1 |
Seanfhocail le Solamh iad seo inár ndiaidh freisin agus is é Hiziciá, rí Iúdá, a bhreac cóip díobh. |
2 |
Rún a cheilt glóir Dé, ach é a ransú go grinn glóir ríthe. |
3 |
Fág gur ard iad na flaithis agus gur domhain é an talamh, níl dul ar chroí na ríthe a iniúchadh. |
4 |
Scag an dríodar ón airgead agus tiocfaidh sé amach glan. |
5 |
Díbir na hurchóidigh ó láthair an rí agus beidh a ríchathaoir bunaithe ar an bhfíréantacht. |
6 |
Ná bíodh mustar ort i láthair an rí, agus ná seas in áit na bhflatha, |
7 |
Óir is fearr go ndéarfaí: «Gabh anseo aníos,» ná go ndéanfaí thú a ísliú i láthair an phrionsa. An rud a chonaic do shúile, |
8 |
ná sceith é go róthobann sa chúirt. Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadh má bhréagnaíonn do chomharsana thú? |
9 |
Tagair do chúis le do chomharsa, ach ná sceith rún duine eile, |
10 |
Le heagla go ndéanfaidh an té a chluinfeadh thú é a chasadh leat, agus go gcaillfeá do chlú go léir. |
11 |
An focal i luí gaidhte, is cuma é nó úlla óir i leaba airgid. |
12 |
Fáinne óir nó ornáid d' ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann. |
13 |
Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhair an teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta; cuireann sé misneach i gcroí a mháistir. |
14 |
Scamaill is clocha, ach gan braon fearthainne, sin mar atá ag fear na ngealltanas mór gan comhlíonadh. |
15 |
Is féidir breitheamh a bhogadh le foighne; briseann béal bán cnámh. |
16 |
Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di, ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag. |
17 |
Téigh go hannamh go teach do chomharsan, le heagla go n-éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit. |
18 |
Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géar an té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan. |
19 |
Is cuma nó fiacail lofa nó cos leonta fear gan dílseacht ar a mbeifí ag brath in am an ghátair; |
20 |
bheadh sé chomh maith agat do bhrat a bhaint díot sa doineann. Is cuma nó fínéagra a chur i gcréacht amhráin a chasadh do chroí duairc. |
21 |
Má tá ocras ar do namhaid, tabhair greim le n-ithe dó; nó tart, tabhair braon le n-ól dó. |
22 |
Beidh sméaróidí tine á gcarnadh agat ar a cheann sa tslí sin, agus déanfaidh an Tiarna é a chúiteamh leat. |
23 |
Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh, agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí. |
24 |
Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn. |
25 |
Is cuma nó uisce fuar i scornach thirim, dea-scéala ón gcoigríoch. |
26 |
Is cuma nó tobar a suaitheadh nó foinse a truailleadh, an fíréan a chúbann roimh an urchóideach. |
27 |
[Ní maith í póit mheala, ná géilleadh do bhladar.] |
28 |
An fear gan smacht air féin, is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta.
|
Irish Bible 1981 |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Seanfhocal 25:1 |
Seanfhocal 25:2 |
Seanfhocal 25:3 |
Seanfhocal 25:4 |
Seanfhocal 25:5 |
Seanfhocal 25:6 |
Seanfhocal 25:7 |
Seanfhocal 25:8 |
Seanfhocal 25:9 |
Seanfhocal 25:10 |
Seanfhocal 25:11 |
Seanfhocal 25:12 |
Seanfhocal 25:13 |
Seanfhocal 25:14 |
Seanfhocal 25:15 |
Seanfhocal 25:16 |
Seanfhocal 25:17 |
Seanfhocal 25:18 |
Seanfhocal 25:19 |
Seanfhocal 25:20 |
Seanfhocal 25:21 |
Seanfhocal 25:22 |
Seanfhocal 25:23 |
Seanfhocal 25:24 |
Seanfhocal 25:25 |
Seanfhocal 25:26 |
Seanfhocal 25:27 |
Seanfhocal 25:28 |
|
|
|
|
|
|
Seanfhocal 1 / Sea 1 |
Seanfhocal 2 / Sea 2 |
Seanfhocal 3 / Sea 3 |
Seanfhocal 4 / Sea 4 |
Seanfhocal 5 / Sea 5 |
Seanfhocal 6 / Sea 6 |
Seanfhocal 7 / Sea 7 |
Seanfhocal 8 / Sea 8 |
Seanfhocal 9 / Sea 9 |
Seanfhocal 10 / Sea 10 |
Seanfhocal 11 / Sea 11 |
Seanfhocal 12 / Sea 12 |
Seanfhocal 13 / Sea 13 |
Seanfhocal 14 / Sea 14 |
Seanfhocal 15 / Sea 15 |
Seanfhocal 16 / Sea 16 |
Seanfhocal 17 / Sea 17 |
Seanfhocal 18 / Sea 18 |
Seanfhocal 19 / Sea 19 |
Seanfhocal 20 / Sea 20 |
Seanfhocal 21 / Sea 21 |
Seanfhocal 22 / Sea 22 |
Seanfhocal 23 / Sea 23 |
Seanfhocal 24 / Sea 24 |
Seanfhocal 25 / Sea 25 |
Seanfhocal 26 / Sea 26 |
Seanfhocal 27 / Sea 27 |
Seanfhocal 28 / Sea 28 |
Seanfhocal 29 / Sea 29 |
Seanfhocal 30 / Sea 30 |
Seanfhocal 31 / Sea 31 |