1 |
Is é an ceart is bun le ríogacht an rí agus an chóir le flaitheas na bhflatha; |
2 |
is cosúil gach aon acu le foscadh ón ngaoth, le fothain ón anfa, amhail srutháin uisce i dtalamh tirim, amhail fuarthan carraige móire i bhfearann spallta. |
3 |
Ní bheidh sram ansin ar na súile a fheiceann, beidh na cluasa a chloiseann ar bior, |
4 |
beidh croí lucht luathintinne ag cleachtadh críonnachta agus teanga na dtrudairí ag labhairt go héasca agus go soiléir; |
5 |
ní thabharfar uasal feasta ar an amadán, ná ní bheidh clú na cneastachta ar an gcaimiléirí. |
6 |
Óir bíonn an t-amadán ag stealladh amaidí agus a chroí ag meabhrú an oilc, chun an urchóid a chur i gcrích, chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna, chun an t-ocrach a fhágáil agus a bholg folamh agus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air. |
7 |
Maidir leis an gcaimiléirí, tá a chaimiléireacht mallaithe; bíonn sé ag ceapadh seifteanna chun na bochtáin a mhilleadh le bréaga, fiú agus an ceart ag cúis na ndearóile; |
8 |
ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta, agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm. |
9 |
A mhná an tsócúil, bígí in bhur seasamh, éistigí le mo ghlór; a iníonacha na rómhuiníne, tugaigí cluas do mo chaint! |
10 |
I gcionn bliana agus corradh beidh sibh ar crith, a mhná na rómhuiníne, óir meathfaidh barr na fíniúna; fómhar ní bheidh ann ar aon chor. |
11 |
Bígí ar crith, a mhná an tsócúil, bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach; bainigí díbh, nochtaigí sibh féin, fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh! |
12 |
Buailigí bhur n-ucht i ndiaidh na dtailte taitneamhacha, i ndiaidh na fíniúna a bhí torthúil, |
13 |
i ndiaidh dúiche mo mhuintire mar a bhfuil sceacha agus driseacha ag fás, i ndiaidh gach teach a raibh lúcháir ann sa chathair chaithréimeach. |
14 |
Óir tá an pálás tréigthe, agus torann an bhaile ina thost; beidh cnoc Oifil agus an Port Mór ina bpluaiseanna go deo, réimse macnais do na hasail allta, féarach na dtréad. |
15 |
Doirtfear orainn as an nua an Spiorad ón aird thuas; déanfar gairdín den fhásach ansin agus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach. |
16 |
Beidh an ceart ag lonnú san fhásach, agus an gairdín ina áit chónaithe ag an gcóir; |
17 |
an tsíocháin a bheidh mar thoradh ar an gcóir, agus is é is tairbhe don cheart suaimhneas agus sábháilteacht go deo. |
18 |
Lonnóidh mo phobal in áitreabh síochána, i dtithe iontaofa, in ionaid chónaithe shócúlacha, |
19 |
- leagfar an choill agus tabharfar béim síos don chathair. |
20 |
Is méanar daoibh ansin agus sibh ag cur síl le hais gach srutháin, agus an damh agus an t-asal a scaoileadh agaibh saor amach.
|
Irish Bible 1981 |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íseáia 32:1 |
Íseáia 32:2 |
Íseáia 32:3 |
Íseáia 32:4 |
Íseáia 32:5 |
Íseáia 32:6 |
Íseáia 32:7 |
Íseáia 32:8 |
Íseáia 32:9 |
Íseáia 32:10 |
Íseáia 32:11 |
Íseáia 32:12 |
Íseáia 32:13 |
Íseáia 32:14 |
Íseáia 32:15 |
Íseáia 32:16 |
Íseáia 32:17 |
Íseáia 32:18 |
Íseáia 32:19 |
Íseáia 32:20 |
|
|
|
|
|
|
Íseáia 1 / Íse 1 |
Íseáia 2 / Íse 2 |
Íseáia 3 / Íse 3 |
Íseáia 4 / Íse 4 |
Íseáia 5 / Íse 5 |
Íseáia 6 / Íse 6 |
Íseáia 7 / Íse 7 |
Íseáia 8 / Íse 8 |
Íseáia 9 / Íse 9 |
Íseáia 10 / Íse 10 |
Íseáia 11 / Íse 11 |
Íseáia 12 / Íse 12 |
Íseáia 13 / Íse 13 |
Íseáia 14 / Íse 14 |
Íseáia 15 / Íse 15 |
Íseáia 16 / Íse 16 |
Íseáia 17 / Íse 17 |
Íseáia 18 / Íse 18 |
Íseáia 19 / Íse 19 |
Íseáia 20 / Íse 20 |
Íseáia 21 / Íse 21 |
Íseáia 22 / Íse 22 |
Íseáia 23 / Íse 23 |
Íseáia 24 / Íse 24 |
Íseáia 25 / Íse 25 |
Íseáia 26 / Íse 26 |
Íseáia 27 / Íse 27 |
Íseáia 28 / Íse 28 |
Íseáia 29 / Íse 29 |
Íseáia 30 / Íse 30 |
Íseáia 31 / Íse 31 |
Íseáia 32 / Íse 32 |
Íseáia 33 / Íse 33 |
Íseáia 34 / Íse 34 |
Íseáia 35 / Íse 35 |
Íseáia 36 / Íse 36 |
Íseáia 37 / Íse 37 |
Íseáia 38 / Íse 38 |
Íseáia 39 / Íse 39 |
Íseáia 40 / Íse 40 |
Íseáia 41 / Íse 41 |
Íseáia 42 / Íse 42 |
Íseáia 43 / Íse 43 |
Íseáia 44 / Íse 44 |
Íseáia 45 / Íse 45 |
Íseáia 46 / Íse 46 |
Íseáia 47 / Íse 47 |
Íseáia 48 / Íse 48 |
Íseáia 49 / Íse 49 |
Íseáia 50 / Íse 50 |
Íseáia 51 / Íse 51 |
Íseáia 52 / Íse 52 |
Íseáia 53 / Íse 53 |
Íseáia 54 / Íse 54 |
Íseáia 55 / Íse 55 |
Íseáia 56 / Íse 56 |
Íseáia 57 / Íse 57 |
Íseáia 58 / Íse 58 |
Íseáia 59 / Íse 59 |
Íseáia 60 / Íse 60 |
Íseáia 61 / Íse 61 |
Íseáia 62 / Íse 62 |
Íseáia 63 / Íse 63 |
Íseáia 64 / Íse 64 |
Íseáia 65 / Íse 65 |
Íseáia 66 / Íse 66 |