A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Meán Fómhair 2

Laoi na Laoithe 3:1-11
1. Ar mo leaba dom i gcoim oíche a loirg mé grá m' anma, a loirg mé agus ní bhfuair.
2. Éireoidh mé, cuardóidh mé, tríd an mbaile, trí na sráideanna, lorgfaidh mé grá mo chroí. Má loirg, ní bhfuair.
3. Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile: «An bhfaca sibh grá mo chroí?»
4. Ní fada a ghabh mé tharstu gur theagmhaigh grá mo chroí liom. Rugas greim air nach scaoilfidh mé go dtabharfaidh mé isteach é i dteach mo mháthar i seomra mo bhuime.
5. Agraím oraibh, a iníona Iarúsailéim, dar fia agus eilití na má, ná corraigí, ná músclaígí mo rún, go dtograí sí féin.
6. Cad é seo aníos ón bhfásach, mar a bheadh crann deataigh as miorr agus túis agus uilechumhracht na siopaí?
7. Sin é coiste Sholaimh, trí fichid laoch thart air, ó shárlaochra Iosrael;
8. fear claímh gach laoch díobh ó thaithí an chogaidh; a chlaíomh ar a shliasaid i gcoinne bhaol na hoíche.
9. Do rinne Solamh rí suí breithimh dó féin d' adhmad na Liobáine.
10. Cosa airgid faoi, scáth óir os a chionn, adhairt chorcra ann, éabann dá fholach.
11. Tagaigí go bhfeice sibh, a iníona Iarúsailéim, Solamh rí gona mhionn rí a chuir a mháthair air lá a phósta, lá áthais a chroí.

Laoi na Laoithe 4:1-16
1. Nach álainn tú, a rún, nach álainn! do shúile is coilm iad. Laistiar de do chaille folt mar thréad gabhar anuas Cnoc Ghileád.
2. D' fhiacla mar thréad lomtha aníos as an loch nite, cúpla uan ag gach caora agus gan caora díobh seasc.
3. Snáth craorag do bheola, do chomhrá ró-aoibhinn. Leathbhró ghránúill do ghrua laistiar de do chaille.
4. Túr Dháiví do mhuineál, daingean cosanta, míle sciath ar crochadh air, éide chatha na gcuradh.
5. Do dhá chíoch mar dhá oisín, cúpla aon eilite, ag innilt i measc bláthanna.
6. Go séide lá, go scaipe scáth rachaidh mé go cnoc an mhirr, go tulach na túise.
7. Álainn tú ar fad, a rún; atá tú gan cháim.
8. Tar as an Liobáin, a bhrídeach, tar as an Liobáin isteach. Féach anuas ó mhullach Amáná, ó mhullach Sheinír agus Hearmón, ó fhásach na leon, ó shliabh na liopard.
9. Shaobh tú mo chiall, a shiúr, a bhrídeach, shaobh tú mo chiall, le silleadh ó shúil leat, le haon seoid de do chuibhreach brád.
10. Nach aoibhinn do ghrá, a shiúr, a bhrídeach, nach blasta do ghrá ná fíon, nach cumhra iad do chumhrachtaí ná spíosraí an domhain!
11. Béilín meala, a bhrídeach, mar an criathar ag sileadh; mil agus bainne faoi do theanga go cinnte; boladh cumhra ar d' éadach mar chumhracht na Liobáine.
12. Gort i lios tú, a shiúr, a bhrídeach, gort i ráth, tobar i gcomhad.
13. Gránúlla go tiubh ann agus togha gach toraidh ó shruthanna an tobair.
14. Spiocnard agus cróch ann, giolcach chumhra agus cainéal, gach crann i bhfuil roisín, miorr agus fóifíneach, agus togha gach cumhrachta.
15. Tobar i ngort aníos as an talamh, nó sruth as an Liobáin.
16. Éirigh a ghaoth aduaidh, gluais, a ghaoth aneas, séidigí trí mo ghairdín go leatha a chumhrachtaí. Tagadh mo ghrá isteach ina ghort, blaiseadh sé togha gach toraidh ann.

Salm 104:10-23
10. Cuireann tú toibreacha ag brúchtadh isteach sna haibhneacha; agus sníonn siad idir na sléibhte.
11. Tugann siad deoch d' ainmhithe an mhachaire; agus múchann na hasail allta a dtart iontu.
12. Cónaíonn éanlaith an aeir ar a mbruacha; agus iad ag ceiliúradh i measc na gcraobhacha.
13. Uiscíonn tú na sléibhte ó d' áras cónaithe; líontar an talamh de thoradh do shaothair.
14. Cuireann tú an féar ag fás don bhólacht, agus luibheanna ar mhaithe leis an duine chun go mbaine sé arán as an talamh,
15. agus fíon a chuireann áthas ar an duine, d' fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola, agus a chroí a neartú le harán.
16. Tá crainn an Tiarna lán de shúlach; na crainn chéadair a phlandaigh sé sa Liobáin.
17. Is iontu a dhéanann na héin a neadacha; agus neadaíonn an chorr bhán sa chrann giúise.
18. Na sléibhte is dídean do na gabhair allta; agus bíonn na broic i bhfolach sna creaga.
19. Rinne tú an ghealach chun na séasúir a fhógairt; is eol don ghrian tráth a turnaimh.
20. Leathann tú an dorchacht go mbíonn ina oíche, agus go mbíonn ainmhithe uile na coille ar a seilg
21. Na coileáin leoin ag búiríl chun a gcreiche, is iad ag éileamh a gcoda ar Dhia.
22. Bailíonn siad leo le héirí na gréine, go dtéann siad ina luí ina bpluaiseanna.
23. Gabhann an duine amach chun a oibre ag saothrú leis go dtí an tráthnóna.

Seanfhocal 24:17-18
17. Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort; nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,
18. Le heagla go bhfeicfeadh an Tiarna agus nach mbeadh sé sásta, agus go n-iompódh sé a fhearg uaidh.

1 Corantaigh 12:1-31
1. Maidir le tíolacthaí an Spioraid, níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh aon aineolas oraibh ina dtaobh.
2. Tá a fhios agaibh fad a bhí sibh in bhur bpágánaigh go mbíodh sibh do bhur seoladh ar mearbhall i ndiaidh na n-íol balbh.
3. Sin é an fáth a bhfuilim á thabhairt le fios daoibh nach féidir d' aon duine «Mallacht ar Íosa» a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir d' aon duine ach oiread «Is é Íosa an Tiarna» a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh.
4. Tá tíolacthaí difriúla ann ach an t-aon Spiorad amháin;
5. tá feidhmeannais difriúla ann ach an t-aon Tiarna amháin;
6. agus tá oibreacha difriúla ann ach is é an Dia céanna a bhíonn á n-oibriú go léir in gach ceann riamh acu.
7. An léiriú a dhéantar ar an Spiorad in gach duine ar leith, is chun tairbhe an phobail mhóir é.
8. Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna.
9. Faigheann duine eile creideamh tríd an Spiorad céanna, agus duine eile buanna leighis tríd an aon Spiorad.
10. Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile.
11. Ach is é an Spiorad ceanann céanna a bhíonn ag oibriú sna tíolacthaí seo uile agus é ag dáil ar gach duine faoi leith de réir mar is áil leis féin.
12. Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é:
13. mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.
14. Ní aon bhall amháin atá sa chorp ach mórán ball.
15. Má deir an chos: «Toisc nach lámh mé, ní bhainimse leis an gcorp,» ní fhágann sin nach cuid den chorp í.
16. Nó má deir an chluas: «Toisc nach súil mé, ní bhainimse leis an gcorp,» ní fhágann sin nach cuid den chorp í.
17. Dá mba shúil an corp iomlán, cá mbeadh an éisteacht? Nó dá mba éisteacht an t-iomlán cá mbeadh an boladh?
18. Faoi mar atá, áfach, shocraigh Dia gach ball ar leith de na baill bheatha sa chorp de réir mar ab áil leis féin é.
19. Dá mba aon bhall amháin an t-iomlán acu, cá mbeadh an corp?
20. Is amhlaidh mar atá an scéal, áfach: tá mórán ball ann agus aon chorp amháin.
21. Más ea, ní féidir don tsúil a rá leis an láimh: Níl aon ghnó agam díotsa»; ná ní féidir don cheann a rá leis na cosa: «Níl aon ghnó agam díbhse.»
22. Ní hea, ach na baill a bhfuil an chuma is leochailí orthu, is iad is riachtanach.
23. Agus na baill den chorp is lú gradam linn, is iad is onóraí a chóirímid; agus na baill is lú maise atá againn is iad is cuibhiúla a mhaisítear,
24. rud nach gá a dhéanamh dár mbaill mhaisiúla. Chuir Dia an corp le chéile sa tslí gur thug sé breis den ghradam don bhall a bhí á cheal,
25. ar shlí nach mbeadh aon deighilt sa chorp ach go mbeadh na baill ag déanamh an chúraim chéanna dá chéile.
26. Dá chionn sin, má bhíonn tinneas ar bhall amháin bíonn na baill go léir i gcomhphian leis, agus má bhíonn ball faoi mheas, bíonn na baill go léir ag déanamh comhghairdis leis.
27. Is sibhse corp Chríost agus is ball dá chuid gach duine ar leith agaibh.
28. San eaglais tá daoine áirithe ceaptha ag Dia ina n-aspail sa chéad áit; sa dara háit tá na fáithe; sa tríú háit tá na múinteoirí; ansin tá lucht míorúiltí agus ina ndiaidh sin tá lucht leighis, lucht freastail, lucht stiúrtha, agus lucht teangacha éagsúla.
29. An aspail sibh uile? An fáithe sibh uile? An múinteoirí sibh uile? An bhfuil cumas míorúiltí agaibh uile?
30. An bhfuil buanna leighis agaibh uile? An bhfuil labhairt i dteangacha agaibh uile? An bhfuil míniú teangacha agaibh uile?
31. Is ar na tíolacthaí is tábhachtaí ba cheart tóir a bheith agaibh agus táimse chun ríbhealach a thaispeáint daoibh.