Iób 5:1-27 |
1. Cuir do ghlao suas anois; an bhfuil aon duine le freagra a thabhairt ort? Cé acu do na [haingil] chuig a gcasfaidh tú? |
2. Maraíonn an faltanas an t-amadán Agus básaíonn an formad an duine baoth. |
3. Nuair a chonaic mé duine ceanndána, Chuir mé mo mhallacht ar a áitreabh gan mhoill: |
4. «Is fada a bheidh an conách óna chlann; brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála. |
5. Beidh cíocras air chun a fhómhair, Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd. Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.» |
6. Óir ní eascrann urchóid ón ithir, Ná ní phéacann anró as an talamh, |
7. Ach sé an duine a ghineann anró dó féin, Mar a eitlíonn na badhbha in airde. |
8. Uime sin is chun Dé a ghairmfinn Agus is dó a nochtfainn mo chúis; |
9. (Déanann seisean éachtaí gan áireamh, Iontais nach féidir a ríomh.) |
10. Dáileann sé fearthainn ar an talamh Agus seolann uiscí ar na bánta. |
11. Ardaíonn sé na daoine ísle Agus tógann lucht an bhróin go buaic an áthais. |
12. Cuireann sé bearta na gcealgairí amú, I dtreo nach ritheann le hiarrachtaí a lámh. |
13. Ceapann sé an mhuintir ghlic i ngaiste a ngliocais, Agus teipeann go grod ar scéimeanna na gcladhairí. |
14. Bíonn dorchadas rompu sa lá Agus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae. |
15. Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos, Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh. |
16. Fágann sin dóchas ag an dearóil, Agus a chlab dúnta ag an éagóir. |
17. Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia; Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh, |
18. Óir goineann sé, ach cuireann ceirín leis an gcréacht; Buaileann sé buille, ach tugann a lámh cneasú. |
19. Déanfaidh sé thú a fhuascailt faoi a sé ó thrioblóid, Agus faoi a seacht, ní bhainfidh urchóid leat. |
20. Fuasclóidh sé ón mbás thú in am an ghorta, Agus ón gclaíomh in am an chogaidh. |
21. Beidh tú i bhfolach ó sciúirse na teanga, Agus ní chuirfidh an [ropaire] scéin ort nuair a thiocfaidh sé. |
22. Déanfaidh tú gáire [faoin tiormach agus faoin sioc], Agus ní bheidh eagla ort roimh ainmhithe allta. |
23. Beidh conradh agat le clocha an ghoirt, Agus beidh síocháin agat le hainmhithe an bháin. |
24. Beidh a fhios agat go bhfuil do bhoth slán, Agus fiosróidh tú do chró agus ní bheidh aon ní ar iarraidh. |
25. Feicfidh tú do shíol ag síolrú, Agus do shliocht mar fhéar an bháin. |
26. Rachaidh tú isteach i d' uaigh i bhfómhar aibí do bhlianta, Mar a bhíonn ag an bpunann arbhair sa chruach i dtráth. |
27. Féach, rinneamar é seo a iniúchadh; mar sin atá; Éist leis; tabhair aird go maith air. |
Iób 6:1-30 |
1. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: |
2. Uch gan mo dhoilíos á mheá, Agus gan m' anró go léir a chur sa mheá le chéile. |
3. Ba throime é ná gaineamh na trá Sin é a chuir mo bhriathra le buile. |
4. Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m' aghaidh. |
5. An ligeann an t-asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar? Nó an damh búir os cionn a choda? |
6. An n-itear bia leamh gan salann? Nó an bhfuil blas ar ghealacán uibh? |
7. Diúltaíonn m' anam a shuaimhneas a cheapadh; tá breoiteacht mo choirp á shuaitheadh. |
8. Uch nach gcomhlíontar m' achainí! Agus nach ndeonaíonn Dia mo dhóchas dom! |
9. Go mba thoil le Dia mé a bhascadh, Agus go scaoilfeadh sé lena láimh agus mé a scriosadh. |
10. Bheadh sé fós mar shólás agam Agus bheinn daingean i bpian gan taise Nár shéan mé briathra an té is Naofa. |
11. Ach cén neart atá ionam le feitheamh? Cad tá i ndán dom le go mbeinn foighneach? |
12. An é neart na gcloch mo neart? An cré-umha í m' fheoil? |
13. Níl cabhair fágtha ionam, Agus d' imigh gach tuiscint uaim dá réir sin. |
14. Nuair a thréigeann a chara an té atá in éadóchas, tugann sé droim láimhe le heagla an Uilechumhachtaigh. |
15. Is fealltach iad mo chairde mar an tuile, Mar leaba na dtuilte a ghabh thart; |
16. Bíonn siadsan ag borradh leis an leac oighir, Nuair a théann an sneachta i bhfolach iontu. |
17. Nuair a thagann an teas, téann siad in éag; Sa bhrothall téann siad ar ceal. |
18. Téann na carbháin as a mbealach á lorg, Imíonn siad faoin bhfásach, agus cailltear iad. |
19. Bíonn carbháin Théamá ag súil leo, Agus is astu a bhíonn a muinín ag buíonta Sheaba. |
20. Cuirtear díomá orthu cé go raibh misneach acu; Tagann siad ansiúd, ach loictear orthu. |
21. A rá is go bhfuil sibh anois gan mhisneach, Go bhfeiceann sibh uafás agus go bhfuil scéin oraibh. |
22. An ndúirt mé libh: «Tugaigí dom!» Nó: «Tugaigí breab ar mo shon as bhur maoin!» |
23. Nó: «Fuasclaigí mé ó láimh an namhad.» Nó: «Saoraigí mé ó ghreim na dtíoránach!»? |
24. Tugaigí teagasc dom, agus beidh mé i mo thost; Taispeánaigí dom cá ndeachaigh mé amú. |
25. Nach bríomhar iad briathra ionraice! Ach cén tairbhe ceartú uaibhse? |
26. An fiú libh focail a cháineadh, Focail éadóchais a imíonn le gaoth? |
27. Is gearr go mbeidh an dílleachta á chur ar cranna agaibh, Agus bhur gcara á dhíol agaibh ina shladmhargadh. |
28. Ach féachaigí orm, anois, le bhur dtoil. Ar ndóigh ní inseoidh mé bréag le bhur mbéal! |
29. Filligí orm anois agus ná déantar éagóir! Sea, filligí, tá mo chúis fós gan breith. |
30. An bhfuil éitheach i mo bhéal? Nach n-aithneodh mo charball blas an mhí-áidh? |
Salm 92:1-7 |
1. 1 Salm. Amhrán le haghaidh na Sabóide. 2 Is maith é buíochas a thabhairt don Tiarna, agus ceol a dhéanamh do d' ainm, a Neach is Airde, Salm 91 |
2. 3 d' fhonn do bhuanghrá a fhógairt ar maidin, agus do dhílse i dtráthanna na hoíche, |
3. 4 le ceol na cruite agus na cláirsí; mar aon le ceadal na lire. |
4. 5 Óir chuir do ghníomhartha áthas orm, a Thiarna; déanaim gairdeas in oibreacha do lámh. |
5. 6 Nach éachtach iad d' oibreacha, a Thiarna! nach domhain iad go dearfa do smaointe! |
6. 7 Ní aithníonn fear na díchéille, ná ní thuigeann an t-amadán an ní seo. |
7. 8 Cé go n-eascraíonn na héagráifigh mar fhéar, agus go mbíonn na hainbheartaigh faoi bhláth, |
Seanfhocal 22:16-16 |
16. Luigh ar an mbochtán agus bronnfar maoin air; tabhair rud don saibhir agus déanfaidh tú é a chreachadh. |
Rómhánaigh 8:22-39 |
22. Is eol dúinn go ráibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil. |
23. Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn,agus go mbeidh ár gcorp fuascailte. |
24. Le dóchas a slánaíodh sinn. Ach an dóchas a fheictear ní dóchas é feasta, mar conas a bheadh duine ag tnúth le rud a bheadh ina fhianaise? |
25. Ach ó táimidne ag súil le rud nach bhfeicimid táimid ag feitheamh go foighneach. |
26. Ar an gcuma chéanna tagann an Spiorad i gcabhair orainn inár laige. Mar ní eol dúinn conas an ghuí féin a dhéanamh mar is cóir ach déanann an Spiorad idirghuí ar ár son le hosnaí nach féidir a chur i bhfocail, |
27. agus an té úd a chiorann na croíthe, tuigeann sé cad is áil leis an Spiorad agus gur de réir toil Dé a dhéanann sé achainí ar son na naomh. |
28. Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle. |
29. Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéadghin ar mhórán bráithre. |
30. Agus na daoine a bhí ceaptha ó thus aige is iad sin a ghlaoigh sé; agus na daoine a bhí glaoite aige is iad sin a d' fhíréanaigh sé, agus na daoine a bhí fíréanaithe aige, is iad sin a ghlóirigh sé. |
31. Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne? |
32. Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith? |
33. Agus cé a dhéanfaidh lucht tofa Dé a chúisiú? |
34. Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son? |
35. Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin? |
36. Mar atá scríofa: «Ar do shonsa táimid dár mbású ar feadh an lae; táimid dár meas mar chaoirigh atá réidh lena gcoscairt.» |
37. Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn. |
38. Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás ná beatha, aingil ná prionsaí ná cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht, |
39. an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá in Íosa Críost ár dTiarna. |