A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Meitheamh 7

2 Ríthe 1:1-18
1. Tar éis bháis do Acháb, rinne Móáb ceannairc in aghaidh Iosrael.
2. Thit Achaizíá ó áiléar a sheomra uachtair sa tSamáir agus leonadh é. Chuir sé teachtairí uaidh dá bhrí sin á rá leo: «Imígí agus téigí i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón, agus fiafraigí an dtiocfaidh mé chugam féin as mo bhreoiteacht.»
3. Ach dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias an Tisbíoch: «Bí i do shuí agus imigh i gcoinne teachtairí rí na Samáire, agus abair leo: 'An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil sibh ag dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón?'
4. Mar seo a deir an Tiarna: 'An leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.'» Agus d' imigh Éilias leis.
5. D' fhill na teachtairí ar an rí, agus dúirt sé leo: «Cén fáth ar tháinig sibh ar ais?»
6. «Tháinig fear inár gcoinne,» ar siad leis, «agus dúirt sé linn: 'Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.'»
7. «An té seo a bhuail libh agus a dúirt an méid sin,» ar sé leo, «cén sórt duine é?»
8. «Bhí fallaing róin á caitheamh aige, agus crios leathair ar a choim,» ar siad leis. «Ba é sin Éilias an Tisbíoch,» ar sé.
9. Ansin chuir an rí ceannaire caogad lena chaoga fear chuige. Ghabh an ceannaire suas go hÉilias a bhí ina shuí ar mhullach cnoic, agus dúirt sé leis: «A ghiolla Dé, deir an rí ' Tar anuas.'»
10. D' fhreagair Éilias an ceannaire caogad: «Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear.» Ansin tháinig tine ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga.
11. Chuir an rí ceannaire eile caogad lena chaoga fear chuige, agus ghabh seisean suas chomh maith agus dúirt leis: «A ghiolla Dé, seo é ordú an rí: 'Tar anuas gan mhoill.'»
12. D' fhreagair Éilias iad: «Más giolla le Dia mé, go dtaga tine anuas ó neamh agus go scriosa sé thú féin agus do chaoga fear «Agus tháinig tine Dé anuas ó neamh agus scrios sé é féin agus a chaoga.
13. Ansin chuir an rí an tríú ceannaire caogad lena chaoga. Agus ghabh an tríú ceannaire caogad suas agus chaith é féin ar a ghlúine os comhair Éilias agus d' impigh air á rá: «A ghiolla Dé, go raibh luach éigin i do shúilese ar m' anamsa agus ar anam an chaoga searbhónta seo.
14. Tháinig tine anuas ó neamh agus scrios sí an bheirt cheannaire caogad eile lena gcaogaidí; ach bíodh luach éigin ar m' anamsa i do shúile.»
15. Ansin dúirt aingeal an Tiarna le hÉilias: «Téigh síos leis, ná bíodh eagla ort roimhe.» D' éirigh sé dá bhrí sin agus ghabh síos go dtí an rí ina theannta,
16. agus dúirt sé leis: «Seo mar a deir an Tiarna: 'Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.'»
17. Agus fuair sé bás de réir bhriathar an Tiarna a labhair Éilias. De bhrí nach raibh aon mhac aige, tháinig Iahórám, [a dheartháir,] i gcoróin ina dhiaidh, sa dara bliain de réimeas Iahórám mac Iahóiseáfát rí Iúdá.
18. An chuid eile de stair Achaizíá, a imeachtaí, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?

2 Ríthe 2:1-25
1. Seo mar a tharla nuair a rug an Tiarna Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin: D' imigh Éilias agus Eilíseá ó Ghilgeál
2. agus dúirt Éilias le hEilíseá: «Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Béitéil.» Ach d' fhreagair Eilíseá: «Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,» agus chuadar síos go Béitéil.
3. Agus bráithreachas na bhfáithe i mBéitéil, thángadar amach go hEilíseá, agus dúradar leis: «An bhfuil a fhios agat go dtógfaidh an Tiarna do mháistir chun siúil ó do chúram inniu?» «Sea, tá a fhios agam,» ar sé. «Ceapaigí bhur suaimhneas.»
4. Dúirt Éilias leis: «Fan anseo, a Eilíseá, le do thoil, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Ireachó.» Ach d' fhreagair sé: «Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,» agus chuadar ar aghaidh go Ireachó.
5. Agus bráithreachas na bhfáithe in Ireachó, thángadar go hEilíseá agus dúradar leis: «An bhfuil a fhios agat go dtógfaidh an Tiarna do mháistir chun siúil ó do chúram inniu?» «Sea, tá a fhios agam,» ar sé. «Ceapaigí bhur suaimhneas.»
6. Dúirt Éilias le hEilíseá: «Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá. Níl an Tiarna do mo chur ach go dtí an Iordáin.» D' fhreagair sé áfach: «Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú.» Agus chuaigh an bheirt acu ar aghaidh le chéile.
7. Bhí caoga duine de bhráithreachas na bhfáithe á leanúint, agus stad siad tamall maith uathu nuair a sheas an bheirt acu cois na Iordáine.
8. Rug Éilias ar a fhallaing, chorn sé suas í agus bhuail sé an t-uisce; scar an t-uisce deas agus clé agus chuaigh an bheirt acu anonn de chosa tirime.
9. Nuair a bhíodar ar an taobh thall, dúirt Éilias le hEilíseá: «Iarr cibé atá uait a dhéanfainn duit, sula mbaintear uait mé.» D' fhreagair Eilíseá: «Bíodh do spiorad faoi dhó mar oidhreacht agam, le do thoil.»
10. «Is deacair d' iarratas a thabhairt duit,» arsa Éilias. «Má fheiceann tú mé agus mé do mo thabhairt ar shiúl uait, beidh sé agat mar a d' iarr tú; mura bhfeiceann, ní bheidh sé amhlaidh.»
11. Le linn dóibh bheith ag siúl leo agus iad ag caint ar an mbealach, nocht carbad tintrí agus capaill tintrí, ag teacht eatarthu, agus chuaigh Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin.
12. Chonaic Eilíseá sin agus scairt sé: «A athair, a athair liom! Carbad Iosrael agus a eachra!» Chaill sé radharc air ansin, agus rug sé ar a chuid éadaigh agus stróic sé ina dhá leath iad.
13. Thóg sé suas fallaing Éilias a thit uaidh, chuaigh ar ais agus sheas ar bhruach na Iordáine.
14. Rug sé greim ar fhallaing Éilias a thit uaidhsean agus bhuail sé an t-uisce. «Cá bhfuil an Tiarna, Dia Éilias?» a scairt sé. Bhuail sé an t-uisce agus scar an t-uisce deas clé agus chuaigh Eilíseá anonn.
15. Chonaic bráithreachas na bhfáithe (in Ireachó) uathu é, agus dúradar: «Tá spiorad Éilias luite ar Eilíseá,» agus thángadar ina araicis agus chromadar chun talún ina láthair.
16. «Féach, tá caoga fear tréan i dteannta do shearbhóntaí anois,» ar siad leis; «lig dóibh imeacht, le do thoil, chun do mháistir a chuardach; b' fhéidir gurb amhlaidh a d' ardaigh spiorad an Tiarna in airde leis é agus é a chaitheamh anuas ar chnoc éigin nó síos i ngleann éigin.» Ach dúirt sé: «Ná cuirigí aon duine uaibh.»
17. Ach bhíodar ag tathant air gur chuireadar náire air nó go ndúirt sé: «Cuirigí.» Chuireadar caoga fear dá bhrí sin agus bhíodar á lorg ar feadh trí lá ach gan é a fháil.
18. Ansin thángadar ar ais go hEilíseá a d' fhan in Ireachó agus dúirt sé leo: «Nár dhúirt mé libh gan dul?»
19. Dúirt muintir na cathrach le hEilíseá: «Féach, is taitneamhach an ball í an chathair seo, mar is léir do mo thiarna, ach tá an t-uisce bréan agus tá an ithir neamhthorthúil.»
20. «Tugaigí crúiscín nua chugam,» ar sé, «agus cuirigí roinnt salainn ann.» Thugadar chuige é.
21. Chuaigh sé ansin go súil an tobair agus chaith salann isteach inti, agus dúirt: «Mar seo a deir an Tiarna: 'Rinne mé an t-uisce seo glan; ní bheidh bás ná marbhghin as feasta.'»
22. D' éirigh an t-uisce folláin agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu mar a dúirt Eilíseá a bheadh.
23. Ghabh sé suas go Béitéil ón áit sin, agus fad a bhí sé ar an mbealach suas, tháinig buachaillí beaga amach as an gcathair agus bhíodar ag déanamh fonóid faoi á rá: «Suas leat, a phlaitínigh! Suas leat, a phlaitínigh!»
24. Chas sé timpeall agus d' fhéach orthu agus chuir mallacht orthu in ainm an Tiarna. Tháinig dhá bheithir bhaineanna amach as an gcoill agus stolladar beirt agus daichead de na buachaillí.
25. Chuaigh sé as sin go Sliabh Chairmeil, agus d' fhill ar ais as sin go dtí an tSamáir.

Salm 71:9-16
9. Ná caith uait mé i ndeireadh m' aoise; ná fág mé liom féin nuair a mheathfaidh mo bhrí orm.
10. Óir bím i mbéal mo naimhde; téann lucht mo bhraite i gcomhairle le chéile
11. á rá: «Tá sé tréigthe ag Dia; téigí ar a thóir agus beirigí air, óir níl aon neach ann lena shaoradh.»
12. A Dhia, ná bíse i bhfad uaim; déan deifir, a Dhia, agus cabhraigh liom.
13. Go gcuirtear trína chéile is go gcloítear a bhfuil ar tí m' anama. Go gclúdaítear le míchlú agus náire an drong ar mian leo mo dhochar.
14. Ach beidh dóchas agamsa go brách agus cuirfidh mé le do mholadh in aghaidh an lae.
15. Fógróidh mo bhéal d' fhíréantacht agus do chúnamh ó lá go chéile óir ní fios dom a líon ná a n-áireamh.
16. Fógróidh mé móréachtaí an Tiarna; d' fhíréantachtsa amháin a fhoilseoidh mé.

Seanfhocal 18:6-8
6. Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin, agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.
7. Scriosann béal an amadáin é féin, agus is gaiste dó a bheola.
8. Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora, agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.

Eoin 16:1-33
1. D' inis mé an méid sin daoibh, ionas nach nglacfaidh sibh scannal.
2. Dúnfar amach as na sionagóga sibh; tá an t-am ag teacht, fiú amháin, nuair a shílfidh an té a mharóidh sibh gur ag déanamh réir Dé a bhíonn.
3. Agus déanfaidh siad an méid sin [oraibh] de bhrí nach bhfuil aithne acu ar an Athair ná ormsa.
4. D' inis mé an méid sin daoibh ionas go mbeadh cuimhne agaibh, nuair a thiocfaidh an t-am dó, gur inis mé daoibh é. Níor dhúirt mé na nithe seo libh ó thus mar bhí mé in bhur bhfochair.
5. «Táim ag imeacht anois, go dtí an té a chuir uaidh mé, agus ní fhiafraíonn aon duine agaibh díom, ' Cá bhfuil tú ag dul?'
6. Ach de bhrí gur dhúirt mé an méid sin libh, líon bhur gcroí de bhrón.
7. Insím an fhírinne daoibh, áfach: is é bhur leas mise a imeacht, mar mura n-imeoidh mé, ní thiocfaidh an tAbhcóide chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.
8. Agus nuair a thiocfaidh sé, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais.
9. I dtaobh an pheaca, de bhrí nár chreid siad ionam;
10. i dtaobh an chirt, de bhrí go bhfuilim ag triall ar an Athair;
11. i dtaobh an bhreithiúnais, de bhrí go bhfuíl daorbhreith tugtha cheana féin ar phrionsa an tsaoil seo.
12. Tá mórán eile le rá agam libh, ach ní fhéadann sibh iad a fhulaingt anois;
13. ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne, déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne. Óir ní as féin a labhróidh; labhróidh sé na nithe a chuala sé, agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.
14. Tabharfaidh sé glóir domsa, óir is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.
15. An uile ní dá bhfuil ag m' Athair, is liomsa é. Uime sin a dúirt mé: ' Is de mo chuidse a ghlacfaidh agus a inseoidh sé daoibh.'
16. «Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé níos mó, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm, mar táim ag triall ar an Athair.»
17. Ansin dúirt cuid dá dheisceabail le chéile: «Cad é seo a deir sé linn: 'Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile, agus beidh radharc agaibh orm'; agus 'mar táim ag triall ar an Athair'?»
18. Dá bhrí sin dúirt siad: «Cad é an 'tamall beag' é seo a deir sé? Níl a fhios againn cad is ciall lena chomhrá.»
19. Bhí a fhios ag Íosa gur mhian leo é a cheistiú agus dúirt sé leo: «Tá sibh ag fiafraí dá chéile cad is ciall leis an rud a dúirt mé: 'Tamall beag agus ní fheicfidh sibh mé, agus tamall beag eile agus beidh radharc agaibh orm.'
20. Amen, Amen, a deirim libh, beidh sibhse ag gol agus ag caoineadh, ach beidh an saol ag déanamh áthais. Beidh sibhse buartha, ach iompófar bhur mbuairt chun áthais.
21. Nuair a bhíonn bean ina luí seoil, bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha. Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe, ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh, le barr áthais go bhfuil duine saolaithe.
22. Agus sibhse mar an gcéanna, tá buairt oraibh anois, ach feicfidh mé arís sibh, agus beidh bhur gcroí ag déanamh áthais, agus ní bhainfidh duine ar bith bhur n-áthas díbh.
23. An lá sin ní bheidh aon cheist le cur agaibh orm. Amen, Amen, a deirim libh, má iarrann sibh ní ar bith ar an Athair tabharfaidh sé daoibh é i m' ainm-sé.
24. Go dtí seo níor iarr sibh ní ar bith i m' ainm. Iarraigí agus gheobhaidh sibh, chun go mbeadh bhur n-áthas iomlán.
25. Labhair mé an méid sin libh i solaoidí. Tá an t-am ag teacht, nuair nach labhróidh mé libh a thuilleadh i solaoidí, ach inseoidh mé daoibh go soiléir mar gheall ar an Athair.
26. Iarrfaidh sibh i m' ainm an lá sin, agus nílim á rá libh go ndéanfaidh mé achainí ar an Athair ar bhur son.
27. Óir tá cion ag an Athair féin oraibh, de bhrí go raibh cion agaibh orm, agus gur chreid sibh gur ó Dhia a ghabh mé amach.
28. Ghabh mé amach ón Athair, agus tháinig mé ar an saol. Táim ag fágáil an tsaoil arís, agus táim ag triall ar an Athair.»
29. Dúirt a dheisceabail leis: «Féach, tá tú ag caint go hoscailte feasta agus ní solaoid ar bith atá tú á rá.
30. Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.»
31. D' fhreagair Íosa iad: «An gcreideann sibh anois?
32. Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m' aonar. Ach nílim i m' aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.
33. Labhair mé na nithe sin libh, chun go mbeadh síocháin agaibh ionamsa. Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.»