1 |
Aleph Is aoibhinn a mbíonn a slí gan mháchail, a shiúlann i ndlí an Tiarna. Salm 118 |
2 |
Is aoibhinn dá gcoimeádann a fhorálacha, á lorg ó lanchroí. |
3 |
An mhuintir nach ndéanann urchóid; ach a shiúlann ina shlite. |
4 |
Thug tú do phroiceapta dúinn go gcomhlíonfaí go beacht iad. |
5 |
Nár mhéanar mo shlite a bheith go daingean, d' fhonn do reachtanna a choimeád. |
6 |
Ní dhéanfar mo náiriú nuair a ghéillfidh mé do d' aitheanta uile. |
7 |
Molfaidh mé thú le dílseacht chroí ag foghlaim d' fhoraitheanta dom. |
8 |
Déanfaidh mé de réir do reachtanna; ná tréig mé ar fad. |
9 |
Beth Conas a mhairfidh an t-ógánach go glan, ach le d' aitheanta a chomhlíonadh? |
10 |
Iarraim thú le mo chroí go hiomlán; nár imí mé ó d' aitheanta. |
11 |
Cuirim do bhriathar i bhfolach i mo chroí; sula ndéanfainn peaca ort. |
12 |
Is beannaithe atá tú, a Thiarna; múin do reachtanna dom. |
13 |
Is amhlaidh a d' admhaigh mé le mo bhruasa foraitheanta uile do bhéil. |
14 |
Gairdím i slí d' fhorálacha amhail san uile shaibhreas. |
15 |
Déanfaidh mé machnamh ar do theagasc; agus breithneoidh mé do shlite. |
16 |
Tabharfaidh mé taitneamh do do reachtanna; ní dhéanfad dearmad ar do bhriathra. |
17 |
Gimel Bí go maith le do ghiolla le go mairfidh mé, agus go gcoimeádfaidh mé do bhriathra. |
18 |
Oscail mo shúile chun go bhfeicfidh mé iontais uile do dhlí. |
19 |
Táim i mo dheoraí ar talamh; ná ceil orm d' aitheanta. |
20 |
Bíonn m' anam ag meirtniú de shíor, is é ag tnúth le d' fhoraitheanta. |
21 |
Lochtaigh tú na huaibhrigh agus na mallachtaigh a chuaigh ar seachrán ó d' aitheanta. |
22 |
Tóg uaim tarcaisne agus aithis toisc go nglacaim le do theagasc. |
23 |
Cé go dtéann prionsaí i ndáil chomhairle i m' éadan, bím ag machnamh ar do reachtanna. |
24 |
Óir is iad d' fhorálacha m' aoibhneas; is iad do reachtanna mo chomhairleoirí. |
25 |
Daleth Tá m' anam ar lár sa luaithreach; athbheoigh mé le do bhriathar. |
26 |
Mhínigh mé mo shlite, agus d' éist tú liom; múin do reachtanna dom. |
27 |
Tabhair treoir dom i slí do phroiceapt, agus déanfaidh mé machnamh ar d' iontais. |
28 |
Bíonn m' anam ag sileadh deor le neart bróin; tabhair misneach dom le do bhriathar. |
29 |
Coinnigh mé ó shlí na hearráide, agus tabhair dom do dhlí. |
30 |
Rinne mé rogha de shlí na fírinne; chuir mé d' aitheanta os mo chomhair. |
31 |
Bím ag cloí de shíor le d' fhorálacha; ná clis orm, a Thiarna. |
32 |
Rithfidh mé ar shlí d' aitheanta; nuair a cheansóidh tú mo chroí. |
33 |
Hé Múin dom slí do reachtanna, a Thiarna; agus comhlíonfaidh mé go cruinn iad. |
34 |
Déan mo theagasc d' fhonn do dhlí a chomhlíonadh agus a choimeád ó chroí. |
35 |
Treoraigh mé ar chosán d' aitheanta, óir is ann atá mo thaitneamh. |
36 |
Claon mo chroí i leith d' fhorálacha; agus ná claon chun sainte é. |
37 |
Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas; déan mo bheochan trí do shlíse. |
38 |
Cuir le do ghealltanas do do ghiolla; le go mbeadh eagla ar a thuilleadh romhat. |
39 |
Coinnigh i bhfad uaim an aithis is eagal liom, óir is aoibhinn iad d' fhoraitheanta. |
40 |
Féach, is mian liom do phroiceapta; tabhair dom an bheatha i d' fhíréantacht. |
41 |
Vau Go dtaga do bhuanghrá orm, a Thiarna, agus do chabhair de réir do ghealltanais. |
42 |
Tabharfaidh mé freagra ar lucht mo cháinte; toisc gur muinín liom do bhriathar. |
43 |
Focal na fírinne ná bain as mo bhéal; cuirim mo dhóchas i d' fhoraitheanta. |
44 |
Agus coimeádfaidh mé do dhlí de shíor, go brách na breithe. |
45 |
Siúlfaidh mé i slí na saoirse, mar táim ar lorg do theagaisc. |
46 |
Inseoidh mé d' fhorálacha i láthair ríthe; ní bheidh cotadh ar bith orm. |
47 |
Is i d' aitheanta a bheidh mo thaitneamh ós dóibh a thugaim grá. |
48 |
Agus tógfaidh mé mo lámha chun d' aitheanta; déanfaidh mé machnamh ar do reachtanna. |
49 |
Zain Bí ag cuimhneamh ar do bhriathra do do ghiolla; lenar thug tú dóchas dom. |
50 |
Is é mo shólás le linn mo bhuartha, gurb é do bhriathar a bheoigh mé. |
51 |
Maslaíonn lucht an díomais mé go díocasach: ach ní chlaonaim ó do dhlí. |
52 |
Cuimhním ar do bhreitheanna ársa, a Thiarna; agus tugann siad sólás dom. |
53 |
Gabhann fearg mé de bharr na bpeacach a bhíonn ag tréigean do dhlí. |
54 |
Bíonn do reachtanna ina n-amhrán agam, in áit mo dheoraíochta. |
55 |
Cuimhním ar d' ainm de shiúl oíche, a Thiarna; agus coimeádaim do dhlí. |
56 |
Is amhlaidh a chuirfidh sé seo le mo chlú, gur choinnigh mé do phroiceapta. |
57 |
Heth Dúirt mé, a Thiarna, gurb í mo chuid do bhriathra a choimeád. |
58 |
Guím thú ó mo chroí go hiomlán: déan trócaire orm de réir mar gheall tú. |
59 |
Rinne mé mo shlite a mheas, agus d' fhill mé ar d' fhorálacha. |
60 |
Bhrostaigh mé is ní dhearna mé moill, chun d' aitheanta a chomhlíonadh. |
61 |
Chrioslaigh téada lucht na hurchóide mé; níor dhearmad mé do dhlí. |
62 |
Éirim um mheán oíche do do cheiliúradh, mar gheall ar d' fhoraitheanta córa. |
63 |
Is cara mé do chách ar a mbíonn do eagla, agus a choimeádann do phroiceapta. |
64 |
Tá an talamh lán de do bhuanghrá, a Thiarna; múin dom do reachtanna. |
65 |
Teth Chaith tú go maith le do ghiolla, a Thiarna, de réir do bhriathair. |
66 |
Múin dom eagna agus eolas; tá mo dhóchas i d' aitheanta. |
67 |
Sular crádh mé chuaigh mé ar seachrán; ach anois coimeádaim do bhriathar. |
68 |
Is maith tú, is fial tú agus is flaithiúil; múin dom do reachtanna. |
69 |
Beartaíonn na díomasaigh cealg i mo choinne; ach comhlíonaimse do phroiceapta. |
70 |
Ramhraigh a gcroí ar nós blonaige; faighimse mo thaitneamh i do dhílseacht. |
71 |
Is méanar dom go raibh mé do mo chrá; ionas go bhfoghlaimeoinn do reachtanna. |
72 |
Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilse ná na mílte d' ór agus d' airgead. |
73 |
Iód Do lámha a rinne agus a chruthaigh mé; múin dom d' aitheanta a fhoghlaim. |
74 |
Feicfidh d' aos eagla agus gairdeoidh siad, toisc gur muinín liom do bhriathar. |
75 |
Tuigim, a Thiarna, gur cóir iad d' fhoraitheanta; agus gur le barr dílseachta a chráigh tú mé. |
76 |
Bíodh do bhuanghrá ina ábhar sóláis dom, mar a gheall tú do do ghiolla. |
77 |
Bíodh trua agat dom agus mairfidh mé, óir is aoibhinn liom do dhlí. |
78 |
Go gclise ar na huaibhrigh atá do mo chrá gan ábhar agus mé ag machnamh ar do phroiceapta. |
79 |
Go n-iompaítear chugam an dream lenarb eagal tú, a thugann aire do d' fhorálacha. |
80 |
Go raibh mo chroí go foirfe i do reachtanna, ionas nach bhfaighinn mo náiriú. |
81 |
Caph Bíonn m' anam ag tnúth le do shlánú; cuirim mo dhóchas i do bhriathar. |
82 |
Meathann mo shúile le dúil i do ghealltanas; cathain a tabharfaidh tú sólás dom? |
83 |
Cé gur cosúil mé le buidéal leathair sa deatach, níor dhearmad mé do reachtanna. |
84 |
Cá líon laethanta do ghiolla? Cathain a chiontóidh tú mo ghéarleantóirí? |
85 |
Thochail na huaibhrigh claiseanna dom, in aghaidh do dhlí. |
86 |
Is fíor iad do phroiceapta uile fóir orm; déantar mo chrá gan chúis. |
87 |
Cé gur beag nár cuireadh deireadh liom ar talamh, níor thréig mé d' aitheanta. |
88 |
Tabhair an bheatha dom de réir do thrócaire; agus coimeádfaidh mé d' fhorálacha. |
89 |
Lamed Maireann do bhriathar go brách, a Thiarna, chomh daingean le neamh. |
90 |
Maireann d' fhírinne go dtí an uile ghlúin, mar an talamh a bhunaigh tú. |
91 |
Maireann siad go buan de réir do reachtanna; fónann gach aon ní duit. |
92 |
Murach gurb aoibhinn liom do dhlí, gheobhainn bás i m' ainnise. |
93 |
Go deo ní dhéanfaidh mé dearmad ar do phroiceapta, óir is leo a thug tú beatha dom. |
94 |
Is leat mé; déan mé a tharrtháil, toisc go lorgaim do phroiceapta. |
95 |
Tá na peacaigh ag fanacht liom d' fhonn mo mhillte; ach tugaim d' fhorálacha do m' aire. |
96 |
Is eol dom go bhfuil críoch le gach foirfeacht; ach gur fada fairsing í d' aithne. |
97 |
Mem A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna; is ábhar machnaimh dom de shíor é. |
98 |
Rinne d' aithne níos críonna ná m' eascairde mé; óir bíonn sí in éineacht liom de shíor. |
99 |
Is críonna mé ná lucht mo mhúinte go léir, toisc go machnaím ar d' fhorálacha. |
100 |
Is mó mo thuiscintse ná tuiscint na seanóirí; óir comhlíonaim do phroiceapta. |
101 |
Tugaim ar mo chosa gach drochshlí a sheachaint, d' fhonn do bhriathra a choimeád. |
102 |
Ní chlaonaim i leataobh ó d' fhoraitheanta; ós tú a mhúin mé. |
103 |
Is milse do bhriathra le mo charball; ná mil le mo bhéal. |
104 |
Faighim tuiscint de bharr do phroiceapta; is gráin liom gach drochshlí. |
105 |
Nun Is lóchrann do mo chosa do bhriathar; is solas do mo chosán é. |
106 |
Mhionnaigh mé agus bheartaigh mé i m' aigne, d' fhoraitheanta a choimeád. |
107 |
Tá mé buartha go mór, a Thiarna; beoigh mé le do bhriathar. |
108 |
Glac le hofrálacha mo bhéil, a Thiarna; agus múin dom d' fhoraitheanta. |
109 |
Bíonn mo bheo i mbaol i gcónaí ach ní dhearmadaim do dhlí. |
110 |
Chuir na peacaigh gaiste i mo bhealach; ach níor thréig mé do phroiceapta. |
111 |
Is iad d' fhorálacha mo oidhreacht go brách; cuireann siad áthas ar mo chroí. |
112 |
Chlaon mé mo chroí chun do reachtanna a chomhlíonadh go beacht agus go brách. |
113 |
Samek Is fuath liom an teanga liom leat; ach is geal liom do dhlí. |
114 |
Is tú mo chaomhnóir agus mo sciath; cuirim mo dhóchas i do bhriathar. |
115 |
Imígí uaim, a lucht déanta na hurchóide; coimeádfaidh mé aitheanta mo Dhé. |
116 |
Seas liom de réir d' fhocail agus mairfidh mé; ná teipeadh ar mo dhóchas. |
117 |
Bí i do thaca agam i dtreo is go sábhálfar mé; coimeádfaidh mé do reachtanna go deo. |
118 |
Is beag ort a n-imíonn ó do reachtanna; toisc gur bréagach a mbeartas. |
119 |
Is salachar leat peacaigh uile na cruinne; is uime a charaim d' fhorálacha. |
120 |
Scanraíonn mo cholainn le corp eagla romhat; agus is eagal liom do reachtanna. |
121 |
Ayin Chleachtaigh mé an ceart agus an chóir; ná tabhair suas do lucht leatroim mé. |
122 |
Téigh i mbannaí ar do ghiolla ar mhaithe leis, sula dtreascraí na huaibhrigh mé. |
123 |
Meathann mo shúile le dúil i do chúnamh, agus i bhfírinne do bhriathair. |
124 |
Déan le do ghiolla de réir do bhuanghrá, agus múin dom do reachtanna. |
125 |
Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom, ionas gurab eol dom d' fhorálacha. |
126 |
Is mithid duit gníomhú, a Thiarna, óir sáraíodh do dhlí. |
127 |
Ar an ábhar sin is ansa liom d' aitheanta, ná an t-ór is mine. |
128 |
Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile, toisc gur fuath liom gach bréagshlí. |
129 |
Pe Is iontach iad go dearfa do fhorálacha; is uime sin a choimeádaim iad. |
130 |
Tugann foilsiú do bhriathair solas dom, agus teagasc do lucht aineolais. |
131 |
Bíonn mo bhéal ar leathadh ag osnaíl dom agus mé ag tnúth le d' aitheanta. |
132 |
Iompaigh chugam agus taispeáin dom do thrua, mar a dhéanann tú do do chairde. |
133 |
Dírigh mo chéimeanna de réir do bhriathair; ná gabhadh an urchóid forlámhas orm. |
134 |
Déan mo shaoradh ar ansmacht na ndaoine; agus coimeádfaidh mé do phroiceapta. |
135 |
Soilsíodh solas do ghnúise ar do ghiolla; agus múin dom do reachtanna. |
136 |
Chaoin mé uisce mo chinn toisc nár coimeádadh do dhlí. |
137 |
Sade Is fíréanta tú go deimhin, a Thiarna; agus is ceart do bhreithiúnas. |
138 |
Chuir tú d' fhorálacha i bhfeidhm go cóir agus go daingean diongbháilte. |
139 |
Táim do mo shníomh ag méad mo dhúthrachta, mar nach cuimhin le mo naimhde do bhriathar. |
140 |
Tástáladh do bhriathar go dearfa agus is geal le do ghiolla é. |
141 |
Is beag is fiú mé féin, agus is suarach; ní dhearmadaim do phroiceapta. |
142 |
Is fíréantacht shíoraí í d' fhiréantachtsa; agus is daingean é do dhlí. |
143 |
Tháinig anuas orm diachair agus dochraide; faighim m' aoibhneas i d' aitheantasa. |
144 |
Is fíréanta iad d' fhorálacha go deo; tabhair teagasc dom agus mairfidh mé. |
145 |
Qof Glaoim ó chroí ort; éist liom, a Thiarna; coimeádfaidh mé do reachtanna. |
146 |
Glaoim ort; déan mé a tharrtháil; agus coinneoidh mé d' fhorálacha. |
147 |
I moiche na maidine bím ag glaoch ort; cuirim mo dhóchas i do bhriathar. |
148 |
Bím ag faire i gcaitheamh na hoíche, ag déanamh mo mharana ar do bhriathar. |
149 |
Éist liom, a Thiarna, de réir do bhuanghrá; beoigh mé de réir d' aithne. |
150 |
Tá lucht mo ghéarleanúna ag druidim liom, agus iad i bhfad ó do dhlí. |
151 |
Ach tá tusa i ngar dom, a Thiarna; agus is dílis iad d' aitheanta. |
152 |
Is fadó a d' aithin mé ar d' fhorálacha gur dhaingnigh tú iad go brách. |
153 |
Resh Féach ar m' angar agus fuascail mé toisc nár dhearmad mé do dhlí. |
154 |
Déan mo chúis a phlé agus slánaigh mé; déan mo bheochan le do bhriathar. |
155 |
Is fada an slánú ó na peacaigh, toisc nach cúram leo d' fhoraitheanta. |
156 |
Is líonmhar iad do thrócairí, a Thiarna; beoigh mé de réir d' fhoraitheanta. |
157 |
Is líonmhar lucht mo ghéarleanúna agus mo bhuartha; ní chlaonaim ó do phroiceapta. |
158 |
Chonaic mé na ciontaigh agus ghabh tuirse mé, toisc nár choimeád siad do bhriathar. |
159 |
Féach! is geal liom do phroiceapta, a Thiarna; coinnigh beo mé le do bhuanghrá. |
160 |
Is í an bhuaine buaic do bhriathair; maireann do reachtanna go brách. |
161 |
Sin Déanann flatha géarleanuint orm gan fáth; ach is eagal liom do bhriathra. |
162 |
Déanaim gairdeas de bharr do bhriathair mar dhuine a fhaigheann creach. |
163 |
Is fuath liom an t-éitheach agus is gráin liom é; i aoibhinn liom do dhlí. |
164 |
Seacht n-uaire in aghaidh an lae a thugaim moladh duit as ucht do cheartbhreithiúnas. |
165 |
Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú; ní bhíonn aon cheap tuisle rompu. |
166 |
Bím ag súil le do chúnamh slánaithe, a Thiarna; agus comhlíonaim d' aitheanta. |
167 |
Bíonn m' anam ag coimeád do fhorálacha; tugaim grá thar cuimse dóibh. |
168 |
Coimeádaim do phroiceapta agus d' orduithe; bíonn mo shlite uile i d' fhianaise. |
169 |
Tau Go dtaga mo ghlór chugat, a Thiarna; tabhair tuiscint dom de réir do bhriathair. |
170 |
Go dtaga mo ghuí i do láthair; fuascail mé de réir d' fhocail. |
171 |
Go dtuga mo bhruasa moladh duit; nuair a mhúinfidh tú do reachtanna dom. |
172 |
Go gcana mo theanga do bhriathar; óir is cóir iad d' aitheanta. |
173 |
Go raibh do lámh i m' aice chun cuidiú liom; toisc gur thogh mé do theagasc. |
174 |
Santaím do shlánú, a Thiarna; agus is aoibhinn liom do dhlí. |
175 |
Go maire m' anam agus go mola sé thú; agus go gcabhraí do reachtanna liom. |
176 |
Táim ar seachrán mar chaora fháin; bí do mo lorg; óir níor dhearmad mé riamh d' aitheanta.
|
Irish Bible 1981 |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Salm 119:1 |
Salm 119:2 |
Salm 119:3 |
Salm 119:4 |
Salm 119:5 |
Salm 119:6 |
Salm 119:7 |
Salm 119:8 |
Salm 119:9 |
Salm 119:10 |
Salm 119:11 |
Salm 119:12 |
Salm 119:13 |
Salm 119:14 |
Salm 119:15 |
Salm 119:16 |
Salm 119:17 |
Salm 119:18 |
Salm 119:19 |
Salm 119:20 |
Salm 119:21 |
Salm 119:22 |
Salm 119:23 |
Salm 119:24 |
Salm 119:25 |
Salm 119:26 |
Salm 119:27 |
Salm 119:28 |
Salm 119:29 |
Salm 119:30 |
Salm 119:31 |
Salm 119:32 |
Salm 119:33 |
Salm 119:34 |
Salm 119:35 |
Salm 119:36 |
Salm 119:37 |
Salm 119:38 |
Salm 119:39 |
Salm 119:40 |
Salm 119:41 |
Salm 119:42 |
Salm 119:43 |
Salm 119:44 |
Salm 119:45 |
Salm 119:46 |
Salm 119:47 |
Salm 119:48 |
Salm 119:49 |
Salm 119:50 |
Salm 119:51 |
Salm 119:52 |
Salm 119:53 |
Salm 119:54 |
Salm 119:55 |
Salm 119:56 |
Salm 119:57 |
Salm 119:58 |
Salm 119:59 |
Salm 119:60 |
Salm 119:61 |
Salm 119:62 |
Salm 119:63 |
Salm 119:64 |
Salm 119:65 |
Salm 119:66 |
Salm 119:67 |
Salm 119:68 |
Salm 119:69 |
Salm 119:70 |
Salm 119:71 |
Salm 119:72 |
Salm 119:73 |
Salm 119:74 |
Salm 119:75 |
Salm 119:76 |
Salm 119:77 |
Salm 119:78 |
Salm 119:79 |
Salm 119:80 |
Salm 119:81 |
Salm 119:82 |
Salm 119:83 |
Salm 119:84 |
Salm 119:85 |
Salm 119:86 |
Salm 119:87 |
Salm 119:88 |
Salm 119:89 |
Salm 119:90 |
Salm 119:91 |
Salm 119:92 |
Salm 119:93 |
Salm 119:94 |
Salm 119:95 |
Salm 119:96 |
Salm 119:97 |
Salm 119:98 |
Salm 119:99 |
Salm 119:100 |
Salm 119:101 |
Salm 119:102 |
Salm 119:103 |
Salm 119:104 |
Salm 119:105 |
Salm 119:106 |
Salm 119:107 |
Salm 119:108 |
Salm 119:109 |
Salm 119:110 |
Salm 119:111 |
Salm 119:112 |
Salm 119:113 |
Salm 119:114 |
Salm 119:115 |
Salm 119:116 |
Salm 119:117 |
Salm 119:118 |
Salm 119:119 |
Salm 119:120 |
Salm 119:121 |
Salm 119:122 |
Salm 119:123 |
Salm 119:124 |
Salm 119:125 |
Salm 119:126 |
Salm 119:127 |
Salm 119:128 |
Salm 119:129 |
Salm 119:130 |
Salm 119:131 |
Salm 119:132 |
Salm 119:133 |
Salm 119:134 |
Salm 119:135 |
Salm 119:136 |
Salm 119:137 |
Salm 119:138 |
Salm 119:139 |
Salm 119:140 |
Salm 119:141 |
Salm 119:142 |
Salm 119:143 |
Salm 119:144 |
Salm 119:145 |
Salm 119:146 |
Salm 119:147 |
Salm 119:148 |
Salm 119:149 |
Salm 119:150 |
Salm 119:151 |
Salm 119:152 |
Salm 119:153 |
Salm 119:154 |
Salm 119:155 |
Salm 119:156 |
Salm 119:157 |
Salm 119:158 |
Salm 119:159 |
Salm 119:160 |
Salm 119:161 |
Salm 119:162 |
Salm 119:163 |
Salm 119:164 |
Salm 119:165 |
Salm 119:166 |
Salm 119:167 |
Salm 119:168 |
Salm 119:169 |
Salm 119:170 |
Salm 119:171 |
Salm 119:172 |
Salm 119:173 |
Salm 119:174 |
Salm 119:175 |
Salm 119:176 |
|
|
|
|
|
|
Salm 1 / Sal 1 |
Salm 2 / Sal 2 |
Salm 3 / Sal 3 |
Salm 4 / Sal 4 |
Salm 5 / Sal 5 |
Salm 6 / Sal 6 |
Salm 7 / Sal 7 |
Salm 8 / Sal 8 |
Salm 9 / Sal 9 |
Salm 10 / Sal 10 |
Salm 11 / Sal 11 |
Salm 12 / Sal 12 |
Salm 13 / Sal 13 |
Salm 14 / Sal 14 |
Salm 15 / Sal 15 |
Salm 16 / Sal 16 |
Salm 17 / Sal 17 |
Salm 18 / Sal 18 |
Salm 19 / Sal 19 |
Salm 20 / Sal 20 |
Salm 21 / Sal 21 |
Salm 22 / Sal 22 |
Salm 23 / Sal 23 |
Salm 24 / Sal 24 |
Salm 25 / Sal 25 |
Salm 26 / Sal 26 |
Salm 27 / Sal 27 |
Salm 28 / Sal 28 |
Salm 29 / Sal 29 |
Salm 30 / Sal 30 |
Salm 31 / Sal 31 |
Salm 32 / Sal 32 |
Salm 33 / Sal 33 |
Salm 34 / Sal 34 |
Salm 35 / Sal 35 |
Salm 36 / Sal 36 |
Salm 37 / Sal 37 |
Salm 38 / Sal 38 |
Salm 39 / Sal 39 |
Salm 40 / Sal 40 |
Salm 41 / Sal 41 |
Salm 42 / Sal 42 |
Salm 43 / Sal 43 |
Salm 44 / Sal 44 |
Salm 45 / Sal 45 |
Salm 46 / Sal 46 |
Salm 47 / Sal 47 |
Salm 48 / Sal 48 |
Salm 49 / Sal 49 |
Salm 50 / Sal 50 |
Salm 51 / Sal 51 |
Salm 52 / Sal 52 |
Salm 53 / Sal 53 |
Salm 54 / Sal 54 |
Salm 55 / Sal 55 |
Salm 56 / Sal 56 |
Salm 57 / Sal 57 |
Salm 58 / Sal 58 |
Salm 59 / Sal 59 |
Salm 60 / Sal 60 |
Salm 61 / Sal 61 |
Salm 62 / Sal 62 |
Salm 63 / Sal 63 |
Salm 64 / Sal 64 |
Salm 65 / Sal 65 |
Salm 66 / Sal 66 |
Salm 67 / Sal 67 |
Salm 68 / Sal 68 |
Salm 69 / Sal 69 |
Salm 70 / Sal 70 |
Salm 71 / Sal 71 |
Salm 72 / Sal 72 |
Salm 73 / Sal 73 |
Salm 74 / Sal 74 |
Salm 75 / Sal 75 |
Salm 76 / Sal 76 |
Salm 77 / Sal 77 |
Salm 78 / Sal 78 |
Salm 79 / Sal 79 |
Salm 80 / Sal 80 |
Salm 81 / Sal 81 |
Salm 82 / Sal 82 |
Salm 83 / Sal 83 |
Salm 84 / Sal 84 |
Salm 85 / Sal 85 |
Salm 86 / Sal 86 |
Salm 87 / Sal 87 |
Salm 88 / Sal 88 |
Salm 89 / Sal 89 |
Salm 90 / Sal 90 |
Salm 91 / Sal 91 |
Salm 92 / Sal 92 |
Salm 93 / Sal 93 |
Salm 94 / Sal 94 |
Salm 95 / Sal 95 |
Salm 96 / Sal 96 |
Salm 97 / Sal 97 |
Salm 98 / Sal 98 |
Salm 99 / Sal 99 |
Salm 100 / Sal 100 |
Salm 101 / Sal 101 |
Salm 102 / Sal 102 |
Salm 103 / Sal 103 |
Salm 104 / Sal 104 |
Salm 105 / Sal 105 |
Salm 106 / Sal 106 |
Salm 107 / Sal 107 |
Salm 108 / Sal 108 |
Salm 109 / Sal 109 |
Salm 110 / Sal 110 |
Salm 111 / Sal 111 |
Salm 112 / Sal 112 |
Salm 113 / Sal 113 |
Salm 114 / Sal 114 |
Salm 115 / Sal 115 |
Salm 116 / Sal 116 |
Salm 117 / Sal 117 |
Salm 118 / Sal 118 |
Salm 119 / Sal 119 |
Salm 120 / Sal 120 |
Salm 121 / Sal 121 |
Salm 122 / Sal 122 |
Salm 123 / Sal 123 |
Salm 124 / Sal 124 |
Salm 125 / Sal 125 |
Salm 126 / Sal 126 |
Salm 127 / Sal 127 |
Salm 128 / Sal 128 |
Salm 129 / Sal 129 |
Salm 130 / Sal 130 |
Salm 131 / Sal 131 |
Salm 132 / Sal 132 |
Salm 133 / Sal 133 |
Salm 134 / Sal 134 |
Salm 135 / Sal 135 |
Salm 136 / Sal 136 |
Salm 137 / Sal 137 |
Salm 138 / Sal 138 |
Salm 139 / Sal 139 |
Salm 140 / Sal 140 |
Salm 141 / Sal 141 |
Salm 142 / Sal 142 |
Salm 143 / Sal 143 |
Salm 144 / Sal 144 |
Salm 145 / Sal 145 |
Salm 146 / Sal 146 |
Salm 147 / Sal 147 |
Salm 148 / Sal 148 |
Salm 149 / Sal 149 |
Salm 150 / Sal 150 |