A A A A A
Facebook Instagram Twitter
Gaeilge Bible [Irish Gaelic] (ABN)

1 Croinicí 20



1
Ar theacht na bliana úire, an t-am is gnách le ríthe dul ar fheachtas, threoraigh Ióáb na saighdiúirí amach agus chreach tír na nAmónach agus d' imigh agus chuir léigear ar Rabá. D' fhan Dáiví in Iarúsailéim. Ghabh Ióáb Rabá, agus rinne sé a scartáil.
2
Bhain Dáiví an choróin de cheann Mhiolcom, agus fuair amach gur mheáigh sí tallann óir. Bhí cloch luachmhar suite inti as a ndearnadh ornáid do cheann Dháiví. Thug sé leis creach mhór as an gcathair.
3
Thug sé leis lucht na cathrach agus chuir sé ag obair iad le sábha, le piceanna, agus le tuanna iarainn. Thug Dáiví an cor céanna ar chathracha uile na nAmónach. Ansin d' fhill Dáiví agus an t-arm ar fad go Iarúsailéim.
4
Ina dhiaidh sin, bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh i nGeizir. Sin é an uair a mharaigh Suibeacai an Huiseátach Suipí, de shliocht na Rafáím. Cloíodh na Filistínigh.
5
Bhris cogaíocht amach arís eile leis na Filistínigh agus mharaigh Ealchánán mac Iáír Lachmaí, deartháir Ghóla an Giteach, ar chosúil le bíoma fíodóra crann a shleá.
6
Bhí cath eile ag Gat mar a raibh fear mór groí a raibh sé mhéar ar gach láimh leis agus sé mhéar ar gach cois, ceithre mhéar fichead ar fad. Ba de shliocht Rafa eisean chomh maith.
7
Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeá, deartháir Dháiví, é.
8
Ba de shliocht Rafa ó Ghat an ceathrar seo agus thiteadar le Dáiví agus lena bhuíon.











1 Croinicí 20:1
1 Croinicí 20:2
1 Croinicí 20:3
1 Croinicí 20:4
1 Croinicí 20:5
1 Croinicí 20:6
1 Croinicí 20:7
1 Croinicí 20:8






1 Croinicí 1 / 1Cro 1
1 Croinicí 2 / 1Cro 2
1 Croinicí 3 / 1Cro 3
1 Croinicí 4 / 1Cro 4
1 Croinicí 5 / 1Cro 5
1 Croinicí 6 / 1Cro 6
1 Croinicí 7 / 1Cro 7
1 Croinicí 8 / 1Cro 8
1 Croinicí 9 / 1Cro 9
1 Croinicí 10 / 1Cro 10
1 Croinicí 11 / 1Cro 11
1 Croinicí 12 / 1Cro 12
1 Croinicí 13 / 1Cro 13
1 Croinicí 14 / 1Cro 14
1 Croinicí 15 / 1Cro 15
1 Croinicí 16 / 1Cro 16
1 Croinicí 17 / 1Cro 17
1 Croinicí 18 / 1Cro 18
1 Croinicí 19 / 1Cro 19
1 Croinicí 20 / 1Cro 20
1 Croinicí 21 / 1Cro 21
1 Croinicí 22 / 1Cro 22
1 Croinicí 23 / 1Cro 23
1 Croinicí 24 / 1Cro 24
1 Croinicí 25 / 1Cro 25
1 Croinicí 26 / 1Cro 26
1 Croinicí 27 / 1Cro 27
1 Croinicí 28 / 1Cro 28
1 Croinicí 29 / 1Cro 29