Instagram
English
A A A A A
Gaeilge Bible [Irish Gaelic] (ABN)
Seanfhocal 26
1
Ní oireann sneachta don samhradh, ná báisteach don fhómhar, agus ní mó ná sin a oireann onóir don amadán.
2
Dála an ghealbhain a éalaíonn agus na fáinleoige a sceinneann, ní luíonn an mhallacht nach dual ar a sprioc.
3
Lasc don each, srian don asal agus bata do dhroim na n-amadán.
4
Ná tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise, le heagla go rachfá i gcosúlacht leis.
5
Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise le heagla go measfadh sé go raibh aige gaois.
6
An té a chuireann amadán ar theachtaireacht, (gearrann sé na cosa de féin agus) ólann sé deoch shearbh.
7
Chomh guagach le cosa an bhacaigh ar sileadh leis gan tairbhe, sin mar atá seanfhocal i mbéal na n-amadán.
8
Is cuma nó cloch a cheangal go teann de chranntabhaill, onóir a thabhairt d' amadán.
9
Is cuma nó tor droighin i láimh an mheisceora seanfhocal i mbéal amadán.
10
Is cuma nó áirseoir a ghoineann gach duine a ghabhann an treo, an té a fhostaíonn amadán [nó meisceoir].
11
Is cuma nó madra a fhilleann ar a aiseag an t-amadán a fhilleann ar a bhaois.
12
An bhfeiceann tú duine atá ciallmhar dar leis féin? Is mó an dóchas atá ann don amadán na dósan.
13
«Tá leon ar an mbóthar,» a deir an leisceoir, «tá leon sna sráideanna.»
14
Dála na comhla a chasann ar a tuislí, casann an leisceoir ina leaba.
15
Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias ach tá sé róthraochta le hé a bhreith chun a bhéil.
16
Is ciallmhaire an leisceoir dar leis féin ná seachtar fear a d' fhreagródh le stuaim.
17
Is cuma nó breith ar chluasa mhadra fáin dul sáite in achrainn na gcomharsana.
18
Dála na geilte a chaitheann sméaróidí tine saigheada agus bás,
19
Sin é mar atá ag an té a mheallann a chomharsa agus a deir ansin: «Ní raibh ann ach seó!»
20
Cheal brosna téann an tine in éag; cheal cúlchainteora, téann aighneas chun suain.
21
Gualach don ghríosach, brosna do thine, agus fear achrainn le haighneas a adhaint.
22
Is geall le sólais bhlasta focail an chúlchainteora, sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.
23
Is cuma nó gléas airgid ar áras cré beola sleamhna le croí claon.
24
An fear fuatha, bíonn aige beola mealltacha; agus an feall go domhain istigh.
25
Ná bíodh muinín agat as nuair a labhraíonn sé go lách, óir tá seacht ngráiniúlacht ina chliabhlach.
26
Fág go rachadh an fuath i bhfolach faoin gcalaois, déanfar a urchóid a nochtadh i láthair an tionóil.
27
An té a thochlann poll, titeann sé ann, agus filleann an chloch ar an té a bhaineann an chéad chasadh aisti.
28
Is gráin leis an mbéal bréagach an fhírinne, agus is scriostóir é an béal bán.
Seanfhocal 26:1
Seanfhocal 26:2
Seanfhocal 26:3
Seanfhocal 26:4
Seanfhocal 26:5
Seanfhocal 26:6
Seanfhocal 26:7
Seanfhocal 26:8
Seanfhocal 26:9
Seanfhocal 26:10
Seanfhocal 26:11
Seanfhocal 26:12
Seanfhocal 26:13
Seanfhocal 26:14
Seanfhocal 26:15
Seanfhocal 26:16
Seanfhocal 26:17
Seanfhocal 26:18
Seanfhocal 26:19
Seanfhocal 26:20
Seanfhocal 26:21
Seanfhocal 26:22
Seanfhocal 26:23
Seanfhocal 26:24
Seanfhocal 26:25
Seanfhocal 26:26
Seanfhocal 26:27
Seanfhocal 26:28
Seanfhocal 1 / Sea 1
Seanfhocal 2 / Sea 2
Seanfhocal 3 / Sea 3
Seanfhocal 4 / Sea 4
Seanfhocal 5 / Sea 5
Seanfhocal 6 / Sea 6
Seanfhocal 7 / Sea 7
Seanfhocal 8 / Sea 8
Seanfhocal 9 / Sea 9
Seanfhocal 10 / Sea 10
Seanfhocal 11 / Sea 11
Seanfhocal 12 / Sea 12
Seanfhocal 13 / Sea 13
Seanfhocal 14 / Sea 14
Seanfhocal 15 / Sea 15
Seanfhocal 16 / Sea 16
Seanfhocal 17 / Sea 17
Seanfhocal 18 / Sea 18
Seanfhocal 19 / Sea 19
Seanfhocal 20 / Sea 20
Seanfhocal 21 / Sea 21
Seanfhocal 22 / Sea 22
Seanfhocal 23 / Sea 23
Seanfhocal 24 / Sea 24
Seanfhocal 25 / Sea 25
Seanfhocal 26 / Sea 26
Seanfhocal 27 / Sea 27
Seanfhocal 28 / Sea 28
Seanfhocal 29 / Sea 29
Seanfhocal 30 / Sea 30
Seanfhocal 31 / Sea 31