A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Meitheamh 6

1 Ríthe 21:1-29
1. Seo mar a bhí ina dhiaidh sin: Bhí fíonghort ag Nábót ó Izréil láimh le pálás Acháb rí na Samáire.
2. Dúirt Acháb le Nábót: «Tabhair dom d' fhíonghort chun go mbeadh sé agam mar luibhghort, mar tá sé cóngarach do mo theach. Tabharfaidh mé fíonghort níos fearr duit air, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé a luach duit in airgead.»
3. Ach d' fhreagair Nábót Acháb: «Nár lige an Tiarna go dtabharfainn oidhreacht mo shinsear duit!»
4. Chuaigh Acháb abhaile agus gruaim agus crá air mar gheall ar fhocail Nábót ó Izréil: «Ní thabharfaidh mé oidhreacht mo shinsear duit.» Luigh sé ar a leaba agus d' iompaigh a aghaidh ó radharc agus dhiúltaigh sé bia a ithe.
5. Tháinig Ízeibil a bhean chéile chuige. «Cén fáth a bhfuil oiread drochmhisnigh ort agus nach n-íosfá?» ar sise.
6. Dúirt sé: «Bhí mé ag caint le Nábót ó Izréil. Arsa mise leis: 'Tabhair dom d' fhíonghort ar airgead, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé fíonghort eile duit mar mhalairt air.' Ach dúirt seisean: 'Ní thabharfaidh mé m' fhíonghort duit.'»
7. Ansin dúirt Ízeibil a bhean: «Is breá an rí ar Iosrael thusa, gan amhras! Éirigh agus ith leat; bíodh misneach ort; gheobhaidh mise féin fíonghort Nábót ó Izréil duit.»
8. Scríobh sí litreacha in ainm Acháb, más ea, agus chuir sí a shéala orthu agus chuir sí iad chuig na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí san aon chathair le Nábót.
9. Scríobh sí sna litreacha: «Fógraigí troscadh agus cuirigí Nábót chun tosaigh ar an bpobal.
10. Cuirigí cúpla scraiste os a choinne a dhéanfaidh é a chúiseamh mar seo: 'Mhallaigh tú Dia agus an rí.' Tugaigí amach ansin é agus maraigí le clocha é.»
11. Rinne muintir a chathrach, na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí ina chathair, an rud a d' ordaigh Ízeibil dóibh, mar a bhí scríofa sna litreacha a sheol sí chucu.
12. D' fhógair siad troscadh agus chuir siad Nábót chun tosaigh ar an bpobal.
13. Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: «Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.» Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.
14. Ansin chuireadar teachtaireacht chuig Ízeibil: «Maraíodh Nábót le clocha!»
15. Nuair a chuala Ízeibil gur maraíodh Nábót le clocha, dúirt sí le hAcháb: «Éirigh! Glac seilbh ar an bhfíonghort nach dtabharfadh Nábót ó Izréil duit ar airgead mar ní beo do Nábót feasta ach marbh!»
16. Nuair a chuala Acháb go raibh Nábót marbh, d' éirigh sé le dul síos chuig fíonghort Nábot ó Izréil le seilbh a ghlacadh air.
17. Tháinig briathar an Tiarna chuig Éilias an Tisbíoch:
18. «Éirigh agus imigh leat síos go gcasfar Acháb rí Iosrael ort sa tSamáir. Tiocfaidh tú air i bhfíonghort Nábót; tá sé imithe síos le seilbh a ghlacadh air.
19. Abair leis: 'Seo mar a deir an Tiarna: Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin] agus is é an Tiarna a deir é san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.'»
20. Dúirt Acháb le hÉilias: «Tá beirthe amuigh agat orm mar sin, a namhaid.» D' fhreagair Éilias: «Sea, tá beirthe agam ort, toisc gur reic tú thú féin, leis an olc i súile an Tiarna a dhéanamh.
21. Féach! tabharfaidh mé an t-olc sa mhullach ort, agus déanfaidh mé scrios iomlán ort. Gearrfaidh mé gach mac máthar dá shliocht daor nó saor chun siúil ó Acháb.
22. Tabharfaidh mé an íde chéanna ar do theaghlach agus a thug mé ar theaghlach Iarobám mac Nabát, agus ar theaghlach Bháiseá mac Aichíá, de bhrí gur chuir tú fearg orm agus gur sheol tú Iosrael ar bhóthar an pheaca.
23. (Lena chois sin labhair an Tiarna na focail seo in aghaidh Ízeibil: 'Íosfaidh na madraí Ízeibil i gcríocha Izréil.')
24. An chuid sin de chlann Acháb a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad, agus an chuid a gheobhaidh bás faoin tuath, íosfaidh éanlaith an aeir iad.»
25. Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t-olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile.
26. D' iompair sé é féin ar bhealach gráiniúil agus lean sé íola, faoi mar a dhéanadh na hAmóraigh a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
27. Nuair a chuala Acháb na focail sin, stróic sé a chuid éadaigh agus chuir sacéadach lena chneas agus rinne sé troscadh; chodlaíodh sé sa sacéadach agus shiúladh sé de choiscéim mhall.
28. Ansin tháinig briathar an Tiarna go hÉilias an Tisbíoch:
29. «Ar thug tú faoi deara mar atá Acháb tar éis é féin a umhlú os mo chomhair? De bhrí gur umhlaigh sé é féin os mo chomhair, ní thabharfaidh mé an tubaiste anuas ina laethanta féin; tabharfaidh mé anuas ar a theaghlach é i laethanta a mhic.»

1 Ríthe 22:1-53
1. Bhí cairde trí bliana gan aon chogaíocht idir Arám agus Iosrael.
2. Ansin sa tríú bliain thug Iahóiseáfát rí Iúdá turas ar rí Iosrael.
3. Dúirt rí Iosrael lena oifigigh: «An bhfuil a fhios agaibh go mbaineann Rámot Gileád linne? Ach mar sin féin ní chuirimid cor asainn chun é bhaint as lámha rí Arám.»
4. Dúirt sé le Iahóiseáfát: «An dtiocfaidh tú liom chun troda ag Rámot Gileád?» D' fhreagair Iahóiseáfát rí Iosrael: «Táimse chomh hullamh leat féin, mo mhuintir le do mhuintirse, agus m' eachra le d' eachra.»
5. Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: «Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.»
6. Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. «Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?» ar sé. «Téigh,» ar siad, «tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.»
7. Ach dúirt Iahóiseáfát: «An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?»
8. D' fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: «Tá aon duine amháin eile ónar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh aon tairngreacht fhónta aige domsa, ach droch-chinn; Míocáia mac Imleá an duine sin.» «Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,» arsa Iahóiseáfát.
9. Chuir rí Iosrael fios ar dhuine de na coillteáin dá bhrí sin agus dúirt: «Tabhair Míocáia mac Imleá chugainn gan mhoill.»
10. Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair.
11. Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Canáná dó féin. «Seo mar a deir an Tiarna,» ar sé, «' Déanfaidh tú na hArámaigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.'»
12. Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: «Gluais go Rámot Gileád,» ar siad, «agus treise ort! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.»
13. An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: «Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.»
14. Ach d' fhreagair Míocáia: «Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.»
15. Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: «A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?» D' fhreagair sé: «Gluais agus treise leat! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é!»
16. Ach dúirt an rí: «An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?»
17. Ansin labhair Míocáia: «Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhte, mar chaoirigh gan aoire. Agus dúirt an Tiarna: 'Níl máistir orthu seo; téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.'»
18. Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: «Ná dúirt mé leat nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc?»
19. Lean Míocáia air: «Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.
20. Dúirt an Tiarna: 'Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?' Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd.
21. Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: 'Déanfaidh mise é a mhealladh,' ar sé. ' Conas?' arsa an Tiarna.
22. ' Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.' ' Meallfaidh tú é,' arsa an Tiarna, ' rithfidh leat. Téigh agus déan é.'
23. Féach anois más ea mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d' fháithe go léir anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d' aghaidh.»
24. Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: «Conas a d' fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?»
25. «Sin rud a gheobhaidh tú amach,» d' fhreagair Míocáia, «an lá a theithfidh tú isteach i seomra cúil le dul i bhfolach.»
26. Dúirt rí Iosrael: «Gabhaigí Míocáia, agus tugaigí ar láimh é d' Ámon, rialtóir na cathrach, agus don Phrionsa Ióáis,
27. agus abraigí: 'Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpriosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach an beagán aráin agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.'»
28. Dúirt Míocáia: «Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.» (Agus dúirt sé: «Éistigí, a chiníocha go léir.»)
29. Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád.
30. Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: «Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d' éidí rí ortsa.» Chuaigh rí Iosrael sa chath faoi bhréagriocht.
31. Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad (tríocha dó díobh): «Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.»
32. Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: «Sin é, ar ndóigh, rí Iosrael,» agus d' iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát a gháir chatha suas
33. agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d' éiríodar as an tóir air.
34. Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach. «Iompaigh timpeall,» arsa an rí lena chairbtheach, «agus beir leat as an gcath mé, mar táim gonta.»
35. Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; coimeádadh an rí ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hArámaigh nó go bhfuair sé bás tráthnóna, agus fuil a chréachta ag sní ar urlár an charbaid.
36. Le fuineadh néil nóna ghabh an gháir tríd an slua: «Gach fear chun a chathrach féin; gach fear chun a dhúiche féin;
37. [tá an rí marbh]!» Chuadar chun na Samáire agus rinneadar an rí a adhlacadh sa tSamáir.
38. Níodar an carbad ag Linn na Samáire; mar a níodh na striapacha iad féin, agus ligh na madraí a chuid fola de réir an bhriathair a labhair an Tiarna.
39. An chuid eile de stair Acháb, a imeachtaí go léir, an teach eabhair a thóg sé, agus na cathracha go léir a thóg sé, nach bhfuil siadsan go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
40. Ansin chuaigh Acháb chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air.
41. Tháinig Iahóiseáfát mac Ásá i gcoróin ar Iúdá sa cheathrú bliain de réimeas Acháb rí Iosrael.
42. Bhí Iahóiseáfát cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Silchí ab ainm dá mhathair.
43. 43 Lean sé sampla a athar Ásá gach cor den bhóthar ag déanamh an chirt i bhfianaise an Tiarna. 44 Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus d' ofráladh an pobal íobairtí agus túis fós ar na hardionaid.
44. 45 Bhí cairdeas idir Iahóiseáfát agus rí Iosrael.
45. 46 An chuid eile de stair Iahóiseáfát, an gaisce a rinne sé, na cogaí a throid sé, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
46. 47 A raibh fágtha de na striapacha naofa fir a mhair le linn a athar Ásá, scuab sé chun siúil as an tír iad.
47. 48 Ní raibh aon rí ar Eadóm (ach fear ionaid) agus
48. 49 rinne Iahóiseáfát rí loingeas Thairsís le dul go hÓifír ag triall ar ór, ach níor shroich an loingeas ceann scríbe, ach scriosadh iad ag Eizión Geibir.
49. 50 Ansin dúirt Achaizíá mac Acháb le Iahóiseáfát: «Lig do mo shearbhóntaíse dul le do shearbhóntaíse sa loingeas,» ach ní aontódh Iahóiseáfát.
50. 51 Agus chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví, a shinsear; tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.
51. 52 Tháinig Achaizíá mac Acháb i gcoróin Iosrael sa tSamáir sa seachtú bliain déag de réimeas Iahóiseáfát rí Iosrael, agus bhí sé i réim in Iosrael ar feadh dhá bhliain.
52. 53 Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé sampla a athar agus a mháthar, agus Iarobám mac Nabát a sheol Iosrael ar bhealach an pheaca.
53. 54 Rinne sé seirbhís do Bhál agus thug adhradh dó agus ghriog sé an Tiarna Dia Iosrael chun feirge díreach faoi mar a rinne a athair.

Salm 71:1-8
1. Ortsa, a Thiarna, atá mo thriall; nár dhéantar mo náiriú go deo. Salm 70
2. Fuascail mé i d' fhíréantacht agus saor mé; claon chugam do chluas agus tarrthaigh mé.
3. Bí agam i do charraig dhídine, i do dhúnfort daingean do mo tharrtháil; óir is tú mo charraig is mo dhún.
4. Fuascail mé as láimh an urchóidigh, as greim an ainbheartaigh agus an aintiarna.
5. Óir is leat atá mé ag feitheamh, a Thiarna; a Dhia, is tú mo dhóchas ó m' óige.
6. Is ort atá mo sheasamh ó rugadh mé, ó bhroinn mo mháthar ba thú mo dhídean; ionat a bhíodh mo dhóchas i gcónaí.
7. Ba ábhar iontais mé ag mórán daoine ach is tú mo chúntóir cumasach.
8. Is lán mo bhéal de do mholadh agus de do ghlóir ar feadh an lae.

Seanfhocal 18:3-5
3. Nuair a thagann an urchóid leanann drochmheas chomh maith; agus leanann an easonóir an masla.
4. Uiscí doimhne iad briathra an duine, tuile bhrúchtach, foinse eagna.
5. Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach, ná an fíréan a fhágáil ar díth córa.

Eoin 15:1-27
1. Mise an fhíniúin fhíor, agus is é m' Athair an saothraí.
2. Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
3. Tá sibhse bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh.
4. Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa.
5. Mise an fhíniúin, sibhse na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.
6. Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.
7. Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh, iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é.
8. Tugadh glóir do m' Athair sa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh, agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa.
9. Faoi mar a thug an tAthair grá domsa, thug mise grá daoibhse chomh maith. Fanaigí i mo ghrá.
10. Má choinníonn sibh m' aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m' Athar, agus a fhanaim ina ghrá.
11. Dúirt mé na nithe seo libh chun go mbeadh mo lúcháir-sé ionaibh agus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán.
12. Is í seo m' aithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh.
13. Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.
14. Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.
15. Ní seirbhísigh a thugaim oraibh feasta, mar ní eol do sheirbhíseach gnó a mháistir. Ach thug mé cairde oraibh, óir gach a gcuala ó m' Athair, chuir mé in iúl daoibh é.
16. Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n-imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d' iarrfadh sibh ar an Athair i m' ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.
17. Is iad seo m' aitheanta daoibh: sibh a thabhairt grá dá chéile.
18. «Má thugann an saol fuath daoibh, bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath domsa romhaibh.
19. Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.
20. Cuimhnígí ar an bhfocal a dúirt mé libh: ' Níl aon seirbhíseach níos mó ná a mháistir. Má rinne siad géarleanúint ormsa, déanfaidh siad géarleanúint oraibhse chomh maith. Má choinnigh siad mo bhriatharsa, coinneoidh siad bhur mbriatharsa chomh maith.
21. Ach déanfaidh siad na nithe seo go léir libh, ar son m' ainmse, mar nach raibh aithne acu ar an té a chuir uaidh mé.
22. Mura dtiocfainn agus labhairt leo, ní bheadh peaca orthu. Ach anois níl leithsceal acu i dtaobh a bpeaca.
23. An té ar fuath leis mise, is fuath leis m' Athair chomh maith.
24. Mura ndéanfainn na hoibreacha ina measc, nach ndearna aon duine eile, ní bheadh peaca orthu. Ach anois chonaic siad, agus is fuath leo, mise agus m' Athair, in éineacht.
25. Ach ionas go gcomhlíonfaí an focal atá scríofa sa dlí acu [é sin]: ' Thug siad fuath dom gan chúis.'
26. Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide a chuirfidh mé chugaibh ón Athair, Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair, déanfaidh sé fianaise orm.
27. Déanann sibhse fianaise freisin, mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach.