A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Iúil 23

Eazrá 7:1-28
1. Tar éis na n-imeachtaí sin, i réimeas Artaxarxaes rí na Peirse, ghabh Eazrá mac Sharáiá, mac Azairiá, mac Hilcíá,
2. mac Shealúm, mac Zádóc, mac Aichítiúb,
3. mac Amairiá, mac Mharáiót,
4. mac Zarachiá, mac Uizí, mac Bhucaí,
5. mac Aibíosúa, mac Phíneachás, mac Eileázár, mac Árón, an t-ardsagart
6. ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.
7. Chuaigh líon áirithe Iosraelach, sagairt, Léivítigh, cantairí, gardaí geata, agus tíolacthaigh suas go Iarúsailéim sa seachtú bliain de réimeas Artaxarxaes rí.
8. Tháinig sé siúd go Iarúsailéim ar an gcúigiú mí; ba í an seachtú bliain de réimeas an rí í,
9. mar bheartaigh seisean imeacht ón mBablóin ar an gcéad lá den chéad mhí, agus shroich sé Iarúsailéim ar an gcéad lá den chúigiú mí; bhí lámh chneasta a Dhé leis go dearfa.
10. Óir bhí Eazrá luite ó chroí le staidéar a dhéanamh ar dhlí an Tiarna agus lena chleachtadh, agus lena aitheanta agus a fhorálacha a theagasc d' Iosrael.
11. Seo cóip den cháipéis a thug Artaxarxaes rí d' Eazrá an sagart agus an scríobhaí a bhí oilte go sainiúil ar théacs aitheanta an Tiarna agus ar a dhlíthe ag baint le hIosrael.
12. Artaxarxaes, rí na ríthe, don sagart Eazrá, scríobhaí dhlí Dé neimhe, [síoth agus síocháin!].
13. Seo iad m' orduithe: aon duine i mo ríocht de phobal Iosrael, dá sagairt nó dá Léivítigh, a roghnóidh dá thoil féin, dul suas go Iarúsailéim, níl a bhac air dul leat.
14. Óir tá tusa do do sheoladh ag an rí agus ag a sheachtar comhairleoirí le hiniúchadh a dhéanamh ar Iúdá agus ar Iarúsailéim de réir dhlí do Dhé atá i do sheilbh,
15. agus freisin leis an airgead agus leis an ór a bhreith leat, a d' ofráil an rí agus a chomhairleoirí go deonach do Dhia Iosrael, atá ag cur faoi in Iarúsailéim,
16. agus chomh maith céanna a bhfaighidh tú d' airgead agus d' ór i gcúige na Bablóine go léir, mar aon leis na hofrálacha deonacha a rinne an pobal agus na sagairt do Theampall bhur nDé atá in Iarúsailéim.
17. Leis an airgead seo ceannaigh go fonnmhar, tairbh, reithí agus uain agus na habhlanna agus na hofrálacha dí a ghabhann leo; agus íobair iad ar altóir Theampall do Dhé atá in Iarúsailéim.
18. An fearasbarr óir agus airgid, caith é mar is áil leat féin agus le do bhráithre de réir thoil do Dhé.
19. Leag na soithí a tugadh duit i gcomhair seirbhís Theampall do Dhé i bhfianaise do Dhé in Iarúsailéim.
20. Aon rud eile a bhíonn de dhíth ar Theampall do Dhé, a tharlóidh a bheidh á chur ar fáil agat, déan é a sholáthar le cabhair chiste an rí.
21. Agus mise, Artaxarxaes rí, tugaim an t-ordú seo do chisteoirí uile an chúige thar Eofrataes: Cibé rud a iarrfaidh Eazrá, scríobhaí dhlí Dhia neimhe, ceadaigí é ar an toirt,
22. gan agaibh mar theorainn ach céad tallann airgid, céad tomhas cruithneachta, céad dabhach fíona, céad dabhach ola, agus an oiread salainn agus a éilítear.
23. Ní foláir gach a n-ordaíonn Dia neimhe a chur i gcrích le díograis ar mhaithe le Teampall Dhia neimhe, le heagla go dtiocfadh fraoch a fheirge ar ríocht an rí agus a mhac.
24. Bíodh a fhios agaibh chomh maith go bhfuil cosc ar cháin nó custaim nó táillí a leagan ar shagairt nó ar Léivítigh, ar chantairí nó ar ghardaí geata, ar thíolacthaigh nó ar shearbhóntaí Theampall Dé.
25. Agus maidir leatsa, a Eazrá, de réir eagna do Dhé atá i do sheilbh, ceap scríobhaithe agus breithiúna a riarfaidh an chóir ar mhuintir uile an chúige thar Eofrataes, orthu siúd go léir is é sin arb eol dóibh dlí do Dhé; an mhuintir nach eol dóibh é, déan é a theagasc dóibh.
26. Má dhiúltaíonn aon duine do dhlí do Dhé agus is é sin leis dlí an rí cuirtear an daorbhreith i bhfeidhm air go dian bás nó ionnarbadh, gabháil maoine nó carcair.
27. Moladh leis an Tiarna, Dia ár sinsear, a spreag croí an rí ar an gcuma sin chun Teampall an Tiarna in Iarúsailéim a mhóradh,
28. agus a ghnóthaigh domsa gnaoi an rí agus a chomhairleoirí agus feidhmeannach róchumhachtach an rí. Tháinig misneach orm féin mar go raibh gnaoi an Tiarna mo Dhia orm, agus chruinnigh mé ceannairí Iosrael le chéile le dul suas in éineacht liom.

Eazrá 8:1-36
1. Seo iad na cinn finí a chuir chun bealaigh ón mBablóin i mo theannta le linn Artaxarxaes rí, agus seo iad a nginealaigh:
2. De chlann mhac Phíneachás: Géirseom; de chlann mhac Íteámár: Daníéil; de chlann mhac Dháiví: Hatúis,
3. mac Sheacainiá; de chlann mhac Pharóis: Zacairiá, lenar cláraíodh céad go leith fear;
4. de chlann mhac Phachat Móáb: Eilíhéanaí mac Zaraichiá, agus dhá chéad fear ina theannta;
5. de chlann mhac [Zatú]: Seacainiá mac Iachaizíéil agus trí chéad fear ina theannta;
6. de chlann mhac Áidín: Eibid mac Iónátán agus leathchéad fear ina theannta;
7. de chlann mhac Éalám: Isiá mac Atailiá agus seachtó fear ina theannta;
8. de chlann mhac Sheafatiá: Zabaidiá mac Mhíocáéil agus ceithre fichid fear ina theannta;
9. de chlann mhac Ióáb: Obaidiá mac Ichíéil agus dhá chéad agus ochtar fear déag ina theannta;
10. de chlann mhac [Bháiní]: Sealóimít mac Ióisifiá agus céad trí fichid fear ina theannta:
11. de chlann mhac Bhaebái: Zacairiá mac Bhaebái, agus ochtar ar fhichid ina theannta;
12. de chlann mhac Azgád: Ióchánán mac Hacátán agus deichniúr agus céad ina theannta;
13. de chlann mhac Adoiníceám: sóisir na clainne darbh ainm: Eilífilit, Ieíéil, agus Seamaiá, agus trí fichid fear ina dteannta;
14. de chlann mhac Bhigví: Útaí mac Zabúd, agus trí fichid fear ina theannta.
15. Chruinnigh mé iad go bruach na habhann a shníonn go hAhavá agus shuíomar campa ansiúd ar feadh trí lá. Rinne mé iniúchadh orthu agus chonaic mé tuataí agus sagairt ina measc, ach gan aon Léivítigh.
16. Chuir mé Eilíeizir, Airíéil, Seamaiá, Ealnátán, Iáiríb, Ealnátán, Nátán, Zacairiá agus Misiulám, dream tuisceanach
17. agus sheol mé iad go hIdeo ceannasaí shanctóir Chásaifiá; d' inis mé dóibh an teachtaireacht a bhí le tabhairt acu do Ideo agus dá bhráithre a bhí ag cur fúthu i sanctóir Chásaifiá.i. searbhóntaí a sholáthar dúinn do Theampall ár nDé.
18. Ansin, a bhuí le gnaoi ár nDé a bhí orainn, chuir siad chugainn fear éirimiúil, de chlann Mhailí mhic Léiví mhic Iosrael, Séiribiá lena chlann mhac agus lena ghaolta, ochtar déag ar fad;
19. agus Haisibiá chomh maith agus Isiá ina theannta de chlann mhac Mharáraí, agus a gclann mhac fiche fear;
20. agus seachas sin dhá chéad agus a fiche tíolacthach de na tíolacthaigh a cheap Dáiví agus a fheidhmeannaigh le freastal ar na Léivítigh. Cláraíodh an mhuintir sin go léir ó ainm.
21. D' fhógair mé troscadh ansiúd, ansiúd cois abhann Ahavá, d' fhonn go ndéanfaimis sinn féin a umhlú os comhair ar nDé agus go n-iarrfaimis air go n-éireodh ár mbóthar linn féin, lenár gclann agus lenár maoin.
22. Óir ba leasc liom cuideachta saighdiúirí agus marcshlua a lorg ar an rí le sinn a chosaint ón namhaid ar an tslí mar bhí sé ráite cheana féin againn leis an rí: «Tá láimh ar nDé leata mar sciath chosanta ar cách a lorgann é, agus a neart agus a fhearg ar chách a thugann cúl leis.»
23. Rinneamar troscadh dá bhrí sin, á impí sin ar Dhia agus thug sé cluas dár n-impí.
24. Thogh mé dháréag de na príomhshagairt, Séiribiá agus Haisibiá agus deichniúr dá ngaolta mar aon leo;
25. thomhais mé amach chucu an t-airgead, an t-ór, na soithí, agus na hofrálacha a thoirbhir an rí agus a chomhairleoirí agus a mhaithe, agus na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair, do Theampall ár nDé.
26. Thomhais mé amach ina lámha chucu: sé chéad go leith tallann airgid, céad soitheach airgid ab fhiú [dhá thallann], céad tallann óir,
27. fiche mias óir ab fhiú míle dáireach, agus dhá áras de chré-umha mín geal a bhí chomh luachmhar le hór.
28. Dúirt mé leo: «Tá sibhse coisricthe don Tiarna; tá na soithí seo naofa; ofrálacha deonacha don Tiarna, Dia bhur sinsear, an t-ór agus an t-airgead.
29. Tugaigí aire dóibh agus coinnigí slán iad nó go dtomhaisfidh sibh iad i láthair na bpríomhshagart, na Léivíteach agus chinn finí Iosrael in Iarúsailéim i seomraí Theampall an Tiarna.»
30. Ghlac na sagairt agus na Léivítigh cúram an airgid, an óir agus na soithí, a tomhaiseadh, orthu féin, lena dtabhairt go Iarúsailéim go Teampall ar nDé.
31. Ar an dara lá déag den chéad mhí d' fhágamar abhainn Ahavá ar ár mbealach go Iarúsailéim; bhí gnaoi ár nDé orainn agus chosain sé ar an tslí sinn ó naimhde agus ó róbálaithe.
32. Bhaineamar amach Iarúsailéim agus d' fhanamar ann ag ligean ar scíthe ar feadh trí lá.
33. Ar an gceathrú lá tomhaiseadh an t-ór agus an t-airgead i dTeampall ár nDé agus tugadh iad ar a lámha do Mharaemót an sagart, mac Úiríá, agus mar aon leis bhí Eileázár mac Phíneachás; agus ina dteannta bhí na Léivítigh Iózábád mac Iéisiúa agus Nóaidiá mac Bhionúi.
34. Bhí an t-iomlán ann idir líon agus mheáchan. Breacadh meáchan gach ní ar phár.
35. Um an dtaca sin rinne an mhuintir a d' fhill ón mbraighdeanas, na deoraithe go léir a d' fhill, íobairtí uileloiscthe a ofráil do Dhia Iosrael, dhá tharbh déag thar ceann Iosrael go léir, nócha sé reithe, seachtó seacht uan, agus, mar ofráil pheaca, dhá phocán déag; ofráladh an t-iomlán mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
36. Cuireadh na treoracha a thug an rí in iúl d' fheidhmeannaigh an rí agus do ghobharnóirí an chúige thar Eofrataes, agus ansin thugadarsan cabhair don phobal agus do Theampall an Tiarna.

Salm 88:1-5
1. 1 Amhrán: Salm de chuid chlann Chorach. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn «Mahalat». Mascil Heman an dúchasach. 2 A Thiarna Dia, bím ag éamh ort de lá; bím ag caoineadh istoíche os do chomhair. Salm 87
2. 3 Go dtaga mo ghuí ag triall ort; claon do chluas chun mo ghlóir.
3. 4 Óir tá m' anam lánualaithe le buarthaí; tá mo bheatha ag druidim leis an uaigh.
4. 5 Áirítear mé ar an drong a ghabhann sa pholl; agus ráinig mé mar neach gan neart;
5. 6 mar dhuine ina aonar i measc na marbh, amhail an t-ár ina luí san uaigh, atá imithe as do chuimhne go brách, agus atá scartha le do chúram caomhnaitheach.

Seanfhocal 21:21-22
21. An té a théann sa tóir ar an gcóir agus ar an gcineáltas, beidh idir bheatha agus chóir agus onóir aige.
22. Dhéanfadh an duine críonna dúnfort na ngaiscíoch a dhreapadh, agus an daingean as a mbíonn a muinín a scartadh.

Gníomhartha 23:16-35
16. Fuair mac deirféar Phóil cogar scéil an luíocháin, áfach. Chuaigh sé go dtí an dúnfort agus isteach leis ag insint an scéil do Phól.
17. Ghlaoigh Pól ar dhuine de na taoisigh chéad agus dúirt leis: «Tabhair leat an gasúr seo go dtí an ceannasaí mar tá scéala aige le hinsint dó.»
18. Thóg sé leis é go dtí an ceannasaí agus dúirt: «Chuir an príosúnach Pól fios orm agus d' iarr orm an gasúr seo a thabhairt chugat mar go bhfuil rud aige le rá leat.»
19. Rug an ceannasaí ar láimh ar an ngasúr, chuaigh i leataobh leis agus d' fhiafraigh de: «Cén scéal atá agat le hinsint dom?»
20. «A leithéid seo,» arsa an gasúr, «tá socair ag na Giúdaigh a iarraidh ortsa Pól a chur síos amárach go dtí an tsainidrín, mar dhea gur mhaith leo a chás a scrúdú ní ba chruinne.
21. Ach ná déansa rud orthu, mar tá breis agus daichead duine acu ag déanamh luíocháin air mar tá siad faoi gheasa gan bia ná deoch a chaitheamh nó go mbeidh sé curtha den saol acu. Tá siad ullamh anois chuige agus iad ag feitheamh le gealltanas uaitse.»
22. Scaoil an ceannasaí an gasúr chun siúil tar éis a rá leis: «Ná hinis do dhuine ar bith gur nocht tú an scéal seo dom.»
23. Chuir sé fios ansin ar bheirt de na taoisigh chéad agus dúirt leo: «Bíodh dhá chéad saighdiúirí ullamh agaibh ar an tríú huair anocht chun dul go Céasaráia agus seachtó marcach chomh maith agus dhá chéad sleádoirí.
24. Agus bíodh beithígh iompair agaibh ar a gcuirfeadh sibh Pól agus é a thabhairt slán go dtí an Gobharnóir Féilix.»
25. Agus scríobh sé litir ar an aiste seo a leanas:
26. «Beatha agus sláinte ó Chlauidias Lisias chun an Ghobharnóra ró-oirirc Féilix.
27. Bhí beirthe ag na Giúdaigh ar an bhfear seo agus iad ar tí é a chur chun báis nuair a tháinig mé orthu leis an arm; tharrthaigh mé uathu é nuair a fuair mé amach gur saoránach Rómhánach é.
28. Ansin d' fhonn a fháil amach cén chúis a bhí acu á chur ina leith, thóg mé chun a sainidríne é.
29. Fuair mé amach gur mar gheall ar phointí áirithe dá ndlí féin a bhí siad á chúiseamh agus nach raibh aon ní ina choinne a thuillfeadh bás ná príosún.
30. Ach nuair a cuireadh in iúl dom go bhfuil comhcheilg déanta ina choinne, sheol mé chugatsa gan mhoill é agus d' ordaigh mé dá chúiseoirí a ngearán faoi a dhéanamh i do láthairse.»
31. Rinne na saighdiúirí mar a dúradh leo agus thóg siad Pól agus rug leo san oíche é chomh fada le hAntapaitris.
32. Lá arna mhárach tháinig siad ar ais go dtí an dúnfort agus lig do na marcaigh é a thionlacan.
33. Nuair a shroich siad Céasaráia, sheachaidh siad an litir don ghobharnóir agus thug Pól ar láimh dó chomh maith.
34. Léigh sé an litir agus d' fhiafraigh cén cúige arbh as dó; agus nuair a fuair sé fios gurbh as an tSiléis dó, dúirt sé:
35. «Éistfidh mé leat ar ball nuair a bheidh lucht do chúisithe anseo.» Agus d' ordaigh sé é a chur faoi choimeád i bpréatóiriam Héaróid.