A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Bealtaine 31

1 Ríthe 9:1-28
1. Nuair a bhí deireadh déanta ag Solamh ag togáil Theampall an Tiarna, agus an pháláis, agus gach ar mhian leis a thógáil,
2. thaispeáin an Tiarna é féin arís do Sholamh faoi mar a thaispeáin sé é féin dó i nGibeón.
3. Dúirt an Tiarna leis: «D' eist mé le d' urnaí agus leis an achainí a rinne tú os mo chomhair. Choisric mé an teach seo a thóg tú, agus chuir mé m' ainm ann go brách; beidh mo shúile agus mo chroí ann go brách na breithe.
4. Agus maidir leat féin, má shiúlann tú i mo láthair le glaine chroí agus le hionracas, mar a rinne Dáiví d' athair, má dhéanann tú gach ar ordaigh mé duit, agus má chomhlíonann tú mo dhlíthe agus mo reachtanna,
5. daingneoidh mé do ríchathaoir os cionn Iosrael go deo, faoi mar a gheall mé do Dháiví d' athair á rá: 'Ní bheidh tú riamh gan fear i ríchathaoir Iosrael.'
6. Ach má iompaíonn sibh féin uaim agus gan mé a leanúint, nó bhur gclann mhac, agus nach gcoimeádfaidh sibh na haitheanta ná na reachtanna a chuir mé romhaibh, ach imeacht agus seirbhís a dhéanamh do dhéithe eile agus iad a adhradh,
7. ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m' ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir.
8. Agus maidir leis an Teampall seo, déanfar leachtán de; cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid; ligfidh siad fead agus déarfaidh siad: 'Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo ar an tír agus ar an Teampall seo?'
9. Agus sé freagra a gheobhaidh siad: 'Mar gur thréig siad an Tiarna a nDia a thug a sinsir amach as tír na hÉigipte, agus gur ghlac siad chucu déithe eile agus gur thug siad ómós agus seirbhís dóibh; sin é an fáth ar thug an Tiarna an drochíde sin go léir orthu.'»
10. Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh an dá fhoirgneamh a thógáil, Teampall an Tiarna agus a phalás féin,
11. (thug Híorám rí na Tuíre oiread adhmaid chéadair agus chufróige agus óir agus ab áil leis, do Sholamh) thug Solamh fiche cathair i dtír na Gailíle do Híorám.
12. Ach nuair a tháinig Híorám ón Tuír chun na cathracha a thug Solamh dó a iniúchadh, ní raibh sé sásta leo.
13. «Cén sórt cathracha iad sin a thug dom, a bhráthair?» ar sé. Agus go dtí an lá inniu féin tugtar «Tír Cábúl» (Gan Mhaith) orthu.
14. Chuir Híorám céad agus fiche tallann airgid chun an rí.
15. Seo cur síos ar an saothar éigeantach a rinne Solamh a thobhach do thógáil Teampall an Tiarna, a phálás féin, an Mileo, balla Iarúsailéim, Hazór, Migideo, Geizir
16. (ghabh Forann rí na hÉigipte suas agus ghabh sé Geizir, chuir sé trí thine é agus bhásaigh a raibh de Chanánaigh ina gcónaí ann; ansin thug sé an chathair mar spré dá iníon, bean Sholaimh.
17. Rinne Solamh Geizir a atógáil), Béit Horon Íochtarach,
18. agus Bálat agus Támár san fhásach in Iúdá.
19. agus na cathracha stóir go léir a bhí ag Solamh, na cathracha dá charbaid agus dá eachra, agus gach arbh áil le Solamh a thógáil in Iarúsailéim, sa Liobáin, agus sna tíortha go léir a bhí faoina cheannas.
20. Gach ar mhair de na hAmóraigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Hivigh, na Iabúsaigh, nárbh de chlann Iosrael iad;
21. a sliocht a fágadh sa tír ina ndiaidh, an mhuintir nár éirígh le clann Iosrael a chur faoin mbang; chuir Solamh iadsan go léir faoi chuing daoirse sclábhaíochta agus is mar sin atá acu go dtí inniu féin.
22. Ach níor chuir Solamh aon duine de mhuintir Iosrael faoi dhaoirse; iadsan a bhí aige mar shaighdiúirí, mar oifigigh, mar cheannfoirt, mar chaptaein, mar cheannairí carbad, agus mar thaoisigh marcshlua.
23. Seo iad na maoir a bhí ar na saoistí a bhí i mbun saothar Sholaimh: cúig chéad go leith i bhfeighil na ndaoine a bhí gafa leis an obair.
24. Tar éis d' iníon Fhorainn dul ó Dhúnfort Dháiví go dtí an teach a thóg Solamh di féin, ansin a thóg sé an Mileo.
25. D' ofráladh Solamh íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach trí huaire sa bhliain ar an altóir a thóg sé don Tiarna, agus dhódh sé túis don Tiarna, agus choinnigh sé slacht ar an Teampall.
26. Thóg Solamh rí cabhlach ag Eizión Geibir i gcóngar Éalat ar bhruach na Mara Rua i dtír Eadóm.
27. Don chabhlach seo chuir Híorám fir dá chuid a bhí eolgaiseach ar chúrsaí mara chun seirbhís a dhéanamh le fir Sholaimh.
28. Chuadar go hÓifír agus rugadar leo ar ais ón áit sin ceithre chéad agus fiche tallann óir agus thugadar do Sholamh rí é.

1 Ríthe 10:1-29
1. Nuair a leathnaigh clú Sholaimh, maidir le hainm an Tiarna, amach fad le banríon Sheabá, tháinig sí ag triall air chun é a phromhadh le ceisteanna crua.
2. Thug sí cóisir ollmhór léi go Iarúsailéim, camaill faoi ualach spíosraí agus na múrtha óir agus liaga lómhara. Ar theacht chun Solaimh di, labhair sí leis go neamhbhalbh
3. agus bhí freagra ag Solamh ar gach ceist dár chuir sí; ní raibh ceann ar bith acu ródhiamhair don rí le freagra a thabhairt di.
4. Nuair a chonaic banríon Sheabá chomh críonna ar fad agus a bhí Solamh, an pálás a bhí tógtha aige,
5. bia a bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompair na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d' ofráladh sé i dTeampall an Tiarna, baineadh stangadh aisti,
6. agus dúirt sí leis an rí: «Ba í an fhírinne, mar sin, a chuala mé i mo thír féin faoi do chúraimí agus faoi do chríonnacht!
7. Nó gur tháinig mé agus go bhfaca mé le mo shúile cinn é, níorbh fhéidir liom an tuairisc a chreidiúint; ach is léir nár inis siad a leath dom; sáraíonn tú le críonnacht agus le saibhreas, an tuairisc a chuala mé.
8. Nach méanar do do mhná céile! Nach méanar do na seirbhísigh seo agat a bhíonn ag síorfhreastal ort agus a chluineann do chríonnacht!
9. Moladh leis an Tiarna do Dhia, a bhronn an chomaoin seo ort agus a chuir ar ríchathaoir Iosrael thú. De bhrí go raibh grá bithbhuan ag an Tiarna d' Iosrael, rinne sé rí díotsa chun an chóir agus an ceart a riar.»
10. Bhronn sí céad fiche tallann óir ansin ar an rí agus lear mór spíosraí agus liaga lómhara. Níor tháinig saibhreas spíosraí riamh ina dhiaidh sin a bhí inchurtha leo siúd a bhronn banríon Sheabá ar Sholamh rí.
11. Agus cabhlach Híorám a thug ór ó Óifír, thug sé chomh maith lastaí mora d' adhmad almug agus de liaga lómhara.
12. Den adhmad almug rinne an rí teanntaí do Theampall an Tiarna, agus don phálás ríoga, agus lireanna agus cruiteanna do na ceoltóirí; níor tháinig a thuilleadh den adhmad almug sin ó shin, ná ní fhacthas aon chuid de go dtí an lá seo féin.
13. Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi, agus bronntanais le barr a fhéile ríoga féin chomh maith. Ansin d' imigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí.
14. Sé chéad agus a seasca sé thallann óir an meáchan óir a thagadh go Solamh le haghaidh na bliana,
15. seachas a dtagadh chuige mar cháin ón lucht trádála agus mar bhrabús na gceannaithe, agus ó ríthe na hAráibe go léir, agus ó rialtóirí na tíre.
16. Rinne Solamh rí dhá chéad sciath mhór d' ór ceárta; chuaigh sé chéad seicil óir i ngach sciath.
17. Agus rinne sé trí chéad sciath bheag d' ór ceárta, agus chuaigh trí mhíoná óir i ngach sciath, agus chuir an rí iad i Halla Fhoraois na Liobáine.
18. Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite.
19. Bhí sé chéim chun na ríchathaoireach, agus bhí ceann lao ar chúl na cathaoireach; bhí taca uillinne ar gach taobh den ríchathaoir; bhí dhá leon le taobh na dtacaí
20. agus dhá leon déag ar na céimeanna, leon ag dhá cheann gach céime de na sé céimeanna. Ní dhearnadh a leithéid riamh in aon ríocht eile.
21. Ba d' ór soithí óil uile Sholaimh rí, agus ba d' ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d' airgead mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.
22. Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.
23. Sháraigh Solamh rí ríthe an domhain go léir ar shaibhreas agus ar eagna.
24. Thagadh an saol mór go léir ar lorg éisteacht ó Sholamh ionas go gcloisfidís an eagna a chuir Dia ina chroí isteach,
25. agus thugadh gach duine díobh a thabhartas féin leis soithí óir, soithí airgid, fallaingí, airm, spíosraí, capaill agus miúileanna. Agus mar sin a bhí an scéal bliain i ndiaidh na bliana.
26. Bhailigh Solamh carbaid agus capaill le chéile; bhí míle ceithre chéad carbad aige, agus dhá mhíle dhéag capall. Bhuanaigh sé iadsan sna cathracha carbad agus in aice an rí in Iarúsailéim.
27. D' fhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.
28. Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ón Éigipt agus ó [Chilicia], agus ghlacadh gníomhairí an rí leo ó Chilicia ar phraghas cinnte.
29. Dhéantaí carbad a allmhairiú ón Éigipt ar shé chéad seicil, agus capall ar chéad go leith. Dhéantaí iadsan a onnmhairiú trí ghníomhairí an rí go dtí ríthe na Hiteach agus ríthe Arám ar an tslí chéanna.

Salm 69:1-4
1. Don stiúrthóir. Leis an bhfonn «Na Lilí». [Salm] Dháiví. Tarrthaigh mé, a Dhia; tá na huiscí go bun na gcluas orm. Salm 68
2. 2 Táim do mo shlogadh i láib an duibheagáin, gan cos i dtaca agam. 3 Chuaigh mé thar foras i ndoimhne na mara; táim do mo bhá ag na tonnta.
3. 4 D' éirigh mé cortha de bheith ag glaoch; tá mo scornach tirim. Tá radharc mo shúl ag meath orm agus mé ag feitheamh le mo Dhia.
4. 5 Ní lia ribí mo chinn ná lucht m' fhuatha gan fáth. An drong lér mian mo mhilleadh sáraíonn siad mé go héagórach. An amhlaidh a thabharfaidh mé ar ais an ní nár ghoid mé?

Seanfhocal 17:18-19
18. An fear gan chiall tugann sé gill agus téann i mbannaí lena chomharsa.
19. An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí]; fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde.

Eoin 11:30-57
30. Óir ní raibh Íosa tagtha fós isteach sa bhaile ach bhí sé go fóill san áit inar bhuail Marta leis.
31. Na Giúdaigh ansin a bhí sa teach i bhfochair Mháire ag cur sóláis uirthi, nuair a chonaic siad Máire ag éirí agus ag imeacht amach go deithneasach, lean siad í á mheas gur ag dul chun an tuama a bhí sí le caoineadh a dhéanamh ann.
32. Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis: «A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.»
33. Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air,
34. agus dúirt sé: «Cá bhfuil sé curtha agaibh? Dúirt siad leis: «Tar, a Thiarna, agus feic.»
35. Bhris a ghol ar Íosa.
36. Dúirt na Giúdaigh dá bhrí sin: «Féach, cad é cion a bhí aige air!»
37. Ach dúirt cuid acu: «An té seo a d' oscail súile an daill, nach bhféadfadh sé chomh maith an duine seo a choimeád ón mbás?»
38. Tháinig suaitheadh arís ansin ar Íosa agus tháinig sé go dtí an tuama; pluais a ba ea é agus líog ina luí lena bhéal.
39. Dúirt Íosa: «Aistrígí an líog.» Dúirt Marta, deirfiúr an mhairbh leis: «Tá sé bréan faoin am seo, mar tá sé ceithre lá marbh.»
40. Dúirt Íosa léi: «Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?»
41. D' aistrigh siad an líog ansin agus d' ardaigh Íosa a shúile agus dúirt: «A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom;
42. bhí a fhios agam féin go n-éisteann tú liom i gconaí; ach is ar son an tslua atá ina seasamh anseo i mo thimpeall, a labhair mé, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.»
43. Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: «A Lazaras, tar amach!»
44. Agus tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa agus brat ar a cheannaithe. Dúirt Íosa leo: «Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.»
45. Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann.
46. Ach d' imigh cuid acu go dtí na Fairisínigh agus d' inis siad dóibh cad a rinne Íosa.
47. Thionóil na hardsagairt agus na Fairisínigh comhairle agus dúirt siad: «Cad atá á dhéanamh againn? Óir tá a lán míorúiltí á ndéanamh ag an duine seo.
48. Má ligimid leis mar seo creidfidh cách ann agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n-áit [naofa] agus ár gcine.»
49. Ach aon duine amháin acu, Cáiafas, ardsagart na bliana sin, dúirt sé leo: «Ní fios daoibh rud ar bith,
50. ná ní thuigtear daoibh gur fearr aon duine amháin a fháil bháis ar son an phobail, ná an cine go léir a dhul ar ceal.»
51. Ní uaidh féin a dúirt sé é seo, ach mar gurbh é an t-ardsagart é don bhliain sin, rinne sé tairngreacht go raibh Íosa chun bás a fháil ar son an chine,
52. agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe.
53. Ón lá sin amach bhí sé beartaithe acu é a chur chun báis.
54. Uime sin níor ghabh Íosa timpeall go poiblí feasta i measc na nGiúdach, ach d' imigh sé ón áit sin go dúiche i ngar don fhásach, go cathair ar a dtugtar Eafráim, agus d' fhan sé ansiúd fara a dheisceabail.
55. Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh a lán daoine ón tuath suas go Iarúsailéim roimh an gCáisc chun iad féin a naomhú.
56. Bhí siad ag lorg Íosa dá bhrí sin agus deiridís le chéile agus iad ina seasamh sa Teampall: «Cad is dóigh libh? An amhlaidh nach dtiocfaidh sé chun na féile?»
57. Bhí orduithe tugtha ag na hardsagairt agus ag na Fairisínigh, dá mbeadh a fhios ag aon duine cá raibh sé, é a insint chun go ndéanfaidís é a ghabháil.