Iób 19:1-29 |
1. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: |
2. An fada a bheidh sibh do mo chiapadh Agus do mo bhascadh le focail? |
3. Thug sibh tarcaisne dom deich n-uaire Agus mhaslaigh sibh mé go mínáireach. |
4. Fág go ndeachaigh mé amú, Nach bhfanann mo locht faram féin? [Labhair mé focail gan tairbhe, Ba trí dhearmad a labhair mé, agus le barr aineolais.] |
5. Má bhíonn sibh uaibhreach liom, Agus argóint i mo choinne a dhéanamh de mo náire, |
6. Bíodh a fhios agaibh gurb é Dia a chuir san éagóir mé, Agus a dhún a líon i mo thimpeall. |
7. Féach! glaoim in aghaidh an éigin, ach ní thugtar freagra orm. Iarraim cabhair, ach ní bhíonn ceart le fáil agam. |
8. Chuir sé bac ar mo bhóthar agus ní féidir dom gabháil thairis. Chuir sé an dorchadas ina bhrat ar mo chosán. |
9. D' fhuadaigh sé mo ghlóir, Agus bhain an choróin de mo cheann. |
10. Rinne sé mé a bhascadh ó gach taobh, agus ghéill mé. Stoith sé mo dhóchas mar phlanda as an talamh. |
11. D' adhain sé a fhearg i m' aghaidh, Agus d' áirigh sé mé mar namhaid dó. |
12. Tháinig a fhorsaí i m' aghaidh in éineacht, Thug siad ruathar fúm, Agus chuir léigear ar mo bhoth. |
13. Thréig mo bhráithre mé, Agus scar mo lucht aitheantais liom ar fad. |
14. D' imigh mo ghaolta agus mo chairde cumainn chun siúil uaim, Agus rinne m' aíonna i mo theach dearmad orm. |
15. Is strainséar mé dar le mo bhanseirbhísigh; Níl ionam ach duine deoranta dar leo. |
16. Glaoim ar mo sheirbhíseach, ach freagra ní thugann sé; Ní foláir dom dul ag tathant air. |
17. Is bréan le mo bhean an anáil asam, Agus is gráin le mo bhráithre cíche mé. |
18. Tá drochmheas ag na leanaí féin orm; Nuair a thagaim i láthair labhraíonn siad i mo choinne. |
19. Is fuath le mo chairde cléibh mé, Agus an mhuintir dá dtug mé grá, d' iompaigh siad i m' aghaidh. |
20. Tá mo chuid feola ag lobhadh faoi mo chraiceann, Tá mo chnámha ag gobadh amach ar nós fiacal. |
21. Bíodh trua agaibh dom, a chairde liom, bíodh trua agaibh dom, Óir threascair lámh Dé mé. |
22. Cad chuige a ndéanann sibh mé a chiapadh ar nós Dé? Nach bhfuil bhur sáith de m' fheoil ite agaibh? |
23. Mo mhairg nár scríobhadh síos mo bhriathra, Nár inscríobhadh iad ar scrolla, |
24. Nár greanadh iad, le peann iarainn agus le luaidhe, Ar charraig go brách. |
25. Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh. |
26. Dá bhfeicfinn é ar scaradh le mo chneas, Dá bhfaighinn radharc ar mo Dhia agus mé díchollaithe, |
27. An té a d' fheicfinn, bheadh sé ar mo thaobh, An té a bhfeicfeadh mo shúile é, ní bheadh sé eascairdiúil liom. Tá mo leasracha á gcnaí! |
28. Sibhse a deir: «Cén chaoi a rachaimid sa tóir air? Cén leithscéal atá againn ina aghaidh?» |
29. Bíodh eagla oraibh féin anois roimh an gclaíomh, Mar adhanfar fraoch na feirge in aghaidh na hurchóide, Le go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil breithiúnas ann dáiríre. |
Iób 20:1-29 |
1. Ansin d' fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt: |
2. Tá fonn ar mo smaointe freagra a thabhairt ar an méid sin; Agus ní ionadh mé a bheith do mo shuaitheadh go mífhoighneach; |
3. Is beag orm an teagasc a fuaireas, Ach thug spiorad as mo thuiscint freagra orm: |
4. Is eol [dom] seo ó na cianta, Ó cuireadh an duine ar talamh: |
5. Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh. ABN: 5, 11, 6-10, 12 |
6. Fág go mbeadh sé chomh hard leis an spéir Agus go sroichfeadh a cheann na néalta, |
7. Rachaidh sé ar ceal go brách dála an chátha; Déarfaidh an mhuintir a chonaic é: «Cá bhfuil sé?» |
8. Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air. Imeoidh sé leis dála aisling oíche. |
9. An tsúil a chonaic é, ní luífidh sí air a thuilleadh, Agus ní bhfaighfear radharc air níos mó ina áit dhúchais. |
10. Beidh a mhic faoi leatrom le barr bochtanais, Agus déanfaidh a chlann a mhaoin a aisíoc. |
11. Tá lúth na hóige ag borradh ina chnámha, Ach luífidh sé leis sa chré |
12. Ba mhilis é blas na hurchóide ina bhéal, Agus chuir sé i bhfolach í faoina theanga. |
13. Níor mhian leis scaoileadh léi Ach moill a chur uirthi ina bhéal. |
14. Ach téann athrú ar a chuid bia ina ghoile, Déanann nimh nathrach de ina bholg. |
15. An mhaoin a shlog sé, ní foláir dó í a aiseag; Déanfaidh Dia iad a dhíbirt as a bholg. |
16. Déanann sé nimh nathrach a dhiúl; Is í teanga na nathrach nimhe a mharóidh é. |
17. Ní fhéachfaidh sé ar aibhneacha ola, Ar shlaoda meala agus ime. |
18. Tá deireadh leis an aoibh ar a cheannaithe de bharr a shochair; Ní bheidh sásamh a thuilleadh aige as borradh a mhaoine. |
19. Óir réab sé botháin na mbocht, Agus thóg seilbh ar theach duine eile in áit teach a thógáil dó féin. |
20. Níorbh fhéidir saint a chroí a shásamh, Agus anois [ní shábhálfaidh a thoice é]. |
21. Ní dheachaigh aon ní slán óna ampla, Agus anois ní bheidh a chonách buan. |
22. Luífidh an ghannchúis air agus flúirse ina thimpeall. Tiocfaidh gach sort anró sa mhullach air. |
23. (Nuair a líon sé a bholg?) Scaoilfidh Dia fraoch loiscneach a fheirge go léir air, Agus fearfaidh sé neascóidí ar a chorp. |
24. Má theitheann sé ón arm iarainn, Aimseoidh an bogha cré-umha go paiteanta é. |
25. Tiocfaidh an crann amach trína dhroim, Agus an rinn trí mháilín a dhomlais. Tá stór uafas i ndán dó. |
26. Agus tá an dorchadas go léir ar a thí. Tá tine gan bhoilg lena alpadh; Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth. |
27. Nochtfaidh na flaithis a urchóid, Agus éireoidh an talamh ina choinne. |
28. Scuabfaidh díle a theach ar shiúl, Mar thuile lá na feirge. |
29. Sin é cuid roinne an urchóidigh ó láimh Dé Agus oidhreacht a uaille ó Dhia. |
Salm 95:6-11 |
6. Téanam, go n-adharfaimis agus go sléachtfaimis; feacam ár nglúine i láthair an Tiarna a chruthaigh sinn. |
7. Óir is é ár nDia é, agus is sinne pobal a pháirce agus caoirigh a láimhe. |
8. Á, dá n-eistfeadh sibh inniu lena ghlór: «Ná cruaigí bhur gcroí mar a tharla i Miríbeá, nó an lá úd ag Masá san fhásach |
9. mar a ndearna bhur n-aithreacha mo phromhadh, do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta. |
10. Ar feadh daichead bliain ba ghráin liom an ghlúin sin agus dúirt mé: 'Is seachránach a gcroí siúd; is pobal iad nach eol dóibh mo shlite.' |
11. Ar an ábhar sin mhionnaigh mé i m' fhearg nach rachaidís i mo shuaimhneas isteach go brách.» |
Seanfhocal 23:4-5 |
4. Ná caith do dhúthracht ag cnuasach maoine, agus ná bain le [breis bhradaigh]. |
5. Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi, fásfaidh sciatháin uirthi, dála an iolair a eitlíonn chun na spéire. |
Rómhánaigh 13:1-14 |
1. Bíodh gach duine géilliúil do na húdaráis atá os a chionn, mar níl údarás ar bith ann ach ó Dhia; agus na húdaráis atá ann is é Dia a cheap iad. |
2. Aon duine, mar sin, a chuireann in aghaidh an údaráis, is in aghaidh ordú Dé a bhíonn sé ag cur, agus na daoine a chuireann ina aghaidh sin tarraingeoidh siad daorbhreith orthu féin. |
3. Ní don dea-ghníomh is baol na rialtóirí ach don drochghníomh. An áil leat gan eagla fhear an údaráis a bheith ort? Más áil déan an mhaith agus beidh moladh agat uaidh |
4. mar is seirbhíseach Dé é ar mhaithe leat. Ach más é an t-olc a dhéanann tú, bíodh a eagla ort mar ní gan ábhar a bhíonn an claíomh á iompar aige: is seirbhíseach Dé é chun díoltas a agairt le díbheirg ar an té a dhéanann an t-olc. |
5. Ar an ábhar sin is éigean géilleadh don údarás agus ní le heagla na díbheirge amháin é ach ar mhaithe leis an gcoinsias chomh maith. |
6. Is ar an ábhar céanna a íocann sibh cánacha; feidhmeannaigh Dé is ea na bailitheoirí agus caitheann siad a ndúthracht ar an obair seo. |
7. Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d' fhear na cánach agus an dleacht d' fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis. |
8. Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige. |
9. Na haitheanta «ná déan drúise,» «ná déan marú,» «ná déan goid,» «ná santaigh,» agus aon aithne eile dá bhfuil ann, tá coimriú déanta orthu go léir san abairt seo: «Gráigh do chomharsa mar thú féin.» |
10. Ní dhéanann an grá aon olc ar an gcomharsa, agus, dá bhrí sin, is é an grá comhlíonadh an dlí. |
11. Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh. |
12. Tá sé i bhfad amach san oíche agus ní fada uainn an lá. Caithimis oibreacha an dorchadais uainn, mar sin, agus cuirimis orainn cathéide an tsolais. |
13. Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúise, gan achrann gan éad. |
14. Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d' fhonn a hainmhianta a shásamh. |