A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Meán Fómhair 26

Íseáia 43:1-28
1. Anois, seo mar a deir an Tiarna, do Chruthaitheoirse, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: «Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d' ainm, agus is liomsa thú.
2. Má ghabhann tú trí uiscí doimhne, táimse leat; má ghabhann tú trí aibhneacha, ní bháfaidh siad thú. Má shiúlann tú tríd an tine, ní dhófaidh tú thú féin, ná ní loiscfidh an lasair thú.
3. Óir is mise an Tiarna, do Dhia, Neach Naofa Iosrael, d' fhuascailteoir. Tugaim an Éigipt uaim mar luach d' fhuascailte, Cúis agus Saba mar éiric ionat.
4. Mar is luachmhar thú i mo shúile, is mór liom thú agus is mór é mo chion ort. Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d' ionad, agus ciníocha in éiric d' anama.
5. Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat. As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliocht agus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar.
6. Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: 'Tabhair ar ais iad!' agus leis an Deisceart: 'Ná coinnigh seilbh orthu!' Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéin agus m' iníonacha ó chríocha na talún,
7. cách a nglaoitear dó m' ainmse, óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad, is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.»
8. Chun tosaigh leis an bpobal seo atá dall cé go bhfuil súile iontu, an dream bodhar a bhfuil cluasa acu.
9. Bailíodh na náisiúin go léir le chéile agus cruinníodh na ciníocha. Cé ina measc a d' fhoilsigh sin nó a d' fhógair é anallód? Tugadh siad a bhfinnéithe i láthair le go dtugtar ceart dóibh, cloistear iad chun gur féidir á rá: «Tá sin fíor!' '
10. Is sibhse mo chuidse finnéithe briathar an Tiarna agus mo ghiollaí atá tofa agam, ionas go mbeidh aithne agaibh orm agus go gcreidfidh sibh mé agus go dtuigfidh sibh gur mise é. Romhamsa níor dealbhaíodh aon dia, ná ní bheidh a leithéid ann arís i mo dhiaidh.
11. Mise, is mise an Tiarna, agus níl slánaitheoir ann ach mé féin.
12. Is mise a rinne foilsiú agus slánú agus fógairt. Ní bheidh dia eachtrannach ar bith in bhur measc! Is sibhse mo chuid finnéithe briathar an Tiarna agus is mise Dia;
13. ó gheal an lá is mise é. Agus níl aon duine ann a bhogfaidh mo ghreim; déanaimse beart, agus cé chuirfeadh bac orm?
14. Is mar seo a deir an Tiarna, bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: «Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin; leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh agus déanfar olagón dá ngártha caithréime.
15. Is mise an Tiarna, bhur Neach Naofa, bhur gCruthaitheoir, a Iosrael, agus bhur Rí.»
16. Is mar seo a deir an Tiarna, a rinne bealach mór tríd an bhfarraige, cosán thar an mbóchna thréamanta;
17. a sheol carbaid agus capaill chun catha agus slua ollmhór lena gcois; luigh siad fúthu gan éirí i ndán dóibh, múchadh iad mar bheadh barrach dóite:
18. «Ná meabhraígí níos mó na rudaí a tharla, ná cuimhnigí ar an tseanaimsir.
19. Féach an nuacht atá á cur i gcrích agam, tá sí ag gobadh amach, nach léir daoibh é? Sea, tá mé chun bealach a réiteach san fhásach agus cosáin san uaigneas.
20. Na hainmhithe allta, tabharfaidh siad glóir dom, na mic tíre agus na hulchabháin, óir beidh mé ag soláthar uisce san fhásach, aibhneacha sa dúiche fhiáin, chun tart mo phobail thofa a chosc.
21. An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin, déanfaidh siad mo mholadh a aithris!
22. A Iacóib, ní tusa a ghlaoigh ormsa, ná [níor chuir tú aon stró ort féin] ar mo shonsa, a Iosrael!
23. Níor thug tú tabhartas loiscthe chugam as do thréada, níor thug tú onóir dom le híobairtí. Níor leag mise ofrálacha ina ndaorsmacht ort, níor thuirsigh mé thú ag éileamh túise ort.
24. Níor cheannaigh tú giolcach chumhra dom ar luach airgid, níor líon tú mé le saill do chuid íobairtí. Ach leag tú daoirse do chuid peacaí orm, thuirsigh tú mé le do choireanna.
25. Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.
26. Cuimhnigh siar agus tugaimis breith ar an scéal le chéile, déan do chuntas tú féin le go saortar thú ó chion.
27. Rinne do chéad sinsear peaca, agus do theangacha labhartha, d' éirigh siad amach i mo choinne.
28. Thruailligh do phrionsaí mo shanctóir. Dá bharr sin lig mé Iacób uaim faoi chrann smola agus Iosrael faoi ainíde agus faoi achasán.

Íseáia 44:1-28
1. Éist anois, a Iacóib, a ghiolla liom,
2. a Iosrael, atá tofa agam. Seo mar a deir an Tiarna a rinne thú, a dhealbhaigh ón mbroinn i leith thú agus a chabhraíonn leat: Ná bíodh eagla ort, a ghiolla liom, a Iacóib, a Isiriún atá tofa agam.
3. Óir doirtfidh mé uisce anuas ar an triomlach, uisce ina thuilte ar an talamh spalptha. Doirtfidh mé mo spiorad ar do phór, mo bheannacht ar shliocht do shleachta.
4. Fásfaidh siad ar nós féar cois uisce, mar bheadh na saileacha ar bhruach na sruthán.
5. Déarfaidh an duine seo: 'Is leis an Tiarna mé', tabharfaidh duine eile ainm Iacóib air féin. Scríobhfaidh duine eile ar a láimh ' An Tiarna', agus sloinnfidh é féin ó Iosrael.»
6. Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: «Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.
7. Cé atá inchurtha liomsa? Amach leis anseo agus labhraíodh sé; taispeánadh sé é féin agus cuireadh sé a chás i mo láthair! Cé hé a thug le fios anallód a raibh le teacht? Fógraíodh siad na rudaí atá chugainn!
8. Ná bíodh uamhan ná eagla oraibh: Nár thug mé le fios agus nár fhógair mé sin daoibh fadó? Tá sibh féin in bhur bhfinnéithe agam, an bhfuil Dia eile ann seachas mé féin? Níl aon Charraig eile ann; ní eol dom a leithéid!»
9. Lucht déanta íol iad go léir is neamhní iad agus níl aon sochar sna rudaí seo ar a bhfuil a ngnaoi. Níl radharc ná tuiscint ag a lucht freastail agus dá bharr sin beidh siad náirithe go deo.
10. Cé a dhealbhaíonn dia nó a mhúnlaíonn íomhá gan bheith ag dréim le sochar uaidh?
11. Is amhlaidh a bheidh náire ar fhíréin na deilbhe sin agus ceann faoi ar lucht a déanta. Bailíodh siad le chéile agus seasadh siad amach. Beidh idir uamhan agus náire orthu le chéile.
12. Saothraíonn an gabha os cionn na tine é, cumann sé lena chasúr é agus gaibhníonn é lena láimh láidir. Nuair a thagann ocras air, imíonn a neart uaidh; mura bhfuil uisce le hól aige, tagann laige air.
13. Tógann an saor adhmaid an tomhas, dearann sé an íomhá lena chailc, snoíonn sé í le siséal agus leanann sé an dearadh le compás. Cuireann sé crot agus ceannaithe duine dhaonna uirthi chun go dté sí a chónaí i dteampall.
14. Bhí sé tar éis céadras a ghearradh, nó cufróg nó dair a roghnú i measc crainn na foraoise, nó b' fhéidir gur céadras a chuir sé agus gur chuir an fhearthainn ag fás é.
15. Dar le daoine ansin nach bhfuil ann ach ábhar tine. Tógann siad cuid de le hiad féin a théamh. Dóitear cuid de le harán a dhéanamh. Ach an duine seo, dealbhaíonn sé dia as agus caitheann é féin ar a bhéal faoi os a chomhair.
16. Leath amháin de, adaíonn sé tine leis, róstann feoil air agus itheann a dhóthain. Déanann sé a ghoradh féin chomh maith á rá: «Á, tá mé do mo ghoradh féin agus ag breathnú isteach sa tine.»
17. Lena bhfuil fágtha déanann sé dia dó féin, íol a sléachtann sé agus a síneann sé é féin béal faoi os a chomhair, ag guí chuige agus á rá: «Saor mé, óir is tú mo dhia.»
18. Níl eolas ná tuiscint ag a leithéidí. Tá a súile dúnta sa chaoi nach bhfeiceann siad, agus a gcroí sa chaoi nach dtuigeann.
19. Ní smaoiníonn siad orthu féin, níl sé de chiall ná de réasún acu a rá: «An ea nár dhóigh mé a leath ar an tine, nach ndearna mé arán a bhruith ar an ngríosach agus feoil a róstadh le hithe? An bhfuil mé chun rud úrghránna a dhéanamh as an gcuid eile? An bhfuil mé chun sléachtadh i láthair ceap adhmaid?»
20. An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: «An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!»
21. A Iacóib, cuimhnigh ar an méid seo, cuimhnigh gur tusa mo ghiolla, a Iosrael. Is mé a dhealbhaigh thú i do ghiolla dom; a Iosrael, ní ligfidh mé chun dearmaid thú.
22. Tá do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néal agus do chionta ar nós scamaill. Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam.
23. A spéartha, liúirígí le háthas, mar tá an Tiarna i mbun gnímh. Scairtigí amach, a dhuibheagáin na talún! A shléibhte, ceolaigí le háthas, agus tusa freisin, a fhoraois, agus gach crann atá ionat! Óir tá an Tiarna tar éis Iacób a scaoileadh saor agus a ghlóir a fhoilsiú in Iosrael!
24. Is amhlaidh a deir an Tiarna, d' fhuascailteoir, an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith: Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud, a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin. Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?
25. Is mise a chuireann éarlaisí na ndraíodóirí ó rath agus a chuireann lucht asarlaíochta as a gcéill, a sheolann na saoithe ar a gcúil uaim agus a dhéanann seafóid dá stuaim,
26. a chuireann téagracht i mbriathar mo shearbhónta, a chuireann bearta mo theachtaí i gcrích. Is mise a deir i dtaobh Iarúsailéim: «Bíodh cónaí inti!» agus faoi bhailte Iúdá: «Tógtar iad arís!» agus a dhéanann na ballóga sin a atógáil.
27. Is mise a deir leis an Aigéan: «Bí tirim! triomóidh mé do chuid sruthanna.»
28. Is mise a deir i dtaobh Chíorais: «Is é mo thréadaí é! déanfaidh sé mar is rún liom,» ag rá i dtaobh Iarúsailéim: «Tógtar suas arís í.» Agus i dtaobh an Teampaill: «Cuirtear ar bun é as an nua!»

Salm 110:1-7
1. Salm Dháiví. D' fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa: «Bí i do shuí ar mo dheis go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.» Salm 109
2. Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta as Síón amach. Bí ag rialú i measc do naimhde.
3. Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithe ar na sléibhte naofa; is leat [an ríogacht ó fhíorthús d' óige].
4. Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air: «Is sagart tú go brách de réir ord Mheilcizidic.»
5. Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis; déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge.
6. Tabharfaidh sé breithiúnas ar na náisiúin, déanfaidh sé carn de chonablaigh; brisfidh sé cinn urra go fada fairsing.
7. Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair; agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann.

Seanfhocal 26:5-9
5. Tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise le heagla go measfadh sé go raibh aige gaois.
6. An té a chuireann amadán ar theachtaireacht, (gearrann sé na cosa de féin agus) ólann sé deoch shearbh.
7. Chomh guagach le cosa an bhacaigh ar sileadh leis gan tairbhe, sin mar atá seanfhocal i mbéal na n-amadán.
8. Is cuma nó cloch a cheangal go teann de chranntabhaill, onóir a thabhairt d' amadán.
9. Is cuma nó tor droighin i láimh an mheisceora seanfhocal i mbéal amadán.

Galataigh 4:1-31
1. Is é a mheasaim a rá, a bhráithre: fad a bhíonn an t-oidhre mionaoiseach, ní bhíonn difríocht ar bith idir é agus an daor, siúd is gur leis an t-eastát ar fad,
2. ach é faoi réir chaomhnóirí agus riarthóirí nó go dtagann an t-am a bhíonn ceaptha ag an athair.
3. Is é an dála céanna againne é: fad a bhíomar mionaoiseach, bhíomar mar a bheadh daoir faoi smacht ag dúile an tsaoil seo.
4. Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,
5. d' fhonn an mhuintir a bhí faoin dlí a fhuascailt agus go ndéanfaí clann altrama dínne.
6. Agus mar chruthú gur clann mhac dó sibh chuir Dia Spiorad a Mhic inár gcroí agus «Abba, a Athair» á screadadh aige.
7. Ní daor tú feasta mar sin ach mac; agus más mac thú is oidhre thú chomh maith de dheonú Dé.
8. Lá den saol nuair nach raibh aon aithne agaibh ar Dhia, bhí sibh ag seirbhís do dhéithe nár dhéithe iad dáiríre.
9. Anois, áfach, tá aithne curtha agaibh ar Dhia nó, ba chirte a rá, tá aithne curtha ag Dia oraibh. Cad ab áil libh, dá bhrí sin, bheith ag filleadh ar na dúile dearóile suaracha úd d' fhonn dul ag daoirseacht dóibh athuair?
10. Agus sibh ag comóradh laethanta féile agus míonna agus ráithí agus blianta!
11. Is eagal liom gur in aisce a chaith mé dua libh!
12. Impím oraibh, a bhráithre, teacht ar aon dul liomsa faoi mar a tháinig mise ar aon dul libhse. Ní dhearna sibh aon éagóir orm.
13. Tá a fhios agaibh gurb easláinte choirp faoi deara dom an dea-scéal a fhógairt daoibh don chéad uair;
14. agus bíodh gur mhór an chros oraibh an bhreoiteacht chéanna níor ghlac sibh col ná déistin liom ach fáiltiú romham mar a d' fháilteodh sibh roimh aingeal ó Dhia nó roimh Íosa Críost féin.
15. Cad a d' imigh ar bhur gcroíúlacht? Ar m' fhocal daoibh go sracfadh sibh bhur súile amach agus iad a thabhairt dom, dá mb' fhéidir é.
16. An bhfuilim i mo namhaid anois agaibh de chionn go bhfuilim ag insint na fírinne?
17. Ní le dea-rún atá na daoine eile úd ag déanamh cúraim mhóir díbhse; níl uathu ach sinne a dhealú amach uaibh ionas go ndéanfadh sibhse cúram mór díobh féin.
18. Is breá an rud mór a bheith á dhéanamh díbh má dhéantar le dea-chroí é agus ní amháin nuair a bhím in bhur láthair ach an t-am ar fad.
19. A chlann ó, táim mar bheinn ar luí seoil libh arís nó go gcumtar Críost ionaibh.
20. Is trua nach bhfuilim in bhur measc an nóiméad seo agus bheadh a mhalairt de phort agam daoibh, de bhrí go bhfuilim i ngalar na gcás agaibh.
21. Sibhse arb áil libh bheith faoi réir an dlí, ceist agam oraibh: an gcloiseann sibh a bhfuil le rá ag an dlí?
22. Óir tá scríofa go raibh beirt mhac ag Abrahám, mac acu ón daorbhean agus an duine eile ón tsaorbhean.
23. Rugadh mac na daormhná ar an ngnáthshlí ach is de bharr gealltanais a rugadh mac na saormhná.
24. Tá fáthchiall leis an méid sin: seasann an bheirt bhan sin don dá chonradh. Bean amháin acu, is é sin le rá, Hágár, a rug a leanbh i ndaoirse, seasann sí sin don chonradh a tugadh ar Shliabh Shíonái
25. sliabh san Aráib is ea Síonái agus freagraíonn sí do Iarúsailéim an lae inniu mar go bhfuil Iarúsailéim agus a clann i ndaorbhroid.
26. Is saorbhean, áfach, an Iarúsailéim neamhaí, agus is ise is máthair dúinne
27. mar tá scríofa: «Bíodh gliondar ort, a bhean aimrid nár shaolaigh clann! Ardaigh do liú a bhean nach raibh riamh ar luí seoil. Óir is líonmhaire clann na mná tréigthe na clann na mná a bhfuil fear aici.»
28. Is sibhse, a bhráithre, an chlann a rugadh de bharr gealltanais, dála Íosác.
29. Ach faoi mar a tharla an uair úd go mbíodh an mac a rugadh go nádúrtha ag géarleanúint an mhic a rugadh faoi luí an Spioraid, is é an dála céanna inniu é.
30. Ach cad é seo a deir an scrioptúr: «Caith amach an daorbhean agus a mac, mar ní bheidh aon pháirt go deo ag mac na daormhná in oidhreacht mhac na saormhná.»
31. Dá réir sin, a bhráithre, ní clann daormhná sinne ach clann na saormhná.