1 |
Is mairg do chlann na ceannairce! briathar an Tiarna é seo. Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é, ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m' anáilse fúithi, ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu. |
2 |
Tá siad bailithe leo ag tarraingt ar an Éigipt, gan comhairle a iarraidh ó mo bhéal, ag lorg dídine faoi dhídean Fhorainn agus foscadh ar scáth na hÉigipte. |
3 |
Ina hábhar náire agaibh a bheidh an dídean sin Fhorainn, foscadh scáth na hÉigipte ina chúis mearbhaill daoibh; |
4 |
cé go bhfuil a thaoisigh tar éis teacht go Zoan, agus a theachtairí imithe fhad le Hánaes. |
5 |
Tá féiríní ar iompar acu siúd uile chuig pobal nach fearrde iad é, nach dtabharfaidh cabhair ná cúnamh dóibh ach náire agus masla. |
6 |
Fáistine dar teideal: Ainmhithe na Tíre Theas. Trí dhúiche an anró agus na hanbhuaine is fearann don leon baineann, do leon na búiríola, don nathair nimhe agus don dragan eiteogach, a saibhreas ar dhroim asal acu, a dtaiscí ar chruit chamall acu, agus iad á n-iompar chuig pobal nach fearrde iad é. |
7 |
Óir tá cabhair na hÉigipte díomhaoin agus baoth; is é sin an fáth a dtugaim mar ainm uirthi: Ráhab na leisce. |
8 |
Imigh anois, gearr ar tháibléad an méid seo, scríobh ar scrolla é, chun go mbeidh sé san am atá le teacht ina fhianaise bhuan: |
9 |
Is pobal míréireach iad seo, is clann bhréagach, clann nach áil leo éisteacht le reacht an Tiarna. |
10 |
Deir siad le lucht físe: «Ná bíodh físeanna agaibh». agus leis na fáithe: «Ná tuaraigí an ceart dúinn». «Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn; |
11 |
fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí; as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.» |
12 |
Ar an ábhar sin a deir Neach Naofa Iosrael: «De bhrí gur beag libh an rabhadh seo, agus go bhfuil bhur muinín sa chamastaíl agus san fheall, agus gurb iad is crann taca agaibh, |
13 |
léireofar daoibh an cion seo a bheith mar a bheadh balla ard agus gág anuas ann, bolg amach air agus é i ríocht titim, a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl, |
14 |
a bhriseann ar nós soitheach potaire á smísteáil síos gan trua gan taise, ionas nach bhfuil le fáil sa chonamar oiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallach nó a thaoscfadh uisce as an sistéal.» |
15 |
Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael: San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh, sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart, ach níorbh áil libh.» |
16 |
Dúirt sibh: «Ní amhlaidh! Teithfimid ar muin chapaill!» Go deimhin féin, is ag teitheadh a bheidh sibh! «I gcarbaid mheara a theithfimid!» Maith go leor! Is mear mar a rachfar sa tóir oraibh! |
17 |
Teithfidh míle, agus gan ach duine aonair ag bagairt, bagairt ó chúigear agus teithfidh deich míle, go dtí nach mbeidh fágtha díbh ach mar bheadh cuaille ar bharr cnocáin, mar bheadh comhartha ar mhullach sléibhe. |
18 |
Ach tá an Tiarna ag fanacht le hionú an mhaithiúnais, is ar an ábhar sin a éiríonn sé agus a ghlacann trua daoibh; óir Dia cóir is ea an Tiarna, is méanar don dream a bhfuil a súil leis. |
19 |
Sea, a phobal Shíón, a bhfuil cónaí ort in Iarúsailéim, ní bheidh tú ag gol níos mó. Maithfidh sé duit ar chloisteáil do chaoineadh dó, agus tabharfaidh sé toradh air ar an toirt. |
20 |
Cé go dtugann an Tiarna duit arán na hanbhuaine agus uisce na duainéise, an té a theagascann thú, ní cheilfidh é féin feasta, agus feicfidh do shúile an Té a theagascann thú. |
21 |
Cloisfidh do chluasa an focal seo i do dhiaidh: «Seo an bealach, leanaigí é», cuma ar dheis nó ar chlé a chasfaidh sibh. |
22 |
Measfaidh tú ansin gur neamhghlan do phlátáil airgid do chuid íol agus do chlúdach óir do chuid dealbh. Caithfidh tú uait iad mar bheadh rud truaillithe ann; «Gread leat!» a déarfaidh tú leo. |
23 |
Agus tabharfaidh sé báisteach le haghaidh an tsíl a chuirfidh tú sa talamh, agus an t-arán a thugann an talamh uaidh, beidh sé blasta agus beathúil. Beidh do chuid eallaigh ag innilt an lá sin ar fhéarach leathan. |
24 |
Na daimh agus na hasail a threabhann an talamh, beidh coirce blasta le hithe acu, a ndearnadh cáitheadh air le sluasaid agus le cáiteog. |
25 |
Agus ar gach sliabh ard agus gach cnoc mór beidh srutháin uisce agus sreabha lá an áir nuair a thitfidh na dúnfoirt. |
26 |
Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n-uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí. |
27 |
Breathnaigí! Tá ainm an Tiarna ag teacht ó chríoch i gcéin, is loiscneach a fhearg, is trom an t-ualach atá air. tá a bheola ag cur thar maoil le cuthach, agus a theanga ina tine chraosach. |
28 |
Tá a anáil mar thuile in abhainn, a thiocfadh go muineál ar dhuine. Tá sé ag teacht chun na náisiúin a chriathrú i gcriathar an mhillte, chun béalbhach a chuid srianta a chur le giall na gciníocha. ABN: 28, 30, 31, 32a, 29, 32b, 33 |
29 |
Beidh bhur gceolsa, áfach, mar bheadh oíche chinn féile ann, agus aoibhneas ar chroí gach aon. Ar nós an té a bhuaileann bóthar le ceol na bhfeadóg ar a bhealach ionsar shliabh an Tiarna, ionsar charraig Iosrael, |
30 |
Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir, agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe, i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí, i séideán báistí agus clochshneachta. |
31 |
Óir is é glór an Tiarna a chuirfidh coiscriú ar an Asaír, agus í faoi bhuillí a bhata. |
32 |
32a gach buille den bhata agus den phionós a leagfaidh an Tiarna uirthi. 32b le bodhráin agus le cláirseacha agus le damhsaí? |
33 |
Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.
|
Irish Bible 1981 |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íseáia 30:1 |
Íseáia 30:2 |
Íseáia 30:3 |
Íseáia 30:4 |
Íseáia 30:5 |
Íseáia 30:6 |
Íseáia 30:7 |
Íseáia 30:8 |
Íseáia 30:9 |
Íseáia 30:10 |
Íseáia 30:11 |
Íseáia 30:12 |
Íseáia 30:13 |
Íseáia 30:14 |
Íseáia 30:15 |
Íseáia 30:16 |
Íseáia 30:17 |
Íseáia 30:18 |
Íseáia 30:19 |
Íseáia 30:20 |
Íseáia 30:21 |
Íseáia 30:22 |
Íseáia 30:23 |
Íseáia 30:24 |
Íseáia 30:25 |
Íseáia 30:26 |
Íseáia 30:27 |
Íseáia 30:28 |
Íseáia 30:29 |
Íseáia 30:30 |
Íseáia 30:31 |
Íseáia 30:32 |
Íseáia 30:33 |
|
|
|
|
|
|
Íseáia 1 / Íse 1 |
Íseáia 2 / Íse 2 |
Íseáia 3 / Íse 3 |
Íseáia 4 / Íse 4 |
Íseáia 5 / Íse 5 |
Íseáia 6 / Íse 6 |
Íseáia 7 / Íse 7 |
Íseáia 8 / Íse 8 |
Íseáia 9 / Íse 9 |
Íseáia 10 / Íse 10 |
Íseáia 11 / Íse 11 |
Íseáia 12 / Íse 12 |
Íseáia 13 / Íse 13 |
Íseáia 14 / Íse 14 |
Íseáia 15 / Íse 15 |
Íseáia 16 / Íse 16 |
Íseáia 17 / Íse 17 |
Íseáia 18 / Íse 18 |
Íseáia 19 / Íse 19 |
Íseáia 20 / Íse 20 |
Íseáia 21 / Íse 21 |
Íseáia 22 / Íse 22 |
Íseáia 23 / Íse 23 |
Íseáia 24 / Íse 24 |
Íseáia 25 / Íse 25 |
Íseáia 26 / Íse 26 |
Íseáia 27 / Íse 27 |
Íseáia 28 / Íse 28 |
Íseáia 29 / Íse 29 |
Íseáia 30 / Íse 30 |
Íseáia 31 / Íse 31 |
Íseáia 32 / Íse 32 |
Íseáia 33 / Íse 33 |
Íseáia 34 / Íse 34 |
Íseáia 35 / Íse 35 |
Íseáia 36 / Íse 36 |
Íseáia 37 / Íse 37 |
Íseáia 38 / Íse 38 |
Íseáia 39 / Íse 39 |
Íseáia 40 / Íse 40 |
Íseáia 41 / Íse 41 |
Íseáia 42 / Íse 42 |
Íseáia 43 / Íse 43 |
Íseáia 44 / Íse 44 |
Íseáia 45 / Íse 45 |
Íseáia 46 / Íse 46 |
Íseáia 47 / Íse 47 |
Íseáia 48 / Íse 48 |
Íseáia 49 / Íse 49 |
Íseáia 50 / Íse 50 |
Íseáia 51 / Íse 51 |
Íseáia 52 / Íse 52 |
Íseáia 53 / Íse 53 |
Íseáia 54 / Íse 54 |
Íseáia 55 / Íse 55 |
Íseáia 56 / Íse 56 |
Íseáia 57 / Íse 57 |
Íseáia 58 / Íse 58 |
Íseáia 59 / Íse 59 |
Íseáia 60 / Íse 60 |
Íseáia 61 / Íse 61 |
Íseáia 62 / Íse 62 |
Íseáia 63 / Íse 63 |
Íseáia 64 / Íse 64 |
Íseáia 65 / Íse 65 |
Íseáia 66 / Íse 66 |