A A A A A
Facebook Instagram Twitter
Gaeilge Bible [Irish Gaelic] (ABN)

Seanfhocal 20



1
Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua; níl aon chiall ag an té a mheallann sé.
2
Is geall le glam leoin fearg rí, agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin.
3
Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint, ach beidh gach amadán ag achrann.
4
Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir; beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.
5
Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh; níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.
6
Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis, ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?
7
An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim, is méanar dá chlann ina dhiaidh.
8
An rí a shuíonn ina shuí breithimh, scagann sé gach olc lena shúile.
9
Cé ar féidir leis a rá: «Ghlan mé mo chroí, táim saor ó mo pheaca?»
10
Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall; is gráin leis an Tiarna iadsan araon.
11
Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh, an olc nó an maith a bheidh a bhearta.
12
An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann, is é an Tiarna a rinne iad araon.
13
Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile; bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.
14
«Níl aon mhaith ann, níl sin,» a deir an ceannaí ach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin.
15
Tá an t-ór ann, agus raidhse cloch lómhar, ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.
16
Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir; bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
17
Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois, ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin.
18
Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar.
19
Déanann an cardálaí rúin a nochtadh; ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.
20
Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.
21
An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús, ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh.
22
Ná habair: «Déanfaidh mé an t-olc a chúiteamh»; ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort.
23
Is fuath leis an Tiarna malairtí meáchan; ní maith iad na meánna fealltacha.
24
Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine; conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint?
25
Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: «Tá sé tíolactha.» agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide.
26
Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh, agus tiomáineann an roth tharstu.
27
Sé spiorad an duine lampa an Tiarna, ag spiúnadh doimhneas a chroí.
28
Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint, agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach.
29
A neart féin glóir na n-ógánach, ach an ceann liath maise na seanóirí.
30
Is maith an leigheas ar an olc buillí créachtaithe; agus glanann buillí an t-ionathar.











Seanfhocal 20:1

Seanfhocal 20:2

Seanfhocal 20:3

Seanfhocal 20:4

Seanfhocal 20:5

Seanfhocal 20:6

Seanfhocal 20:7

Seanfhocal 20:8

Seanfhocal 20:9

Seanfhocal 20:10

Seanfhocal 20:11

Seanfhocal 20:12

Seanfhocal 20:13

Seanfhocal 20:14

Seanfhocal 20:15

Seanfhocal 20:16

Seanfhocal 20:17

Seanfhocal 20:18

Seanfhocal 20:19

Seanfhocal 20:20

Seanfhocal 20:21

Seanfhocal 20:22

Seanfhocal 20:23

Seanfhocal 20:24

Seanfhocal 20:25

Seanfhocal 20:26

Seanfhocal 20:27

Seanfhocal 20:28

Seanfhocal 20:29

Seanfhocal 20:30







Seanfhocal 1 / 箴言 1

Seanfhocal 2 / 箴言 2

Seanfhocal 3 / 箴言 3

Seanfhocal 4 / 箴言 4

Seanfhocal 5 / 箴言 5

Seanfhocal 6 / 箴言 6

Seanfhocal 7 / 箴言 7

Seanfhocal 8 / 箴言 8

Seanfhocal 9 / 箴言 9

Seanfhocal 10 / 箴言 10

Seanfhocal 11 / 箴言 11

Seanfhocal 12 / 箴言 12

Seanfhocal 13 / 箴言 13

Seanfhocal 14 / 箴言 14

Seanfhocal 15 / 箴言 15

Seanfhocal 16 / 箴言 16

Seanfhocal 17 / 箴言 17

Seanfhocal 18 / 箴言 18

Seanfhocal 19 / 箴言 19

Seanfhocal 20 / 箴言 20

Seanfhocal 21 / 箴言 21

Seanfhocal 22 / 箴言 22

Seanfhocal 23 / 箴言 23

Seanfhocal 24 / 箴言 24

Seanfhocal 25 / 箴言 25

Seanfhocal 26 / 箴言 26

Seanfhocal 27 / 箴言 27

Seanfhocal 28 / 箴言 28

Seanfhocal 29 / 箴言 29

Seanfhocal 30 / 箴言 30

Seanfhocal 31 / 箴言 31