 18 |
Matha 19 / Mat 19 |
Matha 20 / Mat 20 |
Matha 21 / Mat 21 |
Matha 22 / Mat 22 |
Matha 23 / Mat 23 |
Matha 24 / Mat 24 |
Matha 25 / Mat 25 |
Matha 26 / Mat 26 |
Matha 27 / Mat 27 |
Matha 28 / Mat 28 |