A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Lúnasa 16

Iób 23:1-17
1. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt sé:
2. Is ceannairceach mo chasaoid fós inniu, Cé go bhfuil mo lámh ag luí ar m' osnaíl.
3. Uch gan a fhios agam cá bhfaighinn é, Le go rachainn faoi bhráid a shuí breithimh.
4. Chuirfinn mo chás in iúl os a chomhair Agus bheadh clab orm le hargóintí.
5. D' fhoghlaimeoinn gach focal cosanta a labhródh sé, Agus thuigfinn gach a ndéarfadh sé liom.
6. An rachadh sé chun aighnis liom le lán a chumais? Ní dhéanfadh! Níorbh fholáir dó éisteacht a thabhairt dom.
7. Is duine ionraic a bheadh ag argóint leis Agus bhuafainn mo chás go dearfa.
8. Féach! Má ghabhaim soir, níl sé ann; Nó siar, ní bhfaighim radharc air.
9. Má chuardaím thuaidh é, níl fáil air; Má chasaim ó dheas, ní fheicim é.
10. Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.
11. Lean mo chos go dlúth dá chéimeanna, Chloígh mé lena bhealach gan casadh i leataobh.
12. Níor chlaon mé ó aithne a bheola, Agus thaiscigh mé briathra a bhéil.
13. Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d' fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo? Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é.
14. Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige.
15. Uime sin, tá uafás orm ina láthair; Agus dá mhéid a mhachnaím, is ea is mó a bhíonn scanradh orm roimhe.
16. Scaip Dia mo mhisneach, Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm.
17. Óir déanann an dorchadas mise a cheilt air, Agus cuireann an ghruaim brat idir é agus mé.

Iób 24:1-25
1. Cén fáth nach bhfuil a thaisce tráthanna féin ag an Uilechumhachtach? Agus cén fáth nach bhfeiceann lucht a aitheantais a laethanta?
2. Tógann na [coirpigh] marcanna teorann chun siúil; Fuadaíonn siad idir chaoirigh agus [aoire].
3. Tiomáineann siad asal an dílleachta chun siúil, Agus tógann siad damh na baintrí mar gheall.
4. Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra, Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach.
5. Imíonn siad amach faoin bhfásach ar nós na n-asal fiáin, Agus ocras a gclainne [á ngriogadh] Chun bia a lorg sna steipeanna loma.
6. Ní mór dóibh fómhar a bhaint i ngort duine eile, Agus na caora fáin a phiocadh i bhfíonghort an urchóidigh.
7. Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach, Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht.
8. Fliuchtar go craiceann iad ó fhearthainn na sléibhte, Agus le heaspa fothana, síneann siad le taobh carraige. ABN: 8, 10, 11, 12, 9, 14a, 14b, 15, 14c, 16, 13, 17
9. Baintear a dtalamh de leanaí gan athair, Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.
10. Téann siad timpeall tarrnocht le heaspa éadaigh, Agus iompraíonn siad na punanna agus iad gan bhia.
11. Caitheann siad brothall an mheán lae idir sraitheanna na bhfíniúna. Déanann siad na cantaoirí fíona a phasáilt agus tart orthu féin.
12. Bíonn osnaíl na mbásachán le cloisteáil ón gcathair, Agus screadann an duine gonta ó chroí. Ach ní thugann Dia cluas [dá nglao].
13. Is cuma iad nó naimhde an tsolais; Ní eol dóibh a bhealaí, Agus seachnaíonn siad a chosáin.
14. 14a Éiríonn an dunmharfóir roimh lá, 14b Leis an mbocht agus an dealbh a mharú. 14c Téann an gadaí timpeall san oíche,
15. Bíonn an t-adhaltrach ag tnúth leis an gcamhaoir, Á rá: Ní bhfaighfear radharc orm, Agus cuireann sé brat thar a aghaidh.
16. Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas. Sa lá téann siad i bhfolach; Ní eol dóibh siúd an solas.
17. Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha, Mar is eol dóibh a huafáis.
18. Deir sibh: «Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n-uiscí; Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh. Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.
19. Scuabfadh uiscí an tsneachta a ngairdíní le fána. Dá scrúdódh Dia an peacach,
20. Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air, Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh. Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.»
21. Mhaslaigh sé an bhean aimrid nár iompair leanbh, Agus ní raibh sé cneasta leis an mbaintreach.
22. Ach cuirtear fad le laethanta an tíoránaigh, Agus beireann sé bua le barr nirt, Nuair a chailleann sé a mhuinín ina bheatha,
23. Tugtar dó socracht agus taca. Dá mbeadh [Dia] ag faire a mbealaí,
24. D' ardófaí iad ar feadh tamaillín, agus ansin theipfidís. Thitfidís ar lár, agus threigfidís ar nós na leamhaí buí, D' fheofaidís ar nós diasa arbhair.
25. Muran mar sin atá, cé a chruthóidh gur thugas m' éitheach, Nó cé a thaispeánfaidh nach fíor iad mo ráite?

Iób 25:1-6
1. Ansin d' fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt:
2. Cad é tiarnas agus urraim atá ag dul do [Dhia]! Cuireann sé an tsíocháin i réim sna harda.
3. An bhfuil áireamh ar líon a shluaite, Ar tháinig aon duine slán óna [luíocháin]?
4. Arbh fhéidir d' aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé? Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?
5. Níl an ghealach féin geal, Ná na realtaí glan ina láthair.
6. Nach lú ná sin an duine, nach bhfuil ann ach cruimh, Agus mac an duine, nach bhfuil ann ach péist.

Salm 96:7-10
7. Tugaigí don Tiarna, a chlanna na gciníocha; tugaigí don Tiarna glóir agus cumhacht.
8. tugaigí don Tiarna an ghlóir is dual dá ainm; tugaigí bhur dtabhartais libh isteach ina chúirteanna.
9. Tugaigí adhradh don Tiarna in éide naofa; bí ar crith ina láthair a dhomhan uile.
10. Fógraígí do na ciníocha: «Tá an Tiarna ina Rí.» shocraigh sé an domhan go daingean dochorraithe; tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na náisiúin.

Seanfhocal 23:9-9
9. Ná cuir caint amú ar amadán, mar nach dtuigfidh sé ciall do ráite.

Rómhánaigh 15:1-24
1. Sinne atá láidir ní mór dúinn cur suas le laigí na bhfann agus gan bheith ar mhaithe linn féin
2. ach gach duine againn ar mhaithe leis an gcomharsa d' fhonn é a neartú.
3. Ní ar mhaithe leis féin a bhí Críost ach mar atá scríofa: «Is ormsa a thit aithisí na ndaoine a bhí do d' aithisiú.»
4. Gach ar scríobhadh fadó is dár dteagascna a scríobhadh é chun go mbeadh an fhoighne agus an sólás atá le fáil sa scrioptúr ina n-ábhar dóchais againn.
5. Go dtuga Dia na foighne agus an tsóláis daoibhse a bheith báúil le chéile de réir mheon Chríost Íosa
6. ar shlí go mbeidh sibh d' aontoil agus d' aonghuth ag moladh Dé agus Athair ár dTiarna Íosa Críost.
7. Bíodh glacadh agaibh le chéile, mar sin, mar a ghlac Críost libh féin chun glóire Dé.
8. Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú
9. agus san am céanna chun go dtabharfadh na gintlithe glóir do Dhia ar son a thrócaire, mar atá scríofa: «Molfaidh mé thú dá bhrí sin i measc na náisiún, agus canfaidh mé do d' ainm le duan.»
10. Agus deirtear in áit eile: «Déanaigí gairdeachas, a náisiúna, mar aon lena phobal féin.»
11. Agus in áit eile fós: «Molaigí an Tiarna, a náisiúna uile agus móradh na pobail go léir é.»
12. Agus arís, deir Íseáia: «Eascróidh fréamh de chuid Ieise, an té a éireoidh chun na náisiún a rialú. As siúd a bheidh a muinín acu.»
13. Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeidh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh.
14. I dtaca libhse, a bhráithre liom, táim féin cinnte go bhfuil sibh lán de dhea-chroí agus go bhfuil fuílleach eolais den uile shórt agaibh agus gur féidir libh comhairle a thabhairt dá chéile.
15. Is é fáth a bhfuilim ag scríobh chugaibh agus mé dian go maith oraibh anseo agus ansiúd chun bhur gcuimhne a mhúscailt, agus táim á dhéanamh mar gheall ar an ngrásta a fuair mé ó Dhia,
16. bheith i mo mhinistir ag Íosa Críost chun na ngintlithe agus dea-scéal Dé mar chúram sagartúil orm chun go mbeadh na gintlithe ina n-íobairt thaitneamhach dó agus iad coisricthe ag an Spiorad Naomh.
17. Is ábhar mórtais dom, dá bhrí sin, a bhfuil déanta agam do Dhia in Íosa Críost.
18. Ní leomhfaidh mé a lua ach a bhfuil déanta ag Críost tríom chun na gintlithe a thabhairt faoina réir le briathar agus le gníomh,
19. le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.
20. Bhí sé ina phrionsabal agam gan an dea-scéal a fhógairt áit ar bith ach an áit nach raibh trácht ar ainm Íosa cheana, le heagla go mbeinn ag tógáil ar bhonn a bhí leagtha ag duine eile,
21. ach déanamh mar atá scríofa: «Iad siúd nach bhfuair scéala air, feicfidh siad é agus iad siúd nár chuala trácht air tuigfidh siad.»
22. Sin é an fáth a raibh bac chomh minic sin orm teacht chugaibh.
23. Ach ós rud é nach bhfuil a thuilleadh slí chun oibre sna críocha seo agam, agus go bhfuilim le blianta fada ag tnúth le dul ar chuairt chugaibh,
24. nuair a bheidh mé ag dul chun na Spáinne, tá súil agam go bhfeicfidh mé sibh agus mé ar mo bhealach anonn, agus go ndéanfaidh sibhse mé a thionlacan ar aghaidh ann, tar éis dom tamall aoibhnis a thabhairt in bhur gcuideachta ar dtús.