A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Meitheamh 12

2 Ríthe 11:1-21
1. Nuair a chuala Atailiá, máthair Achaizíá, go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad láithreach.
2. Ach Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, deirfiúr Achaizíá, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach ó Atailiá sa suanlios, agus níor maraíodh é.
3. D' fhan sé sé bliana aici i bhfolach i dTeampall an Tiarna agus Atailiá i gceannas na tíre.
4. Sa seachtú bliain chuir Iahóideá fios ar cheannfoirt na gCairianach agus na bhfear faire, agus thug sé chuige féin iad i dTeampall an Tiarna. Rinne sé conradh leo agus tar éis dó iad a chur faoi mhionn thaispeáin sé mac an rí dóibh.
5. Thug sé an t-ordú seo dóibh: «Seo mar atá le déanamh agaibh: téadh trian díbh, an mhuintir a bheidh gan dualgas ar an tsabóid, ar garda ar phálás an rí
6. (agus trian eile ag geata Shúr, agus trian ag an ngeata ar chúl na ngardaí, agus téigí ar garda ar phálás an rí),
7. agus téadh an dá thrian eile agaibh a bheidh ar dualgas ar an tsabóid ar garda ar Theampall an Tiarna (le hais an rí),
8. agus seasaidís timpeall an rí agus a airm i láimh gach fir; cuirtear chun báis aon duine a thabharfaidh iarracht ar bhrú tharaibh isteach. Bígí le hais an rí ag gabháil amach agus ag teacht isteach dó.»
9. Rinne na ceannfoirt gach ní mar a d' ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor den gharda ar an tsabóid agus iad siúd a bhí ag dul ar garda ar an tsabóid, agus tháinig siad chuig Iahóideá an sagart.
10. Ghléas an sagart na ceannfoirt le gathanna agus le sciatha an rí Dáiví a bhí i dTeampall an Tiarna.
11. Bhí na gardaí ina seasamh, agus arm i láimh gach duine acu, ó choirnéal theas an Teampaill go dtí an coirnéal thuaidh, thart timpeall ar an altóir agus ar an Teampall.
12. Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d' ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: «Go maire an rí!»
13. Nuair a chuala Atailiá gártha (an gharda agus) an phobail, tharraing sí ar an Teampall, áit a raibh na daoine.
14. Nuair a chonaic sí an rí ina sheasamh ansin [ar an ardán], mar ba nós, agus na ceannfoirt agus na trumpadóirí i dteannta an rí agus pobal na tuaithe go léir ag déanamh gairdis agus ag séideadh stoc, stróic Atailiá a cuid éadaigh agus bhéic sí: «Feall! Feall!»
15. Ansin d' ordaigh Iahóideá an sagart do na hoifigigh airm: «Beirigí libh í taobh amuigh den áit naofa agus cuirigí chun báis leis an gclaíomh duine ar bith a leanfaidh í.» «Óir ní foláir,» a mheabhraigh an sagart dóibh, «gan í chur chun báis i dTeampall an Tiarna.»
16. Rug siad uirthi agus ar shroicheadh an pháláis di, trí Gheata na gCapall, is ann a cuireadh chun báis í.
17. Rinne Iahóideá conradh idir an Tiarna agus an rí agus an pobal, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna; idir an rí agus an pobal mar an gcéanna.
18. Ansin chuaigh muintir na tuaithe go léir go teampall Bhál agus scrios siad é; rinne siad smionagar dá altóirí agus dá íomhánna, agus mharaigh siad Matán, sagart Bhál, os comhair na n-altóirí. Agus chuir an sagart fir faire ar garda ar Theampall an Tiarna.
19. Thug sé leis na ceannfoirt, na Cairianaigh, na fir faire agus muintir na tuaithe go léir, agus rugadar an rí leo óTheampall an Tiarna trí gheata na ngardaí isteach i bpálás an rí, agus shuigh sé i gcathaoir na ríthe.
20. Bhí lúcháir mhór ar mhuintir na tuaithe go léir. D' fhan an chathair ciúin, agus chuir siad Atailiá chun báis i bpálás an rí.
21. Bhí Ióáis seacht mbliana d' aois nuair a tháinig sé i gcoróin. 12:1

2 Ríthe 12:1-21
1. 2 Rinneadh rí de Ióáis sa seachtú bliain de réimeas Iéahú, agus bhí sé daichead bliain i réim in Iarúsailéim. Zibiá ó Bhéar Seaba ab ainm dá mháthair.
2. 3 Rinne Ióáis an ceart i bhfianaise an Tiarna gach lá dá shaol mar go raibh Iahóideá an sagart á theagasc.
3. 4 Níor scriosadh na hardionaid, áfach; lean na daoine orthu ag íobairt agus ag ofráil túise ar na hardionaid.
4. 5 Dúirt Ióáis leis na sagairt: «An t-airgead go léir as na dleachta naofa a thugtar go Teampall an Tiarna, an t-airgead as na cánacha pearsanta (an t-airgead ó na daoine de réir mar áiríonn sé iad), agus an t-airgead a thugtar le deabhóid chroí isteach i dTeampall an Tiarna
5. 6 glacadh na sagairt leis, ó gach duine dá lucht aitheantais, agus déanaidís an Teampall a dheisiú de réir mar a fheicfear a bheidh sin riachtanach.»
6. 7 Ach faoin tríú bliain fichead de réimeas Ióáis rí, ní raibh aon deisiú déanta ag na sagairt ar an Teampall.
7. 8 Uime sin chuir Ióáis fios ar Iahóideá agus ar na sagairt eile. «Cén fáth nach bhfuil an Teampall á dheisiú agaibh?» d' fhiafraigh sé. «Ná tógaigí a thuilleadh airgid dá bhrí sin ó bhur lucht aitheantais ach é a thabhairt suas ar son deisiú an Teampaill.»
8. 9 D' aontaigh na sagairt dá bhrí sin gan a thuilleadh airgid a thógáil ó na daoine, agus nach iad a thuilleadh a chaithfeadh an Teampall a dheisiú.
9. 10 Ansin fuair Iahóideá an sagart cófra, chuir poll ina chlab agus chuir é le taobh [án cholúin] ar dheis ar an tslí isteach i dTeampall an Tiarna; chuireadh na sagairt a bhí i bhfeighil an dorais an t-airgead go léir a thugtaí go dtí Teampall an Tiarna isteach ann.
10. 11 Nuair a d' fheicidís go raibh a lán airgid sa chófra, thagadh rúnaí an rí agus an t-ardsagart agus dhéanaidís an t-airgead i dTeampall an Tiarna a leá agus a thomhas.
11. 12 Nuair a bhíodh sé tomhaiste thugaidís an t-airgead do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna, agus chaithidís é ar na siúinéirí agus ar na tógálaithe a bhíodh ag obair ar Theampall an Tiarna,
12. 13 ar na saoir agus ar na gearrthóirí cloch; chaithidís chomh maith é ag ceannach adhmaid agus cloch gearrtha chun Teampall an Tiarna a dheisiú, agus ag díol as costais deisiú an Teampaill go léir.
13. 14 Ní dhearnadh báisíní airgid, ná smóladáin, ná miasa, ná trumpaí, ná soithí óir ná airgid, as an airgead a toirbhríodh do Theampall an Tiarna,
14. 15 mar tugadh é go léir do na fir oibre agus bhaineadarsan feidhm as ag deisiú Teampall an Tiarna.
15. 16 Níor éilíodh cuntas ón muintir dár tugadh an t-airgead le caitheamh ar na fir oibre mar go rabhadar ionraic i mbun a ngnó.
16. 17 An t-airgead a ofráladh mar éiric ar choir, nó mar chúiteamh i bpeaca, níor tugadh é do Theampall an Tiarna; leis na sagairt ab ea é sin.
17. 18 Um an dtaca sin chuaigh Hazáéil rí Arám suas agus throid sé in aghaidh Ghat agus ghabh é agus ansin chrom sé ar ullmhú d' ionsaí ar Iarúsailéim.
18. 19 Thóg Ióáis rí Iúdá na tabhartais naofa go léir a thíolaic a shinsir Iahóiseáfát agus Iahórám, agus Achaizíá, ríthe Iúdá, agus iad siúd a thíolaic sé féin, agus a bhfuarthas d' ór i gcistí Theampall an Tiarna, agus phálás an rí, agus sheol iadsan go Hazáéil rí Arám. D' imigh seisean leis ansin ó Iarúsailéim.
19. 20 An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, nach bhfuil sé sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iúdá?
20. 21 Rinne a oifigigh ceannairc agus comhcheilg agus mharaigh siad Ióáis i dteach Mhileo, ar an mbealach síos go Sileá.
21. 22 Ba iad a shearbhóntaí Iózácár mac Shimeát agus Iahózábat mac Shiomaer a threascair agus a mharaigh é. Rinneadar é a adhlacadh i nDúnfort Dháiví lena shinsir agus tháinig a mhac Amaiziá i gcomharbacht air.

2 Ríthe 13:1-25
1. Sa tríú bliain fichead de réimeas Ióáis mac Achaizíá rí Iúdá, tháinig Iahóácház mac Iéahú i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim.
2. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus lean sé air leis na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, gan éirí astu.
3. Las fearg an Tiarna in aghaidh Iosrael agus thug sé suas gan sos iad do chumhacht Hazáéil rí Arám agus Bhein Hadad mac Hazáéil.
4. Ansin ghuigh Iahóácház chun an Tiarna, agus d' éist an Tiarna leis, mar go bhfaca sé an inghreim a bhí á dhéanamh ag rí Arám ar chlann Iosrael.
5. (Thug an Tiarna fuasclóir dóibh [a d' fhuascail iad] ó lámha na nArámach, agus chónaigh clann Iosrael ina mbothanna mar a rinneadar roimhe sin.
6. Ach níor éiríodar as na peacaí inar threoraigh Iarobám Iosrael, ach leanadar orthu agus fágadh an cuaille naofa sa tSamáir.)
7. Níor fágadh ach leathchéad de mharcshlua, deich gcarbad agus deich míle troitheach d' arm ag Iahóácház. Scrios rí Arám iad agus shatail faoi chois iad mar a dhéanfaí le smúit lá an bhuailte.
8. An chuid eile de stair Iahóácház, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
9. Ansin chuaigh Iahóácház chun suain lena shinsir agus rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir, agus tháinig a mhac Ióáis i gcomharbacht air.
10. Sa seachtú bliain tríochad de réimeas Ióáis rí Iúdá tháinig Ióáis mac Iahóácház i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé sé bliana déag i réim.
11. Rinne sé an t-olc i bhfianaise an Tiarna agus níor staon sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, ach lean sé orthu.
12. An chuid eile de stair Ióáis, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, agus conas mar a chuir sé cogadh ar Amaiziá rí Iúdá, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
13. Ansin chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus shuigh Iarobám ina ríchathaoir. Adhlacadh Ióáis sa tSamáir le ríthe Iosrael.
14. Nuair a bhuail tinneas a bháis Eilíseá, ghabh Ióáis rí Iosrael síos chuige, agus chrom ar ghol ina láthair á rá: «A athair liom, a athair liom, a charbaid Iosrael lena eachra!»
15. Dúirt Eilíseá leis: «Faigh bogha agus saigheada,» agus fuair sé bogha agus saigheada.
16. Ansin dúirt sé leis an rí: «Tarraing an bogha,» agus tharraing. Chuir Eilíseá a lámha thar lámha an rí.
17. «Oscail an fhuinneog thoir,» ar sé, agus d' oscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: «Scaoil an tsaighead,» agus scaoil. Dúirt sé ansin: «Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.»
18. Ansin dúirt Eilíseá: «Tóg na saigheada,» agus thóg sé iad. Ansin dúirt sé le rí Iosrael: «Buail an talamh,» agus bhuail sé trí huaire é, agus ansin stad sé.
19. Tháinig fearg ar an ngiolla Dé leis dá bharrsan. «Bhí sé de cheart agat é a bhualadh cúig nó sé huaire,» ar sé, «agus chloífeá Arám go hiomlán agus chuirfeá deireadh leis; anois ní bhrisfidh tú ar Arám ach trí huaire.»
20. Fuair Eilíseá bás, agus adhlacadh é. Bhíodh díormaí Móábach ag déanamh ionraidh ar an tír gach [bliain].
21. Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.
22. Bhí Hazáéil rí Arám ag déanamh géarleanúna ar Iosrael i gcaitheamh ré Iahóácház ar fad.
23. Ach bhí an Tiarna cneasta leo agus ghlac trua dóibh, agus d' iompaigh chucu de bharr an chonartha a rinne sé le hAbrahám, le hÍosác, agus le Iacób, agus níorbh áil leis iad a scrios, ná níor dhíbir sé as a láthair iad (fós).
24. Fuair Hazáéil rí Arám bás, agus tháinig Bein Hadad i gcomharbacht air.
25. Ansin ghabh Ióáis mac Iahóácház ar ais ó Bhein Hadad mac Hazáéil na cathracha a ghabh seisean óna athair Iahóácház le neart airm. Bhris Ióáis air faoi thrí agus fuair ar ais cathracha Iosrael.

Salm 73:1-9
1. Salm Ásáf. Nach maith atá Dia don dream díreach; an Tiarna dá bhfuil glan ó chroí. Salm 72
2. Ach is beag nár sciorr mo chosa uaim; is beag nár shleamhnaigh mo chéimeanna;
3. Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde, ag faire dom ar shéan na n-éagráifeach.
4. Ní bhíonn siad siúd á gcrá ná á gciapadh; is slán a gcorp agus is sleamhain.
5. Níl páirt acu in anacraí na so-mharaithe ná ní dhéantar a sciúrsáil mar dhaoine eile.
6. Uime sin, is é an t-uabhar a muince, agus folaíonn an foréigean iad amhail éadach.
7. Bíonn a gcroí ag cur thar maoil le mioscais; brúchtann smaointe a n-intinne amach.
8. Bíonn siad ag fonóid is ag labhairt go mailíseach agus beartaíonn siad an t-ansmacht go huaibhreach.
9. Tugann siad fogha faoi na flaithis lena mbéal agus triallann a dteanga ar fud an talaimh.

Seanfhocal 18:16-17
16. Tuilleann bronntanas slí isteach do dhuine, agus tugann sé i láthair na bhflatha é.
17. Samhlaítear go mbíonn an ceart ag an té is túisce a chuireann a chás in iúl, nó go dtagann an dara duine agus go ndéanann scrúdú air.

Eoin 19:23-42
23. Nuair a bhí na saighdiúirí tar éis Íosa a chéasadh, thóg siad a chuid éadaigh agus rinne siad ceithre sciar díobh sciar don saighdiúir acu agus an t-ionar. Ní raibh uaim ar bith san ionar, ach é fite slan ó bharr anuas.
24. Mar sin, dúirt siad le chéile: «Ná stróicimis é, ach é a chur ar chrainn cé aige go mbeidh sé» chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr a deir: «Roinn siad mo chuid éadaigh eatarthu, agus chuir siad ar chrainn mo chulaith.» Rinne na saighdiúirí an méid sin.
25. Bhí ina seasamh le hais chros Íosa, a mháthair, agus deirfiúr a mháthar, Máire Chlópas, agus Máire Mhaigdiléana.
26. Nuair a chonaic Íosa a mháthair agus an deisceabal a ghráigh sé ina sheasamh lena hais, dúirt sé lena mháthair: «A bhean, sin é do mhac.»
27. Ansin dúirt sé leis an deisceabal: «Sin í do mháthair.» Agus ón uair sin amach ghlac an deisceabal isteach ina bhaile féin í.
28. Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: «Tá tart orm.»
29. Bhí soitheach ansiúd lán d' fhínéagar. Thum siad spúinse as an bhfínéagar agus chuir siad ar bharr chraobh iosóipe é, agus chuir siad chun a bhéil é.
30. Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. «Tá sé curtha i gcrích.» Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad.
31. Ba é lá an ullmhaithe é, agus ionas nach bhfanfadh na coirp ar chros le linn na sabóide óir ba lá mór sollúnta an tsabóid sin rinne siad achainí ar Phioláit go ndéanfaí na lorgaí a bhriseadh agus na coirp a chartadh as an tslí.
32. Mar sin tháinig na saighdiúirí agus bhris siad lorgaí an chéad duine agus an duine eile a céasadh mar aon leis.
33. Ar theacht dóibh go dtí Íosa, áfach, ó chonaic siad go raibh sé marbh cheana féin, níor bhris siad a lorgaí,
34. ach rinne duine de na saighdiúirí a chliathán a tholladh le sleá, agus tháinig fuil agus uisce amach as láithreach.
35. Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aigesean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibhse chomh maith.
36. Óir tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: «Aon chnámh ann ní bhrisfear.»
37. Agus tá scrioptúr eile a deir: «Breathnóidh siad ar an té a tholl siad.»
38. Ina dhiaidh sin d' iarr Iósaef ó Airiomatáia cead ar Phioláit ba dheisceabal d' Íosa é; os íseal, áfach, ar eagla na nGiúdach corp Íosa a bhreith leis, agus thug Pioláit an cead.
39. Tháinig sé mar sin agus thóg sé an corp. Níocodaemas freisin é siúd a tháinig san oíche chuige ar dtús tháinig sé agus meascán miorra agus aló aige, timpeall céad punt meáchain.
40. Thóg siad corp Íosa dá bhrí sin agus rinne siad é a chuachadh i línéadaí maille le spíosraí, de réir nós adhlactha na nGiúdach.
41. San áit inar céasadh Íosa bhí gairdín, agus sa ghairdín sin bhí tuama nua nár cuireadh aon duine ann riamh roimhe.
42. Is ansiúd a chuir siad Íosa, de bhrí gurbh é lá ullmhaithe na nGiúdach é, agus ó bhí an tuama in aice láimhe.