A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Iúil 19

2 Croinicí 34:1-33
1. Bhí Ióisíá ocht mbliana d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim.
2. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.
3. San ochtú bliain dá réimeas, agus é fós ina ógánach, chrom sé ar Dhia Dháiví, a shinsear, a lorg, agus sa dara bliain déag chrom sé na hardionaid, na cuaillí naofa, agus na híola de mhiotal leáite, a scriosadh as Iúdá agus as Iarúsailéim.
4. Scartáladh altóirí na mBálaím ina fhianaise; leag sé anuas na haltóirí túise a bhí os a gcionn, agus rinne sé smidiríní de na cuaillí naofa, de na híomhánna greanta, agus de na híola de mhiotal leáite; rinne sé luaithreach díobh agus leath sé an luaithreach sin ar uaigheanna na ndaoine a rinne íobairt dóibh.
5. Loisc sé cnámha a sagart ar na haltóirí agus ar an gcuma sin ghlan sé Iúdá agus Iarúsailéim.
6. Rinne sé amhlaidh chomh maith i gcathracha Mhanaise, Eafráim agus Shimeon, agus fiú i Naftáilí, agus sna dúichí bánaithe máguaird.
7. Bhris sé na haltóirí agus na cuaillí naofa, rinne luaithreach de na híola, agus scartáil na haltóirí túise ar fud thír Iosrael. Ansin d' fhill sé ar Iarúsailéim.
8. San ochtú bliain déag dá réimeas, d' fhonn an tír agus an Teampall a ghlanadh, chuir sé Seáfán mac Azailiá, agus Másaeiá rialtóir na cathrach, agus Ioach mac Ioachaz an callaire, le Teampall an Tiarna a Dhia a ghlanadh.
9. Chuaigh siadsan go Hilcíá an t-ardsagart agus thug siad dó an t-airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus a bhailigh na Léivítigh, gardaí na tairsí, ó Mhanaise agus ó Eafráim, agus ó iarmhar uile Iosrael agus ó Iúdá agus ó Bhiniáimin go léir, agus ó áitritheoirí Iarúsailéim.
10. Thug siad é do shaoistí na n-oibreacha a bhain le Teampall an Tiarna agus d' úsáid saoistí oibreacha an Teampaill é leis an Teampall a chóiriú agus a dheisiú.
11. Thug siad é do na saoir adhmaid agus chloiche le cloch ghearrtha a cheannach, agus adhmad do chúplaí agus do chearchaillí na bhfoirgneamh ar lig ríthe Iúdá dóibh titim ar lár.
12. Rinne na fir a gcuid oibre go dílis; cuireadh i gceannas orthu: Iachat agus Obaidiá, Léivítigh de chlann Mharáraí; agus Zacairiá agus Misiulám, de chlann Chohát, mar mhaoir ar an obair; agus Léivítigh a raibh gach duine díobh oilte ar an gceol liotúirgeach;
13. a thuilleadh a bhí i gceannas an lucht iompair; a thuilleadh a thug treoracha do shaoistí oibreacha na mbeartas ar leith; agus roinnt Léivíteach a bhí mar scríobhaithe, mar chléirigh, agus mar lucht faire ar na geataí.
14. Nuair a bhí an t-airgead a tugadh go Teampall an Tiarna á thógáil amach acu, fuair Hilcíá an t-ardsagart leabhar dhlí an Tiarna a tugadh trí Mhaois.
15. Ansin dúirt Hilcíá le Seáfán an rúnaí: «Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna,» agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán.
16. Thug Seáfán an leabhar go dtí an rí agus seo mar d' aithris sé dó: «Tá na beartais go léir a leag tú ar do shearbhóntaí á gcur i gcrích acu.
17. Rinne siad an t-airgead go léir a bhí i dTeampall an Tiarna a leá agus a thabhairt suas do na maoir agus do shaoistí na n-oibreacha.»
18. Ansin dúirt Seáfán an rúnaí leis an rí: «Thug Hilcíá an sagart leabhar dom,» agus léigh Seáfán sliocht as i láthair an rí.
19. Nuair a chuala an rí briathra an dlí, stróic sé a chuid éadaigh,
20. agus ansin thug sé an t-ordú seo leanas do Hilcíá, d' Aichíceám mac Sheáfán, d' Abdón mac Mhíocá, do Sheáfán an rúnaí, agus d' Asáiá, searbhónta an rí:
21. «Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin, agus thar cheann a bhfuil fágtha in Iosrael agus in Iúdá, i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Óir is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n-aghaidh de bhrí nár chomhlíon ár sinsir briathar an Tiarna agus gach a bhfuil scríofa sa leabhar seo a chleachtadh.»
22. Chuaigh Hilcíá agus teachtairí an rí go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealum mac Thócat mac Hasrá, coimeádaí na n-éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim sa bhaile nua), agus cuir siad an scéal faoina bráid.
23. D' fhreagair sí: «Deir an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: 'Abraigí é seo leis an té a chuir chugam sibh:
24. Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, na mallachtaí go léir, is é sin, atá scríofa sa leabhar a léadh i láthair rí Iúdá;
25. mar thréig siad mise agus rinne siad íobairt do dhéithe eile, do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m' fhearg le lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhuchadh.
26. Agus abraigí le rí Iúdá a chuir sibh le dul i gcomhairle leis an Tiarna: Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: [Comhlíonfar] na focail a chuala tú.
27. De bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair Dé nuair a chuala tú cad a bhagair sé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe; de bhrí gur umhlaigh tú thú féin os mo chomhair, agus gur stróic tú do chuid éadaigh, agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit sé an Tiarna atá ag caint.
28. Déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shíocháin chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo agus ar a bhfuil ina gcónaí ann.'» Thug siad an freagra sin leo go dtí an rí.
29. Ansin chruinnigh an rí chuige féin seanóirí Iúdá agus Iarúsailéim go léir.
30. Chuaigh an rí suas go Teampall an Tiarna mar aon le pobal uile Iúdá agus muintir Iarúsailéim ar fad, idir shagairt agus Léivítigh agus an pobal go léir idir uasal agus íseal. Léigh sé amach i gcomhchlos dóibh, gach focal dá raibh scríofa i leabhar an chonartha a fuarthas i dTeampall an Tiarna.
31. Sheas an rí ina ionad féin agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, agus briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin a chur i gcrích.
32. Thug sé a ionad féin ansiúd do gach duine in Iarúsailéim nó i mBiniáimin. Chloígh áitritheoirí Iarúsailéim ar fad le conradh a nDé, Dia a sinsear.
33. Scuab Ióisíá chun siúil gach gráinniúlacht a bhí ar fud na gcríoch go léir a bhain le clann Iosrael. Rinne sé deimhin de i gcaitheamh a shaoil ar fad go ndearna gach duine in Iosrael seirbhís don Tiarna a nDia. Níor theip orthu an Tiarna, Dia a sinsear, a leanúint.

2 Croinicí 35:1-27
1. Rinne Ióisíá Cáisc a cheiliúradh in onóir an Tiarna in Iarúsailéim, agus mharaíodar an t-uan Cásca ar an gceathrú lá déag den chéad mhí.
2. Cheap sé na sagairt arís i mbun a gcúraimí agus thug misneach dóibh le dualgais Theampall an Tiarna a chomhlíonadh.
3. Ansin dúirt sé leis na Léivítigh a raibh a n-eagna ar fáil d' Iosrael go léir agus a bhí coisricthe don Tiarna: «Cuirigí an áirc naofa sa Teampall a thóg Solamh mac Dháiví, rí Iosrael. Ní gá daoibh í a iompar ar bhur nguaillí a thuilleadh. Tugaigí seirbhís anois don Tiarna bhur nDia agus dá phobal Iosrael.
4. Déanaigí sibh féin a chóiriú de réir bhur n-ord in bhur bhfiní de réir threoracha scríofa Dháiví rí Iosrael agus a mhic Solamh.
5. Agus seasaigí san áit naofa de réir eagar bhur bhfiní sinseartha, faoi réir bhur mbráithre, na tuataí; bíodh cuid i bhfine ag na Léivítigh.
6. Maraigí an t-uan Cásca, agus naomhaigí sibh féin, agus bígí faoi réir bhur mbráithre le déanamh de réir bhriathar an Tiarna a labhraíodh trí bhéal Mhaois.»
7. Chuir Ióisíá ar fáil do na tuataí, mar íobartaigh Chásca do gach duine a bhí i láthair, tríocha míle uan agus meannán ó na tréada, agus trí mhíle tarbh. Ba as sealúchas an rí an méid sin.
8. Rinne a fheidhmeannaigh soláthar do na híobairtí deonacha ar son an phobail, na sagart agus na Léivíteach. Thug na hardfheidhmeannaigh dhá mhíle sé chéad uan agus meannán agus trí chéad tarbh mar íobartaigh Chásca do shagairt Theampall an Tiarna, Hilcíá, Zacairiá, agus Ichíéil.
9. Cónainiá agus Simeí agus Natanael a dheartháir, agus Haisibiá agus Ichíéil agus Iózábád, ceannairí na Léivíteach, thug siad cúig mhíle uan agus meannán agus cúig céad tarbh mar íobartaigh Chásca do na Léivítigh.
10. Socraíodh ord na seirbhíse, leis na sagairt ina n-áit féin agus na Léivítigh ina n-oird de réir mar a d' ordaigh an rí.
11. Mharaíodar an Cháisc, agus dhoirt na sagairt an fhuil a fuair siad ó na Léivítigh, agus rinne na Léivítigh na híobartaigh a fheannadh.
12. Chuir siad an ofráil dhóite i leataobh lena tabhairt d' fhiní sinseartha na dtuataí de réir mar a dhéanadh gach dream a n-ofráil don Tiarna faoi mar atá scríofa i leabhar Mhaois. Rinne siad mar an gcéanna leis na tairbh.
13. Rinne siad an Cháisc a róstadh leis an tine de réir mar a bhí leagtha síos; agus bhruith siad an bia naofa i gcoirí, i bpotaí, i gcorcáin, agus d' iompair iad ar an toirt chun na dtuataí go léir.
14. Ina dhiaidh sin chóirigh siad an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, mar bhí na sagairt, clann Árón, gafa go hoíche ag ofráil na híobairte dóite agus na spolaí méithe. Sin é an fáth ar chóirigh na Léivítigh an Cháisc dóibh féin agus do na sagairt, clann Árón.
15. Bhí na cantairí, clann Ásáf, ina n-áit, de réir rialacha Dháiví; níor ghá d' Ásáf, do Héamán, do Iadútún, físí an rí, ná do lucht faire na ngeataí a ndualgais a fhágáil, mar rinne a ngaolta, na Léivítigh, gach ní a chóiriú dóibh.
16. Eagraíodh seirbhís liotúirgeach an Tiarna an lá sin leis an gCáisc a cheiliúradh agus le híobairtí dóite a ofráil ar altóir an Tiarna, de réir ordú an rí Ióisíá.
17. Cheiliúir clann Iosrael a bhí i láthair an uair sin an Cháisc agus féile an aráin gan ghabháile ar feadh seacht lá.
18. Níor ceiliúradh Cáisc mar í in Iosrael ó laethanta Shamúéil an fáidh; níor cheiliúir aon rí de chuid Iosrael riamh Cáisc mar í siúd a cheiliúir Ióisíá leis na sagairt agus na Léivítigh agus lena raibh i láthair de Iúdá agus d' Iosrael go léir agus le háitritheoirí Iarúsailéim.
19. Rinneadh an Cháisc sin a cheiliúradh san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá.
20. Nuair a bhí gach ní a bhain le cóiriú an Teampaill curtha i gcrích ag Ióisíá, ghabh Neaco rí na hÉigipte suas chun troid ag Cairceimis ar bhruach an Eofrataes. Nuair a ghluais Ióisíá amach le bac a chur air,
21. chuir seisean teachtairí chuige á rá: «Cén t-aighneas atá eadrainne, a rí Iúdá? Ní chun tusa a ionsaí a tháinig mé inniu; le ríshliocht eile atáim i gcogadh, agus d' ordaigh Dia dom brostú. Ná bí ag cur isteach a thuilleadh ar an Dia atá i mo theanntasa, nó déanfaidh sé thú a scriosadh.»
22. Ach [lean] Ióisíá air ag tabhairt a dhúshláin faoi; bhí sé meáite ar chath a chur air agus ní éisteodh sé le briathra Neaco ó bheal Dé féin.
23. Chuir sé cath air i Má Mhigideo. D' aimsigh na saigheadóirí Ióisíá rí, agus dúirt an rí lena lucht leanúna: «Beirigí libh mé! Táim tromghonta.»
24. Thóg a lucht leanúna amach as a charbad féin é agus chuir i gceann eile é agus thug ar ais go Iarúsailéim é, mar a bhfuair sé bás, agus adhlacadh é i dtuamaí a shinsear. Chaoin Iúdá agus Iarúsailéim go léir Ióisíá.
25. Chum Irimia caoineadh do Ióisíá, caoineadh a dhéanann cantairí fear agus ban a reacadh fós inniu nuair a chaoineann siad Ióisíá; nós in Iosrael é sin anois; tá na caointe scríofa sna hOlagóin.
26. An chuid eile de stair Ióisíá, a dhea-oibreacha de réir gach a bhfuil scríofa i ndlí an Tiarna,
27. a imeachtaí ó thús deireadh, tá siad scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá.

2 Croinicí 36:1-23
1. Thóg muintir na tuaithe Iahóácház mac Ióisíá agus rinne siad rí de in Iarúsailéim i gcomharbacht ar a athair.
2. Bhí Iahóácház trí bliana fichead d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim.
3. Bhain rí na hÉigipte an choróin de in Iarúsailéim agus leag sé cáin de chéad tallann airgid agus tallann óir ar an tír.
4. Ansin rinne rí na hÉigipte rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim d' Eiliácaím, deartháir Iahóácház, agus d' athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug Neaco a dheartháir Iahóácház leis agus thug go dtí an Éigipt é.
5. Bhí Iachóiácaím cúig bliana agus fiche d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim i Iarúsailéim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna a Dhia.
6. Rinne Nabúcadnazar, rí na Bablóine, ionsaí air, chuir geimhleacha air, agus thug leis go dtí an Bhablóin é.
7. Thug Nabúcadnazar leis go dtí an Bhablóin chomh maith cuid de ghréithe Theampall an Tiarna agus chuir ina phálás sa Bhablóin iad.
8. An chuid eile de stair Iahóiácaím, na nithe náireacha a rinne sé, agus a fuarthas amach faoi, tá siad scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá. Tháinig Iahóiácaín a mhac i gcomharbacht air.
9. Bhí Iahóiácaín ocht mbliana d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí bliana agus deich lá i réim in Iarúsailéim. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna.
10. In earrach na bliana chuir Nabúcadnazar fios air agus thug go dtí an Bhablóin é le gréithe luachmhara Theampall an Tiarna, agus cheap sé Zidicíá, a dheartháir, ina rí ar Iúdá agus ar Iarúsailéim.
11. Bhí Zidicíá bliain agus fiche d' aois nuair a tháinig sé i réim, agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim.
12. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna, a Dhia. Níor umhlaigh sé é féin i láthair Irimia an fáidh a labhair ó bhéal an Tiarna féin.
13. Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D' éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.
14. Na príomhshagairt go léir, agus an pobal go léir chomh maith, bhí siad thar a bheith mídhílis, agus rinne siad aithris ar nósanna gránna na gciníocha, agus thruailligh siad Teampall an Tiarna a choisric sé in Iarúsailéim.
15. An Tiarna, Dia a n-aithreacha, chuir sé teachtairí chucu gan stad gan staonadh mar go raibh trua aige dá phobal agus dá áit lonnaithe.
16. Ach rinne siad ceap magaidh de theachtairí Dé, chaith siad drochmheas lena bhriathra, agus rinne siad fonóid faoina fháithe, nó gur tháinig an oiread sin feirge ar an Tiarna lena phobal nach raibh aon leigheas ar an scéal feasta.
17. Thug sé rí na gCaildéach ina gcoinne dá bhrí sin agus chuir siadsan a laochra óga chun báis le faobhar claímh i dteach a sanctóra, gan trua gan taise ar ógánach ná ar mhaighdean, ar sheanóir ná ar sheanduine cromtha. Thug Dia iad go léir ar láimh dó.
18. Soithí uile Theampall Dé, idir bheag agus mhór, seoda theach an Tiarna, agus seoda an rí agus na dtaoiseach, thug sé iad go léir leis go dtí an Bhablóin.
19. Loisceadar Teampall Dé, agus réab siad ballaí Iarúsailéim, agus chuir siad a páláis go léir trí thine, agus mhill siad a soithí luachmhara go léir.
20. Iad siúd a tháinig slán ón gclaíomh, dhíbir Nabúcadnazar go dtí an Bhablóin iad mar a raibh siad ina ndaoir aige féin agus ag a chlann mhac nó gur tháinig ríocht na Peirse i gcumhacht.
21. Is mar sin a comhlíonadh focal an Tiarna a labhair sé trí bhéal Irimia: «Coimeádfaidh an tír seo a sabóid i rith laethanta a hainnise go ceann deich mbliana agus trí scór, nó go mbeidh a sabóidí caite aici.»
22. Chun go gcomhlíonfaí an focal úd a dúirt an Tiarna trí bhéal Irimia, an chéad bhliain dá raibh Cíoras i gcoróin na Peirse, spreag an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse i dtreo gur chuir sé fógra amach ar fud a ríochta go léir agus gur chuir sé é i scríbhinn freisin, mar leanas:
23. «Seo mar a deir Cíoras rí na Peirse: 'An Tiarna, Dia neimhe, thug sé ríochtaí uile an domhain dom agus chuir sé do chúram orm teach a thógáil dó in Iarúsailéim in Iúdá. Duine ar bith dá phobal atá in bhur measc, go raibh an Tiarna a Dhia leis! Téadh sé suas!'»

Salm 86:1-5
1. Achainí Dháiví. Claon do chluas, a Thiarna, agus éist liom, óir tá mé go dearóil dealbh. Salm 85
2. Déan m' anam a chosaint óir is dílis mé; fóir ar do ghiolla a bhfuil a dhóchas ionat.
3. Is tú mo Dhia; bíodh trua agat dom, a Thiarna, óir bím ag éamh ort gan stad ar feadh an lae.
4. Cuir áthas ar anam do sheirbhísigh, óir is chugat a thógaim m' anam, a Thiarna.
5. Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna, lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.

Seanfhocal 21:13-14
13. An té a thugann cluas bhodhar d' éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.
14. Cuireann tabhartas faoi choim fearg chun suain, agus múchann breab faoin mbrat an cuthach feirge.

Gníomhartha 21:13-14
13. Ach d' fhreagair Pól ansin: «Cad ab áil libh bheith ag olagón mar sin agus ag scóladh an chroí ionam? Táim ullamh ní amháin le mo cheangal ach leis an mbas féin a fhulaingt ar son ainm an Tiarna Íosa in Iarúsailéim.»
14. Nuair nach ndéanfadh sé rud orainn, ní dúramar a thuilleadh ach: «Toil an Tiarna go ndéantar.»