A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Meitheamh 17

2 Ríthe 22:1-20
1. Bhí Ióisíá ocht mbliana d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim. Idídeá, iníon Adáiá ó Bhozcat, ab ainm dá mháthair.
2. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.
3. San ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí chuir an rí Seáfán mac Azailiá mac Mheisiulám, an rúnaí, go Teampall an Tiarna.
4. «Téigh go Hilcíá, an t-ardsagart,» ar sé leis, «agus abair leis an t-airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus é siúd a chruinnigh gardaí na tairsí ón bpobal, [a leá].
5. Tugtar ansin é do shaoistí na n-oibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna le go gcaithfidís é ar an lucht oibre atá i mbun Teampall an Tiarna a dheisiú,
6. ar na siúinéirí, is é sin, agus ar na tógálaithe, agus ar na saoir, agus chomh maith ar adhmad agus cloch ghearrtha a cheannach do dheisiú an Teampaill.
7. Ach ní iarrfar orthu cuntas a thabhairt ar an airgead a thabharfar dóibh, mar tá siad ionraic ó bheart.»
8. Dúirt Hilcíá, an t-ardsagart, le Seáfán, an rúnaí: «Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna.» Agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán agus léigh seisean é.
9. Chuaigh Seáfán an rúnaí go dtí an rí agus seo mar a d' aithris sé dó: «Rinne do shearbhóntaí,» ar seisean, «an t-airgead a bhí sa Teampall a leá, agus thug siad é do na saoistí ar na hoibreacha a bhaineann le Teampall an Tiarna.»
10. Ansin d' inis Seáfán, an rúnaí, don rí: «Tá Hilcíá, an sagart, tar éis leabhar a bhronnadh orm,» agus léigh Seáfán os ard i láthair an rí é.
11. Nuair a bhí a raibh i leabhar an dlí cloiste ag an rí stróic sé a chuid éadaigh.
12. Ansin thug an rí an t-ordú seo leanas do Hilcíá, an sagart, d' Aichíceám mac Sheáfán, d' Acbór mac Mhícáiá, do Sheáfán, an rúnaí, agus d' Asáiá, searbhónta an rí:
13. «Gabhaigí i gcomhairle leis an Tiarna thar mo cheann féin agus thar ceann an phobail i dtaobh a bhfuil sa leabhar seo a fuarthas anois beag. Ní foláir nó is mór atá fearg an Tiarna fadaithe inár n-aghaidh de bhrí nach raibh ár n-aithreacha umhal d' fhocail an leabhair seo agus nár chuir siad gach rud i gcrích atá scríofa ann.»
14. Chuaigh Hilcíá, an sagart, agus Aichíceám, agus Seáfán, agus Asáiá go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealúm mac Thicveá mac Harchas, coimeádaí na n-éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim, sa bhaile nua), agus chuir siad an scéal faoina bráid.
15. D' fhreagair sí iad: «Deir an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: 'Abraigí é seo leis an té a chuir chugam sibh:
16. Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, agus mé ag cur gach a ndeirtear sa leabhar a léigh rí Iúdá i gcrích;
17. mar thréig siad mise agus dhóigh siad túis do dhéithe eile do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m' fhearg ar lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhúchadh.
18. Agus abraigí le rí Iúdá a chuir sibh le dul i gcomhairle leis an Tiarna: Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: [Comhlíonfar] na focail a chuala sibh.
19. Ach de bhrí go bhfuil aithrí i do chroí agus gur umhlaigh tú thú féin os comhair an Tiarna nuair a chuala tú cad a chinn mé in aghaidh na háite seo agus a lucht cónaithe, conas mar a bheidh siad ina gceap uafáis agus mallacht; agus de bhrí gur stróic tú d' éidí agus gur ghoil tú i mo láthair, thug mise cluas duit sé an Tiarna atá ag caint.
20. Dá bhrí sin déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shuaimhneas chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo.'» Thugadar an freagra sin leo ar ais go dtí an rí.

2 Ríthe 23:1-37
1. Ansin chruinnigh an rí chuige féin seanóirí Iúdá agus Iarúsailéim go léir.
2. Chuaigh an rí suas go Teampall an Tiarna mar aon le pobal uile Iúdá agus muintir Iarúsailéim ar fad, idir shagairt agus fháithe agus an pobal ar fad idir uasal agus íseal. Léigh sé amach in éisteacht a gcluas gach focal dá raibh scríofa i leabhar an chonartha a fuarthas i dTeampall an Tiarna.
3. Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D' aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.
4. Thug an rí ordú don ardsagart Hilcíá, [don leasardsagart], agus do ghardaí na tairsí, na soithí a rinneadh do Bhál, d' Aiséará agus do shluaite uile na spéire a chur amach as Teampall an Tiarna; agus dhóigh sé iad lasmuigh de Iarúsailéim i ngoirt an Chidreon, agus thug a luaithreach go Béitéil.
5. Chuir sé chun siúil na sagairt bhréige a cheap ríthe Iúdá agus a bhíodh ag ofráil íobairtí ar na hardionaid i mbailte Iúdá, agus i gcomharsanacht Iarúsailéim; agus chomh maith leo, iad siúd a bhíodh ag dó túise do Bhál, don ghrian, don ghealach, do na plainéid agus do shluaite uile na spéire.
6. Thug sé an tAiséará amach as Teampall an Tiarna, lasmuigh de Iarúsailéim, go Gleann Chidreon, agus dhóigh sé é i nGleann Chidreon, agus rinne luaithreach de agus chaith a chuid luaithrigh ar uaigheanna na cosmhuintire.
7. Leag sé tithe na striapacha naofa fir a bhí i dTeampall an Tiarna mar a mbíodh na mná ag fí brat d' Aiséará.
8. Thug sé isteach na sagairt go léir as cathracha Iúdá agus thruailligh sé na hardionaid mar a ndódh na sagairt sin túis, ó Gheaba go Béar Seaba. Scartáil sé scrín na satairí a bhí ag geata Iósua, rialtóir na cathrach, a bhí ar do chlé ag dul geata na cathrach isteach.
9. Níor tháinig sagairt na n ardionad, ámh, suas go haltóir an Tiarna in Iarúsailéim, ach d' ithidís arán gan ghabháile i dteannta a gcomhshagart.
10. Thruailligh sé an fhoirnéis i nGleann Bein Hionnom i dtreo nárbh fhéidir d' aon duine a mhac nó a iníon a chur tríd an tine in ómós do Mhoilic.
11. Chuir sé ar shiúl na capaill a bhí tíolactha ag ríthe Iúdá don ghrian ag an tslí isteach go Teampall an Tiarna, in aice le seomra Natan Meilic, an coillteán, ar an taobh istigh, agus dhóigh sé carbad na gréine.
12. Na haltóirí ar an díon (ar sheomra uachtair Áchaz) a rinne ríthe Iúdá, agus na haltóirí a thóg an rí Manaise i dhá chúirt Theampall an Tiarna, leag an rí anuas iad agus rinne smidiríní díobh ar an láthair agus chaith a luaithreach isteach i nGleann Chidreon.
13. Thruailligh an rí na hardionaid os comhair Iarúsailéim laisteas do Chnoc na nOlóg; Solamh rí Iosrael a thóg iadsan do Aisteartae, gráiniúlacht na Síodónach, do Chamóis gráiniúlacht Mhóáb, agus do Mhiolcom gráiniúlacht na nAmónach.
14. Rinne sé bruscar de na colúin naofa, ghearr anuas na cuaillí naofa, agus chlúdaigh na háiteanna ar ar sheas siad le cnámha daoine.
15. Agus maidir leis an altóir ag Béitéil, an t-ardionad a thóg Iarobám mac Nabát an té a threoraigh Iosrael isteach sa pheaca, scartáil sé an altóir sin agus an t-ardionad agus rinne sé smidiríní dá clocha; agus bhris ina smúit iad. Agus dhóigh sé an cuaille naofa.
16. Nuair a d' fhéach Ióisíá ina thimpeall chonaic sé na tuamaí ansiúd ar thaobh an chnoic; chuir sé fios ar na cnámha as an tuamaí agus dhóigh iad ar an altóir, agus thruailligh í de réir bhriathar an Tiarna a d' fhógair an giolla Dé [nuair a bhí Iarobám ina sheasamh ag an altóir le linn na féile. Nuair a d' fhéach Ióisíá ina thimpeall, chonaic sé tuama an ghiolla Dé] a thairngir na nithe sin.
17. «Cén leacht é sin thall os mo chomhair?» ar sé. D' fhreagair muintir na cathrach é: «Sin é tuama an ghiolla Dé a tháinig ó Iúdá agus a thairngir na nithe sin a rinne tusa leis an altóir (i mBéitéil).»
18. «Ligigí dó,» arsa an rí, «agus ná cuireadh aon duine isteach ar a chnámha.» Níor chuir siad isteach ar a chnámha ach iad a fhágáil ansiúd mar aon le cnámha an fháidh ón tSamáir.
19. Scrios Ióisíá chomh maith scrínte na n-ardionad a bhí i gcathracha na Samáire a thóg ríthe Iosrael, agus lenar ghriog siad an Tiarna chun feirge; thug sé an íde chéanna orthusan agus a thug sé ar an gceann i mBéitéil.
20. Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n-ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d' fhill sé go Iarúsailéim.
21. Thug an rí an t-ordú seo don phobal go léir: «Ceiliúraigí Cáisc in onóir an Tiarna bhur nDia, mar atá scríofa i leabhar an chonartha.»
22. Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc ó laethanta na mbreithiúna a bhí ag rialú Iosrael, ná le linn réimeas na ríthe go léir a bhí ar Iosrael ná ar Iúdá.
23. Níor ceiliúradh a leithéid de Cháisc riamh in onóir an Tiarna i Iarúsailéim ach amháin san ochtú bliain déag de réimeas Ióisíá rí.
24. Scuab Ióisíá chun siúil leis an lucht asarlaíochta agus feasa, na déithe teallaigh agus na híola agus na gráiniúlachtaí go léir a bhíodh le feiceáil i dtír Iúdá agus in Iarúsailéim; rinne sé é sin go léir d' fhonn briathra an dlí go léir a bhí scríofa sa leabhar a fuair an sagart Hilcíá i dTeampall an Tiarna a chur i bhfeidhm.
25. Níor iompaigh aon rí dar ghabh roimhe chun an Tiarna mar a rinne seisean ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, agus ó neart go hiomlán, le barr dílseachta do dhlí uile Mhaois; ná níor tháinig a leithéid de rí riamh ina dhiaidh.
26. Ach níor mhaolaigh ar fhraoch feirge an Tiarna a bhí ar lasadh in aghaidh Iúdá de bharr a raibh de ghriogadh déanta ag Manaise faoi.
27. Dúirt an Tiarna: «Tiomáinfidh mé Iúdá as mo radharc chomh maith, faoi mar a rinne mé le hIosrael agus caithfidh mé i leataobh an chathair seo a thogh mé, Iarúsailéim, agus an Teampall a ndúirt mé faoi: 'Ansin a lonnóidh m' ainm.'»
28. An chuid eile de stair Ióisíá, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
29. Lena linn ghabh Forann Neaco, rí na hÉigipte, an bealach go dtí rí na hAsaíre ag abhainn an Eofrataes. Chuaigh Ióisíá rí ina choinne ach mharaigh Forann Neaco é sa chéad ionsaí ag Migideo.
30. Thug a shearbhóntaí a chorp i gcarbad leo ó Mhigideo, agus thugadar é go Iarúsailéim, agus chuireadar é ina thuama féin. Agus thóg muintir na tuaithe Iahóácház mac Ióisíá agus rinneadar é a ungadh agus a fhógairt ina rí i gcomharbacht ar a athair.
31. Bhí Iahóácház trí bliana fichead d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé trí mhí i réim in Iarúsailéim. Hamaútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair.
32. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna a shinsir.
33. Chuir Forann Neaco i gcuibhreacha é ag Ribleá i ndúiche Hamát (agus é ina rí in Iarúsailéim) agus chuir cáin céad tallann airgid agus tallann óir ar an tír.
34. Rinne Forann Neaco rí de Eiliácaím mac Ióisíá in áit Ióisíá a athair, agus d' athraigh sé a ainm go Iahóiácaím. Ach rug sé Iahóácház leis agus thug chun na hÉigipte é mar a bhfuair sé bás.
35. Dhíol Iahóiácaím an t-airgead agus an t-ór le Forann, ach níorbh fholáir dó ar dtús cáin a thobhach ar an tír d' fhonn an t-airgead a sholáthar a d' éiligh Forann. Rinne sé an t-airgead agus an t-ór a thobhach ar mhuintir na tíre, ar gach duine de réir a mhaoine le díol le Forann Neaco.
36. Bhí Iahóiácaím cúig bliana agus fiche d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Zibídeá, iníon Pheadáiá ó Rúmá, ab ainm dá mháthair.
37. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a shinsir.

2 Ríthe 24:1-20
1. Lena linn rinne Nabúcadnazar rí na Bablóine ionradh, agus bhí Iahóiácaím ag tabhairt ómóis dó ar feadh trí bliana, ach ansin d' iompaigh sé uaidh agus rinne ceannairc ina aghaidh.
2. Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, d' Amóraigh, de Mhóábaigh, agus d' Amónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe.
3. Tharla sé seo go léir do Iúdá de bharr [fhearg] an Tiarna; bheartaigh seisean iad a chaitheamh as a radharc de bharr pheacaí Mhanaise agus gach a ndearna sé,
4. agus chomh maith de bharr gach a raibh d' fhuil neamhchiontach doirte aige agus Iarúsailéim á líonadh aige ó cheann ceann le fuil neamhchiontach. Ní raibh maithiúnas le fáil ón Tiarna.
5. An chuid eile de stair Iahóiácaím, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
6. Ansin chuaigh Iahóiácaím chun suain lena shinsir agus tháinig Iahóiácaín i gcomharbacht air.
7. Níor fhág rí na hÉigipte a thír féin arís mar bhí gach dúiche a bhain le rí na hÉigipte ó ghleann na hÉigipte go habhainn an Eofrataes gafa ag rí na Bablóine.
8. Bhí Iahóiácaín ocht mbliana déag d' aois ag teacht i gcoróin dó, agus bhí sé trí mhí ina rí in Iarúsailéim. Nachuisteá, iníon Ealnátán ó Iarúsailéim, ab ainm dá mháthair.
9. Rinne sé an t olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne a athair roimhe.
10. San am sin mháirseáil sluaite Nabúcadnazar rí na Bablóine in aghaidh Iarúsailéim agus rinne siad an chathair a thimpeallú.
11. Tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine é féin chun an chathair a ionsaí fad a bhí sí faoi léigear ag a mhuintir.
12. Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t-ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.
13. Rug seisean leis a raibh de shaibhreas i dTeampall an Tiarna agus de mhaoin i bpálás an rí. Bhris sé ina smionagar an trealamh óir a rinne Solamh rí Iosrael i gcomhair shanctóir an Tiarna. Is mar sin a comhlíonadh briathar an Tiarna.
14. Thug sé Iarúsailéim ar fad leis ar deoraíocht; na huachtaráin uile agus na laochra gaile uile, deich míle cime, mar aon leis na gaibhne agus leis na ceardaithe go léir; níor fágadh ina ndiaidh ach bochtáin na tíre.
15. Dhíbir sé Iahóiácaín chun na Bablóine, mar aon le máthair an rí, mná an rí, a choillteáin agus uaisle na tíre; thug sé iad go léir leis ó Iarúsailéim ar deoraíocht chun na Bablóine.
16. Na daoine gradamacha go léir, seacht míle acu, na gaibhne agus na ceardaithe, míle acu, agus gach duine acu in ann arm a iompar, thug rí na Bablóine an t-iomlán leis ar deoraíocht chun na Bablóine.
17. Mar chomharba ar Iahóiácaín cheap rí na Bablóine Matainiá a uncail ina rí, agus d' athraigh sé a ainm go Zidicíá.
18. Bhí Zidicíá bliain agus fiche d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé aon bhliain déag i réim in Iarúsailéim. Hamútal, iníon Irimia ó Libneá, ab ainm dá mháthair.
19. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna díreach mar a rinne Iahóiácaím.
20. Tharla sin in Iarúsailéim agus in Iúdá de bharr fhearg an Tiarna i dtreo gur chaith sé i leataobh óna láthair iad ar deireadh. Rinne Zidicíá ceannairc in aghaidh rí na Bablóine.

Salm 74:18-23
18. Cuimhnigh, a Thiarna, ar an namhaid fonóideach; tugann pobal gan chiall tarcaisne do d' ainm.
19. Ná tabhair anam do choilm don bhadhbh, a Thiarna; ná déan dearmad go deo ar anam na mbocht.
20. Tabhair aire do do chonradh óir is lomlán d' éigean uaimheanna agus diamhra uile na tíre.
21. Ná lig don té faoi leatrom filleadh faoi náire; go raibh an dealbh agus an daibhir ag tabhairt moladh do d' ainm.
22. Éirigh, a Dhia, agus tagair do chúis; cuimhnigh mar a mhaslaíonn an t-éagráifeach gach lá thú.
23. Ná tabhair i ndíchuimhne callán do naimhde agus glamaíl d' eascairde ag méadú de shíor.

Seanfhocal 19:3-3
3. A bhaois féin a scriosann conách duine, ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.

Gníomhartha 2:22-47
22. «A fheara Iosrael, éistigí leis na briathra seo: Fear ab ea Íosa Nazórach ar thug Dia féin teastas daoibh air leis na míorúiltí agus na héachtaí agus na fearta a rinne Dia tríd fad a bhí sé in bhur measc, mar is eol daoibh féin.
23. Nuair a tugadh suas daoibh é de réir chomhairle cinnte agus réamheolas Dé, chuir sibh chun báis é, á thairneáil ar an gcrois trí lámha mallaitheoirí.
24. Ach thóg Dia ó na mairbh é agus d' fhuascail ó arraingeacha an bháis é, mar níorbh fhéidir go gcoinneodh an bás faoina smacht é. Mar is é a deir Dáiví faoi:
25. «Choinnigh mé mo shúile ar an Tiarna de shíor. Tá sé ar mo dheasláimh, i dtreo nach suaithfear mé.
26. Tá gliondar ar mo chroí dá chionn agus tá meidhir ar mo theanga. Tá mo cholainn féin faoi shuaimhneas le dóchas,
27. mar ní fhágfaidh tú mé i riocht na marbh ná ní ligfidh tú do do neach naofa an meathlú a fhulaingt.
28. Thaispeáin tú dom bóthar na beatha agus líonfaidh tú mé le háthas i do láthair.
29. «Ní miste a rá libh go neamhbhalbh, a bhráithre, go bhfuair ár n-ardathair Dáiví bás, gur adhlacadh é agus go bhfuil a thuama anseo againn go dtí an lá inniu.
30. Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir,
31. is ag cur síos a bhí sé, as a réamheolas, ar aiséirí Chríost mar ' níor fágadh i riocht na marbh é agus níor fhulaing a cholainn an meathlú'.
32. Thóg Dia an Íosa seo ó mhairbh, rud a bhfuilimidne go léir inár bhfinnéithe air.
33. Agus tar éis a ardaithe ar dheis Dé, fuair sé óna Athair an Spiorad a bhí geallta agus dhoirt amach orainne é agus is é sin atá á fheiceáil agus á chloisteáil agaibhse.
34. Ní dheachaigh Dáiví féin suas ar neamh ach deir sé: ' Dúirt an Tiarna le mo Thiarna: Suigh ar mo dheis,
35. go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.'
36. «Más ea, bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhse ar chrois.»
37. Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: «Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?»
38. Agus d' fhreagair Peadar iad: «Déanaigí aithrí,» ar seisean, «déantar gach duine agaibh a bhaisteadh in ainm Íosa Críost chun maithiúnas na bpeacaí agus glacfaidh sibh tabhartas an Spioraid Naoimh;
39. mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.»
40. Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: «Sabháiligí sibh féin,» ar seisean leo, «ón nglúin chlaon seo.»
41. An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.
42. Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.
43. Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách.
44. Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu;
45. dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid.
46. Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí
47. agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe.