A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Iúil 16

2 Croinicí 28:1-27
1. Bhí Áchaz fiche bliain d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Ní dhearna sé an ceart i bhfianaise an Tiarna a Dhia, dála Dháiví a athair,
2. ach lean sé sampla ríthe Iosrael, agus rinne sé fiú íomhánna miotail a theilgean do na Bálaím.
3. D' ofráil sé túis i nGleann Mhac Hiniom agus thug ar a mhic féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
4. D' ofráil sé íobairtí agus túis ar na hardionaid, ar na cnoic agus faoi gach crann craobhach.
5. Uime sin thug an Tiarna a Dhia suas é do chumhacht rí na nArámach; bhris seisean air, agus ghabh sé líon mór dá phobal ina mbránna agus rug leis go dtí an Damaisc iad. Tugadh ar láimh do rí Iosrael é freisin agus rinne seisean ár agus eirleach ar a shluaite.
6. Mharaigh Peacach mac Ramailiá céad agus a fiche míle fear, curaidh chalma iad uile, san aon lá amháin in Iúdá; toisc gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a tharla sin dóibh.
7. Zicrí, gaiscíoch ó Eafráim, mharaigh sé Másaeiá, mac an rí, agus Aizríceám, reachtaire an pháláis, agus Ealcáná, tánaiste an rí.
8. Ghabh na hIosraelaigh dhá chéad míle dá ngaolta, mná agus mic agus iníonacha; ghabh siad a lán creiche uathu chomh maith agus thug siad an chreach leo chun na Samáire.
9. Bhí fáidh leis an Tiarna ann darbh ainm Obaed agus ghabh sé amach i gcoinne an airm ar a slí ar ais go dtí an tSamáir agus dúirt: «Bhí an Tiarna, Dia bhur sinsear, i bhfearg le Iúdá agus thug sé ar láimh daoibh iad dá bhrí sin, ach rinne sibhse ár orthu, lena leithéid de fhíoch gur shroich sé chun na bhflaitheas.
10. Agus anois tá sé mar sprioc agaibh cuing na daoirseachta a chur ar mhuintir Iúdá agus Iarúsailéim, idir fhir agus mhná. Nach bhfuil peacaí do bhur gcuid féin oraibh in aghaidh an Tiarna bhur nDia?
11. Éistigí liom anois: scaoiligí saor na bránna a ghabh sibh ó bhur ngaolta mar tá fraoch feirge an Tiarna sa mhullach oraibh.»
12. Taoisigh áirithe d' Eafráim, Azairiá mac Iahóchánán, Beiriciá mac Mhisiléamót, Ichizcíá mac Shealum, agus Amásá mac Hadlái, sheas siad an fód in aghaidh na muintire a bhí ag filleadh ón bhfeachtas
13. agus dúirt siad leo: «Ní thabharfaidh sibh na bránna anseo isteach nó beimid ciontach i bhfianaise an Tiarna. Tá sé i gceist agaibh cur lenár bpeacaí agus lenár gciontacht; ach is trom í ár gciontacht cheana agus tá fraoch feirge an Tiarna ag bagairt ar Iosrael.»
14. D' fhág an t-arm dá bhrí sin na bránna agus an chreach ansiúd i láthair na dtaoiseach agus an chomhthionóil go léir.
15. Ainmníodh daoine ar leith agus d' éirigh siadsan agus thug aire do na bránna; aon chuid acu a bhí gan éadach, thug siad éadach ón gcreach dóibh; thug siad éadaí agus cuaráin dóibh, bia agus deoch; agus chuir ola orthu; chuir siad na daoine leonta ina measc ar muin asal agus thug ar ais iad go dtí a ngaolta in Ireachó, cathair na bpailmeacha. Ansin d' fhill siad go dtí an tSamáir.
16. Chuir Áchaz rí fios ar ríthe na hAsaíre le teacht i gcabhair air.
17. Rinne Eadóm ionradh arís agus bhris siad ar Iúdá, agus thug siad bránna leo.
18. Bhí na Filistínigh ag creachadh na gcathracha ar na hísleáin agus i Neigib Iúdá. Ghabh siad Béit Seimis, Aiálón, Gadaerót, Sócó lena bhailte máguaird, Timneá lena bhailte máguaird, Gimzeo lena bhailte máguaird, agus chuir siad fúthu iontu.
19. Rinne an Tiarna Iúdá a umhlú de bharr Áchaz rí Iosrael mar go ndearna sé faillí ar Iúdá agus feall ar an Tiarna.
20. Tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre ina choinne, chuir léigear air ach theip air é a chloí.
21. Thóg Áchaz cuid den mhaoin i dTeampall an Tiarna agus i bpálás an rí agus na dtaoiseach agus thug mar cháin do rí na hAsaíre é, ach ní bhfuair sé aon ní uaidh dá thairbhe.
22. Ina chruachas dó, d' éirigh sé níos mídhísle fós, an rí Áchaz:
23. d' ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: «De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.» Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael.
24. Rinne Áchaz cuid de ghréithe Theampall Dé a bhailiú le chéile, agus a thuilleadh díobh a bhriseadh. Dhún sé doirse Theampall an Tiarna agus chuir sé suas altóirí dó féin ag cúinne gach sráide in Iarúsailéim.
25. Rinne sé ardionaid le túis a ofráil do dhéithe eile i ngach cathair in Iúdá, agus ar an tslí sin rinne sé an Tiarna, Dia a shinsear, a ghriogadh chun feirge.
26. An chuid eile dá stair, a bhearta go léir, ó thús deireadh, nach bhfuil sé scríofa i Leabhar Ríthe Iúdá agus Iosrael?
27. Ansin chuaigh Áchaz chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa chathair, in Iarúsailéim, cé nár cuireadh é i dtuamaí ríthe Iosrael. Tháinig a mhac Hiziciá i gcomharbacht air.

2 Croinicí 29:1-36
1. Tháinig Hiziciá i gcoróin agus é cúig bliana fichead agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Aibíá iníon Zacairiá ab ainm dá mháthair.
2. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna Dáiví a shinsear.
3. Sa chéad bhliain dá réimeas, sa chéad mhí, d' oscail sé doirse Theampall an Tiarna agus dheisigh iad.
4. Thug sé isteach na sagairt agus na Léivítigh agus thionóil iad sa chearnóg thoir.
5. Dúirt sé leo: «Éistigí liom, a Léivíteacha! Déanaigí sibh féin a naomhú anois agus coisrigí Teampall an Tiarna, Dia ár sinsear, agus caithigí an salachar amach as an áit bheannaithe.
6. Óir bhí ár sinsir mídhílis agus rinne siad an t-olc i bhfianaise an Tiarna, ár nDia; rinne siad é a thréigean agus a n-aghaidh a iompú ón áit a ndearna an Tiarna a bhaile féin de, agus thug siad a gcúl leis.
7. Rinne siad fiú amháin doirse an phóirse a dhúnadh, na lóchrainn a mhúchadh, gan túis a dhó ná íobairtí dóite a ofráil san áit atá coisricthe do Dhia Iosrael.
8. Uime sin tháinig fearg an Tiarna sa mhullach ar Iúdá agus ar Iarúsailéim, agus rinne sé ceap uafáis agus iontais agus gáire fonóide díobh faoi mar is léir do bhur súile cinn.
9. Sin é an fáth, féach!, ar thit ár sinsir le faobhar claímh, agus ar fuadaíodh ár gclann mhac agus iníonacha chun deoraíochta.
10. Tá sé beartaithe agam anois conradh a dhéanamh leis an Tiarna, Dia Iosrael, i dtreo go gcasfaí fraoch a fheirge uainn.
11. A chlann ó, ná bígí faillítheach, óir thogh an Tiarna sibh le seasamh ina láthair, le freastal air, le seirbhís a thabhairt dó, agus le túis a ofráil dó.»
12. Ansin chuaigh na Léivítigh chun oibre: Machat mac Amásai agus Ióéil mac Azairiá, de chlann Chohát; de chlann Mharáraí: Cís mac Aibdí agus Azairiá mac Iahalalael; de chlann Ghéirseon: Ióách mac Zimpeá agus Éidin mac Ióách;
13. de chlann Eilízeáfán: Simrí agus Ieúéil; de chlann Ásáf: Zacairiá agus Matainiá;
14. de chlann Héamán: Iachúéil agus Simeí; de chlann Iadútún: Seamaiá agus Uizíéil.
15. Chruinníodar a mbráithre agus naomhaíodar iad féin, agus ghabhadar isteach de réir threoracha an rí faoi mar a d' ordaigh an Tiarna, chun Teampall an Tiarna a ghlanadh.
16. Chuaigh na sagairt isteach ar fad i dTeampall an Tiarna lena ghlanadh agus thug siad amach aon ní neamhghlan a fuair siad i sanctóir an Tiarna, go cúirt Theampall an Tiarna; thóg na Léivítigh ansin é agus thugadar leo amach é go Gleann Chidreon.
17. Thosaigh siad ar an naomhú seo ar an gcead lá den chéad mhí, agus ar an ochtú lá b' fhéidir dóibh dul isteach i bpóirse an Tiarna; chaith siad ocht lá ag naomhú Theampall an Tiarna, agus bhí deireadh déanta ar an séú lá déag den chéad mhí.
18. Chuaigh siad isteach ansin go Hiziciá an rí agus dúirt siad: «Tá Teampall an Tiarna ar fad glanta againn, altóir an uileloiscthe lena ghréithe go léir, bord builíní na fianaise lena ghréithe go léir.
19. Na gréithe go léir a chaith Áchaz i leataobh le linn a réimis mhídhílis, chuireamar ar ais iad agus rinneamar iad a choisreacan. Tá siad anois, féach!, os comhair altóir an Tiarna.»
20. D' éirigh Hiziciá go moch agus chruinnigh sé oifigigh na cathrach agus chuaigh suas go Teampall an Tiarna.
21. Thug siad leo seacht dtarbh, seacht reithe, seacht n-uan, agus seacht bpocán, mar íobairt pheaca don ríocht don sanctóir agus do Iúdá. Dúirt an rí ansin leis na sagairt, clann Árón, iad a ofráil ar altóir an Tiarna.
22. Mharaigh siad na tairbh agus thug na sagairt an fhuil leo agus dhoirt í ar an altóir. Ansin mharaigh siad na reithí agus doirteadh a bhfuil ar an altóir; ansin mharaigh siad na huain agus doirteadh a bhfuil ar an altóir.
23. Ansin tugadh na pocáin don íobairt pheaca go dtí an rí agus go dtí an comhthionól agus leag siad a lámha orthu.
24. Mharaigh na sagairt iad agus rinne siad íobairt pheaca ar an altóir lena bhfuil mar leorghníomh ar son Iosrael go léir. Óir d' ordaigh an rí an íobairt uileloiscthe agus an íobairt pheaca a dhéanamh ar son Iosrael go léir.
25. Chuir sé na Léivítigh i dTeampall an Tiarna le ciombail, le cláirseacha agus le cruiteanna, de réir ordú Dháiví agus Ghád, físí an rí, agus Nátán an fáidh; ón Tiarna an t-ordú dáiríre trí bhéal a fháithe.
26. Nuair a bhí na Léivítigh ina n-ionad, le huirlisí Dháiví agus na sagairt lena stoic,
27. d' ordaigh Hiziciá an íobairt uileloiscthe a ofráil ar an altóir. Nuair a thosaigh an íobairt uileloiscthe, cuireadh ceann ar iomann don Tiarna freisin; séideadh na stoic, agus uirlisí Dháiví rí Iosrael ag comhcheol leo.
28. Rinne an comhthionól go léir adhradh, agus na cantairí ag canadh, agus na stoic á séideadh, agus mhair sin nó go raibh an íobairt uileloiscthe thart.
29. Nuair a bhí an íobairt thart, chrom an rí agus gach duine a bhí ina theannta síos agus thug siad ómós.
30. D' ordaigh an rí Hiziciá agus na taoisigh do na Léivítigh an Tiarna a mholadh i mbriathra Dháiví agus Ásáf an físí. Chan siad moltaí le dúthracht agus le lúcháir agus chrom siad síos agus thug siad ómós.
31. Labhair Hiziciá arís agus dúirt: «Rinne sibh sibh féin a choisreacan don Tiarna; tagaigí i leith. Tugaigí íobairtí comaoineach agus molta go Teampall an Tiarna.» Thug an comhthionól íobairtí comaoineach agus molta, agus thug lucht chroí mhóir íobairtí dóite.
32. Ba é líon na n-íobartach do na híobairtí dóite ná seachtó tarbh, céad reithe, dhá chéad uan; mar íobairt uileloiscthe don Tiarna iadsan go léir.
33. Rinneadh sé chéad tarbh agus trí mhíle caora a choisreacan.
34. Ní raibh go leor sagart ann ámh, agus níorbh fhéidir dóibh na híobairtí uileloiscthe go léir a fheannadh; chabhraigh na Léivítigh leo dá bhrí sin nó gur críochnaíodh an obáir agus gur naomhaíodh sagairt eile; bhí na Léivítigh níba ionraice croí á naomhú féin ná na sagairt.
35. Seachas sin go léir bhí ofrálacha dóite de choda méithe na n-íobairtí comaoineach, agus iliomad íobairtí dí ag gabháil leis na híobairtí uileloiscthe. Rinneadh liotúirge Theampall an Tiarna a athnuachan ar an gcuma sin.
36. Rinne Hiziciá agus an pobal go léir lúcháir de bharr a raibh déanta ag Dia don phobal, á spreagadh chun gnímh chomh gasta sin.

Salm 84:8-12
8. 9 A Thiarna na slua, éist le mo ghuí; tabhair cluas dom, a Dhia Iacóib. Selah
9. 10 Féach, a Dhia, ár sciath; agus breathnaigh ar aghaidh d' ungthaigh féin.
10. 11 B' fhearr liom aon lá amháin i do chúirteanna ná míle lá in aon áit eile. B' fhearr liom bheith ar thairseach theach Dé ná bheith i mo chónaí i mbothanna na bpeacach.
11. 12 Óir is grian agus is sciath é an Tiarna Dia a bhronnann orainn grásta agus glóir. Ní eitíonn sé maitheas ar bith ar an muintir a chaitheann a mbeatha gan cháim.
12. 13 A Thiarna (a Dhia) na slua, is aoibhinn don té a bhfuil a dhóchas ionat.

Seanfhocal 21:6-8
6. Gnothú maoine le teanga bhréagach, gal soip é agus baol báis.
7. Déanfaidh foréigean na n-urchóideach iad a scriosadh, mar nach áil leo an ceart a dhéanamh.
8. Is cam é casán an chiontaigh, ach is íon é iompar an duine ionraic.

Gníomhartha 19:21-41
21. Nuair a bhí an méid sin curtha i gcrích aige, shocraigh Pól ina aigne go dtabharfadh sé cúrsa na Macadóine agus Acháia agus go rachadh sé as sin go Iarúsailéim. «Tar éis dom dul go Iarúsailéim,» ar seisean, «ní mór dom an Róimh freisin a fheiceáil.»
22. Dá réir sin chuir sé beirt dá chúntóirí, Tiomóid agus Earastas, go dtí an Mhacadóin agus d' fhan sé féin tamall eile san Áise.
23. Timpeall na haimsire seo tharla achrann mór mar gheall ar an mBealach.
24. Bhí gabha geal ann darbh ainm Déimitrias a bhíodh ag déanamh mionsamhailteacha airgid de theampall Airtimis agus a chuireadh mórán oibre ar fáil do na ceardaithe.
25. Ghlaoigh sé na ceardaithe sin i gceann a chéile agus na hoibreoirí eile a raibh baint acu leis an ngnó agus labhair sé leo: «A fheara,» ar seisean, «mar is eol daoibh is ar an gceird seo atá ár rathúnas ag brath.
26. Tá sé le feiceáil agus le cloisteáil agaibh féin, áfach, go bhfuil slua mór daoine iompaithe uainn lena chuid áitimh ag an bPól seo agus ní in Eifeasas amháin é ach beagnach ar fud na hÁise ar fad mar go mbíonn sé á rá nach déithe ar chor ar bith na déithe a dhéantar le lámha daonna.
27. Is é baol atá ann nach ea amháin go dtarraingeofar míchlú ar an ngnó seo againne ach go ndéanfar beagní de theampall an bhandé mhóir Airtimis agus go gcaillfidh Airtimis féin a gradam bandia a bhfuil urraim á tabhairt di ar fud na hÁise agus ar fud an domhain mhóir.»
28. Ar chloisteáil na cainte sin dóibh tháinig confadh buile orthu agus thosaigh siad ag liúireach: «Airtimis na nEifeasach abú.»
29. Leath an gleo ar fud na cathrach; rug siad ar Gháias agus Arastarchos, beirt Mhacadónach a bhí ina gcompánaigh ag Pól, agus rith siad leo in éineacht isteach san amharclann.
30. Ba mhian le Pól dul isteach chun an tslua ach ní ligfeadh na deisceabail dó é.
31. Agus cuid de na huachtaráin chúige féin a bhí mór leis, chuir siad scéala chuige á mholadh dó gan é féin a thaispeáint san amharclann.
32. Bhí duine á scairteadh seo agus duine eile á scairteadh siúd; bhí an cruinniú ina chíréib agus gan a fhios ag an bhformhór cad a thug i gceann a chéile iad.
33. Srac siad Alastar amach as an slua, fear a raibh na Giúdaigh á shá chun tosaigh. Thug Alastar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost d' fhonn é féin a chosaint os comhair an tslua.
34. Ach nuair a d' aithin siad gur Ghiúdach é, thóg siad liú d' aonghuth: «Airtimis na nEifeasach abú,» agus lean siad de ar feadh dhá uair a chloig.
35. Faoi dheireadh chuir cléireach an bhaile an slua chun suaimhnis agus labhair sé leo: «A mhuintir Eifeasas,» ar seisean, «an bhfuil duine ar bith nach bhfuil a fhios aige gurb í cathair Eifeasas is caomhnóir ar theampall Airtimis Móire agus ar a híomhá a thit ó neamh?
36. Níl ceist ar dhuine ar bith faoin méid sin. Ní mór daoibh, dá bhrí sin guaim a choinneáil oraibh féin agus gan aon ní meargánta a dhéanamh.
37. Thug sibh na fir seo i láthair gan dia-aithis ná diamhasladh tugtha acu dár mbandia.
38. Dá réir sin má tá aon chúis ag Déimitrias agus a chuid ceardaithe ar dhuine ar bith, tá cúirteanna ann agus próchonsail agus cuiridís an dlí ar a chéile ansiúd.
39. Ach má tá aon éileamh breise le déanamh agaibh, réiteofar an scéal i dtionól dlíthiúil den phobal.
40. Mar tá baol ann go gcuirfear círéib inár leith tar éis gnó an lae inniu, agus gan aon chúis againn a d' fhéadfaimis a thabhairt mar leithscéal ar an gclampar seo.»
41. 40b Nuair a bhí an méid sin ráite aige scoir sé an cruinniú.