1 |
Gabháil agus Daoradh Irimia |
2 |
«Seo mar a deir an Tiarna: 'Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d' ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár. |
3 |
B' fhéidir go n-éistfidh siad agus go bhfillfidh gach aon duine óna dhrochshlí; má fhilleann, tiocfaidh aithreachas ormsa faoin olc atá ar intinn agam a dhéanamh orthu mar gheall ar a míghníomhartha. |
4 |
Abair leo: Seo mar a deir an Tiarna: Mura n-éisteann sibh liomsa trí mo dhlí a chuir mé romhaibh a chomhlíonadh, |
5 |
trí aird a thabhairt ar bhriathra mo sheirbhíseach, na fáithe, a sheolaim chugaibh gan scor agus nár éist sibh leo, |
6 |
déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.'» |
7 |
Chuala na sagairt agus na fáithe agus an pobal uile Irimia ag rá na mbriathar sin i dTeampall an Tiarna. |
8 |
Nuair a bhí gach rud ráite ag Irimia a d' ordaigh an Tiarna dó a rá leis an bpobal uile, rug na sagairt agus na fáithe air agus dúirt siad: «Go deimhin cuirfear chun báis thú. |
9 |
Cad chuige ar thairngir tú in ainm an Tiarna á rá: 'Beidh an Teampall seo cosúil le Sileo, agus beidh an chathair seo uaigneach agus gan áitreabhach'?» Agus bhí an pobal uile ag plódú thart ar Irimia i dTeampall an Tiarna. |
10 |
Nuair a chuala feidhmeannaigh Iúdá é seo tháinig siad aníos ó phálás an rí go dtí Teampall an Tiarna agus shuigh síos i mbéal Gheata Nua Theampall an Tiarna. |
11 |
Ansin labhair na sagairt agus na fáithe leis na feidhmeannaigh agus leis an bpobal uile: «Tá breithiúnas báis tuillte ag an bhfear seo, óir thairngir sé in aghaidh na cathrach seo mar a chuala sibh le bhur gcluasa féin.» |
12 |
Ach thug Irimia freagra ar na feidhmeannaigh agus ar an bpobal uile mar seo: «Chuir an Tiarna féin mise a fháidheoireacht na mbriathra uile a chuala sibh in aghaidh an Teampaill seo agus in aghaidh na cathrach seo. |
13 |
Mar sin leasaigí bhur n-iompar agus bhur ngníomhartha; umhlaígí do ghuth an Tiarna bhur nDia; má dhéanann sibh sin, beidh aithreachas air agus, an t-olc a d' fhógair sé in bhur n-aghaidh, ní dhéanfaidh sé é. |
14 |
Maidir liomsa, féach, táim in bhur lámha. Déanaigí liom mar is maith agus is cóir libh. |
15 |
Ach bíodh a fhios agaibh seo go dearfa, má chuireann sibh chun báis mé, go dtabharfaidh sibh go deimhin fuil neamhchiontach oraibh féin, ar an gcathair seo agus ar a muintir, óir go fírinneach sheol an Tiarna mise chugaibh a labhairt na mbriathra seo uile in bhur gcluasa.» |
16 |
Ansin dúirt na feidhmeannaigh agus an pobal uile leis na sagairt agus na fáithe: «Ní cóir an fear seo a chur chun báis, óir labhair sé linn in ainm an Tiarna, ár nDia.» |
17 |
D' éirigh roinnt de sheanóirí na tíre ina seasamh agus labhair siad le hoireachtas uile an phobail. |
18 |
«Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,» a dúirt siad, «agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: 'Mar seo a deir an Tiarna: Déanfar fearann treafa de Shíón, agus carnán bruscair de Iarúsailéim, beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.' |
19 |
«Ar chuir Hiziciá rí Iúdá agus pobal uile Iúdá chun báis é mar gheall air sin? Nár mhó, agus eagla roimh an Tiarna orthu, a d' iarr siad fabhar air go mb' aithreach leis an t-olc a bhí fógraithe aige ina n-aghaidh? An gcuirfimidne anois an choir seo mar ualach ar ár n-anamacha?» |
20 |
Bhí fear eile ann freisin a thairngir in ainm an Tiarna, Úiríá mac Sheamaiá, ó Chiriat Iáraím. Thairngir seisean in aghaidh na cathrach seo agus in aghaidh na tíre seo na nithe céanna díreach agus a thairngir Irimia. |
21 |
Nuair a chuala Iahóiácaím an rí, mar aon lena airí agus a fheidhmeannaigh uile, a bhriathra, theastaigh uaidh é a chur chun báis. Nuair a chuala Úiríá é sin tháinig eagla air agus theith sé don Éigipt. |
22 |
Ach chuir Iahóiácaím an rí, Ealnátán mac Acbór agus daoine eile leis don Éigipt. |
23 |
Thug siad Úiríá amach as an Éigipt agus rug siad go Iahóiácaím an rí é; mharaigh seisean leis an gclaíomh é agus theilg a chorpán isteach i reilig na ndaoine coitianta. |
24 |
Ach sheas Irimia faoi choimirce Aichíceám mhic Sheáfán, agus níor tugadh é ar láimh don phobal le cur chun báis.
|
Irish Bible 1981 |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Irimia 26:1 |
Irimia 26:2 |
Irimia 26:3 |
Irimia 26:4 |
Irimia 26:5 |
Irimia 26:6 |
Irimia 26:7 |
Irimia 26:8 |
Irimia 26:9 |
Irimia 26:10 |
Irimia 26:11 |
Irimia 26:12 |
Irimia 26:13 |
Irimia 26:14 |
Irimia 26:15 |
Irimia 26:16 |
Irimia 26:17 |
Irimia 26:18 |
Irimia 26:19 |
Irimia 26:20 |
Irimia 26:21 |
Irimia 26:22 |
Irimia 26:23 |
Irimia 26:24 |
|
|
|
|
|
|
Irimia 1 / Iri 1 |
Irimia 2 / Iri 2 |
Irimia 3 / Iri 3 |
Irimia 4 / Iri 4 |
Irimia 5 / Iri 5 |
Irimia 6 / Iri 6 |
Irimia 7 / Iri 7 |
Irimia 8 / Iri 8 |
Irimia 9 / Iri 9 |
Irimia 10 / Iri 10 |
Irimia 11 / Iri 11 |
Irimia 12 / Iri 12 |
Irimia 13 / Iri 13 |
Irimia 14 / Iri 14 |
Irimia 15 / Iri 15 |
Irimia 16 / Iri 16 |
Irimia 17 / Iri 17 |
Irimia 18 / Iri 18 |
Irimia 19 / Iri 19 |
Irimia 20 / Iri 20 |
Irimia 21 / Iri 21 |
Irimia 22 / Iri 22 |
Irimia 23 / Iri 23 |
Irimia 24 / Iri 24 |
Irimia 25 / Iri 25 |
Irimia 26 / Iri 26 |
Irimia 27 / Iri 27 |
Irimia 28 / Iri 28 |
Irimia 29 / Iri 29 |
Irimia 30 / Iri 30 |
Irimia 31 / Iri 31 |
Irimia 32 / Iri 32 |
Irimia 33 / Iri 33 |
Irimia 34 / Iri 34 |
Irimia 35 / Iri 35 |
Irimia 36 / Iri 36 |
Irimia 37 / Iri 37 |
Irimia 38 / Iri 38 |
Irimia 39 / Iri 39 |
Irimia 40 / Iri 40 |
Irimia 41 / Iri 41 |
Irimia 42 / Iri 42 |
Irimia 43 / Iri 43 |
Irimia 44 / Iri 44 |
Irimia 45 / Iri 45 |
Irimia 46 / Iri 46 |
Irimia 47 / Iri 47 |
Irimia 48 / Iri 48 |
Irimia 49 / Iri 49 |
Irimia 50 / Iri 50 |
Irimia 51 / Iri 51 |
Irimia 52 / Iri 52 |