Iób 15:1-35 |
1. Iób á Dhaoradh as a Bhéal Féin |
2. Ar chóir do dhuine gaoismhear freagairt le heolas baoth? Agus a bholg a líonadh le gaoth anoir? |
3. An ndéanann sé a chúis a phlé le caint gan éifeacht Agus le briathra gan tairbhe? |
4. Sea, tá eagla Dé á cur ar shiúl agat Agus tá urraim á diúltú agat dó. |
5. D' urchóid a spreagann do ráite béil, Agus is gean leat teanga na gcleasaithe. |
6. Daorfar thú as do bhéal féin, agus ní as mo bhéalsa, Agus is iad do bheola féin a thabharfaidh fianaise i d' aghaidh. |
7. An tú céadghin an chine dhaonna? Nó ar saolaíodh thú roimh na sléibhte? |
8. Ar chuala tú rún Dé? Ar ghlac tú an eagna chugat féin amháin? |
9. Cén t-eolas atá agatsa nach bhfuil againne? Cén intlíocht atá agat nach bhfuil againne freisin? |
10. Tá an ceann liath agus an críonna inár measc, Agus aos acu thar mar atá ag d' athair. |
11. An beag ort na sóláis ó Dhia? Agus an focal a labhraíonn go cneasta leat? |
12. Cén fáth a mbaineann do racht de do bhonna thú? Agus go bhfuil faghairt i do shúile? |
13. A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar Dhia Agus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal. |
14. Céard é an duine go mbeadh sé íon? Agus gin na mná go mbeadh sé fíréanta? |
15. Féach, ní chuireann Dia a mhuinín ina neacha naofa, Ná ní íon iad na spéartha ina radharc. |
16. Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil, Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce? |
17. Éist liom, tá ceacht agam duit, Agus inseoidh mé duit cad a chonaic mé: |
18. Cad deir lucht gaoise, Agus nár cheil a sinsir, |
19. Ar dóibh amháin a tugadh an talamh, Agus nár ghabh aon deoraí ina measc: |
20. I gcaitheamh a ré go léir, Tá an t-urchóideach á chiapadh Agus tá blianta an tíoránaigh arna ríomhadh. |
21. Tá glórtha bagracha ina chluasa Agus tiocfaidh an scriostóir air i lár a chonáigh. ABN: 21, 31, 22-30, 32. |
22. Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas; Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó, |
23. Agus a bheith ina bhia ag badhbha. Tá a fhios aige go bhfuil an mí-ádh mar chinniúint aige, |
24. Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air; Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air, Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe. |
25. Óir shín sé a lámh in aghaidh Dé, Agus leomhaigh sé dúshlán an Uilechumhachtaigh a thabhairt. |
26. Thug sé ruathar ceanndána faoi le sciath ramharbhocóideach. |
27. Bhí brat blonaige ar a cheannaithe Agus sprochaillí saille ar a cheathrúna. |
28. Chuir sé faoi i gcathracha scriosta Agus lonnaigh i dtithe tréigthe, A bhfuil i ndán dóibh bheith ina bhfothracha. |
29. Ní bheidh sé saibhir, ná ní mhairfidh a mhaoin, Ná ní leathfaidh a [scáth] i bhfad eile ar talamh. |
30. Ní scarfaidh sé leis an dorchadas; Loscfaidh lasair a bhachlóga Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl. |
31. Ná téadh sé i muinín a thoirt; Tá breall air, níl aon tathag ann. |
32. Feofaidh a ghéaga roimh a n-am; Ní bheidh a chraobha glas. |
33. Ligfidh sé dá thorthaí titim agus gan iad abaí, dála na bhfíniúna, Agus caithfidh sé uaidh a bhláth dála na holóige: |
34. Óir níl an rath ar chuideachta na n-urchóideach, Agus loscfar bothanna na breibe le tine. |
35. Óir gineann siad mailís agus beireann siad an urchóid, Agus déanann a mbroinn an chalaois a réiteach. |
Iób 16:1-22 |
1. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: |
2. Nach minic a chuala mé a leithéid sin go léir cheana! Nach ainnis an lucht sóláis sibh! |
3. An mbeidh deireadh le bladhgar briathar? Nó cad a ghoill ort gur fhreagair tú mé? |
4. D' fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa, Dá mbeadh d' anamsa in áit m' anamasa. An ndéanfainn thú a chiapadh le focail? Nó mo cheann a chroitheadh ort? |
5. Thabharfainn misneach duit le briathra mo bhéil Agus ní dhiúltóinn sólás mo bheola. |
6. Dá labhróinn ní bheadh laincis ar mo dhoilíos; Dá scorfainn ní fhágfadh sé mé. |
7. Anois ghoin mo chara cumainn mé Agus ciapann mo chuideachta go léir mé. |
8. D' éirigh sé mar fhinné i mo choinne, Mar chúlghearrthóir, ag tabhairt fianaise i m' aghaidh. |
9. Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa; Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m' aghaidh Agus tá mo naimhde ag stánadh orm. |
10. Tá a mbéal ar leathadh acu i mo choinne Agus bhuail siad mé sa leiceann go fonóideach; Tá rith an rása leo i m' aghaidh. |
11. Tá Dia do mo thabhairt suas don urchóideach, Agus do mo chaitheamh i lámha na gcoirpeach. ABN: 11, 17, 12-16, 18. |
12. Bhí mé ar mo shuaimhneas nó gur bhris sé ó chéile mé. Rug sé ar mhuineál orm agus rinne smionagar díom. Rinne sé a sprioc díom. |
13. Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom. Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise; Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh. |
14. Briseann sé mé mant ar mhant, Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch. |
15. D' fhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceann Agus sádh mo cheann sa lathach. |
16. Tá mo cheannaithe craorag le neart goil, Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl. |
17. Cé nach bhfuil an lámh láidir ag roinnt liom, Agus gur íon í mo phaidir. |
18. Ná clúdaigh m' fhuil, a chré, Agus ná bíodh áit suaimhnis ag m' olagón. |
19. Anois féin, féach, tá m' fhinné ar neamh, Agus tá mo chosantóir ansiúd thuas. |
20. Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam; Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair. |
21. Déanann sé cás duine a thagairt i láthair Dé Mar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan. |
22. Óir tá blianta mo shaoil arna n-áireamh, Agus is gearr go ndéanfaidh mé imeacht gan teacht. |
Salm 94:20-23 |
20. An mbeidh cúirt na gcoirpeach i gcomhar leat, an dream a chuireann clóca an dlí ar an mioscais? |
21. Tugann siad fogha faoi anam an fhíréin, agus daorann siad an neamhchiontach chun báis. |
22. Bíodh acu! sé an Tiarna mo dhaingean agus sé Dia carraig mo dhídine. |
23. Tabharfaidh sé a n-urchóid sa mhullach orthu, agus scriosfaidh iad lena mailís féin; millfidh an Tiarna ár nDia iad. |
Seanfhocal 22:28-29 |
28. Ná haistrigh cloch ársa theorann, a leag do shinsir ina leaba. |
29. An bhfeiceann tú duine atá oilte ar a ghnó? déanfaidh sé freastal ar ríthe; ní do shuaracháin a bheidh sé ag fónamh. |
Rómhánaigh 11:19-36 |
19. Déarfaidh tú liom ar ndóigh: «Is ea, ach scoitheadh craobhacha den chrann chun mise a nódú ann.» |
20. Tá go maith, ach is mar gheall ar easpa creidimh a scoitheadh iad agus is é do chreideamh atá do do choimeádsa suas. Ná bíodh aon éirí in airde ort, dá bhrí sin, ach eagla. |
21. Más rud é nár lig Dia leis na craobhacha dúchais ní ligfidh sé leatsa ach oiread. |
22. Tabhair do d' aire cineáltas Dé agus a dhéine: a dhéine a bhí sé orthu siúd a thit ar lár agus a chineáltacht atá Dia leatsa ma leanann tú faoina chineáltas: ach mura leanann, gearrfar thusa anuas chomh maith. |
23. Agus iad siúd, má shéanann siad a ndíchreideamh, nódófar sa chrann arís iad, mar tá sé ar chumas Dé iad a nódú ar ais ann. |
24. Má gearradh tusa den ológ fhiáin ba dhúchas duit is gur nódaíodh in aghaidh nádúir san fhíorológ tú, nach móide go mór go nódófar na craobhacha dúchais ar ais ina n-ológ dhílis féin? |
25. Le heagla go mbeadh rómheas agaibh ar bhur gcuid gaoise féin ní áil liom gan fios na rúndiamhaire seo a bheith agaibh, a bhráithre: Tá cruas croí tagtha ar chuid d' Iosrael, nó go mbeidh iomlán na ngintlithe tagtha isteach |
26. agus, mar sin, slánófar Iosrael ar fad de réir mar atá scríofa: «Tiocfaidh an fuascailteoir as Síón; ruaigfidh sé an éagráifeacht as Iacób. |
27. Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé leo nuair a thógfaidh mé a bpeacaí chun siúil.» |
28. Maidir leis an dea-scéal, is naimhde iad do Dhia rud a théann chun sochair daoibhse; ach maidir leis an toghadh is ionúin leis iad mar gheall ar na patrarcaí, |
29. mar ní cúis aiféala choíche do Dhia a thíolacthaí ná an rogha a bhíonn déanta aige. |
30. Bhí sibhse tráth easumhal do Dhia ach tá trócaire déanta anois oraibh trína n-easumhlaíochtsan. |
31. Is é an dála céanna acu siúd é: tá siadsan éirithe easumhal anois nuair atá trócaire déanta oraibhse chun go ndéanfaí trócaire orthu chomh maith. |
32. Mar chuir Dia an uile dhuine i ngeibheann san easumhlaíocht d' fhonn trócaire a dhéanamh orthu uile. |
33. Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí! |
34. «Cé a thuig aigne an Tiarna? Nó cé a bhí riamh ina chomhairleoir aige?» |
35. Nó «Cé a thug rud riamh dó go bhfaighidh sé a chúiteamh?» |
36. Mar is uaidhsean agus trídsean agus dósan gach uile ní dá bhfuil ann. Glóir go deo leis. Amen. |