A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Iúil 26

Nihimiá 3:1-31
1. Ansin chrom Eiliáisíb an t-ardsagart agus a chomhshagairt ar Gheata na gCaorach a thógáil; [leagadar síos] a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí [a bholtaí agus a bharraí] agus lean siad ar aghaidh go Túr Hananael.
2. Fir Ireachó a thóg taobh leo, agus [taobh leosan] Zacúr mac Imrí.
3. Clann mhac Hasaná a thóg Geata an Éisc; leagadar síos a ursana agus ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.
4. Taobh leosan rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz deisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá mac Mhiséazabael deisiú;
5. taobh leis-sean rinne muintir Theacóá deisiú cé gur dhiúltaigh a dtaoisigh a gceann a chromadh do chuing saothair a dtiarnaí.
6. Rinne Ióiádá mac Phásae agus Misiulám mac Bhasóidiá [geata na roinne nua] a dheisiú; leagadar a ursana, ghreamaíodar a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.
7. Taobh leosan rinne Malaitiá ó Ghibeón, agus Iádón ó Mhaeronot deisiú, agus fir Ghibeón agus Mhizpeá ar son gobharnóirí an chúige thar Eofrataes.
8. Taobh leosan rinne Úizíéil, ball de chuallacht na ngaibhne óir, deisiú; taobh leis-sean rinne Hanainiá de chuallacht na gcumhróirí deisiú; rinne siad Iarúsailéim a dhaingniú chomh fada le [Balla na Cearnóige];
9. taobh leosan rinne Rafáiá mac Húr, rialtóir ar leath dhúiche Iarúsailéim, deisiú;
10. taobh leosan rinne Iadáiá mac Harúmaf deisiú ar aghaidh a thí féin; taobh leis-sean rinne Hatúis mac Haisibniá deisiú;
11. rinne Mailcíveá mac Háirim agus Haisiúb mac Phachat Móáb an chéad chuid eile a dheisiú ar aghaidh go Túr na Sorn;
12. taobh leis-sean rinne Sealúm mac Hallóchéis, uachtarán ar leath dhúiche Iarúsailéim, agus a chlann [mhac] deisiú.
13. Rinne Hánún agus áitritheoirí Zánóach Geata an Ghleanna a dheisiú; d' athchóirigh siad é, leag síos a ursana agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí, agus dheisigh siad míle banlámh den bhalla suas go dtí Geata an Aoiligh.
14. Mailcíveá mac Raecáb, uachtarán dhúiche Bhéit-hac-Ceirim, dheisigh sé Geata an Aoiligh, [é féin agus a chlann mhac]; ghreamaigh sé a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí.
15. Sealúm mac Chol Hoize, uachtarán dhúiche Mhizpeá, dheisigh sé Geata an Tobair; d' athchóirigh sé é, chumhdaigh é, agus ghreamaigh a chomhlaí, a bholtaí agus a bharraí. D' atóg sé chomh maith balla Linn na Canálach le hais ghairdín an rí, chomh fada ar aghaidh leis na céimeanna anuas ó dhúnfort Dháiví.
16. Nihimiá mac Azbúc, uachtarán leath dhúiche Bhéit Zúr, rinne sé deisiú chomh fada leis an mball ar aghaidh thuamaí Dháiví, na linne tacair, agus Theach na Laoch;
17. taobh leis-sean, rinne na Léivítigh deisiú: Rachúm mac Bháiní; taobh leis-sean rinne Haisibiá, uachtarán ar leath dhúiche Cheíleá, deisiú ar son a dhúiche féin;
18. taobh leis-sean rinne a mbráithre deisiú; Bávaí mac Haenádád, uachtarán ar leath dhúiche Cheíliá;
19. taobh leis-sean rinne Éizir mac Iéisiúa, uachtarán Mhizpeá, stráice eile a dheisiú ar aghaidh ard na hArmlainne i dtreo na hUilleann.
20. Taobh leis-sean rinne Bárúc mac Zabaí stráice eile a dheisiú ón Uillinn chomh fada le doras theach Eiliáisíb an t-ardsagart;
21. taobh leis-sean rinne Maraemót mac Úiríá mac Hacóz stráice eile a dheisiú ó dhoras theach Eiliáisíb go dtí a cheann eile;
22. taobh leis-sean rinne na sagairt faoin tuath máguaird deisiú;
23. taobh leo-san rinne Biniáimin agus Haisiúb deisiú ar aghaidh a dtithe féin; taobh leo-san rinne Azairiá mac Mhásaeiá mac Anainiá deisiú in aice a thí féin;
24. taobh leis-sean rinne Bionúi mac Haenádád stráice eile a dheisiú ó theach Azairiá go dtí an Uillinn,
25. agus ar aghaidh go dtí an cúinne. Rinne Pálál mac Úzaí deisiú ar aghaidh an chúinne, agus an túr atá ag gobadh amach os cionn phálás uachtarach an rí agus atá ina sheasamh i gclós an phríosúin. Taobh leis-sean rinne Padáiá mac Pharois deisiú
26. (agus bhí na tíolacthaigh ag cur fúthu in Oifil) chomh fada le Geata an Uisce, i dtreo an oirthir, agus ar aghaidh an túir ghobaigh.
27. Taobh leis-sean rinne muintir Theacóá deisiú ar stráice eile ar aghaidh an túir mhóir ghobaigh agus chomh fada le balla Oifil.
28. Ó Gheata na nEach amach rinne na sagairt deisiú, gach duine acu ar aghaidh a thí féin.
29. Taobh leo-san rinne Zádóc mac Iméir deisiú ar aghaidh a thí féin; taobh leis-sean rinne Seamaiá mac Sheacainiá, garda an Gheata Thoir, deisiú.
30. Taobh [leis-sean] rinne Hanainiá mac Sheilimiá agus Hánún séú mac Záláf stráice eile a dheisiú; taobh leis-sean rinne Misiulám mac Bheiriciá deisiú ar aghaidh a áit chónaithe;
31. taobh [leis-sean] rinne Mailcíveá, de chuallacht na ngaibhne óir, deisiú chomh fada le háras na dtíolacthach agus na gceannaithe, ar aghaidh Gheata na Faire, go seomra uachtair an chúinne.

Nihimiá 4:1-23
1. Nuair a chuala Sanballat go raibh na ballaí á n-atógáil againn, tháinig fraoch agus cuthach feirge air. Rinne sé fonóid faoi na Giúdaigh 3:33
2. 3:34 agus dúirt i láthair a ghaolta agus maithe na Samáire: «Cén fuadar atá faoi na truáin Ghiúdacha seo? [An bhfuil siad le tosú?] An dóigh leo nach bhfuil ann ach gnó lae acu? An dóigh leo gur féidir dóibh anam a chur arís sna clocha seo, na clocha dóite seo, a sciob siad ó na cnocáin luaithrigh?»
3. 3:35 Bhí Tóibíá an tAmónach taobh leis, agus dúirt sé: «Tógaidís leo! má phreabann sionnach ar a mballa, leagfaidh sé na clocha anuas!»
4. 3:36 Féach, cad é drochmheas atá orainn, a Dhia linn! Tabhair a n-asacháin sa mhullach orthu féin! Cuir táir orthu i dtír éigin ina dtiomáinfear iad ar deoraíocht.
5. 3:37 Ná ceil a gciontacht agus ná scrios a bpeaca as do radharc, óir ghriog siad chun feirge thú os comhair lucht na tógála.
6. 3:38 Bhíomar ag atógáil an bhalla idir an dá linn, agus ba ghearr go raibh sé leath slí suas timpeall ar fad mar go raibh fonn oibre ar na daoine.
7. 4:1 Nuair a fuair Sanballat, Tóibíá, na hArabaigh, na hAmónaigh, agus na hAisdeodaigh tuairisc go raibh deisiú ballaí Iarúsailéim ag dul chun cinn agus go raibh na bearnaí á n-iamh de réir a chéile, tháinig an-fhearg orthu,
8. 2 agus rinneadar comhcheilg teacht le chéile agus Iarúsailéim a ionsaí agus cur as do mo bheartas.
9. 3 Ansin ghuíomar chun ár nDé agus chuireamar buíon ar garda ina n-aghaidh de lá agus d' oíche [d' fhonn an chathair a chosaint].
10. 4 Ach chrom Iúdá ar ghearán: «Tá neart an lucht iompair ag teip agus is mór a bhfuil de luaithreach ann fós; ní chuirfimid críoch leis an mballa go deo.»
11. 5 Agus deireadh ár naimhde: «Tiocfaimid aniar aduaidh orthu gan fhios gan radharc acu, ansin déanfaimid iad a threascairt agus deireadh a chur leis an ngnó seo.»
12. 6 Thug Giúdaigh a bhí ag cur fúthu ina gcóngar rabhadh dúinn deich n-uaire ina dtaobh, á rá: «Tá siad chugainn as gach ball ina bhfuil cónaí orthu.»
13. 7 [Chuamar] inár láithreacha catha dá bhrí sin thíos ar chúl an bhalla mar a raibh fairsinge; d' eagraigh mé na daoine de réir fine, agus claimhte sleánna agus boghanna acu.
14. 8 Thug mé faoi deara [an eagla a bhí orthu] agus d' éirigh mé i mo sheasamh agus dúirt mé leis na huachtaráin, na maoir, agus leis an bpobal eile go léir: «Ná bíodh eagla oraibh rompu! Cuimhnigí ar an Tiarna, mar is mór é agus is díol urraime é; troidigí ar son bhur ngaolta, bhur gclann mhac agus iníonacha ar son bhur mban agus bhur mbaile.»
15. 9 Nuair a fuair ár naimhde amach go raibh rabhadh faighte againn, agus gur chuir Dia a bplean amú, [d' imíodar leo] agus chuamar go léir ar ais, gach duine i mbun a shaothair ar an mballa.
16. 10 Ón lá sin amach ní bhíodh ach leath mo chuid fear ag tógáil; bhíodh an chuid eile ina seasamh, agus sleánna sciatha boghanna agus lúireacha acu, ar chúl teaghlach Iúdá,
17. 11 a bhí ag tógáil an bhalla. Bhíodh [airm ag] an lucht iompair chomh maith, i dtreo go ndéanadh gach duine díobh a ghnó lena leathláimh agus a arm ina leathláimh eile.
18. 12 Agus gach saor i mbun tógála bhíodh a chlaíomh ina chrios aige. Bhíodh fear an stoic le m' ais.
19. 13 Dúirt mé leis na huachtaráin, leis na feidhmeannaigh agus leis an gcuid eile den phobal: «Tá an obair mór agus í leata go fairsing agus táimid scartha i bhfad óna chéile ar na ballaí.
20. 14 Cibé áit ina gcloisfidh sibh an stoc á shéideadh, cruinnigí inár dtimpeall, agus troidfidh ár nDia thar ár gceann.»
21. 15 Chuamar ar aghaidh leis an obair mar sin (agus airm i lámha leath na bhfear) ó bhreacadh an lae go glioscarnach na réaltaí.
22. 16 Ansin dúirt mé leis an bpobal: «Caitheadh gach fear agus a sheirbhíseach an oíche in Iarúsailéim agus ar an tslí sin beidh siad ag faire dúinn san oíche agus ag obair sa lá.»
23. 17 Ní dhearna aon duine againn, mé féin ná mo ghaolta ná mo sheirbhísigh ná baill mo gharda phearsanta, ár gcuid éadaigh a bhaint dínn aon uair, ach a airm [i láimh gach duine].

Nihimiá 5:1-19
1. Ansin chrom na gnáthdhaoine agus a gcuid ban ag gearán go géar agus go garg in aghaidh a gcomhGhiúdach.
2. Dúirt cuid acu: «Tá d' iallach orainn ár mic agus ar n-iníonacha [a mhalartú] chun go leor arbhair a fháil le hithe agus le teacht slán.»
3. Dúirt cuid eile acu: «Tá d' iallach orainn ár dtailte, ár bhfíonghoirt agus ár dtithe a chur i ngeall le harbhar a fháil le linn an ghorta.»
4. Dúirt a thuilleadh fós acu: «Chaitheamar iasacht airgid a fháil, agus dul i mbannaí chuige sin lenár dtailte agus lenar bhfíonghoirt chun cáin an rí a íoc;
5. agus cé gur d' aon mhianach ar bhfeoilne agus feoil ar mbráithre, agus go bhfuil ár gclann-na chomh maith lena gclannsan, caithfimidne ár mic agus ár n-iníonacha a reic mar dhaoir; rinneadh cuid dár n-iníonacha a éigniú! Ach níl breith againn ar aon leigheas a chur ar an scéal, mar tá daoine eile anois i seilbh ár dtailte agus ár bhfíonghort agus ár maoine.»
6. Nuair a chuala mé an gearán agus an chaint sin, bhí an-fhearg orm.
7. Rinne mé mo mhachnamh ar an scéal agus ansin chuir mé ceartú ar na huachtaráin agus ar na feidhmeannaigh á rá: «Cad é ualach atá á chur ag gach duine agaibh ar a bhráthair!» Ghairm mé comhthionól mór le chéile le plé leo.
8. Dúirt mé leo: «Ár gcomhGhiúdaigh a díoladh le strainséirí, rinneamar iad a fhuascailt chomh fada agus a b' fhéidir dúinn, ach seo sibhse anois ag reic bhur mbráithre le go ndéanfaí iad a dhíol ar ais linne!» Bhíodar ina dtost agus níor fhan focal le rá acu.
9. Lean mé orm dá bhrí sin: «Is olc an rud é seo atá ar siúl agaibh. Nár chóir daoibh siúl ar chosán eagla Dé agus fonóid na gciníocha, ár naimhde, a sheachaint?
10. Thugas-sa agus mo ghaolta agus mo sheirbhísigh iasacht airgid agus arbhair dóibh chomh maith. Ach maithimis na fiacha sin.
11. Tugaigí ar ais gan mhoill dóibh a dtailte agus a bhfíonghoirt, a luibhghoirt ológ agus a dtithe, agus maithigí [na fiacha] ar an airgead, ar an arbhar, ar an bhfíon agus ar an ola a thug sibh ar iasacht dóibh.»
12. «Déanfaimid cúiteamh,» d' fhreagair siad, «ní éileoimid a thuilleadh orthu; déanfaimid rud ort.» Chuir mé fios ar na sagairt agus thug mé faoi deara dóibh mionn a thabhairt go ndéanfaidís beart de réir a mbriathar.
13. Ansin chroith mé amach urlach m' fhallainge á rá: «Go ndéana Dia amhlaidh sin agus go gcroithe sé amach as a theach agus as a shealúchas, aon duine nach gcoimeádann an gheallúint seo; go gcroitear amach mar sin é agus go bhfagtar follamh é!» Agus d' fhreagair an comhthionól go léir «Amen» agus mhol siad an Tiarna. Choimeád an pobal an gheallúint sin.
14. Agus thairis sin, ón lá a ceapadh mé mar ghobharnóir orthu i dtír Iúdá, ón bhfichiú bliain de réimeas Artaxarxaes go dtí an dara bliain déag ar fhichid, níor chaith mé féin ná mo ghaolta arán an ghobharnóra.
15. Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.
16. Agus lean mé orm ag obair ar an mballa seo leis i rith an ama, cé nach raibh aon talamh agam; bhí mo shearbhóntaí go léir freisin páirteach san obair.
17. Shuíodh leathchéad fear ag mo bhord, Giúdaigh (agus ceannairí), gan trácht orthu siúd a thagadh chugainn ó na ciníocha máguaird.
18. Dheantaí damh, sé cinn de chaoirigh breátha, agus éanlaith, a réiteach don bhord ar mo chostas féin gach lá; agus thugtaí deich seithe mar raidhse fíona chugam gach lá. Ach mar sin féin níor éiligh mé riamh costas beatha an ghobharnóra mar go raibh go leor ualaigh le hiompar cheana féin ag an bpobal seo.
19. Cuimhnigh, a Dhia, ar mhaithe liom, ar a bhfuil déanta agam ar son an phobail seo.

Salm 89:1-4
1. 1 Mascil Ethan an dúchasach. 2 Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna; fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin. Salm 88
2. 3 Óir is deimhin gur daingníodh do bhuanghrá go brách, agus shocraigh tú do dhílseacht chomh buan le neamh.
3. 4 «Cheangail mé conradh,» [a dúirt tú,] «leis an té a roghnaigh mé; dhearbhaigh mé do Dháiví mo sheirbhíseach:
4. 5 ' Socróidh mé do shliocht go brách, agus bunóidh mé do ríchathaoir go deo.'»

Seanfhocal 21:21-27
21. An té a théann sa tóir ar an gcóir agus ar an gcineáltas, beidh idir bheatha agus chóir agus onóir aige.
22. Dhéanfadh an duine críonna dúnfort na ngaiscíoch a dhreapadh, agus an daingean as a mbíonn a muinín a scartadh.
23. An té a chuireann smacht ar a bhéal agus ar a theanga, seachnaíonn sé tubaiste.
24. Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais, agus bíonn éirí in airde ina iompar.
25. Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin, mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.
26. Bíonn saint gan staonadh ar fhear an oilc, ach ní théann aon stad ar an bhfíréan ach ag dáileadh gan doicheall.
27. Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n-urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.

Gníomhartha 26:1-32
1. Ansin dúirt Aigripe le Pól: «Tá cead cainte ar do shon féin anois agat.» Agus shín Pól a lámh amach agus thosaigh sé ar a chosaint féin mar leanas:
2. «Is maith an bhail orm dar liom, a rí Aigripe, gur i do láthairse atáim do mo chosaint féin inniu ar a bhfuil de chionta á gcur i mo leith ag na Giúdaigh,
3. mar go bhfuil sáreolas agatsa ar nósanna uile na nGiúdach agus ar a gcuid conspóidí. Achainím ort dá bhrí sin éisteacht go foighneach liom.
4. «Tá a fhios ag na Giúdaigh go léir an chuma ar chaith mise mo shaol ó m' óige, mar gur i measc mo chine féin agus in Iarúsailéim a mhair mé ó thús.
5. Tá a fhios acu le fada, dá mba áil leo é a dhearbhú, gur mhair mé mar Fhairisíneach riamh anall, ag cloí leis an aicme ba dhéine dár gcreideamh.
6. Agus is mar gheall ar an dóchas atá agam leis an ngealltanas a thug Dia dár sinsir atáim ar mo thriail anseo anois.
7. Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus d' oíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáimse do mo chiontú ag na Giúdaigh.
8. Cén fáth gur dochreidte libhse mar scéal é go dtógann Dia na mairbh?
9. «Bhí mé féin deimhin de tráth gurbh é mo dhualgas é gach dícheall a dhéanamh in aghaidh ainm Íosa Nazóraigh.
10. Rinne mé amhlaidh in Iarúsailéim, agus is iomaí duine den phobal naofa a chuir mé faoi ghlas i bpríosún agus údarás agam chuige ó na hardsagairt, agus nuair bhídís á gcur chun báis, thugainnse mo ghuth ina gcoinne.
11. Agus is minic a bhínn ó shionagóg go sionagóg á gcéasadh agus ag iarraidh a thabhairt orthu Dia a mhaslú. Bhí mé chomh mór sin ar buile chucu go dtéinn ar a dtóir fiú amháin go cathracha i gcéin.
12. «Sin é an gnó a bhí do mo thabhairt go Damaisc le cead agus le húdarás na n-ardsagart
13. nuair a chonaic mé ar an mbóthar i lár an lae, a rí, solas ó neamh ba ghile ná an ghrian ag lonradh i mo thimpeall agus timpeall na bhfear a bhí le mo chois.
14. Thiteamar go léir chun talaimh agus chuala mé an guth á rá liom sa teanga Eabhra: 'A Shóil, a Shóil, cad uime a bhfuil tú do mo ghéarleanúint? Goilleann sé ort a bheith ag speachaíl in aghaidh na mbrod.'
15. ' Cé thú féin, a thiarna?' arsa mise. Agus dúirt an Tiarna: 'Is mé Íosa atá agat á ghéarleanúint.
16. Ach éirigh i do sheasamh ón talamh, mar is chuige seo a thaispeain mé mé féin duit chun go ndéanfainn seirbhíseach dom féin díot agus go mbeifeá i do fhinné agam ar a bhfuil feicthe agat díom agus ar a bhfeicfidh tú ar ball.
17. Tabharfaidh mé slán tú ó do phobal féin agus ó na gintlithe mar is chucusan atáim do do chur
18. chun a súile a oscailt le go n-iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.'
19. «Dá chionn sin, a rí Aigripe, ní dhearna mé neamhshuim den fhís ó neamh,
20. ach ag tosú dom le muintir Dhamaisce agus ina dhiaidh sin in Iarúsailéim agus ar fud dúiche Iúdáia agus i measc na ngintlithe, d' fhógair mé dóibh aithrí a dhéanamh agus casadh ar Dhia agus beart a dhéanamh de réir na haithrí.
21. Sin é an fáth a raibh na Giúdaigh ag iarraidh mé a mharú, tar éis dóibh breith orm sa Teampall.
22. Ach le cabhair ó Dhia táim ag seasamh an fhóid go dtí an lá inniu, ag tabhairt faisnéise do bheag agus do mhór ach gan aon ní á rá agam thar an méid a dúirt na fáithe agus Maois a bhí le titim amach:
23. nárbh fholáir don Chríost fulaingt agus solas a fhógairt don phobal agus do na gintlithe trína bheith ar an gcéad duine a d' éireodh ó mhairbh.»
24. Bhí Pól á chosaint féin mar sin nuair a dúirt Féastas in ard a ghutha: «Tá tú as do mheabhair, a Phóil! An iomad den léann atá do do thiomáint as do mheabhair.»
25. D' fhreagair Pól é: «Nílim as mo mheabhair, a Fhéastas ró-oirirc,» ar seisean, «níl sa chaint atá á rá agam ach an fhírinne lom.
26. Tuigeann an rí na cúrsaí seo agus sin é an fáth a bhfuilim ag labhairt go neamhbhalbh ina fhianaise. Táim cinnte de nach bhfuil aon chuid den ghnó seo ag imeacht gan fhios air mar ní i gclúid a tharla sé.
27. An gcreideann tusa na fáithe, a rí Aigripe? Tá a fhios agam go gcreideann tú.»
28. Dúirt Aigripe le Pól: «Is beag nach n-áitíonn tú orm a bheith i mo Chríostaí.»
29. «Cibé beag mór,» arsa Pól, «go dtuga Dia duit féin agus don uile dhuine atá ag éisteacht liom inniu go mbeidh sibh mar atáimse ach gan na slabhraí seo a bheith oraibh.»
30. Ansin d' éirigh an rí agus an gobharnóir agus Beirnicé agus an mhuintir a bhí ina suí leo,
31. agus ar dhul amach dóibh bhí siad ag caint le chéile, á rá: «Níl aon ní déanta ag an bhfear sin a thuillfeadh bás ná braighdeanas dó.»
32. Agus dúirt Aigripe le Féastas: «D' fhéadfaí an fear sin a scaoileadh saor mura mbeadh gur ghairm sé Céasar.»