A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Iúil 21

Eazrá 3:1-13
1. Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, chruinnigh an pobal go léir le chéile mar aon in Iarúsailéim.
2. Ansin chrom Iéisiúa mac Iózádác agus a chomhshagairt Zarubáibil mac Sheailtíéil lena ghaolta, ar altóir Dhia Iosrael a atógáil, le híobairtí dóite a ofráil uirthi, faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois giolla Dé.
3. Thóg siad an altóir ar a seanláthair d' ainneoin an eagla a bhí orthu roimh phobail na tíre, agus d' ofráil siad íobairtí dóite uirthi, íobairtí uileloiscthe, ar maidin agus tráthnóna.
4. Rinne siad féile na dTaibearnacal a cheiliúradh de réir mar atá scríofa leis an líon íobairtí dóite laethúil atá ceaptha ag an reacht le haghaidh an lae;
5. i dteannta na síoríobartha uileloiscthe, d' ofráil siad na híobairtí ceaptha [do na sabóidí], d' fhéilte na ré nua, agus do na sollúntais atá naofa don Tiarna, agus na híobairtí deonacha a bhí á ndéanamh ag daoine ar leith don Tiarna.
6. Ón gcéad lá den seachtú mí chrom siad ar íobairtí loiscthe a ofráil don Tiarna. Ach bhí bunchloch shanctóir an Tiarna fós gan leagan.
7. Ansin thug siad airgead do na saoir chloiche agus admhaid; thug siad bia, deoch agus ola do na Suídónaigh agus do na Tuírigh, le go dtabharfaidís adhmad céadair ón Liobáin ar muir go Iopa, rud a bhí ceadaithe dóibh ag Cíoras rí na Peirse.
8. Ba sa dara mí den dara bliain tar éis dóibh teacht go Teampall Dé in Iarúsailéim a chrom Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar an obair leis an gcuid eile dá mbráithre, na sagairt, na Léivítigh agus an mhuintir go léir a d' fhill ar Iarúsailéim ón deoraíocht. Cheap siad na Léivítigh a bhí fiche bliain d' aois nó os a chionn i bhfeighil na hoibre ar Theampall an Tiarna.
9. D' aontaigh Iéisiúa agus a chlann mhac agus a bhráithre, mar aon le Caidmíéil, [Bionúi agus Hódavá], dul i bhfeighil na muintire a bhí ag obair ar Theampall an Tiarna.
10. Nuair a bhí bunchloch shanctóir an Tiarna leagtha ag na saoir, tháinig na sagairt in éidí míne lín le stoic, agus na Léivítigh, clann Ásáf, le ciombail, d' fhonn an Tiarna a mholadh de réir reachtanna Dháiví rí Iosrael.
11. Mhol siad agus mhóraigh siad an Tiarna, «Óir is maith é, agus is seasmhach go deo é a bhuanghrá d' Iosrael.» Agus chan an pobal go léir moltaí an Tiarna in ard a gcinn is a ngutha mar go raibh buncloch Theampall an Tiarna leagtha.
12. A lán de na sagairt agus de na Léivítigh agus de na cinn finí, an seandream a chonaic lena súile cinn an Teampall [eile roimhe seo ar a mháithreacha] ghoil siad go hard ach chuir mórán eile na gártha áthais suas.
13. Níorbh fhéidir leis an bpobal na gártha áthais a aithint ó gháir na lógóireachta, mar chuir an pobal gáir chomh hard suas gur chualathas i bhfad ó bhaile í.

Eazrá 4:1-24
1. Nuair a chuala naimhde Iúdá agus Bhiniáimin go raibh Teampall á thógáil, ag na deoraithe a d' fhill, don Tiarna, Dia Iosrael,
2. tháinig siad go Zarubáibil [agus go Iéisiúa] agus go cinn na bhfiní, agus dúirt siad: «Ba mhaith linn tógáil in bhur dteannta, mar adhraimid bhur nDia bhur ndála féin, agus tá íobairt á déanamh againn chuige ó aimsir Éasar Hadón rí na hAsaíre a thug anseo sinn.»
3. D' fhreagair Zarubáibil, Iéisiúa, agus na cinn finí eile Iosraelacha iad: «Ní cóir go rachadh sibhse i bpáirt linn ag tógáil Teampaill dár nDia; dúinne amháin is dual dul i mbun tógála don Tiarna, Dia Iosrael, faoi mar a d' ordaigh Cíoras rí na Peirse dúinn.»
4. Ansin chrom muintir na tuaithe ar mhuintir Iúdá a chur óna thuilleadh tógála a dhéanamh trí dhrochmhisneach agus eagla a chur orthu.
5. Mhealladar comhairleoirí le cur ina gcoinne agus lena gcur dá dtreoir. Mar sin a bhí an scéal le linn réimeas Chíorais rí na Peirse, agus anuas go dtí réimeas Dháire rí na Peirse.
6. I dtús réimeas Zearxaes rinne siad gearán scríofa in aghaidh áitritheoirí Iúdá agus Iarúsailéim.
7. Le linn Artaxarxaes, scríobh Mitreadát, Tábael agus a gcomhghleacaithe eile litir ghearáin [in aghaidh Iarúsailéim] go hArtaxarxaes rí na Peirse. Bhí téacs na litreach san Aramais agus in aibítir na hAramaise.
8. Ansin scríobh Rachúm an rialtóir agus Simseai an rúnaí an litir seo leanas go hArtaxarxaes ag gearán faoi Iarúsailéim
9. Rachúm an rialtóir, Simseai an rúnaí, a gcomhghleacaithe eile, na breithiúna, na gobharnóirí, na feidhmeannaigh Pheirseacha, muintir Uruc, agus na Bablóine agus Shúsa na hÉalámaigh is é sin
10. agus na dreamanna eile a sheol Asurbanapal Mór amach agus a bhunaigh sé sa tSamáir agus sa chúige thar Eofrataes.
11. Seo cóip den litir a sheoladar: D' Artaxarxaes rí, beatha agus sláinte ó do shearbhóntaí ón gcúige thar Eofrataes: Sa mhéid
12. gur chóir faisnéis a thabhairt don rí go bhfuil na Giúdaigh a tháinig aníos ó do thírse go Iarúsailéim ag tógáil na cathrach ceannairce agus urchóide úd, agus ar a ndícheall ag cóiriú na mballaí agus go bhfuil na clocha boinn deisithe cheana féin;
13. agus sa mhéid gur chóir faisnéis a thabhairt don rí dá dtógfaí an chathair úd arís agus go ndeiseofaí a ballaí, go ndiúltódh siad cáin a íoc, nó custaim, nó taillí iompair, agus go ndítheoidís údarás an rí;
14. agus sa mhéid nach dóigh linn gur chóir dúinn a bheith ag faire ar an rí á mhaslú, de bhrí go n-ithimid salann an rí; uime sin cuirimid an fhaisnéis seo chun an rí
15. i dtreo go ndéanfar cuardach i gcartlann do shinsear, agus go bhfaighfear amach inti gur cathair cheannairce an chathair seo, cúis tranglaim do ríthe agus do chúigí, agus cúib ghoir chianaosta easumhlaíochta; dá bharrsan is ea a scriosadh an chathair seo.
16. Tá sé á chur in iúl againn don rí, má atógtar an chathair seo arís, agus go ndeiseofar a ballaí, gur gearr eile a bheidh greim agat ar aon chríocha sa chúige thar Eofrataes.
17. Sé freagra a thug an rí orthu na seo: Do Rachúm an rialtóir, do Shimseai an rúnaí, agus dá gcomhghleacaithe eile atá ag cur fúthu sa tSamáir agus sa chuid eile den chúige thar Eofrataes, beatha agus slainte! Sa mhéid
18. gur tiontaíodh agus gur léadh dom an litir a sheol sibh chugam,
19. agus go ndearnadh iniúchadh, de réir mar a d' ordaigh mé, go bhfuarthas amach go n-éiríodh an chathair seo amach in aghaidh ríthe, agus go síoltaí ceannairc agus comhcheilg inti,
20. agus go mbíodh ríthe cumhachtacha i réim in Iarúsailéim agus ceannas acu ar an gcúige thar Eofrataes go léir, agus go ndéanaidís cánacha agus custaim agus táillí a thobhach,
21. ní foláir daoibh cosc a fhógairt ar shaothar na bhfear seo gan mhoill; níl an chathair sin le hatógáil go dtí go ndéanfaidh mise fógra fúithi.
22. Ná déanaigí faillí sa ghnó seo d' fhonn nach ndéanfaí a thuilleadh díobhála do chúis an rí.
23. A luaithe a léadh an chóip de litir Artaxarxaes i láthair Rachúm an rialtóir agus Shimseai an runaí agus a gcomhghleacaithe, bhrostaigh siad leo go dtí na Giúdaigh in Iarúsailéim, agus chuireadar d' iallach orthu le teann foréigin scor dá gcuid oibre.
24. Cuireadh stop leis an obair ar Theampall Dé in Iarúsailéim ar an gcuma sin. Bhí sí ina stad mar sin go dtí an dara bliain de réimeas Dháire rí na Peirse.

Salm 86:11-17
11. Múin do shlí dom, a Thiarna; i dtreo go siúlfainn i d' fhírinne; agus déan mo chroí a dhíriú, i dtreo gurab eagal liom d' ainm.
12. Tabharfaidh mé buíochas duit ó chroí, a Thiarna Dia; agus molfaidh mé d' ainm go brách.
13. Óir ba mhór é do thrócaire go deimhin orm; sciob tú m' anam leat ó dhuibheagán ifrinn.
14. D' éirigh lucht díomais i m' éadan, a Dhia, tá drong gan trua ar thoir m' anama, drong nach bhfuil aird acu ortsa.
15. A Thiarna Dia na trua agus na taise, ar deacair thú a spreagadh chun feirge, agus atá lán de ghrá agus d' fhírinne:
16. Féach orm agus bíodh trua agat dom. Tabhair neart do do ghiolla, a Thiarna, agus cúnamh do mhac do bhanóglaigh.
17. Tabhair dom comhartha do cheana go bhfeice mo naimhde é is go ndéantar a náiriú, toisc gur bhronn tú orm cabhair agus sólás, a Thiarna.

Seanfhocal 21:17-18
17. Beidh an mhuintir a bhfuil dúil acu sa só, gan mhaoin; agus an té atá tugtha don fhíon agus don ola ní bheidh sé saibhir.
18. Tá an t-urchóideach mar gheall leis an bhfíréan, agus an feallaire leis an ionraic.

Gníomhartha 22:1-30
1. «A bhráithre agus a aithreacha, éistigí lena bhfuil le rá agam chun mo chosanta.»
2. Nuair a chuala siad ag labhairt sa teanga Eabhra é, d' éirigh siad ní ba chiúine fós.
3. Lean sé air: «Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu.
4. Rinne mé géarleanúint go bás ar an mBealach seo. Bhíodh fir agus mná á ngabháil agam agus á gcur i bpríosún.
5. Tá an t-ardsagart agus comhairle na seanóirí ina bhfinnéithe agam air sin. Go deimhin fuair mé litreacha uathu do na bráithre agus bhí mé ar mo bhealach go Damaisc chun an dream a bhí ann a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim go gcuirfí pionós orthu,
6. ach tharla agus mé ar an tslí ag druidim le Damaisc, timpeall meán lae gur las solas mór ó neamh go tobann i mo thimpeall.
7. Thit mé go talamh agus chuala mé an guth á rá liom: 'A Shóil, a Shóil, cad chuige a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?'
8. ' Cé thú féin, a thiarna?' arsa mise á fhreagairt. 'Is mé Íosa Nazórach atá agat á ghéarleanúint,' ar seisean.
9. Iad seo a bhí le mo chois, chonaic siad an solas ach níor chuala siad glór an té a bhí ag caint liom.
10. Dúirt mé ansin: 'Cad atá le déanamh agam, a thiarna?' Agus dúirt an Tiarna liom: 'Éirigh i do sheasamh, lean ort go Damaisc agus inseofar ansin duit gach ní atá ceaptha duit le déanamh.'
11. Bhí gile an tsolais úd tar éis mé a dhalladh agus rug mo chomrádaithe ar láimh orm agus tháinig mé isteach i nDamaisc.
12. «Bhí fear darbh ainm Anainias, fear a bhí fíréanta de réir an dlí agus meas air ag na Giúdaigh go léir a chónaigh ann,
13. agus tháinig sé chugam, agus sheas sé os mo chomhair á rá liom: 'A Shóil, a bhráthair, bíodh do radharc arís agat.' Agus ar an spota bhí mo radharc agam arís.
14. Ansin dúirt sé liom: 'Tá sé ceaptha roimh ré ag Dia ár sinsear duit go mbeadh fios a thola agat, go bhfeicfeá an Fíréan agus go gcloisfeá glór a bhéil féin.
15. Mar beidh tú i do fhinné aige os comhair an uile dhuine ar a bhfuil feicthe agus cloiste agat.
16. Anois cad é an mhoill atá ort? Éirigh i do sheasamh, déantar thú a bhaisteadh agus do pheacaí a ní díot féin trí ghlaoch ar a ainm.'
17. «Chuaigh mé ar ais go Iarúsailéim, agus le linn dom bheith ag guí sa Teampall, thit mé i dtámhnéal agus
18. chonaic mé é agus é á rá liom: 'Brostaigh, agus imigh leat go tapa as Iarúsailéim mar ní ghlacfaidh siad le do chuid fianaise ormsa.'
19. ' Ach, a Thiarna,' arsa mise leis, ' nach bhfuil a fhios acu go maith go mbímse ag dul ó shionagóg go sionagóg ag cur na ndaoine a chreideann ionatsa i bpríosún agus á sciúrsáil?
20. Fiú amháin nuair a bhí fuil do fhinné Stiofán á doirteadh, bhí mé féin ar an láthair ag toiliú leis agus ag coimeád a n-éadaí do lucht a mharaithe.'
21. Agus is é a dúirt sé liom: 'Gluais leat, mar is ag triall ar na gintlithe i bhfad ó bhaile a chuirfidh mé thú.'»
22. D' éist an slua leis go dtí gur dhúirt sé an abairt sin. Ansin scread siad in ard a ngutha: «Cuir den saol an duine sin; ní ceart a leithéid a bheith beo.»
23. Agus bhí siad ag liúireach, ag croitheadh a gcuid éadaigh agus ag caitheamh deannaigh san aer.
24. D' ordaigh an ceannasaí é a thabhairt isteach sa dúnfort agus dúirt é a cheistiú faoin lasc féachaint cén fáth a raibh siad ag liúireach mar sin air.
25. Ach nuair a bhí sé ceangailte leis na hiallacha acu, dúirt Pól leis an taoiseach céad a bhí ansiúd: «An bhfuil sé ceadaithe daoibhse saoránach Rómhánach a léasadh agus gan aon chúirt curtha air go fóill?»
26. Nuair a chuala an taoiseach céad an méid sin, chuaigh sé go dtí an ceannasaí: «Cad a mheasann tú a dhéanamh?» ar seisean leis, «is saoránach Rómhánach é siúd.»
27. Chuaigh an ceannasaí anonn go Pól. «Inis dom», ar seisean, «an saoránach Rómhánach tusa.» «Is ea,» arsa Pól.
28. Dúirt an ceannasaí á fhreagairt: «Sea, is daor a cheannaigh mé féin an tsaorántacht sin.» «Tá sí agamsa ó dhúchas,» d' fhreagair Pól.
29. An mhuintir a bhí chun é a cheistiú, chúlaigh siad uaidh laithreach. Bhí eagla ar an gceannasaí freisin nuair a fuair sé amach gur shaoránach Rómhánach é agus é féin tar éis é a cheangal.
30. Lá arna mhárach, d' fhonn a fháil amach cad é go cruinn a bhí á chur ina leith ag na Giúdaigh, scaoil sé é agus chuir fios ar na hardsagairt agus ar an tsainidrín ar fad. Ansin thug sé Pól anuas agus chuir ina sheasamh os a gcomhair é.