A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Meán Fómhair 25

Íseáia 41:1-29
1. Bígí in bhur dtost i mo láthair, a insí na farraige, déanadh na ciníocha a neart a athnuachan; tagadh siad chun tosaigh agus labhraíodh siad. Tagaimis le chéile i láthair an bhreithiúnais, mise agus iad.
2. «Cé a mhúscail é siúd as an Oirthear, a bhfuil an bua ag fáiltiú roimhe gach áit a dtriallann sé? Cé a thugann na ciníocha ar láimh dó agus a thugann béim síos do na ríthe os a chomhair? Déanann a chlaíomh deannach díobh agus scaipeann a bhogh iad ina gcoinleach cáite.
3. Cuireann sé an ruaig orthu agus ar aghaidh leis san sábháilte is ar éigean má bhaineann a chosa leis an mbealach.
4. Cé hé a rinne an gníomh seo, murarb é an té a ghlaonn ar na glúine ó thosach? Mise, an Tiarna, atá i dtús ann agus a bheidh ar deireadh; is mise é!»
5. Feiceann insí na farraige é agus gabhann eagla iad, tá an talamh ar crith ó cheann ceann; tá siad ag tarraingt orainn, tá siad i láthair.
6. [Cuidíonn duine lena chomharsa, agus deir lena bhráthair: «Misneach!» ABN: 40:20, 41:6-7, 40:21-41:5, 41:8
7. Spreagann an ceardaí an gabha óir; gríosaíonn fear an chasúir ghreanta fear buailte na hinneona. Deir sé faoin phlátáil: «Tá sé déanta go maith.» Agus daingníonn le tairní é sa chaoi nach mbogfaidh sé.]
8. Is tusa, a Iosrael, mo ghiolla; tusa, a Iacóib, atá tofa agam, síol Abrahám, mo chara.
9. Tusa a thug mé ó chríocha na talún agus ar ghlaoigh mé ort ó iargúil na cruinne; tusa ar dhúirt mé leat: «Is tú mo ghiolla, tá tú tofa agam, níor thug mé droim láimhe leat.»
10. Ná bíodh eagla ort, tá mise i d' fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.
11. Sea, beidh náire agus ceann faoi orthu, iad siúd uile a bhí go fíochmhar i do choinne. Beidh siad mar neamhní agus rachaidh siad ar ceal, an dream a bhí ag iomaíocht leat.
12. Beidh tú á lorg agus ní bheidh fáil agat orthu, na céilí comhraic seo agat; dísceofar iad, cuirfear ar neamhní iad, an dream atá ag cur catha ort.
13. Óir mise, an Tiarna, do Dhia, tá greim agam ar do láimh dheas; deirim leat: «Ná bíodh eagla ort, táimse ag teacht i gcabhair ort.»
14. Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort briathar an Tiarna is é Neach Naofa Iosrael d' fhuascailteoir.
15. Seo, tá mé chun cliath buailte a dhéanamh díot, é úrnua agus dhá chíor fiacal ann. Buailfidh tú agus meilfidh tú na sléibhte, déanfaidh tú lóchán mín de na cnoic.
16. Cáithfidh tú iad agus tabharfaidh an ghaoth ar shiúl iad, cuirfidh an stoirm scaipeadh orthu. Maidir leat féin, beidh lúcháir ort sa Tiarna, beidh tú ag déanamh mórtais as Neach Naofa Iosrael.
17. Tá na dearóile agus na bochtáin ag lorg uisce, agus níl sé ann. Tá an teanga spallta iontu le tart. Ach mise, an Tiarna, tabharfaidh mé éisteacht dóibh, mise, Dia Iosrael, ní thréigfidh mé iad.
18. Ar na dumhcha osclóidh mé aibhneacha agus fuaráin uisce i lár na ngleannta. Déanfaidh mé lochán den ghaineamhlach agus toibreacha den talamh tirim.
19. San fhásach cuirfidh mé crainn chéadrais, crainn acáise agus crainn mhiortail agus crainn olóige. Sa díthreabh cuirfidh mé an t-aiteal, crann plána agus cufróg le hais a chéile.
20. Chun go bhfeice daoine agus go n-aithní siad, chun go meabhraí siad agus go dtuige siad le chéile gurb í lámh an Tiarna a rinne an méid sin, gurb é Neach Naofa Iosrael a chuir i gcrích.
21. «Tugaigí bhur gcúis i láthair,» a deir an Tiarna; «déanaigí bhur bpléadáil,» a deir rí Iacóib.
22. «Tagadh siad chun tosaigh, na déithe bréige seo, agus foilsíodh siad dúinn cad tá le titim amach. Cad a thaispeáin siad dúinn san am atá thart go dtabharfaimis aird ar bith orthu? Nó an é go bhfuil sibh chun na rudaí atá le teacht a nochtadh chun go mbeidh a fhios againn an toradh a bheidh orthu.
23. Foilsígí dúinn cad a bheidh ann amach anseo, chun go bhfeice muid an déithe sibh. Déanaigí rud éigin, olc, maith nó dona, chun go n-airí muid agus go bhfeice muid go léir é.
24. Ar ndóigh, ní dada sibh agus is neamhní bhur saothar, is gráiniúil an rud é dul i bpáirt libh.»
25. Mhúscail mé as an Tuaisceart é agus tháinig sé, ghlaoigh mé air as an Oirthear ina ainm. Shatail sé ar mhaoir chúige mar a bheadh láib iontu, mar a dhéanfadh potaire a chuid cré a phasáil.
26. Cé a d' fhoilsigh é anallód, go mbeadh a fhios againn? fadó riamh, chun go ndéarfaí: «Tá sé ceart»? Ach ní raibh duine ar bith ann a d' fhoilsigh é, duine ar bith a d' fhógair é, duine ar bith a chuala focal uait.
27. Bhí sé ráite agam le Síón roimh ré: «Seo chugainn iad»; bhí teachtaire dea-scéala curtha agam chuig Iarúsailéim.
28. Bhí mé ag breathnú uaim agus ní raibh aon duine ann, ní raibh ceann comhairle ar bith ina measc go bhféadfainn ceist a chur air agus a thabharfadh freagra dom.
29. Ní dada iad agus iad a chur le chéile; neamhní is ea a n-oibreacha, níl ina gcuid íol ach gaoth agus baois.

Íseáia 42:1-25
1. Seo é mo ghiolla a bhfuil mé ag tabhairt taca dó, mo rogha a bhfuil páirt mo chléibhe leis. Tá mo spiorad curtha anuas agam air chun go bhfoilsí sé an ceart do na ciníocha.
2. Glaoch ná gáir ní chuireann sé as, ná ní chloistear a ghlór sa tsráid amuigh.
3. Ní bhriseann sé an sifín brúite, ná ní mhúchann an lasair chreathanach. Soláthraíonn sé an ceart go dílis,
4. ní chreathann sé féin ná ní bhrúitear síos é nó go mbeidh an ceart bunaithe ar talamh, óir tá críocha na farraige ag dréim lena reacht.
5. Is amhlaidh a deir an Tiarna Dia, an té a chruthaigh na spéartha agus a spréigh amach iad, a phasáil amach an talamh agus a thug toradh ann, a chuir anáil sna daoine atá ina gcónaí air agus meanma sa dream a shiúlann é:
6. Mise, an Tiarna, ghlaoigh mé ort san fhíréantacht, rug mé ar láimh ort agus rinne mé thú a mhúnlú, agus cheap mé thú i do chonradh leis an bpobal agus i do sholas do na ciníocha,
7. chun súile na ndall a oscailt, chun na cimí a scaoileadh as an gcarcair agus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.
8. Mise, arb é an Tiarna is ainm dom, ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile ná m' onóir leis na híola.
9. Na fáistiní túis, seo tagtha chun críche iad. Anois tá rudaí úra á bhfoilsiú agam; sula dtagann siad i ngeamhar, tá siad á bhfógairt agam.
10. Canaigí don Tiarna amhrán úr! Moladh leis ó cheann ceann na talún! Móradh an fharraige é agus gach a bhfuil ann, insí na farraige agus a muintir go léir!
11. Ardaíodh an fásach agus a chathracha a nglór, agus na campaí mar a gcónaíonn clann Chéadar! Tógadh muintir Charraig Sheala liú agus gártha ar mhullach na mbeann!
12. Tugadh siad glóir don Tiarna agus in insí na farraige déanadh siad a mholadh!
13. Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann, tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch; cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú, agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.
14. «Le fada riamh bhí mé i mo thost, d' fhan mé ciúin agus choinnigh smacht orm féin? Ach anois tá mé ag olagón ar nós mná seolta, tá cneadach agus saothar anála orm.
15. Tá mé ag dul sléibhte agus cnocáin a chríonadh agus a nduilliúr ar fad a sheargadh; déanfaidh mé locháin dá n-aibhneacha agus triomóidh mé a linnte go léir.
16. Ach treoróidh mé na daill ar an mbealach mór agus deánfaidh mé iad a chinnireacht ar bhóithre nach eol dóibh. Athróidh mé an dorchadas ina sholas rompu agus cosáin chama ina siúlóid réidh. Sin iad na gealltanais a chomhlíonfaidh mé, ní bheidh dul siar orthu.»
17. Druidfidh siad ar gcúl agus náire orthu, iad siúd a bhfuil a muinín in íola, iad siúd a deir leis na dealbha leáite seo: «Sibhse ár ndéithe.»
18. Sibhse atá bodhar, éistigí anois! A dhalla, breathnaígí go bhfeice sibh!
19. Cé atá dall, murab é mo shearbhónta é, nó cé atá chomh bodhar leis an teachtaire a chuir mé uaim? Cé atá chomh dall le fear muiníne Dé nó chomh bodhar le giolla an Tiarna?
20. Chonaic tú mórán gan sonrú a chur ann, bhí do chluasa ar oscailt gan dada a chloisteáil!
21. Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú.
22. Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: «Tabhair ar ais é.»
23. An bhfuil aon duine in bhur measc ag éisteacht? Aon duine a chuirfidh cluas air le haghaidh an am atá ag teacht?
24. Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóir agus Iosrael do lucht a scriosta? Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidh agus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint, ná éisteacht lena reacht.
25. Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air agus fíoch an chogaidh. Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó, loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.

Salm 109:26-31
26. Cabhraigh liom, a Thiarna, a Dhia liom; saor mé de réir do bhuanghrá.
27. Bíodh a fhios acu gurb í seo do lámhsa. gur tusa, a Thiarna, a rinne é seo.
28. Mallachtaídís! ach bíse dár mbeannachadh; go ndéantar mo naimhde a náiriú agus go ndéana do ghiolla gairdeas.
29. Go n-éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne; agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.
30. Gabhfaidh mé buíochas leis an Tiarna os ard; tabharfaidh mé moladh dó i measc an tslua.
31. Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáin lena shábháil ó lucht a dhaortha.

Seanfhocal 26:3-4
3. Lasc don each, srian don asal agus bata do dhroim na n-amadán.
4. Ná tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise, le heagla go rachfá i gcosúlacht leis.

Galataigh 3:1-29
1. A Ghalatacha gan chiall, cé a d' imir an draíocht oraibh tar éis an léiriú gléineach a tugadh daoibh ar Íosa Críost céasta?
2. Tá aon cheist amháin agam oraibh: an de bharr an dlí a chomhlíonadh a fuair sibh an Spiorad, nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht a chuala sibh?
3. Conas a d' fhéadfadh sibh bheith chomh héaganta sin? Tar éis daoibh tosú leis an Spiorad, an bhfuil sibh ag críochnú anois leis an gcolainn?
4. An saothar in aisce a bhfuil gafa tríd agaibh? má ba in aisce é.
5. Nuair a bhronnann Dia an Spiorad oraibh agus éachtaí a dhéanamh in bhur measc, an de bharr an dlí a chomhlíonadh a dhéanann sé amhlaidh nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht
6. dála mar a rinne Abrahám; chreid seisean Dia agus áiríodh ina fhíréantacht aige é.
7. Bíodh a fhios agaibh mar sin gurb iad lucht an chreidimh atá ina gclann ag Abrahám.
8. Chonaic an scrioptúr roimh ré gur de bharr an chreidimh a fhíréanódh Dia na gintlithe agus réamhfhógair an dea-scéal sin d' Abrahám: «Beannófar ionatsa na náisiúin uile.»
9. Fágann sin gurb iad lucht an chreidimh atá beannaithe mar aon le hAbrahám, fear an chreidimh.
10. Iad siúd atá ag brath ar an dlí, áfach, tá mallacht anuas orthu, mar tá scríofa: «Is mallaithe gach n-aon nach gcloíonn lena bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus iad a chur i gcrích.»
11. Is léir nach bhfíréanaítear duine ar bith ag an dlí i bhfianaise Dé, mar «is le creideamh a mhairfidh an fíréan».
12. Ní ar chreideamh atá an dlí ag brath, áfach, mar is é a deirtear sa dlí «an té a dhéanfaidh na nithe seo beidh sé beo dá mbarr».
13. Ach d' fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: «Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.»
14. Tharla amhlaidh chun go dtitfeadh beannacht Abrahám ar na gintlithe in Íosa Críost agus go bhfaighimisne, tríd an gcreideamh, an Spiorad a bhí geallta.
15. Tógaimis sampla ón ngnáthshaol, a bhráithre. Nuair a bhíonn uacht daingnithe mar is cuí, ní dhéanann aon duine í a chealú ná cur léi.
16. Anois, is d' Abrahám agus dá shíol a tugadh na gealltanais, agus féach ní «do do shíolta» atá ráite faoi mar bheifí ag tagairt dá lán daoine, ach «do do shíol» ag tagairt don aon duine amháin, is é sin, do Chríost.
17. Ach is chuige seo atáim: an conradh a bhí daingnithe ag Dia, ní féidir don reacht a tháinig i bhfeidhm ceithre chéad agus tríocha bliain ina dhiaidh sin an conradh sin a chur ar ceal agus an gealltanas a chur ar neamhní.
18. Más le ceart dlí a thagann an oidhreacht, ní de bharr gealltanais í a thuilleadh. Is trí ghealltanas, áfach, a bhronn Dia ar Abrahám í.
19. Cad chuige an dlí mar sin? Cuireadh leis an gconradh é toisc na gcionta nó go dtiocfadh an síol úd ar tugadh an gealltanas dó. Ordaíodh trí bhíthin aingeal é le cabhair idirghabhálaí.
20. Níl feidhm le hidirghabhálaí ag duine aonair agus is aon Dia.
21. An bhfuil an dlí bunoscionn le gealltanais Dé mar sin? Níl ar chor ar bith. Dá dtugtaí dlí, áfach, a mbeadh ar a chumas beatha a thabhairt, bheadh fíréantacht ag teacht ón dlí dáiríre;
22. ach dhaingnigh an scrioptúr an uile ní faoi ghlas an pheaca, ar shlí go dtabharfaí ar gealladh do chreideamh in Íosa Críost do lucht an chreidimh sin.
23. Sular tháinig an creideamh, bhíomar dár gcoimeád faoi ghlas i ngéibheann ag an dlí nó go nochtfaí an creideamh a bhí le teacht.
24. Dá bhrí sin, bhí an dlí mar a bheadh giolla againn nó go dtiocfadh Críost agus go bhfíréanófaí sinn tríd an gcreideamh.
25. Anois, áfach, nuair atá an creideamh tagtha nílimid faoi smacht an ghiolla a thuilleadh,
26. mar is mac do Dhia gach uile dhuine agaibh de bharr bhur gcreidimh in Íosa Críost.
27. Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime aige mar éide.
28. Níl Giúdach ná Gréagach oraibh feasta, níl saor ná daor, fireann ná baineann; is aon sibh uile i gCríost Íosa.
29. Agus más le Críost sibh, is síol Abrahám sibh chomh maith agus tá sibh in bhur n-oidhrí aige de réir mar a bhí geallta.