A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Meitheamh 28

1 Croinicí 19:1-19
1. Fuair Nácháis rí na nAmónach bás ina dhiaidh sin agus tháinig a mhac i gcoróin ina áit.
2. Dúirt Dáiví leis féin: «Beidh mé chomh cineálta céanna le Hánún mac Nácháis agus a bhí a athair liomsa.» Chuir Dáiví seirbhísigh chuige le teachtaireacht chomhbhróin faoi bhás a athar. Ach nuair a tháinig seirbhísigh Dháiví go Hánún i dtír na nAmónach lena dteachtaireacht chomhbhróin,
3. dúirt ceannairí na nAmónach le Hánún: «An dóigh leat gur d' fhonn onóir a thabhairt do d' athair atá teachtairí comhbhróin á gcur ag Dáiví chugat? A mhalairt, nach bhfuil a sheirbhísigh curtha ag Dáiví chugat chun an chathair a bhrath, a scrios, agus a spíonadh?»
4. Ghabh Hánún seirbhísigh Dháiví dá bhrí sin, bhearr an fhéasóg de gach duine díobh, ghearr a gcuid éadaigh díobh leath slí suas chun a más, agus chuir chun siúil iad,
5. agus d' imigh siad leo. Nuair a insíodh do Dháiví faoinar tharla do na fir, chuir sé teachtaire ina gcoinne, mar go raibh náire shaolta ar na fir: «Fanaigí i Ireachó,» arsan rí, «go bhfása bhur bhféasóg arís agus tagaigí ar ais ansin.»
6. Nuair a chonaic na hAmónaigh go raibh an ghráin ginte ag Dáiví dóibh, sheoladar míle tallann airgid le carbaid agus carbadóirí a fhostú ó Aramaeigh na Measpatáime Uachtaraí, Mácá agus Zóbá.
7. D' fhostaigh siad tríocha dó míle carbad, agus rí Mhácá agus a chuid fear, agus tháinig siadsan agus shuigh siad a longfort os comhair Mhaedabá; maidir leis na hAmónaigh, chruinníodar le chéile as a gcathracha agus ghluaiseadar ar aghaidh chun catha.
8. Nuair a chuala Dáiví é sin sheol sé amach Ióáb leis na saighdiúirí singil agus leis na curaidh.
9. Mháirseáil na hAmónaigh amach agus chuadar in eagar catha ag an mbealach isteach sa chathair, ach d' fhan na ríthe a tháinig ó chéin leo féin sa mhachaire.
10. Nuair a chonaic Ióáb go raibh an cath le cur ar a bhéala agus ar a chúla le chéile, roghnaigh sé cuid de thogha na nIosraelach agus chóirigh iad in aghaidh na nAramaech.
11. Chuir sé an chuid eile den arm faoi cheannas a dhearthár Aibísí agus cóiríodh iad in aghaidh na nAmónach.
12. «Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, tarsa i gcabhair orm,» ar sé, «ach má bhíonn na hAmónaigh róthréan duitse, rachaidh mise i gcabhair ortsa.
13. Bíodh misneach agat agus seasaimis an fód ar son ár bpobail agus ar son cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.»
14. Chuaigh Ióáb agus an mhuintir a bhí in éineacht leis i ngleic leis na hAramaeigh, ach theitheadarsan uaidh.
15. Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh, theitheadar féin leis ó Aibísí, deartháir Ióáb, agus isteach leo ina gcathair. Ansin d' fhill Ióáb ar ais go Iarúsailéim.
16. Nuair a chonaic na hAramaeigh gur bhris Iosrael orthu, chuireadar teachtairí uathu agus thionóladar na hAramaeigh ó lastall den abhainn, le Seofac, ceann feadhna arm Hadad Eizir, á dtreorú.
17. Nuair a insíodh é sin do Dháiví, chruinnigh sé Iosrael go léir le chéile agus ghabh thar an Iordáin, tháinig suas leo, agus ghabh láthair taobh leo. Chóirigh Dáiví a shluaite in eagar catha os comhair na nAramaech agus chuadarsan i ngleic leis.
18. Ach theith na hAramaeigh ó Iosrael agus mharaigh Dáiví seacht míle dá bhfoirne carbad, agus daichead míle troitheach; mharaigh sé Seofac a gceann feadhna chomh maith.
19. Nuair a chonaic géillsinigh Hadad Eizir go raibh buaite orthu ag Iosrael, rinne siad síocháin le Dáiví, agus ghéill dó. Níorbh áil leis na hAramaeigh ansin a thuilleadh cabhrach a thabhairt do na hAmónaigh.

1 Croinicí 20:1-8
1. Ar theacht na bliana úire, an t-am is gnách le ríthe dul ar fheachtas, threoraigh Ióáb na saighdiúirí amach agus chreach tír na nAmónach agus d' imigh agus chuir léigear ar Rabá. D' fhan Dáiví in Iarúsailéim. Ghabh Ióáb Rabá, agus rinne sé a scartáil.
2. Bhain Dáiví an choróin de cheann Mhiolcom, agus fuair amach gur mheáigh sí tallann óir. Bhí cloch luachmhar suite inti as a ndearnadh ornáid do cheann Dháiví. Thug sé leis creach mhór as an gcathair.
3. Thug sé leis lucht na cathrach agus chuir sé ag obair iad le sábha, le piceanna, agus le tuanna iarainn. Thug Dáiví an cor céanna ar chathracha uile na nAmónach. Ansin d' fhill Dáiví agus an t-arm ar fad go Iarúsailéim.
4. Ina dhiaidh sin, bhris cogaíocht amach arís leis na Filistínigh i nGeizir. Sin é an uair a mharaigh Suibeacai an Huiseátach Suipí, de shliocht na Rafáím. Cloíodh na Filistínigh.
5. Bhris cogaíocht amach arís eile leis na Filistínigh agus mharaigh Ealchánán mac Iáír Lachmaí, deartháir Ghóla an Giteach, ar chosúil le bíoma fíodóra crann a shleá.
6. Bhí cath eile ag Gat mar a raibh fear mór groí a raibh sé mhéar ar gach láimh leis agus sé mhéar ar gach cois, ceithre mhéar fichead ar fad. Ba de shliocht Rafa eisean chomh maith.
7. Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeá, deartháir Dháiví, é.
8. Ba de shliocht Rafa ó Ghat an ceathrar seo agus thiteadar le Dáiví agus lena bhuíon.

Salm 78:26-33
26. Chuir sé an ghaoth anoir ó neamh chucu agus mhúscail an ghaoth aneas lena chumhacht.
27. D' fhear sé orthu feoil mar dheannach agus éanlaith mar ghaineamh na trá.
28. Lig sé anuas i lár a gcampa iad ar gach taobh thart timpeall a mbothanna.
29. D' itheadar a sáith, dá bhrí sin, óir thug sé dóibh gach a raibh uathu.
30. Ach ní mó ná gur sásaíodh a mian dóibh agus an bia ina mbéal go fóill
31. nuair a d' éirigh fraoch Dé ina n-éadan, is gur leag sé ar lár a dtréanfhir, is gur threascair sé fíorscoth Iosrael.
32. Dá ainneoin sin uile pheacaigh siad agus níor chreid siad a éachtaí iontacha
33. gurb uime a scrios sé a laethanta agus a chuir deireadh lena ré go tobann.

Seanfhocal 19:27-29
27. Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic, más d' fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é.
28. Tugann an drochfhinné tarcaisne don cheart; alpann craos an urchóidigh an t-olc.
29. Tá [an bata] ullamh do scigirí, agus léasadh do dhroim na n-amadán.

Gníomhartha 8:26-40
26. Labhair aingeal an Tiarna le Pilib: «Éirigh,» ar seisean, «agus gluais leat ó dheas an bóthar a ghabhann ó Iarúsailéim go Gazá; sin é bóthar an fhásaigh.»
27. D' éirigh Pilib agus chuir chun bóthair. Agus tharla ag dul an bealach sin coillteán Aetópach, fear a bhí ina ardoifigeach ag Candacae, banríon na nAetópach, agus ina choimeádaí ar a cuid maoine uile. Bhí sé tar éis teacht go hIarúsailéim ag adhradh Dé
28. agus bhí sé ar a shlí abhaile agus é ina shuí ina charráiste agus ag léamh Íseáia fáidh.
29. Labhair an Spiorad le Pilib: «Gabh suas chun an charráiste agus siúil lena thaobh.»
30. Rith Pilib anonn agus nuair a chuala sé an coillteán ag léamh Íseáia fáidh, labhair sé leis: «An dtuigeann tú a bhfuil agat á léamh?» ar seisean.
31. «Conas a thuigfinn,» d' fhreagair an coillteán, «gan duine éigin a mhíneodh dom é?» agus d' iarr ar Philib suí in airde leis.
32. Is é seo an giota den scrioptúr a bhí a léamh aige: «Seoladh é amhail caora chun a choscartha, agus amhail uan a bheadh ina thost os comhair an lomadóra, níor oscail sé a bhéal.
33. Ó tugadh céim síos dó ní raibh cothrom le fáil aige. Cé a dhéanfaidh trácht ar a shliocht mar tógadh as an saol seo é.»
34. Labhair an coillteán le Pilib: «Inis dom,» ar sé, «cé dó a bhfuil an fáidh ag tagairt? Cé acu dó féin atá sé ag tagairt nó do dhuine éigin eile?»
35. Bhog Pilib chun cainte, agus ag tosú ón dréacht seo den scrioptúr d' fhógair sé dó an dea-scéal faoi Íosa.
36. Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. «Féach,» arsa an coillteán, «tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?»
37. (Dúirt Pilib leis: «Má chreideann tú ó do chroí go hiomlán, is ceadmhach duit.» D' fhreagair sé agus dúirt: «Creidim gurb é Mac Dé é Íosa Críost.»)
38. D' ordaigh sé an carráiste a stop, chuaigh siad beirt, Pilib agus an coillteán, síos isteach san uisce agus bhaist Pilib é.
39. Ach ar theacht amach as an uisce dóibh, d' ardaigh Spiorad an Tiarna Pilib chun siúil agus ní fhaca an coillteán é níos mó agus chuir sé chun bóthair go lúcháireach.
40. Tháinig Pilib go hAzótas agus ghluais sé ag fógairt an dea-scéil ar fud na mbailte go léir nó go dtáinig sé go Céasaráia.