A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Bealtaine 5

1 Samúéil 12:1-25
1. Dúirt Samúéil le hIosrael go léir: «Féach! rinne mé gach ar iarr sibh orm go dílis agus cheap mé rí oraibh.
2. As seo amach anois sé an rí a threoróidh sibh. Maidir liomsa, is seanóir liath mé agus tá mo chlann mhac anseo in bhur measc. Threoraigh mé sibh ó m' óige go dtí an lá inniu.
3. Seo anseo mé! Tugaigí fianaise i m' aghaidh i láthair an Tiarna agus a ungthaigh! Ar bhain mé a dhamh d' aon duine? Ar bhain mé a asal d' aon duine? An ndearna mé calaois ar aon duine? An ndearna mé leatrom ar aon duine? Ar thóg mé breab riamh ó aon duine le mo shúile a dhalladh? [Má rinne mé] déanfaidh mé aisíoc libh.»
4. «Ní dhearna tú éagóir ná leatrom orainn,» ar siad, «ná níor ghlac tú le breab ó aon duine.»
5. Dúirt sé leo: «Nach finné é an Tiarna in bhur n-aghaidh, agus nach finné é a ungthach inniu nach bhfuair sibh aon ní ar chúl mo ghlaice?» «Sea, is finné é,» ar siad.
6. Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: «An Tiarna, an té a cheap Maois agus Árón, agus a thug bhur sinsir amach as an Éigipt, [is finné é].
7. Fanaigí socair in bhur seasamh ansin dá bhrí sin nó go ndéanfaidh mé áiteamh libh i láthair an Tiarna agus go gcuirfidh mé i gcuimhne daoibh na héachtaí slánaithe go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe libh féin, agus ar mhaithe le bhur sinsir.
8. Nuair a tháinig Iacób isteach san Éigipt [agus go ndearna na hÉigiptigh leatrom orthu], ghlaoigh bhur sinsir ar an Tiarna agus sheol sé Maois agus Árón chucu. Thugadarsan bhur sinsir as an Éigipt amach agus chuireadar chun cónaithe san áit seo iad.
9. Ansin rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, agus reic seisean iad isteach i lámha Shíseará, taoiseach airm Házór. Agus chomh maith i lámha na bhFilistíneach agus rí Mhóáb a bhí ag troid ina n-aghaidh.
10. Ghlaoigh siad ar an Tiarna ansin á rá: 'Pheacaíomar, mar thréigeamar an Tiarna; rinneamar seirbhís do na Bálaím agus do na hAisteárót; ach fuascail sinn anois ó lámha ár naimhde agus déanfaimid seirbhís duit.»
11. Ansin sheol an Tiarna Iarubál, Bárác, Iaftá agus Samúéil. D' fhuascail sé sibh ó chumhacht bhur naimhde in bhur dtimpeall agus mhair sibh gan bhaol.
12. Nuair a chonaic sibh Nácháis rí na nAmónach ag teacht do bhur n-ionsaí, dúirt sibh liom: 'Ní hea, ní foláir rí a bheith ag rialú orainn,' cé gurbh é an Tiarna bhur nDia ba rí oraibh.
13. Anois más ea, seo é an rí a thogh sibh (agus a d' iarr sibh). Cheap an Tiarna rí oraibh.
14. Má thugann sibh urraim agus ómós don Tiarna agus géilleadh dá ghlór, agus gan ceannairc a dhéanamh i n-aghaidh aithne an Tiarna, agus má leanann sibh féin agus an rí atá ag rialú oraibh, an Tiarna bhur nDia, beidh gach ní ina cheart.
15. Ach in ionad géilleadh do ghlór an Tiarna, má dhéanann sibh ceannairc in aghaidh a aithne, beidh a lámh in bhur n-aghaidh agus in aghaidh bhur [rí].
16. Fanaigí in bhur seasamh ansin dá bhrí sin agus fairigí an t-iontas mór a dhéanfaidh an Tiarna os comhair bhur súl.
17. Nach é seo fómhar na cruithneachta againn inniu? Guífidh mé chun an Tiarna agus seolfaidh sé toirneach agus fearthainn; tuigigí agus feicigí a ghráiniúla de bheart a rinne sibh i láthair an Tiarna nuair a d' iarr sibh rí daoibh féin.»
18. Ghuigh Samúéil chun an Tiarna ansin agus sheol an Tiarna toirneach agus fearthainn an lá sin, agus bhí an pobal go léir lán d' urraim don Tiarna agus do Shamúéil.
19. Agus dúirt an pobal go léir le Samúéil: «Guigh an Tiarna do Dhia ar mhaithe le do shearbhóntaí, d' fhonn nach bhfaighimis bás, óir, mar bharr ar ár bpeacaí go léir, rinneamar an choir seo rí a iarraidh dúinn féin.»
20. Agus dúirt Samúéil leis an bpobal: «Ná bíodh eagla oraibh. Rinne sibh na cionta seo go léir; ach ná casaigí i leataobh ó bheith ag leanúint an Tiarna, ach déanaigí seirbhís don Tiarna ó chroí go hiomlán.
21. Ná casaigí i leataobh ar thóir íol baoth nach féidir dóibh cabhair ná fuascailt a thabhairt mar gur baoth iad.
22. Óir ní chaithfidh an Tiarna a phobal i leataobh ar son a ainm éachtaigh, mar ba é toil an Tiarna a phobal féin a dhéanamh díbh.
23. Maidir liomsa, gura fada uaim peaca a dhéanamh in aghaidh an Tiarna trí scor de bheith ag guí ar bhur son agus do bhur dteagasc i slí an chirt agus na córa.
24. Tugaigí urraim don Tiarna agus déanaigí seirbhís dó go dílis ó chroí go hiomlán, mar cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé in bhur measc.
25. Ach má leanann sibh oraibh le bhur gcoirpeacht, ídeofar sibh féin agus bhur rí.»

1 Samúéil 13:1-23
1. Bhí Sól? bliain d' aois nuair a thosaigh a réim agus bhí sé i réim dhá bhliain agus? ina rí ar Iosrael.
2. Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin.
3. Scrios Iónátán an garastún Filistíneach a bhí i nGibeá, agus thuig na Filistínigh [go raibh na hEabhraigh éirithe amach]. Shéid Sól an trumpa ó cheann ceann na tíre á rá: «Bíodh cluas le héisteacht ar na hEabhraigh!»
4. Agus chuala Iosrael go léir an scéala gur scrios Sól garastún na bhFilistíneach, agus go raibh Iosrael anois in earraid leis na Filistínigh. Tháinig an pobal go léir le chéile go Sól ag Gilgeál.
5. Thionóil na Filistínigh tríocha míle carbad, sé mhíle marcach, agus slua chomh líonmhar le gaineamh na trá chun troda in aghaidh Iosrael. Thángadar aníos agus shuíodar a gcampa i Micmeáis lastoir de Bhéit Ávan.
6. Nuair a chonaic slua Iosrael go rabhadar i gcúngrach (mar bhíothas ag brú go trom orthu), chuadar i bhfolach in uaimheanna, i bpluaiseanna, i gcarraigeacha, i dtuamaí agus i dtoibreacha.
7. Ghabh [a thuilleadh díobh] thar áthanna na Iordáine anonn go Gád agus Gileád. Bhí Sól fós i nGilgeál agus bhí a lucht leanúna go léir ar ballchrith.
8. D' fhan sé seacht lá, an fad a shocraigh Samúéil, ach níor tháinig Samúéil go Gilgeál, agus bhí an t-arm ag tréigean Shóil agus ag scaipeadh.
9. Dúirt Sól más ea: «Tugaigí chugam an íobairt uileloiscthe agus na híobairtí comaoineach,» agus d' ofráil sé an íobairt uileloiscthe.
10. Nuair a bhí ofráil na híobartha uileloiscthe déanta aige, seo chuige Samúéil agus chuaigh Sól amach le casadh leis agus beannú dó,
11. ach dúirt Samúéil leis: «Cad tá déanta agat?» D' fhreagair Sól: «Chonaic mé an t-arm do mo thréigean, agus á scaipeadh, agus ní raibh tusa tagtha faoin lá a ceapadh, ach bhí na Filistínigh ag tionól i Micmeáis.
12. Dúirt mé liom féin: 'Tá na Filistínigh ar tí mé a ionsaí ag Gilgeál, agus níor impigh mé fabhar an Tiarna.' Níorbh fholáir liom beart a dhéanamh agus d' ofráil mé an íobairt uileloiscthe mé féin.»
13. D' fhreagair Samúéil Sól: «Is baoth an beart a rínne tú. Níor chuir tú an t-ordú a thug an Tiarna do Dhia duit i gcrích; óir dhaingneodh an Tiarna do fhlaitheas ar Iosrael go brách.
14. Anois, ámh, ní mhairfidh do fhlaitheas; chuardaigh an Tiarna agus fuair sé fear de réir a chroí féin, agus cheap sé é mar thaoiseach ar a phobal mar nár chuir tú i gcrích na nithe a d' ordaigh an Tiarna duit.»
15. D' éirigh Samúéil agus d' imigh leis ó Ghilgeál go Gibeá Bhiniáimin. Chomhair Sól an mhuintir a bhí in éineacht leis, timpeall sé chéad fear.
16. D' fhan Sól, a mhac Iónátán, agus an slua a bhí in éineacht leis i nGibeá Bhiniáimin, agus bhí na Filistínigh i gcampa ag Micmeáis.
17. Tháinig lucht creiche amach as campa na bhFilistíneach i dtrí dhíorma; chas díorma díobh i dtreo Ofrá go tír Sheúol;
18. díorma eile i dtreo Bhéit Horón, agus an tríú díorma i dtreo na teorann atá ag féachaint anuas ar Ghleann Zabóím i dtreo an fhásaigh.
19. Ní raibh oiread agus aon ghabha amháin i dtír Iosrael go léir, le heagla, a dúirt na Filistínigh leo féin, go ndéanfadh na hEabhraigh claimhte nó sleánna.
20. Ach théadh na hIosraelaigh go léir síos go dtí na Filistínigh chun faobhar a chur ar gach céachta agus matóg, tua agus brod.
21. Ba é an costas ná dhá thrian seicil ar chéachtaí agus ar mhatóga, agus trian seicil ar fhaobhar a chur ar thuanna, agus ar bhroid a dheisiú.
22. 22a Lá catha [Mhicmeáis] ní raibh duine ar bith d' arm Shóil agus Iónátán a raibh claíomh ná sleá ina láimh seachas Sól agus a mhac Iónátán.
23. 22b Ghabh buíon Filistíneach i dtreo Bhealach Mhicmeáis.

Salm 56:1-13
1. Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn «Yonat Elem Rehoqim». Mictam le Dáiví nuair a bhí sé ina chime ag an Filistínigh i nGat. Salm 55
2. 2 Bí trócaireach liom, a Dhia, óir déantar leatrom orm; imrítear ansmacht orm in aghaidh an lae. 3 Gabhann mo naimhde de chosa ionam i gcónaí, is iomaí duine a bhíonn ag troid liom go huaibhreach.
3. 4 Nuair is eagal liom is ort atá mo sheasamh,
4. 5 ar Dhia dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair. As Dia atá mo mhuinín gan eagla, Cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?
5. 6 Cuireann siad mo bhriathra as a ríocht i gcónaí; níl de rún acu ach dochar a dhéanamh dom.
6. 7 Tionólann siad le chéile in oirchill orm; téann siad ar mo lorg le fonn mo mharaithe.
7. 8 [Cúitigh] a n-urchóid leo, a Dhia, déan na ciníocha a chloí i do chuthach.
8. 9 Choinnigh tú cuntas ar mo chuid seachrán; tá mo chuid deor i dtaisce i do bhuidéal; nach bhfuil siad arna mbreacadh i do leabhar?
9. 10 Cuirfear mo naimhde ar gcúl an uair a ghlaofaidh mé ort, óir is eol dom anois go bhfuil Dia liom.
10. 11 As Dia, dá dtugaim moladh as ucht a bhriathair,
11. 12 as Dia atá mo mhuinín gan eagla; cad a fhéadfaidh fuil is feoil a dhéanamh dom?
12. 13 Tá mé faoi cheangal na móideanna a rinne mé duit; toirbhreoidh mé íobairtí buíochais duit, a Dhia,
13. 14 toisc gur tharrthaigh tú m' anam ón mbás agus choinnigh tú mo chosa ó thuisliú, ionas go siúlfainn i bhfianaise Dé, is go mbainfinn aoibhneas as solas na mbeo.

Seanfhocal 15:21-23
21. Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois, ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach.
22. Gan dea-chomhairle téann na pleananna amú, ach ritheann leo le cabhair mórán comhairleoirí.
23. Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth!

Lúcás 22:47-71
47. Le linn dó bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí Iúdás, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le Íosa chun é a phógadh.
48. Dúirt Íosa leis: «A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?»
49. Nuair a chonaic a mhuintir cad a bhí chucu, dúirt siad: «A Thiarna, an mbuailfimid buille chlaíomh?»
50. Agus bhuail duine acu seirbhíseach an ardsagairt agus bhain sé an chluas dheas de.
51. Labhair Íosa agus dúirt: «Ligigí dóibh; is leor an méid sin,» agus bhain sé leis an gcluais agus rinne slán í.
52. Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: «An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí?
53. Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n-uairse í seo, agus cumhacht an dorchadais.»
54. Tar éis dóibh é a ghabháil, sheol siad leo é agus thug isteach i dteach an ardsagairt é. Bhí Peadar á leanúint i bhfad siar.
55. Ansin, nuair a bhí an tine ar lasadh acu i lár na cúirte, agus iad ina suí síos le chéile, shuigh Peadar ina dhuine eatarthu.
56. Chonaic cailín aimsire ina shuí sa solas é, agus tar éis di féachaint go caol air, dúirt: «Bhí sé seo freisin ina chuideachta siúd.»
57. Ach shéan seisean é á rá: Níl aithne agam air, a bhean!»
58. I gcionn tamaill bhig, chonaic duine eile é agus dúirt: «Is duine díobh sin tusa freisin.» Ach dúirt Peadar: «Ní hea, a dhuine!»
59. Agus i gcionn timpeall aon uaire amháin, dhearbhaigh duine eile á rá: «Is cinnte go raibh sé seo freisin in éineacht leis siúd, agus, rud eile de, is Gailíleach é.»
60. Ach dúirt Peadar: «Níl a fhios agam cad tá tú a rá, a dhuine!» Agus ar an mball, le linn dó bheith ag caint, ghlaoigh an coileach.
61. Agus d' iompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: «Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.»
62. Agus chuaigh sé amach agus ghoil go goirt.
63. Ansin, na fir a raibh sé i ngéibheann acu, bhí siad ag fonóid faoi agus á bhualadh;
64. agus chuiridís dallóg air agus d' fhiafraídís de: «Tairngir! cé hé sin a bhuail thú?»
65. Agus dúirt siad mórán nithe eile ina aghaidh, á dhiamhaslú.
66. Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n-ardchomhairle é.
67. «Más tú an Críost,» ar siad, «abair linn é.» Dúirt sé leo: «Má deirim libh é, ní chreidfidh sibh;
68. agus má chuirim ceist oraibh, ní fhreagróidh sibh.
69. Amach anseo, áfach, beidh Mac an Duine ina shuí ar dheis chumhachta Dé.»
70. Dúirt siad uile: «An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?» Dúirt sé leo: «Deir sibh féin é: is mé.»
71. «Cad is gá dúinn a thuilleadh fianaise?» ar siadsan, «óir chualamar féin as a bhéal féin é.»