A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Iúil 27

Nihimiá 6:1-19
1. Nuair a chuala Sanballat, Tóibíá agus Geisim an tArabach agus ár naimhde eile go raibh an balla atógtha agam, gan bearna fágtha ann cé nach raibh na comhlaí curtha agam ar na geataí fós
2. chuir Sanballat agus Geisim teachtaireacht chugam: «Tar agus buail linn i gceann de na bailte i nGleann Ónó.» Bhí urchóid éigin beartaithe acu dom.
3. Chuir mé teachtairí chucu dá bhrí sin á rá: «Tá beartas mór ar bun agam agus dá bhrí sin ní féidir dom dul síos. Stadfadh an obair dá bhfágfainn ann í agus dul síos chugaibh.»
4. Chuir siad fios orm ceithre huaire ar an tslí sin, agus thug mé an freagra céanna orthu.
5. Chuir Sanballat, ar an intinn chéanna, a sheirbhíseach chugam den chúigiú huair le litir oscailte.
6. Seo mar a bhí scríofa inti: «Tá sé ina scéal reatha i measc na gciníocha, de réir mar a deir Geisim, go bhfuil ceannairc á beartú agatsa agus ag na Giúdaigh, agus gur chuige sin atá tú ag tógáil an bhalla, agus go bhfuil tú féin le bheith i do rí;
7. gur thug tú treoracha d' fháithe a fhógairt ar mhaithe leat in Iarúsailéim: 'Tá rí ag Iúdá.' Cloisfidh an rí na ráflaí seo go luath i dtreo go mb' fhearr duit teacht, más ea, agus cúrsaí a phlé linn.»
8. Chuir mé freagra ar ais chuige ar an méid sin: «Maidir lena bhfuil ráite agat, níor tharla aon ní dá leithéid; cumadóireacht as barr do chinn féin é go léir.»
9. Óir bhíodar ag iarraidh eagla a chur orainn; dúirt siad leo féin: «Tuirseoidh a lámha ón obair, agus ní chuirfear críoch go brách léi.» Ach idir an dá linn bhí neart breise [á chur] i mo lámha agam.
10. Thug mé cuaird ar Sheamaiá mac Dhaláiá mac Mhahaetabael mar go raibh cosc air teacht chugam. Dúirt sé: «Buailimis le chéile i dTeampall Dé, i ndiamhra an tsanctóra; Dúnaimis doirse an tsanctóra, Óir tá siad ag teacht ar tí do mharaithe, Tá siad ag teacht ar tí do mharaithe anocht.»
11. Ach d' fhreagair mé: «An dteithfeadh mo leithéidse? An rachadh fear de mo sheasamhsa isteach sa sanctoir lena anam a shabháil? Ní rachaidh mé!»
12. Thuig mé agus chonaic mé nach amhlaidh a chuir Dia é le hé sin a rá, ach gur fhógair sé an t-oracal sin orm mar go raibh Tóibíá [agus Sanballat] á dhíol,
13. le go ndéanfainn é sin le barr scanradh, agus go ndéanfainn peaca le go bhféadfaidís mo cháil a mhilleadh agus fonóid a dhéanamh fúm.
14. Cuimhnigh, a Dhia, ar Thóibíá agus ar Shanballat de bharr a ndearna siad; agus ar Nóaidiá an banfháidh agus ar na fáithe eile a bhí ag iarraidh scanradh a chur orm.
15. Bhí an balla réidh dá bhrí sin faoi cheann dhá lá déag agus daichead, ar an gcúigiú lá fichead d' Ealúl.
16. Nuair a chuala ár naimhde ina thaobh, agus go bhfaca na ciníocha máguaird é, chuir sé alltacht orthu; bhí drochmheas acu ar ár naimhde agus d' admhaíodar gur le cabhair ár nDé a cuireadh an obair i gcrích.
17. I rith an ama chéanna seo bhí a lán de mhaithe Iúdá ag cur litreacha go tiubh go Tóibíá, agus bhí litreacha óThóibíá ag teacht chucu;
18. mar bhí mórán in Iarúsailéim faoi ghéillsine mionn dó mar ba chliamhain é do Sheacainiá mac Árach, agus bhí a mhac Iahóchánán pósta le hiníon Mhisiulám mac Bheiriceá.
19. Bhídís fiú ag maíomh a dhea-ghníomhartha os mo chomhair féin, agus chuiridís tuairisc ar mo chuid cainte ar ais chuige. Agus lean Tóibíá air ag cur litreacha chugam le scanradh a chur orm.

Nihimiá 7:1-73
1. Nuair a bhí an balla tógtha agus na comhlaí go léir ar a lúdracha agam, ceapadh gardaí i bhfeighil na ngeataí (seachas na cantairí agus na Léivítigh).
2. Chuir mé riaradh Iarúsailéim faoi chúram mo dhearthár Hanáiní agus Hanainiá, ceannasaí an dúnfoirt, mar ba dhuine iontaofa é agus eagla Dé air thar mar is gnáth.
3. Dúirt [mé] leo: «Ná osclaítear geataí Iarúsailéim nó go dtaga teas sa ghrian, agus dúntar agus daingnítear na doirse fad tá [sí fós ard]. Ceapaigí fir as áitritheoirí Iarúsailéim le bheith ina lucht garda, cuid acu i láithreacha faire agus cuid eile acu os comhair a dtí féin.»
4. Ba mhór agus b' fhairsing í an chathair ach ba bheag é a líon daoine, gan aon tithe nua tógtha.
5. Bhuail mo Dhia isteach i mo cheann ansin tionól a chur ar na huachtaráin, ar na feidhmeannaigh, agus ar an bpobal d' fhonn áireamh a dhéanamh ar na daoine de réir finí. D' aimsigh mé clár ginealach na muintire úd a d' fhill den chéad iarracht agus seo mar a fuair mé scríofa ann:
6. Seo iad muintir an chúige a d' fhill ó bhraighdeanas agus ó dheoraíocht. Tar éis a ndíbeartha ag Nabúcadnazar rí na Bablóine, d' fhill siad ar ais go Iarúsailéim agus go Iúdá, gach duine chun a bhaile féin.
7. D' fhill siad le Zarubáibil, Iéisiúa, Nihimiá, Azairiá, Ráimiá, Nachamánaí, Mordacaí, Bilseán, Mispirit, Bigví, Nahúm, Báná. Liosta na bhfear do phobal Iosrael:
8. clann mhac Pharois, dhá mhíle céad seachtó a dó;
9. clann mhac Sheafaitiá, trí chéad seachtó a dó;
10. clann mhac Árach, sé chéad caoga a dó;
11. clann mhac Phachat Móáb, sé sin clann mhac Iéisiúa agus Ióáb, dhá mhíle ocht gcéad agus a hocht déag;
12. clann mhac Éalám, míle dhá chéad caoga a ceathair;
13. clann mhac Zatú, ocht gcéad agus daichead a cúig;
14. clann mhac Zacái, seacht gcéad agus a seasca;
15. clann mhac Bhionúi, sé chéad agus daichead a hocht;
16. clann mhac Bhaebái, sé chéad fiche a hocht;
17. clann mhac Azgád, dhá mhíle trí chéad fiche a dó;
18. clann mhac Adoiniceám, sé chéad seasca a seacht;
19. clann mhac Bhigví, dhá mhíle seasca a seacht;
20. clann mhac Áidín, sé chéad caoga a cúig;
21. clann mhac Átaer, Hiziciá is é sin, nócha a hocht;
22. clann mhac Háisium, trí chéad fiche a hocht;
23. clann mhac Bhaezái, trí chéad fiche a ceathair;
24. clann mhac Háirif, céad agus a dó dhéag;
25. fir Ghibeón, cúigear agus nócha;
26. fir Bheithile agus Natofá, céad agus a hochtó cúig;
27. fir Anatót, céad fiche a hocht;
28. fir Bhéit Azmávat, daichead a dó;
29. fir Chiriat Iáraím, Chipíreá agus Bhaerót, seacht gcéad daichead a trí;
30. fir Rámá agus Gheaba, sé chéad fiche a haon;
31. fir Mhicmeás, céad fiche a dó;
32. fir Bhéitéil agus Háí, céad fiche a trí;
33. fir Neabó, caoga a dó;
34. clann Éalám eile, míle dhá chéad caoga a ceathair;
35. clann mhac Háirím, trí chéad agus a fiche;
36. fir Ireachó, trí chéad daichead a cúig;
37. fir Lod, Háidíd agus Ónó, seacht gcéad fiche a haon;
38. clann mhac Shaná, trí mhíle naoi gcéad agus a tríocha.
39. Na sagairt: clann mhac Iadaiá, teaghlach Iéisiúa is é sin, naoi gcéad seachtó a trí;
40. clann mhac Iméir, míle caoga a dó;
41. clann mhac Phaischiúr, míle dhá chéad daichead a seacht;
42. clann mhac Háirim, míle agus a seacht déag.
43. Na Léivítigh: clann mhac Iéisiúa, Chaidmíéil, Bhionúi agus Hoidiá, seachtó a ceathair.
44. Na cantairí: clann mhac Ásáf, céad daichead a hocht.
45. Lucht faire na ngeataí: clann mhac Shealúm, clann mhac Átaer, clann mhac Thalmon, clann mhac Acúb, clann mhac Haitíteá, clann mhac Sheobái, céad tríocha a hocht.
46. Na tíolacthaigh: clann mhac Zícheá, clann mhac Hasúpá, clann mhac Thabáót,
47. clann mhac Chéaros, clann mhac Shuíahá, clann mhac Phádón,
48. clann mhac Labáná, clann mhac Hagábá, clann mhac Shealmaí,
49. clann mhac Hanán, clann mhac Ghidéil, clann mhac Ghachar,
50. clann mhac Ráiá, clann mhac Reizín, clann mhac Nacódá,
51. clann mhac Ghazám, clann mhac Uzá, clann mhac Phásaech,
52. clann mhac Bhaesai, clann mhac Mheúiním, clann mhac Nifísím,
53. clann mhac Bhacbúc, clann mhac Hacúfá, clann mhac Harchúr,
54. clann mhac Bhazlút, clann mhac Mhicídeá, clann mhac Harsá,
55. clann mhac Bharcós, clann mhac Shíseará, clann mhac Theamach,
56. clann mhac Níziach, clann mhac Haitífeá.
57. Clann mhac dhaoir Sholaimh: clann mhac Shotai, clann mhac Shoifeirit, clann mhac Pharúdá,
58. clann mhac Iálá, clann mhac Dharcón, clann mhac Ghidéil,
59. clann mhac Sheafaitiá, clann mhac Haitíl, clann mhac Phoiceirit-haz-Zabáím, clann mhac Amón.
60. Líon iomlán na dtíolacthach agus clann mhac dhaoir Sholaimh: trí chéad nócha a dó.
61. Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adón, Iméir ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir:
62. clann mhac Dhaláiá, clann mhac Thóibíá, clann mhac Nacódá sé chéad daichead a dó.
63. Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí fear a phós ceann d' iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm.
64. Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláracha a gcraobh sinseartha, ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh.
65. Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.
66. Ba é líon an chomhthionóil go léir ná daichead dó míle trí chéad agus a seasca,
67. seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobh ar fad; bhí dhá chéad daichead a cúig cantairí idir fhir agus mhná acu freisin.
68. 68a Bhí [seacht gcéad tríocha a sé chapall acu, agus dhá chéad daichead a cúig miúil,]
69. 68b ceithre chéad tríocha a cúig camaill, sé mhíle seacht gcéad agus a fiche asal.
70. 69 Thug cinn finí áirithe ofrálacha deonacha don tógáil. Thug an gobharnóir míle drachma óir, leathchéad babhla, tríocha éide sagairt, agus cúig céad [míoná airgid] don chiste.
71. 70 Agus thug cinn finí fiche míle drachma óir agus dhá mhíle míoná airgid don chiste tógála.
72. 71 Sé an t-iomlán a thug an chuid eile den phobal ná fiche míle drachma óir, dhá mhíle míoná agus seasca a seacht éide sagairt.
73. 72 Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim, agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh agus na hIosraelaigh eile ina mbailte féin.

Salm 89:5-10
5. 6 Foilsíonn na flaithis do mhíorúiltí, a Thiarna; tá d' fhírinne á moladh ag comhthionól na naomh.
6. 7 Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta, cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?
7. 8 Is uafásach é Dia i gcomhchomhairle na naomh; is éachtach é agus is uamhnach thar a bhfuil ina thimpeall.
8. 9 A Thiarna Dia na slua, cé is comhionann leat? Is cumhachtach tú, a Thiarna, agus do dhílseacht de gach leith díot.
9. 10 Is agatsa atá ceannas ar fhraoch na farraige; is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta.
10. 11 Bhuail tú cos ar Ráhab go ndearna tú bloghanna de; agus scaip tú d' eascairde le do chuisle chumhachtach.

Seanfhocal 21:21-28
21. An té a théann sa tóir ar an gcóir agus ar an gcineáltas, beidh idir bheatha agus chóir agus onóir aige.
22. Dhéanfadh an duine críonna dúnfort na ngaiscíoch a dhreapadh, agus an daingean as a mbíonn a muinín a scartadh.
23. An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga, seachnaíonn sé tubaiste.
24. Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais, agus bíonn éirí in airde ina iompar.
25. Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin, mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.
26. Bíonn saint gan staonadh ar fhear an oilc, ach ní théann aon stad ar an bhfíréan ach ag dáileadh gan doicheall.
27. Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n-urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.
28. Déanfar an finné bréige a mhilleadh, ach tabharfar cluas i gcónaí d' fhocail an duine ghéilliúil.

Gníomhartha 27:1-26
1. Nuair a bhí sé beartaithe go seolfaimis chun na hIodáile, thug siad suas Pól agus roinnt eile príosúnach do thaoiseach céad darbh ainm Iúilias, de dhíorma an impire.
2. Chuamar ar bord loinge in Adraimitiam, long a bhí ag triall ar chalafoirt feadh chósta na hÁise, agus chuireamar chun farraige. Bhí Arastarchos, Macadónach ó Theasaloinicé, in éineacht linn.
3. An lá dár gcionn chuamar i dtír i Síodón, agus bhí Iúilias chomh lách sin le Pól gur lig sé dó dul ag fiosrú a chairde agus iad a dhéanamh cúraim de.
4. Chuireamar chun siúil ón áit sin agus toisc an ghaoth a bheith inár gcoinne sheolamar ar thaobh na fothana den Chipir
5. agus ansin trasna na farraige amach ón tSiléis agus ó Phaimfile nó gur thángamar i dtír i Míora i gcúige na Líce.
6. Fuair an taoiseach céad long Alastraíneach ansiúd a bhí ag triall ar an Iodáil, agus chuir sé sinn ar bord inti.
7. Ba bheag an siúl a bhí fúinn ar feadh mórán laethanta, agus ba é ár ndícheall é Cníodos a bhaint amach agus nuair nach ligfeadh an ghaoth dúinn dul ar aghaidh, sheolamar linn faoi thaobh na fothana den Chréit amach ó Shalmóiné;
8. ag coinneáil go dlúth leis an gcósta dúinn, agus ba le dua é, bhaineamar áit amach darbh ainm na Cuanta Áille, áit atá i ngar do chathair Lasáia.
9. Bhí mórán aimsire curtha amú againn faoin am seo: bhí Lá an Troscaidh thart agus níorbh iontaoibh feasta leanúint den turas. Más ea thug Pól foláireamh dóibh
10. á rá: «Feictear domsa, a fheara, go bhfuil tubaiste i ndán don turas seo agus go ndéanfar díobháil mhór ní amháin don long agus don lasta ach dúinn féin chomh maith.»
11. Ach ba mhó an aird a thug an taoiseach céad ar an bhfear stiúrach agus ar an gcaptaen ná ar chaint Phóil.
12. Agus toisc nach raibh an cuan oiriúnach chun an geimhreadh a chaitheamh ann, mhol a bhformhór dul chun farraige ón áit, le súil go bhféadfaidís Féinix a shroichint agus an geimhreadh a chaitheamh ann cuan de chuid na Créite a bhfuil a aghaidh siar ó dheas agus siar ó thuaidh.
13. Nuair a d' éirigh gaoth bhog aneas, mheas siad go raibh rite leo; thóg siad an t-ancaire agus chun bealaigh leo cois cósta na Créite.
14. Ach níorbh fhada gur éirigh anfa gaoithe an ghaoth anoir aduaidh mar a ghlaotar uirthi agus í ag séideadh ón talamh.
15. Nuair a rugadh ar an long agus nárbh fhéidir a ceann a choinneáil le gaoth, ghéilleamar agus d' imíomar le sruth.
16. Ritheamar faoi scáth oileáin bhig darbh ainm Cauda agus d' éirigh linn bád na loinge a fheistiú ar éigean.
17. Thóg siad ar bord é agus bhain feidhm as áiseanna chun an long a fháscadh, agus ar eagla go rithfidís isteach sa Sirtis, lig siad anuas na seolta agus d' imigh le sruth ar an gcuma sin.
18. An lá dár gcionn bhí an stoirm dár ngreadadh go dona agus thosaigh siad ag caitheamh an lasta thar bord
19. agus an lá ina dhiaidh sin theilg siad trealamh na loinge amach lena lámha féin.
20. Ar feadh mórán laethanta ní raibh grian ná réalta le feiceáil ach an t-anfa dár ngreadadh go dian agus gan súil ar bith againn go dtiocfaimis slán.
21. Faoin am seo bhí siad tamall fada gan bia a chaitheamh agus d' éirigh Pól ina lár agus dúirt: «Dá mb' áil libh mo chomhairlese a ghlacadh, a fheara, agus gan corraí as an gCréit, ní tharlódh an dochar ná an díobháil seo daoibh.
22. Ar a shon sin impím anois oraibh misneach a bheith agaibh mar ní chaillfear duine ar bith agaibh ach an long amháin.
23. Mar anocht féin sheas le mo thaobh aingeal ón Dia ar leis mé agus a bhfuilim ag seirbhís dó,
24. agus dúirt sé liom: 'Ná bíodh eagla ort, a Phóil, mar ní foláir duitse seasamh os comhair Chéasair, agus a bhfuil de dhaoine ag taisteal leat, féach, tá siad bronnta suas ort ag Dia.'
25. Bíodh misneach agaibh dá bhrí sin, a fheara, mar go gcreidimse i nDia go dtitfidh gach ní amach mar a dúradh liom é,
26. agus go bhfuil i ndán dúinn go gcaithfear i dtír sinn in oileán éigin.»