Iób 11:1-20 |
1. Ansin d' fhreagair Zófar ó Namát agus dúirt: |
2. Nach bhfuil freagra le tabhairt ar chlabaireacht? An bhfuil caint phras le bheith mar urra ag duine ar an gceart? |
3. An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost? An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú? |
4. Agus an ndéarfaidh tú: «Is íon é mo theagasc, Agus an bhfuilim glan i do radharc?» |
5. Uch nach labhródh Dia Agus a bhéal a oscailt chugat, |
6. Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat. |
7. An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach? |
8. Is airde é ná na spéartha! Cad tá ar do chumas? Is doimhne é ná Seól! Cad tá ar eolas agat? |
9. Is faide é a thomhas ná an domhan, Is fairsinge é ná an fharraige. |
10. Má ghabhann sé thar bráid, agus braighdeanas a chur i bhfeidhm, Nó cúisiú go poiblí, cé a chuirfidh cosc leis? |
11. Is eol dó a pheacúla atá an duine; Tá an urchóid os comhair a shúl, agus tugann sé aird uirthi. |
12. Tá an duine baoth ar uireasa tuisceana; Is cuma nó searrach an asail fhiáin an duine ag teacht ar an saol. |
13. Má chuireann tú do chroí in ord, Agus do lámha a leathadh chun Dé |
14. Má bhíonn an t-olc idir lámha agat, cuir i bhfad uait é, Agus ná lonnaíodh an éagóir i do bhoth |
15. Ansin ardóidh tú do cheann agus gan máchail air, Agus beidh tú daingean, gan eagla ort. |
16. Déanfaidh tú dearmad de d' ainnise, Gan de chuimhne agat air ach mar an tuile a ghabh thart. |
17. Beidh do shaol níos gile na meán lae, Agus déanfar láchan dá dhorchadas. |
18. Beidh misneach agat, mar tá dóchas agat; Féachfaidh tú i do thimpeall, agus luífidh tú síos go slán sábháilte. |
19. Luífidh tú síos, gan eagla aon duine ort, Ach a lán ar thóir do ghnaoi. |
20. Ach féachfaidh lucht an oilc ina dtimpeall le súile marbhánta; Ní bheidh bealach éalaithe fágtha acu, Agus gan de dhóchas acu ach an dé deiridh. |
Iób 12:1-25 |
1. Ansin d' fhreagair Iób agus dúirt: |
2. Sibhse gan amhras lucht na tuisceana, Agus gheobhaidh an eagna bás libhse! |
3. Ach tá tuiscint agamsa chomh maith libh, Agus níl an tosach agaibh orm, Agus, ó luaigh mé é, cé dó nach eol sin? |
4. Is ceap magaidh mé do mo chairde, Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra! Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh. |
5. An té atá ar a shuaimhneas níl ach drochmheas aige ar an ainnise, Agus sonc don té a fuair barrthuisle. |
6. Tá an rath ar bhothanna na ladrann; Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh, An mhuintir a rinne dia de neart a lámh. |
7. Ní gá duit ach ceist a chur ar na hainmhithe agus cuirfidh siad ar an eolas thú! Nó ar éanlaith an aeir agus múinfidh siad thú; |
8. Nó labhair leis an talamh, agus inseoidh sé duit, Agus tabharfaidh iasc na farraige eolas duit. |
9. Céard é ina measc seo go léir nach eol dó Gurb é lámh Dé a rinne é seo go léir? |
10. Tá anam gach dúile beo ina ghlaic, Agus anáil anama an chine dhaonna. |
11. Nach ndéanann an chluas na briathra a phromhadh Agus an carball an bia a bhlas? |
12. Leis an tseanaois a ghabhann an eagna Agus an chríonnacht le síneadh na mblianta. |
13. Is i [nDia] atá eagna agus cumhacht, Is aige atá comhairle agus tuiscint. |
14. Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán; Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó; |
15. Má stopann sé na huiscí, téann siad i ndísc; Má scaoileann sé leo, bánn siad an talamh. ABN: 15, 23, 24, 25, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22 |
16. Tá neart ann agus teacht aniar; Is leis an dul amú agus an cur amú; |
17. Fágann sé comhairleoirí ag siúl cosnochta Agus breithiúna ina n-amadáin. |
18. Scaoileann sé crios na ríthe Agus ceanglann brat íochtair faoina gcoim. |
19. Fágann sé sagairt ag siúl cosnochta Agus leagann ar lár na huaisle. |
20. Ní fhágann sé focal ag na soilbhire, Agus sciobann ar shiúl gaois na seanóirí. |
21. Maslaíonn sí flatha Agus coilleann ceandáine na dtréan. |
22. Nochtann sé rúin as an dorchadas, Agus tugann an scáil dhorcha chun solais. |
23. Mórann sé náisiúin agus ansin déanann iad a threascairt; Cuireann sé an rath ar chiníocha agus ansin déanann iad a mhilleadh. |
24. Sciobann sé ar shiúl tuiscint lucht ceannais na tíre, Agus fágann iad ar guardal i bhfásach gan treoir; |
25. Bíonn siad ag únfairt sa dorchadas gan solas Agus fágann sé iad ag longadaíl mar a bheadh duine ar meisce. |
Salm 94:1-11 |
1. A Thiarna Dia, is leatsa an díoltas; a Dhia, a dhíoltasaí, bí do do thaispeáint féin dúinn. Salm 93 |
2. Éirigh! tabhair breithiúnas ar an talamh; tabhair a ndíol do lucht an díomais. |
3. Cá fhad a mhaífidh na héagráifigh, a Thiarna; cá fhad a mhaífidh siad a mbua? |
4. Ag gaotaireacht dóibh is ag labhairt go díomasach, bíonn na hainbheartaigh ag maíomh go mórtasach. |
5. Gabhann siad de chosa i do phobal, a Thiarna, agus déanann siad d' oidhreacht a chiapadh. |
6. Maraíonn siad an bhaintreach is an strainséir, agus tugann siad ár an dílleachta. |
7. Agus deir siad: «Ní fheiceann an Tiarna é; ní thugann Dia Iacóib dá aire é.» |
8. Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille; a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh! |
9. An té a chruthaigh an chluas, an ea nach gcluinfidh sé? agus an té a chum an tsúil, an ea nach bhfeicfidh sé? |
10. An té a smachtaíonn na náisiúin nach n-agróidh sé? an té a theagascann na daoine, nach mbeidh eolas aige? |
11. Is eol don Tiarna smaointe an duine; is eol dó nach bhfuil iontu ach puth anála. |
Seanfhocal 22:24-25 |
24. Ná déan muintearas leis an té atá tugtha don fhearg, agus ná bíodh caidreamh agat ar fhear drochmhianaigh, |
25. Le heagla go bhfoghlaimeofá a bhealaí, agus go mbéarfaí ort i ngaiste. |
Rómhánaigh 10:1-21 |
1. Go deimhin, a bhráithre, is é mian mo chroí é agus mo ghuí chun Dé orthu go slánófaí iad. |
2. Tugaim fianaise orthu go bhfuil díograis acu do Dhia ach nach díograis dea-eolais é. |
3. Mar nuair nár aithin siad fíréantacht Dé ach iad ag iarraidh a bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad d' fhíréantacht Dé. |
4. Mar is é Críost buaic an dlí chun fíréantachta don uile dhuine a chreideann ann. |
5. Is é a scríobhann Maois faoin bhfíréantacht a thagann ón dlí: «An té a choimhlíonann í, mairfidh sé inti.» |
6. Ach is é a deir an fhíréantacht a thagann ó chreideamh: Ná habair leat féin: «Cé a rachaidh suas ar neamh?» (is é sin le rá chun Críost a thabhairt anuas); |
7. nó: «Cé a rachaidh síos sa duibheagán?» (is é sin le rá chun Críost a thabhairt aníos ó mhairbh). |
8. Ach cad a deir sé? «Tá an briathar i ngar duit, i do bhéal agus i do chroí» (is é sin le rá briathar an chreidimh atáimidne a fhógairt). |
9. Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mbairbh é, slánófar thú. |
10. Is sa chroí a bhíonn an creideamh a fhíréanaíonn agus sa bhéal a bhíonn an admháil a shlánaíonn. |
11. Agus deir an scrioptúr: «Gach aon duine a chreideann ann ní bheidh díomá air.» |
12. Mar níl aon dealú idir Giúdach agus Gréagach mar is é an t-aon Tiarna amháin atá orthu go léir agus caitheann sé go flaithiúil lena nglaonn air, |
13. «mar gach aon duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna, slánófar é.» |
14. Ach conas a ghlaofaidís ar an té nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfidís sa te nár chuala siad trácht air? Agus conas a chloisfidís trácht air gan duine á fhógairt dóibh? |
15. Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: «Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.» |
16. Ach ní gach aon duine a ghéill don dea-scéal, de réir mar a deir Íseáia: «A Thiarna, cé a chreid ár dteagasc?» |
17. Is ó theagasc a thagann an creideamh, mar sin, agus is trí sheanmóireacht Chríost a thagann an teagasc féin. |
18. Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar «chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.» |
19. Ceist eile agam: An amhlaidh nár thuig Iosrael an scéal? Ar an gcéad ásc dúirt Maois: «Cuirfidh mé in éad sibh le dream nach pobal agus cuirfidh mé i bhfeirg sibh le cine gan chiall.» |
20. Agus téann Íseáia chomh fada lena rá: «An mhuintir nach raibh do mo lorg, is iad a fuair mé. Agus an mhuintir nach raibh do m' fhiafraí, is dóibh a d' fhoilsigh mé mé féin.» |
21. Ach is é a deir sé faoi Iosrael: «Shíneas mo lámha ar feadh an lae chun pobail atá easumhal ceanndána.» |