Iób 31:1-40 |
1. Rinne mé margadh le mo shúile, Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean. |
2. Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh? Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis? |
3. Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide? |
4. Nach bhfeiceann sé mo bhealaí Agus nach n-áiríonn sé mo choiscéimeanna? |
5. An raibh mé cois ar chois leis an mbreag? Nó ar sodar i ndiaidh na calaoise? |
6. Déanadh sé mé a mheá sa mheá ionraic, Agus bíodh m' fhíréantacht ar eolas ag Dia! |
7. Má chuaigh mo chos i leataobh ón mbealach, Nó má lean mo dhúil mo shúil, Nó má thóg mé aon ní i mo ghlac, |
8. Go gcuireadsa an síol ach go mbaine duine eile an fómhar; Go ndéantar mo shliocht a stoitheadh ar shiúl! |
9. Má mealladh mé riamh ag bean, Nó má fhan mé ag faire ag doras mo chomharsan, |
10. Go meile mo bhean a phlúr do dhuine eile, Agus go gcodlaí sí faoi bhraillín nach liomsa. |
11. Ba pheaca drúise é sin, Coir le [díolt ag an dlí], |
12. Coir a d' adhnfadh tine a loscfadh go hAbadón. Agus a dhófadh m' fhómhar go léir. |
13. Dá ndiúltóinn do cheart mo dhaoráin Nó mo dhaoirsí, nuair a bhíodar ag aighneas liom, |
14. Cad a dhéanfainn nuair a d' éireodh Dia? Cad déarfainn nuair a dhéanfadh sé fiosrú? |
15. An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin? Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar? |
16. Ar dhiúltaigh mé don bhocht aon ní a bhí de dhíth air? Ar chuir mé gruaim ar shúile na baintrí? |
17. Ar chaith mé mo chuid bia liom féin, Gan cuid a thabhairt don dílleachta? |
18. Óir bhí [Dia] mar athair agam do m' oiliúint ó m' óige, Agus threoraigh sé mé ó bhroinn mo mháthar. |
19. An bhfaca mé riamh ainniseoir gan éadach, Nó fear bocht gan bhrat, |
20. Agus gan é do mo bheannú ó chroí, Agus lomra mo chaorach á théamh? |
21. Ar ardaigh mé mo lámh in aghaidh an [neamhchiontaigh], Le barr muiníne as mo dhea-mheas ag an ngeata? |
22. Má rinne mé amhlaidh, go dtite mo ghualainn ó mo shlinneán, Agus go stractar mo ghéag as alt! |
23. Óir thiocfadh uafás Dé anuas orm, Agus ní sheasóinn an fód i láthair a mhórgachta. |
24. Ar chuir mé mo mhuinín san ór? Nó ar dhúirt mé leis an ór fíre: «Is tú mo thaca.» |
25. Ar mhaígh mé as flúirse mo mhaoine? Nó as an raidhse a ghnóthaigh mé i mo ghlac? |
26. Nuair a chonaic mé an ghrian ina glóir, Nó niamh na gealaí ina cúrsa, |
27. Ar mealladh mo chroí os íseal Is gur chaith mé póg ó mo láimh leo? |
28. Ba choir é sin leis a bheadh le díolt ag an dlí Mé a shéanadh Dé in airde. |
29. Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad, An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é? |
30. Cé nár lig mé do mo theanga aon olc a dhéanamh, Á mhallachtú nó ag guí dianbhás do. |
31. Nár dhúirt lucht mo bhotha: «An bhfuil aon duine nach bhfuair a sháith dá fheoil?» |
32. Níor ghá do dheoraí riamh codladh sa tsráid; Bhí mo dhoras riamh ar leathadh don [taistealaí]. ABN: 32, 38, 39, 40a, 40b, 33, 34, 35, 36, 37, 40c |
33. Ar cheil mé riamh mo chionta [ó dhaoine]? Agus ar chuir mé m' urchóid i bhfolach i mo chliabh? |
34. An raibh eagla orm riamh roimh chúlghearradh an phobail Nó scéin roimh fhonóid ón aon teaghlach? |
35. Uch gan [Dia] le héisteacht liom! Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé. |
36. Nuair a bheidh a scrolla scríofa ag mo chúisitheoir i mo choinne, Caithfidh mé ar mo ghualainn é, Nó cuirfidh mé ar mo cheann é mar choróin; |
37. Tabharfaidh mé cúntas ar gach beart de mo shaol, Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis. |
38. Má ghlaoigh mo chuid talún i m' aghaidh, Agus go raibh gach clais ar snámh le deora, |
39. Má ith mé a thoradh gan díol as, Nó má thug mé cúis ghearáin do lucht a shaothraithe, |
40. 40a Go bhfása sceacha mar a mbíodh an chruithneacht, 40b Agus fiailí nimhneacha mar a mbíodh an eorna. 40c (Sin críoch ar bhriathra Iób.) |
Iób 32:1-22 |
1. Réamhrá: Aitheasc a hAon |
2. Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart. |
3. Bhí a racht dírithe leis ar a thriúr cairde, mar nár thángadar ar fhreagra, agus gur dhaoradar [Dia]. |
4. Fad a bhíodarsan ag caint le Iób, bhí foighne ag Eilíhiú mar ba shine iad ná eisean. |
5. Ach nuair a chonaic Eilíhiú nár fágadh focal le freagairt i mbéal an triúir, tháinig rabharta feirge air. |
6. Agus ansin d' fhreagair Eilíhiú mac Bharacael agus dúirt: Táim ar bheagán blianta Agus sibhse in bhur seanóirí, Uime sin bhí eagla agus ceann faoi orm Mo smaointe a nochtadh. |
7. Dúirt mé: «Labhraíodh na blianta Agus cuireadh an aois mhór an eagna in iúl!» |
8. Ach tá fhios agam anois gur spiorad sa duine, Agus anáil ón Uilechumhachtach a thugann tuiscint. |
9. Ní le haois mhór a thagann an chríonnacht, Ná ní hiad na seanóirí is géire breith. |
10. Deirim, dá bhrí sin, «Tugaigí cluas dom! Bíodh cead cainte agamsa freisin le m' eagna a fhógairt!» |
11. Bhí mise ag éisteacht le bhur mbriathra, Agus cluas agam do bhur ráite gaoise; Fad a bhí sibh ag cuartú focal le freagairt, |
12. Bhí aird agam oraibh. Ach, féach, ní raibh aon duine le Iób a bhreagnú; Ní raibh aon duine in bhur measc lena ráitis a fhreagairt. |
13. Ná bíodh sé de dhánaíocht ionaibh a rá go bhfuair sibh greim ar an eagna, Ná gurbh ó Dhia agus nach ó dhuine [bhur dteagasc]. |
14. Nílimse chun feidhm a bhaint as a leithéid sin d' argóint; Beidh malairt cló ar mo fhreagrasa. |
15. Tá siad bainte dá mbonna, gan focal astu, Ná freagra ina mbéal. |
16. D' fhan mé nó gur éisteadar, Gur stadadar, gan a thuilleadh a rá. |
17. Beidh rud éigin le rá agamsa anois! Déanfaidh mise anois m' eolas a fhógairt. |
18. Féach! táim lán de chaint! Agus tá an spiorad i mo bholg do m' éigniú. |
19. Tá mo bholg mar fhíon nua ag lorg poill sceite, Agus ag pléascadh seithe nuaghlan fíona. |
20. Níl d' fhaoiseamh agam ach labhairt, Osclóidh mé mo bhéal agus tabharfaidh mé freagra. |
21. Ní bheidh lé agam le haon duine, Ná ní bheidh mé ag bladar le fear ar bith. |
22. Nílim oilte ar an mbladar Nó is gearr go gcuirfeadh mo chruthaitheoir deireadh liom. |
Salm 98:1-3 |
1. Salm. Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin. Salm 97 |
2. D' fhoilsigh an Tiarna a shlánú; nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin. |
3. Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílse do theaghlach Iosrael. Chonaic críocha uile na cruinne slánú ár nDé. |
Seanfhocal 23:17-18 |
17. Ná bíodh do chroí in éad le peacaigh, ach bí go teann gach lá faoi eagla an Tiarna; |
18. Óir tiocfaidh an lá amárach, agus ní rachaidh do dhóchas amú. |
1 Corantaigh 2:1-16 |
1. I dtaca liomsa, a bhráithre, nuair a tháinig mé chugaibh, níor tháinig mé ag fógairt [rúndiamhair] Dé le hardnós cainte ná eagna. |
2. Shocraigh mé i m' aigne fad a bheinn in bhur measc gan aon ní eile a aithint ach Íosa Críost agus eisean arna chéasadh. |
3. Is mé a bhí go lagbhríoch in bhur measc agus mé lán d' uamhan agus d' eagla. |
4. Agus ní ar bhriathra mealltacha na heagna daonna a bhí mo scéal agus m' fhógra ag brath ach ar fhoilsiú an Spioraid agus na cumhachta, |
5. i dtreo nach ar eagna dhaonna a bheadh bhur gcreideamhsa bunaithe ach ar chumhacht Dé. |
6. Ach labhraimidne eagna i measc na muintire atá tagtha in inmhe, ach ní hí eagna an tsaoil seo í ná eagna lucht ceannais an tsaoil seo, dream atá ag imeacht as. |
7. Is í eagna rúnda Dé atá i gceist againne, an eagna a bhí folaithe ó dhaoine ach a bhí ceaptha ag Dia roimh thús aimsire chun glóir a thabhairt dúinne. |
8. Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois. |
9. Mar atá scríofa: «Nithe nach bhfaca súil iad agus nár chuala cluas iad, nithe nár smaoinigh an duine orthu ina aigne, is iad atá ullamh ag Dia dóibh siúd a bheir grá dó.» |
10. Is dúinne a nocht Dia [na nithe seo] le cabhair an Spioraid. Scrúdaíonn an Spiorad gach uile ní, fiú duibheagáin Dé féin. |
11. Cé a thuigeann cúrsaí an duine ach spiorad an duine féin istigh ann? Ar an gcuma chéanna níl aon duine a thuigeann cúrsaí Dé ach Spiorad Dé. |
12. Ní hé spiorad an tsaoil seo atá faighte againne ach an Spiorad a sheol Dia chun go dtuigfimis na nithe atá bronnta orainn ag Dia. |
13. Agus ní i mbriathra na heagna daonna a chuirimid síos ar na nithe sin ach i mbriathra a mhúin an Spiorad dúinn nuair a bhímid ag míniú cúrsaí an spioraid dóibh siúd a bhfuil an Spiorad iontu. |
14. An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas. |
15. Ach an duine spioradálta, féadann seisean gach ní a mheas ach ní féidir d' aon duine eisean a mheas. |
16. Óir «cé a thuigeann aigne an Tiarna? Nó cé a thabharfaidh comhairle dó?» Tá aigne Chríost againne, áfach. |