A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Meitheamh 2

1 Ríthe 13:1-34
1. Féach! tháinig giolla Dé ó Iúdá go Béitéil ar ordú an Tiarna, agus Iarobám díreach ina sheasamh ag an altóir chun an túis a ofráil.
2. Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: «A altóir, a altóir,» ar sé, «seo mar a deir an Tiarna: 'Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n-ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.'»
3. Agus thug sé comhartha san am céanna: «Seo é an comhartha,» ar sé, «gur labhair an Tiarna: 'Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.'»
4. Nuair a chuala an rí conas mar a ghlaoigh an giolla Dé in aghaidh na haltóra i mBéitéil, shín seisean, Iarobám, a lámh ón altóir amach, á rá: «Gabhaigí é.» Ach an lámh a shín sé amach in aghaidh an duine, shearg sí, agus níor fhéad sé í a tharraingt ar ais.
5. Agus phléasc an altóir agus scaipeadh an luaithreach ón altóir, de réir an chomhartha a thug an giolla Dé ar ordú an Tiarna.
6. Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: «Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.» Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin.
7. Ansin dúirt an rí leis an ngiolla Dé: «Tar liom abhaile agus caith bia agus tabharfaidh mé luach saothair duit.»
8. Ach d' fhreagair an giolla Dé an rí: «Fiú dá dtabharfá leath do thí dom, ní rachainn leat. Ní íosfaidh mé greim aráin ná ní ólfaidh mé deoch uisce san áit seo,
9. mar fuair mé ordú ón Tiarna á rá: 'Ná hith greim aráin agus ná hol deoch uisce agus ná fill an bóthar ar ar tháinig tú.'»
10. Thug sé bóthar eile air féin agus níor fhill sé an tslí a ghabh sé ag teacht go Béitéil.
11. Agus bhí seanfháidh ina chónaí i mBéitéil, agus tháinig a chlann mhac á rá leis gach a ndearna an giolla Dé an lá sin i mBéitéil, agus na briathra a labhair sé leis an rí d' insíodar iadsan leis dá n-athair.
12. «Cén bealach a ghabh sé?» d' fhiafraigh a n-athair díobh. Agus thaispeáin a chlann mhac [dó] an bealach a ghabh an giolla Dé a tháinig ó Iúdá.
13. «Cuirigí an diallait ar an asal dom,» ar sé lena chlann mhac; chuireadar an diallait ar an asal dó dá bhrí sin agus chuaigh sé ar a mhuin.
14. Lean sé an giolla Dé, agus fuair é ina shuí faoi scáth crann darach. «An tusa,» ar sé, «an giolla Dé a tháinig ó Iúdá?» «Is mé,» a d' fhreagair sé.
15. «Tar abhaile liom,» ar sé, «agus caith bia.»
16. «Ní féidir liom filleadh ar ais leat,» ar sé, «(ná dul isteach abhaile leat) ná bia ná deoch a chaitheamh anseo leat,
17. mar fuair mé ordú ón Tiarna: 'Ná hith greim aráin agus ná hól deoch uisce ansiúd agus ná fill an bothar ar ar tháinig tú.'»
18. D' fhreagair an fear eile: «Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: 'Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.'» Ach ba bhréag a d' inis sé dó.
19. Chuaigh an giolla Dé ar ais leis agus chaith sé bia agus deoch ina theach.
20. Agus ina suí chun boird dóibh tháinig briathar an Tiarna chun an fháidh a thug ar ais é,
21. agus labhair sé os ard leis an ngiolla Dé a tháinig ó Iúdá: «Mar seo a deir an Tiarna,» ar sé: «' Dé bhrí go raibh tú easumhal d' ordú an Tiarna agus nár chomhlíon tú na treoracha a thug an Tiarna do Dhia duit,
22. ach teacht ar ais agus bia agus deoch a chaitheamh san áit inar choisc sé bia agus deoch ort, ní shroichfidh do chorp tuama do shinsear.'»
23. Nuair a bhí bia agus deoch caite aige, chuir an fáidh an diallait ar an asal dó, agus [chas sé timpeall agus d' imigh leis].
24. Ar an mbothar dó bhuail leon leis sa tslí agus mharaigh sé é. Fágadh a chorp sínte faon ar an mbóthar; d' fhan an t-asal ina sheasamh ansiúd taobh leis, agus d' fhan an leon ina sheasamh ag an gcorp chomh maith.
25. Chonaic daoine a bhí ag gabháil thar bráid an corp sínte ar an mbóthar agus an leon chomh maith ina sheasamh ag taobh an choirp, agus d' imíodar agus d' insíodar ina thaobh sa chathair ina raibh cónaí ar an seanfháidh.
26. Agus nuair a chuala an fáidh, a chuir d' iallach ar an bhfear filleadh ar ais, ina thaobh, dúirt sé: «Sé an giolla Dé é, a bhí easumhal d' ordú an Tiarna! Thug an Tiarna suas don leon é, agus rinne seisean é a stolladh agus a mharú, de réir an bhriathair a labhair an Tiarna leis.»
27. Agus dúirt sé lena chlann mhac: «Cuirigí an diallait ar an asal dom,» agus chuireadar.
28. D' imigh sé leis agus fuair sé corp an fhir sínte ar an mbóthar agus an t-asal agus an leon ina seasamh taobh leis an gcorp. Ní raibh an corp ite ná an t-asal stollta ag an leon.
29. Thóg an fáidh corp an ghiolla Dé agus chuir ar a asal é agus thug ar ais é chun na cathrach ina raibh cónaí air lena chaoineadh agus lena adhlacadh.
30. Chuir sé an corp ina uaigh féin, agus chaoineadar é á rá: «Mo bhrón! mo bhráthair.»
31. Nuair a bhí sé curtha aige dúirt sé lena chlann mhac: «Nuair a gheobhaidh mé bás, cuirigí mé san uaigh ina bhfuil an giolla Dé curtha. Sínigí mo chnámha taobh lena chnámhasan.
32. Óir an briathar a ghlaoigh sé ar ordú an Tiarna in aghaidh altóir Bhéitéil, agus in aghaidh scrínte uile na n-ardionad i gcathracha na Samáire, tiocfaidh sé chun críche go cinnte.»
33. Níor éirígh Iarobám as a dhrochnósanna i ndiaidh an imeachta sin, ach lean sé air ag ceapadh daoine den choitiantacht arís ina sagairt do na hardionaid. Duine ar bith ar mhian leis é, choisric Iarobám é le bheith ina shagart do na hardionaid.
34. Ar an gcaoi sin rinneadh teaghlach coiriúil de theaghlach Iarobám i dtreo gur scriosadh ar fad é de chlár na talún.

1 Ríthe 14:1-31
1. San am sin buaileadh tinn Aibíá mac Iarobám.
2. Agus dúirt Iarobám lena bhean: «Téanam, le do thoil! Cuir bréagriocht ort féin ionas nach n-aithneoidh aon duine gur tú bean Iarobám, agus téigh go Sileo. Tá an fáidh Aichíá ansiúd, an té a dúirt go mbeinnse i mo rí ar an bpobal seo.
3. Téigh chuige agus beir leat deich mbuilín agus roinnt cístí agus crúiscín meala, agus inseoidh sé duit cad a imeoidh ar an leanbh.»
4. Rinne bean Iarobám amhlaidh, chuir chun bóthair, chuaigh go Sileo agus tháinig go teach Aichíá. Ní raibh aon radharc ag Aichíá mar go raibh a shúile caoch ón tseanaois.
5. Ach dúirt an Tiarna leis: «Tá bean Iarobám ar an tslí chugat ag lorg oracail ort i dtaobh a mic mar go bhfuil sé breoite. Déarfaidh tú a leithéid seo léi. Nuair a thiocfaidh sí ligfidh sí uirthi féin gur bean eile í.»
6. Nuair a chuala Aichíá a coiscéim ag an doras, dúirt sé: «Tar isteach, a bhean Iarobám; cén fáth a ligean ort gur duine éigin eile thú? Tá drochscéal agam duit:
7. Téigh go Iarobám agus abair leis: 'Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: D' ardaigh mé ó lár an phobail thú agus rinne mé ceannaire díot ar mo phobal Iosrael.
8. Stiall mé an ríocht ó theaghlach Dháiví agus thug mé duitse í; ach ní raibh tú mar mo shearbhónta Dáiví, a choimeád m' aitheanta agus a lean mé óna chroí go hiomlán, gan ach an ceart amháin á dhéanamh aige i mo láthairse.
9. Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d' imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.
10. Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.
11. Aon duine de mhuintir Iarobám a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad; aon daoine díobh a gheobhaidh bás faoin tuath, alpfaidh éanlaith an aeir iad; mar tá labhartha ag an Tiarna.'
12. «Éirigh dá bhrí sin agus imigh abhaile. A luaithe a leagfaidh tú cos leat sa chathair gheobhaidh an leanbh bás.
13. Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael.
14. Ardóidh an Tiarna rí dó féin ar Iosrael a dhéanfaidh teaghlach Iarobám a scrios. (Inniu an lá. Agus cad eile anois?)
15. Cuirfidh an Tiarna Iosrael ar crith dála na giolcaí san uisce, agus stoithfidh sé Iosrael as an tír fhónta a thug sé dá sinsir, agus scaipfidh sé thar an Eofrataes iad mar gur ghriogadar an Tiarna chun feirge leis na cuaillí naofa a rinneadar.
16. Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.»
17. Ansin d' éirigh bean Iarobám agus d' imigh léi agus tháinig go Tirzeá, agus a luaithe a chuir sí cos thar tairseach, bhí an leanbh marbh.
18. Rinne Iosrael go léir é a adhlacadh agus a chaoineadh, de réir bhriathar an Tiarna, a labhair sé ó bhéal a shearbhónta, an fáidh Aichíá.
19. An chuid eile de stair Iarobám, na cogaí a d' fhear sé, conas a rialaigh sé, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.
20. Bhí Iarobám i réim dhá bhliain agus fiche agus chuaigh sé chun suain lena shinsir agus tháinig a mhac Nádáb i gcomharbacht air.
21. Rinneadh rí ar Iúdá de Rachabám mac Sholaimh. Bhí Rachabám bliain agus daichead nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé i gcoróin seacht mbliana déag in Iarúsailéim, an chathair ar threibheanna Iosrael a thogh an Tiarna lena ainm a chur inti. Námá an tAmónach ab ainm dá mháthair.
22. Agus rinne [sé] an t-olc i bhfianaise an Tiarna, ag cur míchéadfa air lena pheacaí thar mar a rinne a shinsir leis na peacaí go léir a rinneadar,
23. mar thógadarsan ardionaid dóibh féin, agus galláin, agus cuaillí naofa ar gach sliabh ard agus faoi gach crann craobhach.
24. Bhí fiú striapacha naofa fir sa tír. Rinne sé aithris ar na nósanna bréana a bhí ag na ciníocha go léir a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
25. Sa chúigiú bliain de réimeas Rachabám, tháinig Síseac rí na hÉigipte aníos i gcoinne Iarúsailéim;
26. thug sé leis seoda Theampall an Tiarna agus seoda an pháláis ríoga; thug sé leis gach rud, fiú na sciatha óir go léir a rinne Solamh.
27. Ina n-áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheataí pháláis an rí.
28. Aon uair a théadh an rí isteach i dTeampall an Tiarna, d' iompraíodh na gardaí iad, agus thugaidís ar ais chun seomra an gharda iad ina dhiaidh sin.
29. An chuid eile de stair Rachabám, a imeachtaí go léir, nach bhfuil siad scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
30. Bhí Rachabám agus Iarobám ag cogaíocht le chéile i gcaitheamh a ré.
31. Ansin chuaigh Rachabám chun suain lena shinsir agus cuireadh é i nDúnfort Dháiví; agus tháinig a mhac Aibíám i gcomharbacht air.

Salm 69:16-21
16. 17 Freagair mé as ucht do bhuanghrá, a Thiarna, iompaigh chugam de réir do mhórthrócaire.
17. 18 Ná folaigh do ghnúis ar do ghiolla; freagair mé go luath mar go bhfuilim faoi bhuairt.
18. 19 Tar i ngar do m' anam agus fuascail mé; saor mé mar gheall ar mo naimhde.
19. 20 Is eol duit m' aithis is mo náire, tá m' eascairde go léir i do láthair.
20. 21 Is briste mo chroí de chionn aithise ionas gur fágadh mé go faonlag fann. Bhí mé ag súil le trua ach ní bhfuair mé é; le lucht fortachta, ach ní raibh siad le fáil.
21. 22 Thugadar domlas le hithe dom agus fínéagra le hol dom i mo thart.

Seanfhocal 17:23-24
23. Glacann an t-urchóidí breab faoi scáth brait, leis an gcóir a chur dá treoir.
24. Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe, ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne.

Eoin 12:27-50
27. Tá buaireamh ar m' anam anois. Cad déarfaidh mé? ' A Athair, saor mé ón uair seo'? Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo.
28. Athair, tabhair glóir do d' ainm!» Ansin tháinig guth ó neamh: «Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.»
29. Arna chloisteáil don slua a bhí ina seasamh timpeall, dúirt siad gur toirneach a rinneadh; dúirt cuid acu: «Aingeal a labhair leis.»
30. D' fhreagair Íosa: «Ní ar mo shonsa,» ar sé, «a tharla an guth, ach ar bhur sonsa.
31. Anois atá breith á tabhairt ar an saol seo. Anois atá prionsa an tsaoil seo le teilgean amach.
32. Má ardaítear mise ón talamh tarraingeoidh mé gach duine chugam féin.»
33. Dúirt sé an méid sin á chur in iúl cén sórt báis a bhí i ndán dó a fháil.
34. D' fhreagair an slua é ansin: «Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?»
35. Dúirt Íosa leo ansin: «Tá an solas agaibh go fóill, tamall beag. Déanaigí siúl fad tá an solas agaibh, i dtreo nach mbéarfadh an dorchacht oraibh. An té a shiúlann sa dorchacht, níl a fhios aige cá mbíonn sé ag dul.
36. Fad tá an solas agaibh creidigí sa solas chun go mbeadh sibh in bhur gclann ag an solas.» Labhair Íosa na nithe sin leo, agus d' imigh agus cheil é féin orthu.
37. Cé go ndearna sé an méid sin comharthaí os a gcomhair ní chreidfidís ann
38. ionas go gcomhlíonfaí an focal a dúirt Íseáia fáidh: «A Thiarna, cé a chreid ár scéala? Agus cé dó ar taispeánadh lámh an Tiarna?»
39. Uime sin níorbh fhéidir dóibh creidiúint óir dúirt Íseáia arís:
40. «Dhall sé a súile, agus chruaigh sé a gcroí, chun nach bhfeicfidís lena súile agus nach dtuigfidís lena gcroí, agus go n-iompódh siad agus go leigheasfainn iad.»
41. Dúirt Íseáia na nithe sin mar go bhfaca sé a ghlóir agus gur labhair sé air.
42. San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad.
43. Óir ba mhó acu glóir daoine ná glóir Dé.
44. Ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt: «An té a chreideann ionamsa, ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé.
45. Agus an té a fheiceann mise, feiceann sé an té a chuir uaidh mé.
46. Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa, nach bhfanfadh sé sa dorchacht.
47. Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad, ní mise a thugann daorbhreith air, óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé, ach chun an saol a shaoradh.
48. An té a dhiúltaíonn domsa, agus nach nglacann mo bhriathra, tá aige an té a thabharfaidh daorbhreith air. An briathar féin a labhair mé, tabharfaidh sé sin daorbhreith air an lá deireanach.
49. Óir ní uaim féin a labhair mé, ach an tAthair féin a chuir uaidh mé, thug seisean ordú dom, cad a déarfainn agus cad a labhróinn.
50. Agus tá a fhios agam gur beatha shíoraí a ordú. Agus uime sin na nithe a labhraím, is mar a dúirt an tAthair liom a labhraím iad.»