A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Lúnasa 30

Cóheilit 8:1-17
1. Cé atá cosúil leis an eagnaí? Cé heile a thuigeann an chiall atá le rud ar bith? Soilsíonn eagna an duine a ghnúis, agus athraítear dúire a aghaidhe.
2. Is é a deirimse: comhlíon ordú an rí agus sin mar gheall ar do mhóid dhiaga dhílseachta.
3. Ná déan deifir chun imeacht as a láthair agus ná bíodh lámh agat in aon drochghnó; cibé é ní is toil leis, is é a dhéanann sé.
4. Ós rud é nach bhfuil dul thar fhocal an rí cé hé ar féidir dó a rá leis «Céard atá tú a dhéanamh?»
5. An té a choimeádann a aithne, ní dhéanfar díth ná dochar dó agus is eol do chroí an eagnaí an t-am agus an modh ceart chun nithe a dhéanamh.
6. Óir tá a am agus a mhodh oibre féin ag gach beart agus bíonn ainnise an duine ag luí go trom air.
7. Mar níl a fhios aige céard a tharlóidh; agus cé hé ar féidir dó a insint dó conas a bheidh an scéal?
8. Níl duine ar bith ann a bhfuil de chumhacht aige ar an ngaoth gur féidir dó í a shrianadh; níl sé ar chumas an duine ach oiread an bás a chur ar athló; in aimsir chogaidh níl a scaoileadh ó sheirbhís airm le fáil ag aon duine; ná ní mó a shábhálfaidh an t-olc lucht a dhéanta.
9. Chonaic mé é sin go léir nuair a leag mé m' intinn ar a ndéantar abhus faoi luí na gréine, nuair a smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa.
10. Ansin chonaic mé lucht míghníomha á gcur le barr toirtéise: agus nuair a thagadh na daoine ón áit naofa, mholtaí an lucht mí-ghníomha sa chathair mar a ndearna siad a ndrochbhearta. Baois is ea é seo go deimhin.
11. Is é an chúis a spreagtar an duine chun olc a dhéanamh, toisc nach gcuirtear daorbhreith i gcrích go luath ar dhrochbhearta;
12. óir, d' ainneoin go ndéanann an peacach drochghníomh céad uair, bíonn saol fada aige. Mar sin féin is eol dom an nath seo: éireoidh go maith leo siúd a bhfuil eagla Dé orthu go díreach toisc a eagla a bheith orthu;
13. ní éireoidh go maith leis an bpeacach ach, ar nos scáile, ní bheidh saol fada aige toisc nach bhfuil eagla Dé air.
14. Seo baois a tharlaíonn ar talamh: tá daoine ionraice ann a gcaitear leo faoi mar ba dhrochdhaoine iad agus tá drochdhaoine ann a gcaitear leo faoi mar ba dhaoine ionraice iad. Deirimse gur baois is ea é seo go deimhin.
15. Molaimse mar sin an t-aoibhneas; óir níl aon ní fónta eile ann don duine abhus faoi luí na greine ach bheith ag ithe agus ag ól agus ag déanamh aoibhnis, agus go bhfanfaidh sé seo leis ina chuid saothair ar feadh laethanta na beatha a thugann Dia dó abhus faoi luí na gréine.
16. Nuair a leag mé m' intinn ar an eagna a fháil agus ar na gnóthaí uile a bhíonn ar siúl ar talamh a scrudú, 17 d' aithin mé nach féidir leis an duine an obair go léir a dhéanann Dia abhus faoi luí na gréine a thuiscint, 18 fiú amháin mura gcodlaíonn sé lá ná oíche. 16
17. 19 Dá mhéad dá saothraíonn sé ag cuardach na tuisceana dó, ní bhfaighidh sé í; fiú amháin má mheasann an saoi féin go bhfuil sí aige, ní eireoidh leis fios fátha an scéil a aimsiú choíche.

Cóheilit 9:1-18
1. Rinne mé dianmhachnamh i mo chroí istigh ar an scéal seo go léir agus aithním go bhfuil na fíréin agus na saoithe agus a n-oibreacha uile ar láimh Dé. Ach ní eol don duine an fabhar nó fuath atá ann dó; níl ciall ar bith le ceachtar acu, dar leis.
2. Óir, is í an t-aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n-ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.
3. I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t-aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d' urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.
4. Óir tá ábhar dóchais fós ag an té atá i gcomhluadar na mbeo uile go fóill; mar is fearr madra beo ná leon marbh.
5. Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad.
6. Tá deireadh lena ngrá agus lena bhfuath agus lena gcuid iomaíochta le fada an lá ní bheidh baint ná páirt acu choíche arís lena ndéantar abhus faoi luí na gréine.
7. Imigh leat, mar sin; ith do chuid aráin le háthas agus ól do chuid fíona le croí meidhreach, mar tá do ghníomhartha taitneamhach le Dia cheana féin.
8. Caith éadach geal i gcónaí agus ná bíodh uinnimint de dhíth ar do cheann choíche.
9. Bíodh saol breá agat i gcuideachta na mná céile, a bhfuil grá agat di, ar feadh laethanta uile na beatha díomhaoine a thugann Dia duit abhus faoi luí na gréine, dá bhaoithe féin iad. Óir is é sin an luach saothair atá i ndán duit as ucht a ndéanann tú abhus faoi luí na greine.
10. Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.
11. Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t-aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.
12. Óir ní eol don duine a ionú féin; mar éisc a cheaptar i líon fealltach, nó mar éin a mbeirtear orthu i gcliabhán, sin mar a ghabhtar daoine nuair a thagann uair an mhí-áidh orthu go tobann.
13. Seo sampla eile fós den eagna a chonaic mé abhus faoi luí na gréine agus is díol suntais é, dar liom.
14. Is amhlaidh a bhí cathair bheag ann tráth agus gan morán áitritheoirí inti. Rinne rí cumhachtach áirithe ionsaí uirthi; chuir sé faoi imshuí í agus thóg sé sásanna móra léigir ina haghaidh.
15. Fuarthas saoi bocht inti, áfach, ach d' ainneoin gur shábháil sé an chathair lena eagna níor choinnigh aon duine cuimhne ar an bhfear bocht ina dhiaidh sin.
16. Ar an ábhar sin is é a dúirt mé: Is fearr eagna ná neart. Mar sin féin déantar neamhní d' eagna an fhir bhoicht agus ní éistear lena bhriathra.
17. Is fearr a éistear le ciúinbhriathra na saoithe ná le callaireacht cheannaire amadán.
18. Is fearr an eagna ná airm chogaidh; ach d' fhéadfadh aon bhotún amháin mórán maitheasa a mhilleadh.

Cóheilit 10:1-20
1. Truaillíonn cuileoga marbha soitheach d' ola chumhra; mar an gcéanna is láidre beagán baoise ná eagna agus onóir.
2. Casann croí an tsaoi deiseal agus croí an daoi tuathal.
3. Fiú amháin ag siúl an bhóthair dó, bíonn an daoi ar easpa céille agus tugann sé amadán ar gach duine eile.
4. Má bhladhmann fearg an rialtóra amach i do choinne, ná fág do phost; óir coisceann an cheansacht coireanna móra.
5. Tá olc áirithe ann a chonaic mé abhus faoi luí na greine botún is ea é a bhfuil an rialtóir ciontach leis:
6. an t-amadán ina ardoifigeach agus lucht an tsaibhris sna poist is ísle.
7. Chonaic mé sclábhaithe ar muin capall agus prionsaí ag siúl ar an mbóthar mar sclábhaithe.
8. An té a dhéanann poll, tharlódh go dtitfeadh sé féin isteach ann; an té a leagann fál, thiocfadh dó go mbainfeadh nathair greim as.
9. An té a bhaineann clocha, d' fhéadfadh sé go ngortófaí leo é; an té a ghearrann adhmad, seans go gcuireann sé é féin i mbaol.
10. Má bhíonn an tua maol agus nach gcuirtear faobhar uirthi roimh ré, caithfear breis fuinnimh a úsáid; ach is í an eagna a chuirfidh rath ar chách.
11. Má bhaineann nathair greim as duine sula gcuirtear faoi dhraíocht í, ní bhfaighidh an mealltóir nathrach aon táille.
12. Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.
13. Baois is ea tosach a chuid cainte, deargbhuile a deireadh.
14. Bíonn an t-amadán ag glagaireacht leis de shíor ach ní eol d' aon duine céard atá le teacht; óir cé hé ar féidir dó a rá cad a tharlóidh ina dhiaidh.
15. Cuireann saothar an amadáin tuirse air mar ní eol dó an bóthar chun an bhaile mhóir.
16. Mairg duit, a thír a bhfuil leanbh ina rí ort, agus a mbíonn do phrionsaí ag caitheamh fleá ar maidin.
17. Is méanar duit, a thír, ar de shliocht uasal do rí agus nach gcaitheann do phrionsaí fleá go meisciúil ach in am is i dtráth chun a neart a chothú.
18. De dheasca na leisce tugann an maide mullaigh uaidh; nuair a bhíonn na lámha díomhaoin, bíonn braon anuas sa teach.
19. Caitear fleá ar son an tsuaircis agus cuireann an fíon gliondar ar na beo ach is é an t-airgead a chuireann gach uile rud díobh ar fáil.
20. Ná cuir mallacht ar an rí fiú i do chroí istigh; ná mallaigh lucht an tsaibhris ach oiread fiú i do sheomra codlata; óir b' fhéidir go n-iompródh éanlaith an aeir do bhriathra chucu agus go n-inseodh dúil sciathánach éigin an scéal.

Salm 103:6-14
6. Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm; tugann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.
7. Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois; agus a ghníomhartha in iúl do chlann Iosrael.
8. Is grámhar trócaireach é an Tiarna, foighneach agus lán de cheansacht.
9. Ní i gcónaí a bheidh sé ag cáineadh; ní de shíor a bheidh sé i bhfeirg linn.
10. Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn; ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.
11. Óir ní airde neamh os cionn talaimh ná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.
12. Ní faide an t-oirthear ón iarthar ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.
13. Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.
14. Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinn agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.

Seanfhocal 24:10-12
10. Má chailleann tú do mhisneach, ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.
11. Fuascail an mhuintir atá á seoladh chun báis; tarrthaigh an mhuintir atá á mbreith chun a mbásaithe.
12. Má deir tú: «Ach féach, ní raibh a fhios againn,» an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint, agus an té a bhreithníonn an t-anam gan eolas? déanfaidh sé an t-aisíoc is dual do bhearta duine.

1 Corantaigh 10:19-33
19. Céard atá i gceist agam? Go bhfuil brí ar bith leis an mbia a ofráiltear d' íola nó go bhfuil brí ar bith leis an íol?
20. Ní hea go deimhin; ach toisc gur do dheamhain agus nach do Dhia a ofrálann na págánaigh a gcuid íobairtí, níor mhaith liom go mbeadh aon pháirt agaibhse leis na deamhain sin.
21. Ní féidir daoibh cupa an Tiarna a ól agus cupa na ndeamhan a ól chomh maith. Ní féidir daoibh suí chun bord an Tiarna agus suí chun bord na ndeamhan chomh maith.
22. An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?
23. «Tá gach ní ceadaithe.» Tá, ach ní hé gach ní a théann chun sochair. Tá gach ní ceadaithe ach níl gach ní fóinteach.
24. Ná bíodh aon duine ar mhaithe leis féin ach ar mhaithe lena chomharsa.
25. Aon ní a bhíonn á dhíol ar an margadh, ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa
26. mar «is le Dia an domhan agus a bhfuil ann».
27. Agus má thugann neamhchreidmheach cuireadh chun dinnéir daoibh agus gurb áil libh dul ann, gach a gcuirtear os bhur gcomhair ithigí é gan ceist ó thaobh coinsiasa.
28. Má deir duine éigin libh áfach: «Is bia íobartha é seo,» ná caithígí an bia sin, ar mhaithe leis an té a chuir in iúl daoibh é agus ar mhaithe leis an gcoinsias
29. ní hé do choinsias féin atá i gceist agam ach coinsias an fhir thall. Cén fáth a mbeadh mo shaoirse-sé á meas de réir choinsias duine eile?
30. Má chaithimse mo chuid go buíoch cén fáth a gcáinfí mé mar gheall ar bhia a altaím?
31. 30b Dá bhrí sin cibé acu dhéanann sibh ithe nó ól nó ní ar bith eile, déanaigí an t-iomlán chun glóire Dé.
32. 31 Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d' eaglais Dé.
33. 32 Sin é mo dhála-sa: bím ag iarraidh gach duine a shásamh i ngach slí gan aon tóir agam ar mo leas féin ach ar leas an tslua le hionchas go slánofaí iad.