A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Bealtaine 7

1 Samúéil 16:1-23
1. Dúirt an Tiarna le Samúéil: «Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d' adharc d' ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.»
2. D' fhreagair Samúéil: «Conas is féidir dom imeacht? Má fhaigheann Sól gaoth an fhocail, maróidh sé mé!» Agus dúirt an Tiarna: «Tabhair bearach leat, agus abair: 'Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna.'
3. Tabhair cuireadh chun na híobartha do Ieise, agus taispeánfaidh mise duit cad a bheidh le déanamh agat. An té a ainmneoidh mé duit, déanfaidh tú é a ungadh dom.»
4. Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: «An mar chara a thagann tú?»
5. Agus dúirt seisean: «Is ea, mar chara. Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna. Déanaigí sibh féin a choisreacan agus tagaigí liom chun na híobartha.» Choisric sé Ieise agus a chlann mhac agus thug cuireadh chun na híobartha dóibh.
6. Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: «Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.»
7. Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: «Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.»
8. Ansin ghlaoigh Ieise chuige ar Aibíonádáb agus thug os comhair Shamúéil é, agus dúirt seisean: «Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.»
9. Ansin thug Ieise Seamá os comhair Shamúéil, ach dúirt Samúéil: «Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.»
10. Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: «Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.»
11. D' fhiafraigh sé ansin de Ieise: «An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?» «Tá mac eile fós agam,» ar seisean, «an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.» Dúirt Samúéil le Ieise: «Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.»
12. Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: «Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.»
13. Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d' fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d' éirigh sé agus d' imigh go Rámá.
14. Thréig spiorad an Tiarna Sól agus bhuair drochspiorad ón Tiarna é.
15. Dúirt a ghiollaí le Sól: «Sin drochspiorad ón Tiarna do do bhuaireamh.
16. Tugadh an tiarna seo againn ordú do na giollaí atá ag freastal ort duine oilte ar an gcruit a lorg; nuair a bheidh an drochspiorad ón Tiarna do do chiapadh, seinnfidh sé an chruit duit agus tiocfaidh biseach ort.»
17. Dúirt Sól lena ghiollaí: «Faighigí dom fear a sheinneann go maith agus tugaigí anseo chugam é!»
18. D' fhreagair ógánach díobh: «Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.»
19. Chuir Sól teachtairí go Ieise dá bhrí sin á rá: «Cuir chugam Dáiví do mhac atá leis na caoirigh.»
20. Fuair Ieise [cúig] bhuilín aráin, seithe fíona agus meannán agus chuir go Sól iad le Dáiví a mhac.
21. Tháinig Dáiví go Sól ar an tslí sin, agus chuaigh ar seirbhís chuige. Bhí an-chion ag Sól air, agus ceapadh Dáiví ina fhear iompair airm dó.
22. Chuir Sól scéala chun Ieise ansin: «Lig do Dháiví bheith ar seirbhís agam, mar fuair sé gean mo chroí.»
23. Aon uair a thagadh an drochspiorad ó Dhia ar Shól, bheireadh Dáiví ar a chruit ina láimh; agus sheinneadh; ansin théadh Sól chun suaimhnis, thagadh biseach air, agus d' imíodh an drochspiorad uaidh.

1 Samúéil 17:1-58
1. Chuir na Filistínigh tionól ar a sluaite chun catha; chruinníodar le chéile i Sócó, baile in Iúdá, agus shuíodar a gcampa idir Sócó agus Azaecá in Eifis Daimím.
2. Chruinnigh Sól agus fir Iosrael chomh maith agus shuíodar a gcampa i nGleann Éileá agus chóiríodar iad féin in eagar catha in aghaidh na bhFilistíneach.
3. Sheas na Filistínigh ar shliabh ar thaobh agus na hIosraelaigh ar shliabh ar an taobh eile agus gleann eatarthu.
4. Thainig gaiscíoch eadrána, darbh ainm Góla as Gat, amach as campa na bhFilistíneach; bhí sé sé bhanlámh go leith ar airde.
5. Bhí cafarr práis ar a cheann, lúireach mar chosaint air agus bhí cúig mhíle seicil de mheáchan práis sa lúireach sin.
6. Bhí buataisí práis ar a chosa agus ga práis thar a ghuaillí.
7. Bhí sáfach a shleá mar bhíoma fíodóra, agus sé chéad seicil de mheáchan iarainn mar cheann ar an tsleá sin. Bhí giolla roimhe amach ag iompar a scéithe.
8. Sheas sé os comhair sluaite Iosrael agus d' fhógair dóibh in ard a chinn agus a ghutha: «Cad ab áil libh amach do bhur gcur féin in eagar catha? Nach Filistíneach mise agus nach sibhse daoir Shóil? Toghaigí fear díbh féin agus tagadh sé anuas i mo aghaidh.
9. Má ritheann leis comhrac liom agus mé a mharú, ansin beimidne inár ndaoir agaibhse; ach má bhuaimse air, agus é a mharú, beidh sibhse in bhur ndaoir againne, ag déanamh seirbhíse dúinn.»
10. Lean an Filistíneach air: «Tugaim dúshlán sluaite Iosrael inniu; cuiridís fear chugam le comhrac aonair a dhéanamh liom.»
11. Nuair a chuala Sól agus Iosrael go léir na focail sin ón bhFilistíneach thit an lug ar an lag acu agus tháinig scéin orthu.
12. Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta].
13. D' imigh an triúr mac ba shine le Ieise agus leanadar Sól chun cogaidh. Seo iad ainmneacha an triúr mac a chuaigh chun cogaidh Eilíáb an chéadghin, Aibíonádáb an dara mac agus Seamá an tríú mac.
14. Dáiví an sóisear; lean an triúr ba shine Sól.
15. (Bhíodh Dáiví ar a sheal ag déanamh seirbhíse do Shól agus ag aoireacht caoirigh a athar i mBeithil.
16. Thagadh an Filistíneach ina láthair agus sheasadh sé ansiúd gach maidin agus trathnóna ar feadh daichead lá.)
17. Dúirt Ieise le Dáiví a mhac: «Beir leat an t-éafá seo de ghrán tíortha agus na deich mbuilíní seo go dtí do dheartháireacha, agus brostaigh ort go campa do dheartháireacha,
18. agus beir leat na deich gcáiseanna seo leo go dtí a n-oifigeach míle; cuir tuairisc sláinte do dheartháireacha agus tabhair comhartha éigin ar ais uathu.
19. Tá siad le Sól agus leis na hIosraelaigh go léir i nGleann Éileá, ag troid in aghaidh na bhFilistíneach.»
20. D' éirigh Dáiví go moch ar maidin, d' fhág aoire i bhfeighil na gcaorach, d' ardaigh leis an lón, agus d' imigh mar a d' ordaigh Ieise dó. Tháinig sé go dtí an longfort agus an slua ag dul amach chun a láithreacha troda, agus an gháir chatha á cur in airde acu.
21. Chóirigh Iosrael agus na Filistínigh iad féin in eagar catha ar aghaidh a chéile amach.
22. D' fhág Dáiví a aistrithe faoi chúram gharda an bhagáiste, agus rith go dtí an líne chatha agus tháinig chun a dheartháireacha ag cur a dtuairisce.
23. Fad a bhí sé ag caint leo, seo aníos ó shluaite na bhFilistíneach, an gaiscíoch (darbh ainm Góla, an Filistíneach ó Ghat); labhair sé mar a dhéanadh cheana agus chuala Dáiví é.
24. A luaithe a chonaic fir Iosrael an fear seo, theitheadar uaidh agus scéin ina gcroí.
25. Dúirt fir Iosrael: «An bhfaca tú an fear seo ag teacht aníos anois? Tá sé ag teacht chun dúshlán Iosrael a thabhairt. An té a mharóidh é, tabharfaidh an rí mórchuid maoine dó, agus a iníon le pósadh, agus tabharfaidh sé saoirse Iosrael do theaghlach a athar.»
26. Chuir Dáiví ceist ansin ar na fir a bhí ina seasamh taobh leis: «Cén luach saothair a gheobhaidh an té a mharóidh an Filistíneach seo agus a ghlanfaidh an smál d' Iosrael? Cé hé an Filistíneach seo gan timpeallghearradh a bhfuil sé de dhánaíocht aige masla a thabhairt do shluaite Dé bheo?»
27. Thug an slua an freagra céanna air á rá: «Sin é an luach saothair a thabharfar don té a mharóidh é.»
28. Eilíáb, an deartháir ba shine aige, chuala sé é ag caint leis na fir agus tháinig fearg air le Dáiví agus dúirt: «Cad a thug thusa anseo anuas? Cé a d' fhág tú i bhfeighil an chúpla caora úd san fhásach? Is eol dom d' uabhar agus an t-olc i do chroí; tháinig tú ó dheas chun faire ar an gcath.»
29. D' fhreagair Dáiví: «Cad é seo anois atá déanta agam? Cad a bhí ann ach focal?»
30. Chas sé uaidh más ea le labhairt le duine eile, agus chuir sé an cheist chéanna air; agus fuair sé an freagra céanna ó gach duine.
31. Ach éisteadh le caint Dháiví agus rinneadh í a aithris do Shól agus chuir seisean fios air.
32. «Ná bíodh drochmhisneach ar aon duine mar gheall air,» arsa Dáiví le Sól, «rachaidh do shearbhónta anseo chun troda leis an bhFilistíneach seo.»
33. Dúirt Sól le Dáiví: «Ní féidir duitse dul chun troda i gcoinne an Fhilistínigh seo; níl ionat ach ógánach, agus is laoch gaile eisean óna óige.»
34. Dúirt Dáiví le Sól: «Bhíodh do shearbhónta i bhfeighil a chaorach dá athair, agus nuair a thagadh leon nó beithir agus uan a sciobadh ón tréad
35. théinn sa tóir air, bhuailinn chun láir é, agus bhaininn as a bhéal é; dá dtabharfadh sé aghaidh orm, bhéarfainn ar mheigeall air agus bhuailfinn chun láir é agus mharóinn.
36. Mharaigh do shearbhónta idir leoin agus bheithreacha, agus tabharfar an íde chéanna leo ar an bhFilistíneach seo gan timpeallghearradh ós rud é gur thug sé a dhúshlán le sluaite Dé bheo.»
37. Lean Dáiví air: «An Tiarna a d' fhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.» Dúirt Sól le Dáiví: «Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!»
38. Chuir Sól a éide chatha féin ar Dháiví; chuir cafarr práis ar a cheann agus chuir lúireach práis uime.
39. Chroch sé a chlaíomh os cíonn a éide [ar Dháiví]. Ach cheal taithí ar na fearais sin, níorbh fhéidir le Dáiví siúl leo. «Ní féidir dom siúl leo seo,» arsa Dáiví le Sól, «cheal taithí orthu.» Bhain Dáiví de arís ansin iad.
40. Rug sé greim ar a bhachall dá bhrí sin, thogh cúig clocha sleamhna as leaba an tsrutháin agus chuir chuige ina mhála nó ina sparán aoire iad; d' imigh sé leis ansin in aghaidh an Fhilistínigh agus a chrann tabhaill ina láimh aige.
41. Bhí an Filistíneach ag teacht agus ag druidim le Dáiví agus a ghiolla scéithe roimhe amach.
42. D' fhéach an Filistíneach agus chonaic Dáiví agus bhuail drochmheas air é, mar nach raibh ann ach ógánach, buachaill naíonta dealraitheach.
43. Dúirt an Filistíneach le Dáiví: «An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i m' aghaidh le bataí?» Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin.
44. Dúirt an Filistíneach le Dáiví: «Gabh anseo i leith chugam agus tabharfaidh mé d' fheoil d' éanlaith an aeir agus d' ainmhithe an mhachaire.»
45. Ach d' fhreagair Dáiví an Filistíneach: «Tá tú ag teacht i m' aghaidh le claíomh agus le sleá agus le ga, ach táimse ag teacht i d' aghaidhse in ainm Tiarna na Slua, Dia airm Iosrael, ar thug tú a dhúshlán.
46. Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach d' éanlaith an aeir agus d' ainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael,
47. agus go mbeidh a fhios ag an gcomhthionól seo ar fad nach le claíomh ná le sleá a dhéanann an Tiarna fuascailt, mar is leis an Tiarna an cath agus tabharfaidh sé sibhse isteach inár lámhana.»
48. A thúisce a chorraigh arm na bhFilistíneach agus a dhruid chun tosaigh chun aghaidh a thabhairt ar Dháiví, [scar] Dáiví leis an líne chatha agus rith i gcoinne an Fhilistínigh.
49. Chuir Dáiví a lámh ina mhála, thóg cloch as, agus chaith as a chrann tabhaill í gur bhuail an Filistíneach i gclár a éadain; ghabh an chloch trí chlár a éadain agus thit sé ar a bhéal ar an talamh.
50. Sin mar a rug Dáiví bua ar an bhFilistíneach le crann tabhaill agus le cloch gur bhuail an Filistíneach agus gur mharaigh é, gan aon chlaíomh ina láimh ag Dáiví.
51. Rith Dáiví ansin go dtí an Filistíneach, sheas os a chionn, rug greim ar a chlaíomh siúd, tharraing as a thruaill é, agus mharaigh é agus bhain an ceann de leis. Nuair a chonaic na Filistínigh go raibh a gcuradh marbh, theitheadar.
52. Ar aghaidh le fir Iosrael agus Iúdá ag cur a ngáir chatha astu agus chuireadar tóir ar na Filistínigh go himill Ghat agus go geataí Eacrón. Bhí Filistínigh ghonta sa chosair chró ar feadh an bhóthair ó Sheáraím go Gat agus Eacrón.
53. Nuair a d' fhill clann Iosrael ón tóir ar na Filistínigh, chreachadar a gcampa.
54. Rug Dáiví ceann an Fhilistínigh leis agus thug sé go Iarúsailéim é; ach choinnigh sé a airm ina bhoth féin.
55. Nuair a chonaic Sól Dáiví ag dul in aghaidh an Fhilistínigh dúirt sé le hAibnéar: «A Aibnéar, cé leis an t-ógánach seo?» «Dar do bheo, a rí,» arsa Aibnéar, «nach eol dom.»
56. «Faigh amach,» arsan rí, «cé leis an slataire.»
57. Ag filleadh do Dháiví tar éis ár na bhFilistíneach rug Aibnéar leis é agus thug os comhair Shóil é, agus ceann an Fhilistínigh ina láimh.
58. «Cé leis thú, a fhir óig?» d' fhiafraigh Sól de; d' fhreagair Dáiví: «Le do shearbhónta Ieise ó Bheithil.»

Salm 57:4-11
4. 5 Tá m' anam ina luí i measc leon a d' alpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos. Is sleánna agus saigheada a bhfiacla, is cosúil a dteanga le géarchlaíomh.
5. 6 Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir!
6. 7 Chuireadar eangach i bhfearas do mo chosa; rinneadar mé a ísliú. Thochail siad clais romham amach; ach thit siad féin inti.
7. 8 Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean. Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.
8. 9 Múscail, a anam liom! Músclaígí, a chláirseach is a chruit! Músclóidh mé féin an maidneachan.
9. 10 Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna: molfaidh mé thú i measc na náisiún.
10. 11 Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheas agus do dhílse chun na spéartha.
11. 12 Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir.

Seanfhocal 15:26-26
26. Is gráin leis an Tiarna smaointe an choirpigh, ach is [gean leis] caint na neamhchiontach.

Lúcás 23:26-56
26. Agus iad á sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón, Cuiréanach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa.
27. Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh.
28. Ach d' iompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: «A iníona Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall ormsa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann.
29. Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: 'Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.'
30. Ansin tosóidh siad ag rá leis na sléibhte: 'Titigí orainn!' agus leis na cnoic: 'Folaigí sinn!'
31. Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!»
32. Bhí beirt choirpeach eile á seoladh mar aon leis chun a mbásaithe.
33. Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar an Cloigeann, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.
34. Dúirt Íosa: «A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.» Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad.
35. D' fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: «Shaor sé daoine eile,» deiridís, «saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.»
36. Agus rinne na saighdiúirí freisin fonóid faoi; ag teacht ag tabhairt fínéagair chuige
37. deiridís: «Más tú Rí na nGiúdach, saor thú féin!»
38. Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: «Rí na nGiúdach é seo.»
39. Duine de na coirpigh a bhí arna gcrochadh, bhí sé á dhiamhaslú á rá: «Nach tú an Críost? Saor tú féin agus sinne.»
40. Ach thug an duine eile casaoid dó agus dúirt: «An ea nach bhfuil eagla Dé ort, agus tusa faoin daorbhreith chéanna?
41. Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.»
42. Agus dúirt: «A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!»
43. Agus dúirt seisean leis: «Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas.»
44. Bhí sé timpeall an séú huair faoin am seo nuair a tháinig dorchadas anuas ar an talamh go léir go dtí an naoú huair, mar chaill an ghrian a solas.
45. Réabadh brat an Teampaill ina lár.
46. Agus ghlaoigh Íosa amach de ghlór ard agus dúirt: «A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh. Agus ar a rá sin dó, shíothlaigh sé.
47. Nuair a chonaic an taoiseach céad cad a tharla, bhí sé ag tabhairt glóire do Dhia á rá: «Ba dhuine fíréanta an fear seo go deimhin.»
48. Agus na sluaite uile a bhí bailithe chun an radharc seo a fheiceáil, nuair a chonaic siad na nithe a tharla, chuaigh siad ar ais ag bualadh a n-uchta.
49. Bhí a lucht aitheantais uile ina seasamh i bhfad uaidh, agus mná freisin a bhí tar éis é leanúint ón nGailíl agus a bhí ag breathnú ar na nithe sin.
50. Tháinig i láthair ansin fear darbh ainm Iósaef, ba bhall den chomhairle, duine maith fíréanta.
51. Níor thug sé seo aontú le hintinn ná le míghníomh na mball eile. As Airiomatáia dó, cathair Iúdach, agus é ag súil le ríocht Dé.
52. Chuaigh sé seo go dtí Pioláit agus d' iarr corp Íosa air.
53. Ansin thóg sé anuas den chros é, d' fhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh.
54. B' é lá an ullmhaithe é, agus an tsabóid ag druidim leo.
55. Agus na mná a bhí tagtha ón nGailíl in éineacht leis, lean said Iósaef agus chonaic siad an tuama agus an socrú a tugadh ar a chorp.
56. Ansin, ar dhul ar ais dóibh, d' ullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, d' fhan siad ina gcónaí do réir na haithne.