2 Croinicí 17:1-19 |
1. Tháinig Iahóiseáfát a mhac i gcomharbacht air agus dhaingnigh sé a cheannas ar Iosrael. |
2. Chuir sé buíonta saighdiúirí i gcathracha daingne Iúdá go léir, agus cheap sé ceannairí i dtír Iúdá agus sna bailte in Eafráim a ghabh a athair Ásá. |
3. Bhí an Tiarna i dteannta Iahóiseáfát mar gur lean sé sampla a athar mar a bhí i dtús a résean, agus ní dheachaigh sé i muinín na mBálaím, |
4. chloígh sé le Dia a athar, agus lean a aitheanta in áit sampla Iosrael. |
5. Dhaingnigh an Tiarna, dá bhrí sin, an ríocht ina ghreim, agus thug Iúdá go léir cáin do Iahóiseáfát, agus bhí saibhreas agus maoin go flúirseach aige. |
6. Bhí misneach ina chroí le siúl i gcosáin an Tiarna agus scrios sé arís na hardionaid agus na cuaillí naofa i Iúdá. |
7. Sa tríú bliain dá réimeas chuir sé a fheidhmeannaigh: Bein Haíl, Obaidiá, Zacairiá, Natanael agus Míocáiá le teagasc a thabhairt i gcathracha Iúdá. |
8. Ghabh na Léivítigh seo leanas leosan: Seamaiá, Natainiá, Zabaidiá, Asáhael, Simíreámót, Iahónátan, Adoiníá, Tóibíá agus Tób Adóinía. Léivítigh iadsan, agus in éineacht leo bhí na sagairt Eilíseámá agus Iahórám. |
9. Rinne siad teagasc in Iúdá agus leabhar dhlí an Tiarna acu agus chuaigh siad timpeall cathracha uile Iúdá ag teagasc an phobail. |
10. Thit eagla an Tiarna ar ríochtaí uile na gcríoch i gcóngar Iúdá agus ní dhearna siad cogadh ar Iahóiseáfát. |
11. Thug cuid de na Filistínigh bronntanais go dtí Iahóiseáfát agus airgead mar cháin; thug na hArabaigh féin seacht míle seacht gcéad reithe agus seacht míle seacht gcéad pocán gabhair. |
12. Chuaigh Iahóiseáfát i neart agus i neart. Thóg sé daingin agus cathracha stóir in Iúdá; |
13. bhí lón mór aige i gcathracha Iúdá. Bhí buíon saighdiúirí gaiscígh ghroí, in Iarúsailéim. |
14. Seo mar a rangaíodh iad de réir finí: de Iúdá, mar cheannairí míle: Adná an ceannaire le trí chéad míle curadh calma; |
15. faoina cheannas-san Iahóchánán an ceannaire le dhá chéad agus a hochtó míle fear; |
16. faoina cheannas-san Amásá mac Zicrí, óglach i seirbhís an Tiarna, le dhá chéad míle curadh calma. |
17. De Bhiniáimin: Eiliádá gaiscíoch calma, le dhá chéad míle fear iompartha bogha agus scéithe; |
18. faoina cheannas-san Iahózábád le céad agus a hochtó míle armtha chun cogaidh. |
19. Sin iad na fir a bhí ag déanamh seirbhíse don rí seachas an mhuintir a chuir an rí san cathracha daingne ar fud Iúdá ar fad |
2 Croinicí 18:1-34 |
1. Bhí Iahóiseáfát faoi bhláth maoine agus onóra, agus rinne sé cleamhnas le hAcháb. |
2. Tar éis roinnt blianta thug sé turas ar Acháb sa tSamáir. Mharaigh Acháb líon mór caorach agus damh dó féin agus dá lucht leanúna lena áiteamh air Rámot Gileád a ionsaí. |
3. Chuir Acháb rí Iosrael ceist ar Iahóiseáfát rí Iúdá: «An dtiocfaidh tú liom go Rámot Gileád?» D' fhreagair Iahóiseáfát: «Táimse chomh hullamh chun catha leat féin, agus mo mhuintirse le do mhuintirse.» |
4. Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: «Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.» |
5. Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. «Ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí,» d' fhiafraigh sé díobh, «nó éirí as?» «Téigh,» ar siad, «mar tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.» |
6. Ach dúirt Iahóiseáfát: «An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?» |
7. D' fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: «Tá aon duine amháin eile lenar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh tairngreacht fhónta aige domsa, ach drochchinn i gcónaí; Míocáia mac Imleá an duine sin.» «Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,» arsa Iahóiseáfát. |
8. Chuir rí Iosrael fios ar dhuine de na coillteáin dá bhrí sin agus dúirt: «Tabhair Míocáia mac Imleá chugam gan mhoill.» |
9. Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair. |
10. Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Chanáná dó féin. «Seo mar a deir an Tiarna:» ar sé, «' Déanfaidh tú na hAramaeigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.'» |
11. Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: «Gluais leat go Rámot Gileád,» ar siad, «agus beir bua. Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.» |
12. An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: «Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.» |
13. Ach d' fhreagair Míocáia: «Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh mo Dhia, sin é an briathar a labhróidh mé.» |
14. Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: «A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?» D' fhreagair sé: «Gluaisigí agus beirigí bua! Tabharfar in bhur lámha iad.» |
15. Ach dúirt an rí: «An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?» |
16. Ansin labhair Míocáia: «Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte mar chaoirigh gan aoire, agus dúirt an Tiarna: 'Níl maistir orthu; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.'» |
17. Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: «Nár dhúirt mé nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc.» |
18. Lean Míocáia air: «Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar dheis agus ar a chlé. |
19. Dúirt an Tiarna: 'Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?' Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd. |
20. Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: 'Déanfaidh mise é a mhealladh,' ar sé. ' Conas?' arsa an Tiarna. |
21. D' fhreagair sé: 'Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.' ' Meallfaidh tú é,' arsa an Tiarna, ' rithfidh leat. Téigh agus déan é.' |
22. Féach anois, más ea, mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d' fháithe anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d' aghaidh.» |
23. Tháinig Zidicíá mac Chanáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill, agus dúirt: «Conas a d' fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?» |
24. «Sin rud a gheobhaidh tú amach,» d' fhreagair Míocáia, «an lá a theithfidh tú i seomra cúil le dul i bhfolach.» |
25. Dúirt rí Iosrael: «Gabhaigí Míocáia agus tugaigí ar láimh é d' Ámón, rialtóir na cathrach, agus don phrionsa Ióáis, |
26. agus abraigí: 'Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpríosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach arán agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.'» |
27. Dúirt Míocáia: «Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.» (Agus dúirt sé: «Éistigí, a chiníocha go léir.») |
28. Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád. |
29. Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: «Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d' éidí rí ortsa.» Chuir rí Iosrael bréagriocht air féin agus chuaigh isteach sa chath. |
30. Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad: «Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.» |
31. Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: «Sin é ar ndóigh, rí Iosrael,» agus d' iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát gáir suas, agus tháinig an Tiarna i gcabhair air agus chuir Dia iad dá n-ionsaí air, |
32. agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d' éiríodar as an tóir. |
33. Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim, agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach: «Iompaigh timpeall,» arsa an rí lena charbadóir, «agus beir leat as an gcath mé mar táim gonta.» |
34. Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; choimeád an rí é féin ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hAramaeigh go tráthnóna; agus d' éag sé le fuineadh an lae. |
Salm 81:11-16 |
11. 12 Ach ní éistfeadh mo phobal le mo ghlór; níorbh áil le hIosrael bheith umhal dom. |
12. 13 Thug mé suas iad do mhianta a gcroí; chun cibé ní ab áil leo a dhéanamh. |
13. 14 Dá mb' áil le mo phobal éisteacht liom; dá siúlfadh Iosrael i mo shlite, |
14. 15 chuirfinn a naimhde faoi chois gan mhoill; agus dhéanfainn a n-eascairde a threascairt. |
15. 16 Bheadh lucht fuatha an Tiarna ag lútáil leis; ach bheidís faoi bhroid go brách. |
16. 17 Bheathóinn [Iosrael] le scoth na cruithneachta; agus líonfainn é le mil as an gcarraig.» |
Seanfhocal 20:26-28 |
26. Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh, agus tiomáineann an roth tharstu. |
27. Sé spiorad an duine lampa an Tiarna, ag spiúnadh doimhneas a chroí. |
28. Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint, agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach. |
Gníomhartha 16:22-40 |
22. Rinne na giúistísí na héadaí a sracadh díobh agus d' ordaigh iad a bhualadh le slata. |
23. Tar éis dóibh iad a léasadh ó thalamh chaith siad isteach i bpríosún iad agus d' ordaigh don choimeádaí iad a choinneáil go daingean. |
24. Nuair a fuair an coimeádaí an t-ordú sin, chuir sé iad sa chillín ba fhaide isteach agus dhaingnigh a gcosa i gceap adhmaid. |
25. Timpeall meán oíche bhí Pól agus Síleas ag guí agus ag canadh iomann do Dhia agus na príosúnaigh eile ag éisteacht leo. |
26. Go tobann tharla crith mór talún agus luascadh an príosún ó bhonn. Osclaíodh na doirse uile ar an bpointe agus thit na slabhraí de chách. |
27. Dhúisigh an coimeádaí as a chodladh agus nuair a chonaic sé doirse an phríosúin ar leathadh, tharraing sé a chlaíomh le hintinn é féin a mharú agus é á cheapadh go raibh na príosúnaigh go léir teite. |
28. Scairt Pól air, áfach, in ard a ghutha: «Ná déan aon díobháil duit féin,» ar seisean, «táimid go léir anseo.» |
29. D' iarr an coimeádaí solas a thabhairt chuige, ansin rith sé isteach agus chaith é féin ag glúine Phóil agus Shíleas agus é ar crith le heagla. |
30. Ansin sheol sé amach iad agus d' fhiafraigh díobh: «Cad atá le déanamh agam, a mháistrí, go slánófaí mé?» |
31. «Creid sa Tiarna Íosa,» ar siadsan, «agus beidh tú féin agus do theaghlach slán.» |
32. Agus d' fhógair siad briathar an Tiarna dó féin agus dá raibh sa teach leis. |
33. Dá fhad amach san oíche a bhí sé, thug sé leis iad agus nigh a gcréachtaí; agus baisteadh é féin agus a líon tí go léir ar an bpointe. |
34. Ansin thug sé isteach ina theach iad agus chuir cóir bia os a gcomhair. Rinne sé féin agus a theaghlach gairdeas go raibh an creideamh faighte aige i nDia. |
35. Nuair a bhí sé ina lá chuir na giúistísí na póiliní chun coimeádaí an phríosúin, á rá: «Scaoil saor na daoine sin.» |
36. Thug an coimeádaí an scéal seo go Pól: «Tá na giúistísí tar éis ordú a thabhairt go scaoilfí saor sibh. Amach libh mar sin agus go n-éirí an bóthar libh.» |
37. Dúirt Pól leis na póilíní, áfach: «Rinne siad sinn a léasadh go poiblí gan aon triail a chur orainn agus sinn inár saoránaigh Rómhánacha. Ansin chaith siad isteach i bpríosún sinn. An dár gcur amach faoi cheilt atá siad anois? Ní dhéanfaidh siad go deimhin, ach tagaidís féin agus déanaidís sinn a chomóradh amach.» |
38. Thug na póilíní an scéal seo chun na ngiúistísí. Tháinig scanradh orthu nuair a chuala siad gur shaoránaigh Rómhánacha na haspail. |
39. Chuaigh siad chucu mar sin agus ghabh a leithscéal leo. Sheol siad amach ansin iad agus d' iarr orthu an chathair a fhágáil. |
40. Ar fhágáil an phríosúin dóibh chuaigh siad go teach Lidia, áit a bhfaca siad na bráithre. Thug siad spreagadh dóibh agus d' imigh siad leo. |