A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Iúil 25

Nihimiá 1:1-11
1. Briathra Nihimiá mac Hacailiá. I mí Cisléu san fhichiú bliain [de réimeas Artaxarxaes rí], agus mé i ndúnfort Shúsá,
2. tháinig chugam duine de mo ghaolta, Hanáiní, le daoine áirithe ó Iúdá. Chuir mé ceist orthu i dtaobh na nGiúdach, an t-iarmhar a fuasclaíodh ó dheoraíocht, agus i dtaobh Iarúsailéim.
3. «An mhuintir a tháinig slan ón deoraíocht,» d' fhreagair siad, «agus atá ar ais ansiúd sa chúige, tá siad i gcruatan agus faoi leatrom náireach, tá ballaí Iarúsailéim ar lár agus a geataí loiscthe ag tine.»
4. Nuair a chuala mé na focail sin, shuigh mé síos agus bhris mo ghol orm, agus chaoin mé lá i ndiaidh an lae agus mé ar troscadh agus ag guí i láthair Dhia neimhe.
5. Agus dúirt mé: «A Thiarna, a Dhia neimhe, a Dhia mhór an imeaglaithe, a chothaíonn conradh agus cairdeas buan leo seo a thugann grá duit agus a chomhlíonann d' aitheanta,
6. tabhair cluas go grinn agus súil go géar do ghuí do shearbhónta, an ghuí atá á déanamh agam chugat anois de lá agus d' oíche ar mhaithe le clann Iosrael, do shearbhóntaí; admhaím na peacaí a rinneamarna, clann Iosrael, i d' aghaidh; pheacaigh mise agus pheacaigh teaghlach m' athar.
7. Is coiriúil coirpeach a pheacaíomar i d' aghaidh, gan na haitheanta, na dlíthe ná na gnásanna a leag tú ar do shearbhónta Maois a chomhlíonadh.
8. Cuimhnigh, impím ort, ar an bhfoláireamh a thug tú do Mhaois do shearbhónta: 'Má bhíonn sibh mídhílis, déanfaidh mé sibh a scaipeadh i measc na gciníocha;
9. ach má fhilleann sibh agus m' aitheanta a choimeád agus a chleachtadh, fiú dá mbeadh bhur ndíbeartaigh ar fán thar íor na spéire is faide i gcéin, déanfaidh mé iad a chruinniú ón áit sin agus a thabhairt ar ais chun na háite a roghnaigh mé le m' ainm a lonnú ann.'
10. «Siad seo do shearbhóntaí, do phobal, an mhuintir a d' fhuascail tú le do mhórneart agus do láimh thréan.
11. A Thiarna tabhair cluas d' urnaí do shearbhónta agus d' urnaí do shearbhóntaí gur gean leo urraim a thabhairt do d' ainm. Cuir an rath ar do shearbhónta inniu, agus deonaigh go mbeidh gnaoi an fhir seo air.» Ba chornaire ag an rí mé an uair úd.

Nihimiá 2:1-20
1. I mí Níosán, san fhichiú bliain de réimeas an rí, Artaxarxaes, bhí a chuid fíona os a chomhair; thóg mé suas an fíon agus thug mé don rí é; [roimhe sin] ní raibh mé riamh faoi bhrón ina láthair.
2. Dúirt an rí liom mar sin: «Cén fáth a bhfuil aghaidh bhrónach ort os rud é nach bhfuil tú tinn? Ní foláir nó go bhfuil dólás éigin ar do chroí.» Tháinig eagla mhór orm ansin
3. agus dúirt mé leis an rí: «Gura fada buan an rí! Cén fáth nach mbeadh aghaidh bhrónach orm nuair atá conamar déanta den chathair mar a bhfuil mo shinsir curtha agus a geataí loiscthe le tine?»
4. «Céard atá tú ag iarraidh orm, mar sin?» arsan rí liom. Chuir mé guí suas chun Dé neimhe ansin
5. agus dúirt mé leis á fhreagairt: «Mura miste leat é agus má tá lé ar bith agat liomsa, do sheirbhíseach, ba bhreá liom é dá gcuirfeá go dtí Iúdá mé chun na cathrach sin mar a bhfuil mo shinsir curtha, chun í a atógáil.»
6. D' fhiafraigh an rí díom ansin agus an bhanríon ina suí taobh leis: «Cá fhad a bhainfidh do thuras asat agus cathain a fhillfidh tú?» D' aontaigh an rí mé a chur ann agus d' inis mé dó cá fhad a bheinn as láthair.
7. Dúirt mé leis chomh maith: «Mura miste le do mhórgacht é, tugtar litreacha dom le haghaidh gobharnóirí an chúige thar Eofrataes, á rá leo ligean dom dul slán trína gcríocha go dtí Iúdá;
8. agus litir eile le haghaidh Ásáf, coimeádaí na bhforaoiseacha ríoga, á rá leis adhmad a thabhairt dom chun geataí a dhéanamh do dhúnfort an Teampaill agus le haghaidh ballaí na cathrach agus don teach a ndéanfainn féin cónaí ann.» Ghéill an rí do m' iarratas mar bhí lámh mhaith mo Dhé ag tacaíocht liom.
9. Tháinig mé ansin go dtí gobharnóirí an chúige thar Eofrataes agus thug mé litreacha an rí dóibh. Bhí oifigigh airm agus marcshlua ón rí i mo choimhdeacht.
10. Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an tAmónach daoir, an méid sin, tháinig an-mhíshásamh orthu toisc aon duine a theacht le beart a dhéanamh ar mhaithe le clann Iosrael.
11. Tháinig mé go Iarúsailéim dá bhrí sin agus d' fhan mé socair ann ar feadh trí lá.
12. Ansin d' éirigh mé san oíche, mé féin agus cúpla fear eile, agus gan é ráite agam le haon duine cad a bhuail Dia isteach i mo chroí a dhéanamh ar mhaithe le Iarúsailéim, agus gan agam d' ainmhithe ach an beithíoch a bhí do m' iompar.
13. Ghabhas Geata an Ghleanna amach dá bhrí sin agus thar Thobar an Dragúin go dtí Geata an Aoiligh. Rinne mé ballaí Iarúsailéim [agus na bearnaí iontu] a iniúchadh, agus, chomh maith, a geataí dóite.
14. Chuaigh mé ar aghaidh ansin go dtí Geata an Tobair agus go Linn an Rí, ach ní raibh bealach do mo bheithíoch iompair thairis sin.
15. Ansin san oíche ghabh mé an gleann suas agus mé ag iniúchadh an bhalla agus chas mé ar ais agus Geata an Ghleanna isteach arís, agus d' fhill mé mar sin.
16. Ní raibh a fhios ag na hoifigigh cár chuaigh mé ná cad a bhí ar siúl agam; ní raibh aon ní fós ráite agam leis na Giúdaigh ná na sagairt, ná na huaisle, ná na hoifigigh, ná le haon dream eile ar a mbeadh cúram na hoibre.
17. Dúirt mé leo ansin: «Feiceann sibh an cruachás ina bhfuilimid: tá Iarúsailéim ar lár agus a geataí dóite. Téanaigí, tógaimis ballaí Iarúsailéim agus ná bímis faoi náire mar seo a thuilleadh.»
18. Agus d' inis mé dóibh conas mar a bhí lámh chineálta Dé mar thaca liom chun na maitheasa, agus d' aithris mé dóibh a ndúirt an rí liom. «I mbun oibre linn!» ar siad, «agus ar aghaidh leis an tógáil!» agus chrom siad ar an obair fhónta le fonn.
19. Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an daor Amónach agus Geisim an tArabach mar gheall air seo, rinneadar magadh agus fonóid fúinn agus d' fhiafraíodar: «Céard atá ar siúl agaibh, an bhfuil ceannairc in aghaidh an rí á beartú agaibh?»
20. Ach thug mé freagra orthu: «Cuirfidh Dia neimhe agus talún an rath orainn! Táimidne, a shearbhóntaí, ag dul i mbun tógála; níl cuid ná ceart ná seoid chuimhne agaibhse in Iarúsailéim.»

Salm 88:11-18
11. 12 An bhfógrófar do ghrá san uaigh, nó do dhílseacht i measc na marbh?
12. 13 An bhfoilseofar d' éachtaí sa dorchacht; agus d' fhíréantacht i dtír na díchuimhne?
13. 14 Is ort a bhím ag éamh, a Thiarna, is chugat a thagann m' urnaí ar maidin.
14. 15 Cad chuige duit m' anam a ruaigeadh? cad fáth a bhfolaíonn tú d' aghaidh orm?
15. 16 Tá mé i m' ainniseoir, i riocht bháis ó m' óige; scanraigh mé romhat gur traochadh mo neart.
16. 17 Tháinig do dhíbheirg orm anuas, agus rinne do sceimhle mo scriosadh.
17. 18 Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile; tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.
18. 19 Sciob tú uaim mo chara agus mo chomharsa; is í an dorchacht mo chompánachsa feasta.

Seanfhocal 21:25-26
25. Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin, mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.
26. Bíonn saint gan staonadh ar fhear an oilc, ach ní théann aon stad ar an bhfíréan ach ag dáileadh gan doicheall.

Gníomhartha 25:1-27
1. Trí lá tar éis do Fhéastas teacht chun an chúige chuaigh sé suas ó Chéasaráia go Iarúsailéim.
2. Rinne na hardsagairt agus ceannairí na nGiúdach a ngearán leis in aghaidh Phóil,
3. agus d' iarr siad de ghar air go dtabharfadh sé Pól ar ais go Iarúsailéim, mar bhí luíochán á dhéanamh acu roimhe chun é a mharú ar an tslí.
4. Ach d' fhreagair Féastas go raibh Pól faoi choimeád i gCéasaráia agus go mbeadh sé féin ag dul ar ais ann gan mhoill.
5. «Agus,» ar seisean, «tagadh daoine údarásacha agaibh síos in éineacht liom agus má tá aon ní bunoscionn leis an duine, cúisídís é.»
6. Tar éis dó gan thar a hocht nó a deich de laethanta a thabhairt ina measc, chuaigh sé síos go Céasaráia agus an lá dár gcionn shuigh sé ina shuí breithimh agus d' ordaigh Pól a thabhairt isteach.
7. Nuair a tháinig sé i láthair, sheas na Giúdaigh a bhí tagtha anuas ó Iarúsailéim ina thimpeall agus thosaigh ag cur mórán cionta troma ina leith, nithe nár fhéad siad a chruthú.
8. Dúirt Pól mar chosaint air féin: «Níl coir ar bith déanta agam in aghaidh dlí na nGiúdach ná in aghaidh an Teampaill ná in aghaidh Chéasair.»
9. Bhí fonn ar Fhéastas gnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin agus dúirt sé mar fhreagra ar Phól: «An mbeifeá sásta dul suas go Iarúsailéim chun do thriail a sheasamh ann os mo chomhairse i dtaobh na gcionta seo?»
10. Ach dúirt Pól: «Táim i mo sheasamh os comhair suí breithimh Chéasair. Is ansiúd is ceart cúirt a chur orm. Níl aon éagóir déanta ar na Giúdaigh agam mar is eol duit féin go maith.
11. Má táim san éagóir agus má tá aon ní déanta agam a thuillfeadh an bás, nílim ag iarraidh an bás a sheachaint. Ach mura bhfuil aon bhun leis na nithe atá siad a chur i mo leith, ní féidir le duine ar bith mé a thabhairt suas dóibh. Gairmim Céasar.»
12. Ansin, tar éis dó dul chun cainte lena chomhairle, d' fhreagair Féastas agus dúirt: «Ó ghairm tú Céasar, is go Céasar a rachaidh tú.»
13. Nuair a bhí roinnt laethanta curtha díobh acu, tháinig an rí Aigripe agus Beirnicé anuas go Céasaráia ag fáiltiú roimh Fhéastas agus thug siad mórán laethanta ann.
14. Chuir Féastas scéal Phóil faoi bhráid an rí. «Tá fear anseo,» ar seisean, «a d' fhág Féilix ina dhiaidh i bpríosún.
15. Fad a bhí mé in Iarúsailéim rinne na hardsagairt agus seanóirí na nGiúdach gearán liom ina thaobh agus d' iarr é a dhaoradh.
16. Dúirt mé leo nach é béas na Rómhánach é aon chúisí a thabhairt suas sula ndéanfaí a chúiseoirí a thabhairt os a chomhair agus caoi a bheith aige é féin a chosaint ar an gcúiseamh.
17. Tháinig siad anseo liom dá bhrí sin agus, gan aon mhoill a dhéanamh, shuigh mé fúm i mo shuí breithimh lá arna mhárach agus d' ordaigh mé an duine a thabhairt isteach.
18. Ach nuair a d' éirigh lucht a chúisithe níor chuir siad ina leith aon drochchoir dá raibh coinne agam leo.
19. Ní raibh acu ina choinne ach ceisteanna éigin a bhaineann lena gcreideamh féin agus le hÍosa éigin atá marbh ach a dúirt Pól atá beo.
20. Nuair nach raibh aon bhreith agamsa ar na cúrsaí sin a iniúchadh, d' fhiafraigh mé de ar mhaith leis dul go Iarúsailéim agus a thriail a sheasamh ann fúthu.
21. Ach is é a d' éiligh Pól go gcuirfí faoi choimeád é nó go bhféachfadh an t-impire a chúis. D' ordaigh mé é a choinneáil i bpríosún go dtí go gcuirfínn ag triall ar Chéasar é.»
22. Dúirt Aigripe le Féastas: «Ba mhaith liom féin an fear seo a chloisteáil.» «Cloisfidh tú amárach é,» ar seisean.
23. Lá arna mhárach tháinig Aigripe agus Beirnicé faoi lánmhustar agus ghluais siad isteach i halla na dála, agus ceannasaithe an airm agus maithe na cathrach in éineacht leo. Ar ordú ó Fhéastas tugadh Pól isteach.
24. Ansin labhair Féastas agus dúirt: «A rí Aigripe agus sibhse go léir atá i láthair farainn, feiceann sibh an fear seo ar tháinig na Giúdaigh go léir ina slua chugam in Iarúsailéim agus anseo freisin agus iad ag screadach nár cheart é bheith beo a thuilleadh.
25. Ach fuair mé féin nach raibh aon ní déanta aige a thuillfeadh an bás. Ach de bhrí gur ghairm sé féin an t-impire, tá socair agam é a chur chuige.
26. Níl aon ní dearfa agam, áfach, le scríobh mar gheall air chun mo thiarna. Sin é an fáth ar thug mé chugaibh é agus chugatsa go háirithe a rí Aigripe i dtreo nuair a bheidh an fiosrú seo déanta go mbeidh rud éigin agam le scríobh.
27. Mar ba mhíréasúnta mar ghnó é, dar liom, príosúnach a sheoladh gan na cionta ina choinne a chur in iúl chomh maith.»