A A A A A
Gaeilge Bible [Irish Gaelic] (ABN)

Eizicéil 9



1
Ghlaoigh sé ansin de ghuth ard agus mé ag éisteacht leis: «Druidigí anseo, a scriostóirí na cathrach, agus a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear agaibh.»
2
Agus féach, tháinig seisear fear ó threo an gheata is faide ó thuaidh, a uirlis scriosta ina láimh ag gach fear acu, agus bhí fear in éadach lín ina measc a raibh adharc dúigh scríobhaí ina chrios. D' imigh siad isteach agus sheas le taobh na haltóra práis.
3
D' ardaigh glóir Dhia Iosrael ó na ceiribíní, mar a raibh sí, go tairseach an tí; agus ghlaoigh sé ar an bhfear in éadach lín a raibh adharc dúigh ina chrios.
4
Dúirt an Tiarna leis: «Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.»
5
Chuala mé é ag rá leis an gcuid eile: «Gabhaigí tríd an gcathair ina dhiaidh agus buailigí gan anacal gan trócaire.
6
Maraígí ar áit na mbonn idir fhir sean agus óg agus chailiní, idir pháistí agus mhná; ach ná bainigí d' aon duine a bhfuil an comhartha air. Tosaigí ag mo shanctóirse.» Thosaigh siad, dá bhrí sin, leis na sinsir a bhí os comhair an Teampaill.
7
Dúirt sé leo ansin: «Truailligí an Teampall agus líonaigí na cúirteanna leis na mairbh, agus gluaisigí libh.» D' imigh siad leo agus mharaigh siad rompu ar fud na cathrach.
8
Agus iad ag marú leo, agus mise fágtha liom féin, shléacht mé go talamh agus chaoin os ard: «A Thiarna Dia, an scriosfaidh tú iomlán a bhfuil fágtha d' Iosrael sa taom feirge seo i gcoinne Iarúsailéim?»
9
Dúirt sé liom ansin: «Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d' fhuil agus an chathair lán d' urchóid; óir deir siad: 'Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.'
10
Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.»
11
Agus féach, an fear in éadach lín agus adharc dúigh scríobhaí ina chrios thug sé scéal leis ar ais ag rá: «Rinne mé mar a d' ordaigh tú dom.»











Eizicéil 9:1

Eizicéil 9:2

Eizicéil 9:3

Eizicéil 9:4

Eizicéil 9:5

Eizicéil 9:6

Eizicéil 9:7

Eizicéil 9:8

Eizicéil 9:9

Eizicéil 9:10

Eizicéil 9:11







Eizicéil 1 / Eiz 1

Eizicéil 2 / Eiz 2

Eizicéil 3 / Eiz 3

Eizicéil 4 / Eiz 4

Eizicéil 5 / Eiz 5

Eizicéil 6 / Eiz 6

Eizicéil 7 / Eiz 7

Eizicéil 8 / Eiz 8

Eizicéil 9 / Eiz 9

Eizicéil 10 / Eiz 10

Eizicéil 11 / Eiz 11

Eizicéil 12 / Eiz 12

Eizicéil 13 / Eiz 13

Eizicéil 14 / Eiz 14

Eizicéil 15 / Eiz 15

Eizicéil 16 / Eiz 16

Eizicéil 17 / Eiz 17

Eizicéil 18 / Eiz 18

Eizicéil 19 / Eiz 19

Eizicéil 20 / Eiz 20

Eizicéil 21 / Eiz 21

Eizicéil 22 / Eiz 22

Eizicéil 23 / Eiz 23

Eizicéil 24 / Eiz 24

Eizicéil 25 / Eiz 25

Eizicéil 26 / Eiz 26

Eizicéil 27 / Eiz 27

Eizicéil 28 / Eiz 28

Eizicéil 29 / Eiz 29

Eizicéil 30 / Eiz 30

Eizicéil 31 / Eiz 31

Eizicéil 32 / Eiz 32

Eizicéil 33 / Eiz 33

Eizicéil 34 / Eiz 34

Eizicéil 35 / Eiz 35

Eizicéil 36 / Eiz 36

Eizicéil 37 / Eiz 37

Eizicéil 38 / Eiz 38

Eizicéil 39 / Eiz 39

Eizicéil 40 / Eiz 40

Eizicéil 41 / Eiz 41

Eizicéil 42 / Eiz 42

Eizicéil 43 / Eiz 43

Eizicéil 44 / Eiz 44

Eizicéil 45 / Eiz 45

Eizicéil 46 / Eiz 46

Eizicéil 47 / Eiz 47

Eizicéil 48 / Eiz 48