Iób 3:1-26 |
1. Mallacht ar Lá a Bhreithe |
2. Seo mar a dúirt sé: |
3. Scrios ar an lá a rugadh mé Agus ar an oíche a dúirt: «Gineadh mac.» |
4. Gura dorchadas an lá sin! Nár chuire Dia in Airde aon spéis ann! Nár lonraí solas air. |
5. Gura seilbh dhílis ag gruaim agus ag scáil an bháis é! Go luí na scamaill air, Agus go scanraí urú an lae é! |
6. Go bhfaighe dorchadas tiubh greim ar an oíche úd, Nár [chuirtear] í le laethe na bliana, Nár áirítear i le líon na míonna! |
7. Bíodh an oíche úd gruama, Nár thaga gáir áthais ina gaire! |
8. Go gcuire mallachtóirí an lae a mallacht uirthi, Agus an mhuintir atá réidh Leiviatan a mhúscailt! |
9. Gura dorcha iad réaltaí a camhaoire; Ná bíodh toradh ar a fuireach le solas; Nár fheice sí fabhraí na maidine! |
10. Uch nár dhún sé comhlaí na broinne orm Agus nár cheil an brón ar mo shúile. |
11. Cén fáth nár cailleadh mé sa bhroinn, Nach bhfuair mé bás ag teacht dom aisti? |
12. Cén fáth ar ghlac dhá ghlúin liom, Cén fáth a raibh cíocha ann dom le diúl? |
13. Ansin a luífinn síos faoi shuaimhneas, Rachainn a chodladh agus ligfinn mo scíth, |
14. Mar aon le ríthe agus le comhairleoirí na cruinne, A thóg dóibh féin na láithreacha a bhí bánaithe, |
15. Nó le flatha a mbíodh ór ina seilbh, Agus a líonadh a dtithe le hairgead; |
16. Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann], Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas. |
17. Ansiúd a scoireann na hurchóidigh dá n-urchóid Agus ansiúd a bhíonn lucht tuirse faoi shuaimhneas. |
18. Bíonn na cimí ar a suaimhneas le chéile, Gan guth an tseiléara le clos a thuilleadh. |
19. Is cuma uasal agus íseal ansiúd, Agus tá an daor saor óna mhaistir. |
20. Cad chuige a dtugtar an solas don té atá faoi bhuairt? Agus an bheatha don drong atá faoi sheirfean anama, |
21. An drong a shantaíonn an bás ach gan é a theacht Agus gur mó a dtóir air ná ar chiste folaithe; |
22. An drong a bhíonn ag rince le corp lúcháire, Agus iad ag déanamh gairdis nuair a shroicheann siad an uaigh; |
23. Cad chuige a dtugtar an solas don duine a bhfuil a shlí i bhfolach, Agus ar thóg Dia fál ina thimpeall? |
24. Mar bhia tagann chugam m' osnaíl Agus scaoiltear le m' uchláin ina dtuile. |
25. An rud is baol liom, tagann sé i gcrích orm; An rud is eagal liom, titeann sé sa mhullach orm. |
26. Níl agam suaimhneas ná síoth, Níl agam sos, ach buaireamh i mo dháil. |
Iób 4:1-21 |
1. Ansin d' fhreagair Eilífeaz ó Théamán agus dúirt: |
2. Má leomhann duine focal á rá leat, an gcuirfidh tú suas leis? Ach cé a d' fhéadfadh fanacht ina thost? |
3. Féach! nach iomaí duine a cheartaigh tú! Do lámha laga thug tú neart. |
4. Ba thaca iad do bhriathra don té a fuair tuisle; Neartaigh tú na glúine laga. |
5. Anois is é do thuras féin é, agus theip ar d' fhoighne. Buaileann sé thú féin agus titeann an lug ar an lag agat. |
6. Nach bhfuil muinín agat as d' fhíréantacht Agus dóchas agat as do bheatha ionraic? |
7. Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh? Cár milleadh lucht na córa? |
8. Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóid Agus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar. |
9. Scriosann anáil Dé iad, Agus milleann racht dá fhearg iad. |
10. [Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin; Bristear fiacla na gcoileán leoin. |
11. Cailltear an seanleon d' uireasa creiche, Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin. |
12. Fuair mé focal, más ea, faoi choim, Agus fuair mo chluas gaoth an fhocail sin. |
13. I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche, Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain, |
14. Tháinig scéin orm agus critheagla, Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith. |
15. Shleamhnaigh leoithne thar m' aghaidh Agus d' éirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh. |
16. Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló; Bhí scáil os comhair mo shúl. Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin: |
17. «An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé? An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora? |
18. Ní chuireann [Dia] a mhuinín ina searbhóntaí féin; Agus faigheann sé locht ar a aingil féin. |
19. Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan! |
20. Scriostar iad idir maidin agus nóin; Milltear go brách iad, gan neach á dtarrtháil. |
21. Staitear [pionna] a mbotha Agus faigheann siad bás d' uireasa eagna.» |
Salm 91:14-16 |
14. De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh, agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m' ainm. |
15. Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: «Táim i d' fhochair.» Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha. |
16. Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó; agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó. |
Seanfhocal 22:15-15 |
15. Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh; ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as. |
Rómhánaigh 8:1-21 |
1. Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost, |
2. mar tá dlí Spiorad na beatha in Íosa Críost tar éis tú a fhuascailt ó dhlí an pheaca agus an bháis. |
3. An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn |
4. i dtreo go bhféadfaí dualgais an dlí a chomhlíonadh ionainn nuair nach faoi réir na colainne a mhairimid ach faoi réir an Spioraid. |
5. Iad sin a mhaireann faoi réir na colainne is ar nithe collaí a bhíonn a n-aird, ach iad sin a mhaireann faoi réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíonn a n-airdsean. |
6. Gabhann an bás leis an meon collaí ach is beatha agus síocháin a ghabhann leis an meon spioradálta. |
7. Is namhaid do Dhia an meon collaí mar nach ngéilleann sé do dhlí Dé agus nach féidir dó é; |
8. agus na daoine, atá faoi réir na colainne ní féidir dóibh Dia a shásamh. |
9. Ní faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é. |
10. Ach má tá Críost ionaibh, más marbh féin bhur gcorp de bharr an pheaca, is beo bhur spiorad de bharr na fíréantachta. |
11. Go deimhin má bhíonn Spiorad an té a thóg Críost ó mhairbh lonnaithe ionaibh, déanfaidh an té sin a thóg Críost ó mhairbh bhur gcorp básmhar a bheoú trína Spiorad atá lonnaithe ionaibh. |
12. Ar an ábhar sin, a bhráithre, níl aon cheangal ag an gcolainn orainn go mairfimis dá réir. |
13. Más faoi réir na colainne a mhaireann sibh tá an bás i ndán daoibh; ach má bhásaíonn sibh gníomhartha na colainne le cúnamh an Spioraid, mairfidh sibh beo. |
14. Mar an mhuintir a mbíonn Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad. |
15. Óir, an spiorad a fuair sibh ní spiorad na daoirse é chun eagla a chur oraibh athuair ach spiorad na clainne trína nglaoimid «Abba! Athair.» |
16. Dearbhaíonn an Spiorad féin dár spioradna gur clann Dé sinn; |
17. agus, más clann sinn, is oidhrí sinn chomh maith, oidhrí Dé agus comhoidhrí le Críost, ós rud é go bhfuilimid páirteach leis ina pháis, le hionchas a bheith páirteach leis ina ghlóir chomh maith. |
18. Measaim nach fiú le háireamh pianta na huaire seo le hais na glóire atá le foilsiú dúinn. |
19. Mar tá an dúlra féin ag tnúth go díocasach le foilsiú chlann Dé. |
20. Cuireadh an dúlra freisin ó rath, ní dá dheoin féin ach mar gheall ar an té úd a chuir ó rath é, ach i ndóchas; |
21. mar fuasclófar an dúlra féin ó dhaoirse na truaillitheachta, chun saoirse ghlórmhar chlann Dé. |