1 Ríthe 7:1-51 |
1. Maidir lena phálás féin, bhí Solamh trí bliana déag á thógáil nó go raibh críoch curtha aige ar a rítheach go léir. |
2. Thóg sé Áras Chrainn Fhoraois na Liobáine; bhí sé céad banlámh ar fhad, leathchéad banlámh ar leithead, tríocha banlámh ar airde, agus é tógtha ar thrí shraith colún d' adhmad céadair le mullaí céadair ar na colúin. |
3. Bhí cumhdach d' adhmad céadair ar an gcuid uachtarach de chomh fada leis na cláir lastuas de na colúin (cúig cinn agus daichead díobh ar fad, cúig cinn déag i ngach sraith). |
4. Bhí trí shraith de fhardoirse, cúig cinn agus daichead díobh ar fad, cúig cinn déag i ngach sraith sé sin ar aghaidh a chéile ar thrí thaobh. |
5. Bhí na doirse agus na hursaineacha de dhéanamh dronuilleannach ar aghaidh a chéile ar thrí thaobh. |
6. Rinne sé Halla na gColún, leathchéad banlámh ar fhad agus tríocha banlámh ar leithead? agus póirse os a chomhair amach. |
7. Rinne sé chomh maith Halla na Ríchathaoireach mar a dtugadh sé breith, Halla na Breithe sé sin; bhí painéal d' adhmad céadair air ó urlár go fraitheacha. |
8. Ba den déantús céanna a theach, a áras cónaithe féin sa chúirt eile isteach ón Halla. Rinne Solamh chomh maith teach ar aon dul leis an Halla seo d' iníon Fhorainn a bhí aige mar bhean. |
9. Bhí na foirgnimh seo go léir de chlocha luachmhara a snaíodh de réir tomhais agus a gearradh le sábha ar a n-aghaidh agus ar a gcúl, agus sin ó bhonn go bunlach (agus lasmuigh chomh fada leis an gcúirt mhór). |
10. Bhí a máithreacha de chlocha luachmhara, clocha móra, clocha a thomhais ocht mbanlámh nó deich. |
11. Agus in airde orthu bhí clocha luachmhara a gearradh de réir tomhais, agus adhmad céadair. |
12. Bhí trí shraith de chlocha gearrtha timpeall ar an gcúirt mhór lasmuigh; agus sraith de bhíomaí céadair; bhí sin leis an chúirt inmheánach Theampall an Tiarna agus póirse an Teampaill. |
13. Chuir Solamh rí fios ar Híorám agus thug leis ón Tuír é. |
14. Ba mhac baintrí de threibh Naftáilí é, lán de thuiscint agus an-eolgaiseach i mbun déantúis chré-umha. Tháinig sé chuig Solamh agus rinne an obair seo go léir dó: |
15. Rinne sé dhá cholún chré-umha a theilgean; bhí colún díobh ocht mbanlámh déag ar airde, agus dorú dhá bhanlámh déag ar fad a thug a thomhas timpeall; ba é an scéal céanna é ag an dara colún. |
16. Rinne sé dhá mhullach de chré-umha teilgthe do bharr na gcolún; bhí mullach díobh cúig bhanlámh ar airde, agus an ceann eile cúig bhanlámh. |
17. Agus [rinne sé dhá] fhíolagrán mar chumhdach ar mhúnláil an dá mhullach ar na colúin, fíolagrán do mhullach agus fíolagrán eile don mhullach eile. ABN: 18, 19, 20, 21 |
18. 18 Rinne sé pomagránaití chomh maith, dhá shraith díobh timpeall gach fíolagráin, 19 ceithre chéad díobh ar fad, |
19. 21 Ar chuma blátha a bhí na mullaí ar bharr na gcolún. |
20. greamaithe den mhúnláil chrochta ar chúl an fhíolagráin; bhí dhá chéad pomagránait timpeall ar mhullach, agus an líon céanna timpeall ar an mullach eile. |
21. 22 Sheas sé na colúin os comhair phóirse an tsanctóra; chuir sé colún ar dheis ar ar thug sé Iáicín, agus colún ar chlé ar ar thug sé Boaz. |
22. 23 Ba shin an clabhsúr ar shaothar na gcolún. |
23. 24 Ansin rinne sé an mhuir de mhiotal leáite, deich mbanlámh ó chiumhais go ciumhais, déanamh cruinn uirthi agus í cúig bhanlámh ar airde; dorú tríocha banlámh ar fhad a thomhais a himlíne. |
24. 25 Timpeall uirthi go léir faoina ciumhais bhí cnapáin; ghabhadar timpeall na mara ar feadh tríocha banlámh; bhí na cnapáin ina dhá sraith, agus teilgeadh iad leis an gcuid eile. |
25. 26 Bhí sí ina luí ar dhá dhamh déag, trí cinn agus a n-aghaidh ó thuaidh, trí cinn agus a n-aghaidh siar, trí cinn agus a n-aghaidh ó dheas, trí cinn agus a n-aghaidh soir. Leagadh an mhuir orthu sin, agus a gceathrúna go léir isteach i dtreo a chéile. |
26. 27 Bhí sí dorn ar tiús, agus ba ar chuma ciumhais cupáin a bhí a ciumhais, mar bhláth lile. Bhí lán dhá mhíle folcadán inti. |
27. 28 Rinne sé deich seastán cré-umha; bhí gach seastán ceithre bhanlámh ar fhad, ceithre bhanlámh ar leithead, agus trí bhanlámh ar airde. |
28. 29 Mar seo a tógadh iad: bhí creatlach fúthu agus trasnáin ar an gcreatlach. |
29. 30 Ar thrasnáin an chreatlaigh bhí leoin, agus tairbh, agus ceiribíní, agus ar bharr an chreatlaigh bhí teannta; thíos faoi na leoin agus na daimh bhí fleasca fiartha. |
30. 31 Bhí ceithre roth cré-umha agus ceithre fhearsaid chré-umha faoi gach seastán, agus ag na cúinní bhí teanntaí don bháisín, agus teilgeadh iad sin le fleasca ar a gcliatháin. |
31. 32 Ba é tomhas a bhéil, ón mball inar tháinig na teanntaí le chéile go dtí a bharr, banlámh go leith. Bhí a bhéal cruinn, ar aon dul le taca faoi áras, agus ar an mbéal bhí íomhánna greanta. Ní cruinn a bhí na trasnáin, ach dronuilleogach. |
32. 33 Bhí na ceithre roth faoi na trasnáin, agus bhí fearsaidí na rothaí d' aon phíosa leis na seastáin, agus ba bhanlámh go leith airde gach rotha. |
33. 34 Ar dhéanamh rothaí carbaid a bhí na rothaí; teilgeadh idir fhearsaid, agus fhonsa, agus spócaí, agus mhol. |
34. 35 Bhí ceithre theannta ag ceithre chúinne gach seastáin, agus ba d' aon phíosa na teanntaí agus na seastáin. |
35. 36 Ar bharr an tseastáin bhí taca, déanamh cruinn air, agus é leathbhanlámh ar airde; ar bharr an tseastáin bhí a theanntaí agus a thrasnáin d' aon phíosa leis. |
36. 37 Ar dhromchla a theanntaí agus a thrasnáin, rinne sé ceiribíní agus leoin agus crainn phailme a ghreanadh, de réir mar a bhí slí do gach ceann, agus fleasca ina dtimpeall. |
37. 38 Mar sin is ea a rinne sé na deich seastáin; teilgeadh iad go léir mar a chéile, an tomhas céanna agus an cruth céanna. |
38. 39 Agus rinne sé deich mbáisíní cré-umha; bhí lán daichead folcadán i ngach báisín; bhí ceithre bhanlámh i dtomhas gach báisín, báisín do gach seastán de na deich gcinn. |
39. 40 Chóirigh sé na báisíní, cúig cinn ar thaobh deas an Teampaill agus cúig cinn ar a thaobh clé, agus chuir sé an mhuir ar thaobh deas an Teampaill, sa chúinne thoir theas. |
40. 41 Rinne Híorám na luaithreáin chomh maith, na sluaistí agus na babhlaí. Chuir sé críoch mar sin leis an saothar go léir a rinne sé do Sholamh rí ar Theampall an Tiarna: |
41. 42 an dá cholún, an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún; an dá shraith fíolagráin leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach; |
42. 43 an ceithre chéad pomagránait don dá shraith fíolagráin; bhí na pomagránaití ar gach ceann de na fíolagráin ina dhá sraith (leis an dá mhúnláil ar na mullaí ar bharr na gcolún a chumhdach); |
43. 44 na deich seastáin agus na deich mbáisíní ar na seastáin; |
44. 45 an aon mhuir agus an dá dhamh déag faoin muir; |
45. 46 na luaithreáin, na sluaistí, agus na babhlaí. Ba de chré-umha líofa na gréithe seo go léir a rinne Híorám do Sholamh rí, do Theampall an Tiarna. |
46. 47 Rinne sé iad trí [ghaineamhtheilgean] i ndúiche na Iordáine idir Sucót agus Záratán. |
47. 48 D' fhág Solamh na hárais go léir gan meá, mar bhí an oiread sin díobh ann; níor tomhaiseadh riamh meáchan an chré-umha. |
48. 49 Chuir Solamh na gréithe go léir a rinne sé i dTeampall an Tiarna: an altóir óir, an bord óir do bhuilíní na láithreachta; |
49. 50 na coinnleoirí d' ór fíre, cúig cinn ar dheis agus cúig cinn ar chlé os comhair an tsanctóra; na bláthanna ornáideacha, na lóchrainn agus an teanchair, d' ór; |
50. 51 na cuacha, na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, agus na túisteáin, d' ór fíre; ceapa doirse d' ór do dhoirse an tsanctóra, an áit shárnaofa is é sin, agus do dhoirse halla an Teampaill. |
51. 52 Ar an gcuma sin cuireadh i gcrích an obair go léir a rinne Solamh rí do Theampall an Tiarna, agus thug Solamh leis isteach na nithe go léir a rinne Solamh a athair a thíolacadh, idir airgead agus ór agus ghréithe, agus chuir iad i gciste Theampall an Tiarna. |
1 Ríthe 8:1-66 |
1. Chruinnigh Solamh seanóirí Iosrael le chéile in Iarúsailéim chun go dtabharfaidís áirc chonradh an Tiarna aníos ó Shíón, Dúnfort Dháiví. |
2. Bhailigh fir Iosrael ar fad timpeall an rí Solamh i mí Éatáiním le linn na féile (an seachtú mí, sé sin) |
3. agus thug na sagairt an áirc suas leo, |
4. agus Both na Teagmhála, mar aon leis na soithí naofa go léir a bhí istigh ann. |
5. D' ofráil an rí Solamh agus Iosrael ar fad íobairtí os comhair na háirce, caoirigh agus daimh gan áireamh gan chuimse. |
6. D' iompair na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní. |
7. San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní spréite amach mar scáth os cionn na háirce agus a pollaí. |
8. Bhí siad sin chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit naofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh. |
9. 9 Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá thábla chloiche a chuir Maois inti i Horaeb, táblaí an chonartha a rinne an Tiarna le clann Iosrael nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte. 10 Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu. |
10. 11 Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir, líonadh Teampall an Tiarna leis an néal. |
11. 12 De bharr an néil níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais freastail; bhí Teampall an Tiarna líonta de ghlóir an Tiarna. |
12. 13 Dúirt Solamh ansin: «Chinn an Tiarna go lonnódh sé sa néal tiubh. |
13. 14 Is ea go deimhin, tá áit chónaithe tógtha agam duit, Áit duit chun cónaí ann go brách.» |
14. 15 Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh. |
15. 16 Dúirt sé: «Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a chuir i ngníomh ó láimh gach ar gheall sé ó bhéal do Dháiví m' athair nuair a dúirt sé: |
16. 17 Ón lá a thug mé mo phobal Iosrael amach as an Éigipt, níor roghnaigh mé aon chathair, in aon treibh de chuid Iosrael go léir, le teach a thógáil inti le go lonnódh m' ainm ann, ach roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.» |
17. 18 Ba é mian croí m' athar Dáiví teach a thógáil d' ainm an Tiarna, Dia Iosrael. |
18. 19 Ach dúirt an Tiarna: 'Is é mian do chroí teach a thógáil do m' ainm, agus is maith uait sin a bheith i do chroí: |
19. 20 ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d' fheoil féin, a thógfaidh an teach do m' ainm.' |
20. 21 Chomhlíon an Tiarna an gealltanas a thug sé; tháinig mise i gcomharbacht ar m' athair Dáiví agus táim i mo shuí i ríchathaoir Iosrael, faoi mar a gheall an Tiarna; tá an teach tógtha agam d' ainm an Tiarna, Dia Iosrael, |
21. 22 agus tá ionad déanta agam ann don áirc ina bhfuil an conradh a rinne an Tiarna lenár sinsir nuair a thug sé amach as tír na hÉigipte iad.» |
22. Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha amach i dtreo na bhflaitheas 23 |
23. 24 agus dúirt: «A Thiarna, Dia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas, ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus buanghrách le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do bhealaí le hiomlán a gcroí. |
24. 25 Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m' athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu. |
25. 26 Agus anois, a Thiarna, Dia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m' athair, á rá: 'Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair ar ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n-iompar agus siúl os mo chomhair mar a rinne tusa féin.' |
26. 27 Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m' athair. |
27. 28 Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre [i measc an chine dhaonna] ar talamh? Féach! ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa? |
28. 29 Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat inniu. |
29. 30 De lá agus d' oíche bíodh do shúile ag tabhairt aire don teach seo, an áit seo faoina ndúirt tú féin: 'Is ansin a bheidh m' ainm.' Éist leis an nguí a ofrálfaidh do shearbhónta i dtreo na háite seo. |
30. 31 Agus éist le hachainí do shearbhónta agus do phobail Iosrael nuair a ghuífidh siad i dtreo na háite seo. Sea éist i d' áras ar neamh, agus nuair a chloisfidh tú, tabhair maithiúnas! |
31. 32 «Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan, agus go nglaonn an chomharsa mallacht [sa mhullach air], agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d' altóra sa Teampall seo, |
32. 33 éistse sna flaithis agus déan beart, agus tabhair breith idir do shearbhóntaí; daor an ciontach agus tabhair a iompar sa mhullach air féin; cosain an fíréan agus tabhair luach saothair dó de réir a fhíréantachta. |
33. 34 Nuair a bhéarfaidh an namhaid an bua ar do phobal Iosrael mar gur pheacaigh siad i d' aghaidh, má iompaíonn siad ar ais chugat, agus d' ainm a mholadh, agus idirghuí agus impí a dhéanamh chugat, sa teach seo, |
34. 35 tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith a bpeaca do do phobal Iosrael, agus tabhair ar ais iad chun na tíre a thug tú dá sinsir. |
35. 36 Nuair a dhúnfar na spéartha agus nach mbeidh aon bháisteach mar gur pheacaíodar i d' aghaidh, má dhéanann siad guí i dtreo na háite seo, agus d' ainm a mholadh, agus [go n-umhlaíonn] tú iad agus go ndéanann siad aithrí ina bpeaca, |
36. 37 tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith peaca do shearbhóntaí agus do phobail Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht. |
37. 38 «Má bhíonn gorta sa tír, nó plá nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaiste, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail seo léigear [ar gheata] dá gcathair; má bhíonn fiabhras nó galar; |
38. 39 má thagann doilíos croí ar aon duine (nó ar phobal Iosrael go léir) agus go ndéanann sé impí nó achainí, agus go síneann sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo, |
39. 40 tabhair cluas ó na flaithis mar a bhfuil d' áitreabh; tabhair maithiúnas agus déan beart; cúitigh le cách de réir a iompair go léir mar is duit amháin is eol croí gach duine de shíol fir |
40. 41 ionas go mbeidh urraim acu duit an dá lá déag agus an fhaid a mhairfidh siad sa tír a thug tú dar sinsir. |
41. 42 «Agus an strainséir chomh maith nach mbaineann le do phobal Iosrael, má thagann sé ón imigéin ar son d' ainm |
42. 43 mar cloisfear trácht thar d' ainm, thar do láimh thréan, agus thar do ghéag ar tinneall má thagann sé agus guí a dhéanamh i dtreo an Teampaill seo, |
43. 44 tabhair cluas dó ó na flaithis mar a bhfuil d' áitreabh, agus deonaigh gach a n-iarrfaidh an strainséir agus é ag glaoch chugat, ionas go bhfaighidh ciníocha uile an domhain eolas ar d' ainm, agus, dála do phobail Iosrael, go mbeidh urraim acu duit, agus go mbeidh a fhios acu gur tugadh d' ainm ar an Teampall seo a thóg mé. |
44. 45 «Má théann do phobal chun cogaidh in aghaidh a naimhde, cibé bealach ar a seolfaidh tú iad, agus má chasann siad i dtreo na cathrach a thogh tú agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d' ainm, agus guí chun an Tiarna, |
45. 46 tabhair cluas ó na flaithis dá n-impí agus dá n-achainí, agus seas leo. |
46. 47 «Má pheacaíonn siad i d' aghaidh mar níl duine beo nach ndéanann peaca agus go dtiocfaidh fearg ort chucu agus iad a thabhairt suas dá namhaid i dtreo go dtabharfar chun siúil iad mar dhaoir go tír a namhad i gcéin nó i gcóngar; |
47. 48 má thagann ciall dóibh i dtír a ndeoraíochta agus go ndéanfaidh siad aithrí, agus guí a chur chugat i bhfearann lucht a gcloíte á rá: 'Pheacaíomar, rinneamar an t-olc agus an peaca,' |
48. 49 agus má iompaíonn siad ar ais chugat ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, i dtír a naimhde, an mhuintir a rug leo ina ndaoir iad, agus má chuireann siad achainí chugat agus a n-aghaidh i dtreo na tíre a thug tú dá sinsir, i dtreo na cathrach a thogh tú, agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d' ainm, |
49. 50 tabhair cluas dóibh ó na flaithis mar a bhfuil d' áitreabh (agus éist lena n-achainí agus lena n-impí agus seas leo). |
50. 51 Agus maith do do phobal na peacaí a rinneadar i do choinne, agus na cionta go léir lenar chiontaíodar i d' aghaidh, agus deonaigh go mbainfidh siad amach fabhar lucht a gcloíte ionas go mbeadh trua acu dóibh, |
51. 52 óir is iad do phobal iad, agus d' oidhreacht a thug tú amach as an Éigipt, as lár an fhoirnéis iarainn úd.» |
52. «Bíodh do shúile ar leathadh i gcónaí d' impí do shearbhónta agus do phobail Iosrael, agus tabhair cluas dóibh i gcónaí nuair a ghlaofaidh siad ort. 53 |
53. 54 Mar is tusa a roghnaigh iad ó phobail na cruinne go léir mar oidhreacht agat féin, mar a d' fhógair tú trí Mhaois do shearbhónta, nuair thug tú ár sinsir ón Éigipt amach, a Thiarna Dia.» |
54. 55 Nuair a bhí an achainí agus an urnaí seo go léir curtha ag Solamh i láthair an Tiarna, d' éirigh sé dá ghlúine mar a raibh sé lena lámha sínte suas amach chun na bhflaitheas aige os comhair altóir an Tiarna, |
55. 56 agus sheas sé agus chuir sé a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir in ard a ghutha á rá: |
56. 57 «Moladh leis an Tiarna a thug suaimhneas dá phobal Iosrael de réir gach ar gheall sé; níor theip ar oiread agus ceann de na nithe fónta go léir a gheall sé trí bhéal Mhaois a shearbhónta. |
57. 58 Go raibh an Tiarna ár nDia inár dteanntana mar a bhí sé i dteannta ár sinsear; ná tréigeadh sé choíche sinn agus ná caitheadh sé i leataobh sinn. |
58. 59 Go n-iompaí sé ár gcroí chuige féin ionas go leanfaimid a bhealaí go léir agus a aitheanta a choimeád, agus a dhlíthe agus na reachtanna a thug sé dár sinsir. |
59. 60 Go raibh na briathra seo de mo chuid, lena ndearna mé urnaí os comhair an Tiarna, i bhfianaise an Tiarna mo Dhia, de lá agus d' oíche, agus go seasa sé lena shearbhónta, agus go seasa sé lena phobal Iosrael de réir mar éileofar lá i ndiaidh lae; |
60. 61 ionas go mbeidh a fhios ag ciníocha na cruinne go léir gurb é an Tiarna is Dia ann dáiríre, agus nach bhfuil ann ach é. |
61. 62 Go raibh bhur gcroí go hiomlán dá réir sin leis an Tiarna ár nDia, agus go gcoimeáda sibh a dhlíthe agus go gcomhlíona sibh a aitheanta dála an lae inniu.» |
62. Ansin d' ofráil an rí agus Iosrael go léir íobairtí i bhfianaise an Tiarna. 63 |
63. 64 D' ofráil Solamh dhá mhíle fichead damh agus céad agus fiche míle caora mar íobairtí comaoineach don Tiarna. Mar sin a rinne an rí agus clann Iosrael go léir Teampall an Tiarna a choisreacan. |
64. 65 An lá céanna rinne an rí an chúirt mheánach os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; mar d' ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann, agus codanna méithe na n-íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n-íobairtí comaoineach a choinneáil. |
65. 66 Rinne Solamh an fhéile a cheiliúradh an t-am sin in éineacht le hIosrael go léir, comhthionól mór ó bhealach Hamát go sileán na hÉigipte, agus sin i láthair an Tiarna ár nDia, ar feadh [seacht lá]. |
66. 67 Ar an ochtú lá chuir sé an pobal chun siúil; d' fhágadarsan slán agus beannacht ag an rí agus d' imíodar abhaile agus a gcroí lán de lúcháir agus d' áthas de bharr an chineáltais go léir a thaispeáin an Tiarna do Dháiví agus dá phobal Iosrael. |
Salm 68:28-35 |
28. 29 Cruinnigh do chumhacht, a Dhia, nocht dúinn do neart, an chumhacht sin a d' oibrigh tú a Dhia, ar ár son. |
29. 30 As ucht do theampaill in Iarúsailéim in airde, bíonn mórán ríthe ag tabhairt tíolacthaí chugat. |
30. 31 Bí ag bagairt ar ainmhithe allta na ngiolcach, táinte na dtarbh agus laonna na gciníocha; sléachtaidís go humhal duit le bronntanais airgid; cuir scaipeadh ar na ciníocha a bhfuil a ndúil sa chogadh. |
31. 32 Tiocfaidh na flatha ag triall ort ón Éigipt agus sínfidh an Aetóip a lámha chun Dé. |
32. 33 Canaigí do Dhia, a ríochtaí na cruinne, seinnigí moladh ar an gcláirseach don Tiarna Selah |
33. 34 atá ina shuí ar néalta neimhe os ar gcionn in airde; ardaíonn sé a ghlór agus is cumasach an glór é. |
34. 35a Tagaigí agus admhaígí mórchumhacht Dé a bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha. |
35. 35b Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa; is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal. Moladh le Dia! |
Seanfhocal 17:16-17 |
16. Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin le gaois a cheannach, agus é gan chiall? |
17. Is cara cara i gcónaí, ach is d' uain na hainnise a shaolaítear deartháir. |
Eoin 11:1-29 |
1. Bhí duine áirithe tinn, Lazaras ó Bheatáine, baile Mháire agus Mharta a deirfiúr. |
2. Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig. |
3. Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: «A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.» |
4. Arna chloisteáil sin d' Íosa dúirt sé: «Ní chun báis an galar seo ach chun glóire Dé, chun go dtabharfaí glóir do Mhac Dé tríd.» |
5. Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras. |
6. Nuair a chuala sé go raibh sé breoite, mar sin féin, d' fhan sé dhá lá mar a raibh sé. |
7. Ansin, tar éis an méid sin, dúirt sé lena dheisceabail: «Téimis go Iúdáia arís.» |
8. Dúirt a dheisceabail leis: «A Mháistir, bhí na Giúdaigh ag iarraidh gabháil de chlocha ionat ó chianaibhín, agus an rachaidh tú chun na háite sin arís?» |
9.
D' fhreagair Íosa:
«Nach bhfuil dhá uair déag sa lá? Má shiúlann duine sa lá ní fhaigheann sé barrthuisle, mar feiceann sé solas an tsaoil seo.
|
10.
Ach má shiúlann sé san oíche, faigheann sé barrthuisle mar níl an solas sa duine sin.»
|
11. Sin é mar a labhair sé agus ansin dúirt sé leo: «Tá ár gcara Lazaras ina chodladh, ach táim ag dul á dhúiseacht.» |
12. Dúirt a dheisceabail leis ansin: «Má tá sé ina chodladh, a Thiarna, beidh sé slán.» |
13. Is ar a bhás a labhair Íosa, ach shíl siadsan gur ar shuan codlata a labhair sé. |
14. Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: «Tá Lazaras marbh; |
15. agus tá áthas orm ar bhur sonsa nach raibh mé ann, ionas go gcreidfeadh sibh. Ach téanam chuige.» |
16. Ansin dúirt Tomás, ar a dtugtar an Leathchúpla, lena chomhdheisceabail: «Téanam, sinne chomh maith, chun bás a fháil in éineacht leis.» |
17. Ar theacht d' Íosa dá réir sin, fuair sé é agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. |
18. Bhí Béatáine timpeall chúig staid déag ó Iarúsailéim. |
19. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. |
20. Nuair a chuala Marta mar sin go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D' fhan Máire ina suí sa teach. |
21. Dúirt Marta ansin le Íosa: «A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. |
22. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.» |
23. Dúirt Íosa léi: «Éireoidh do dheartháir arís.» |
24. «Tá a fhios agam,» arsa Marta leis, «go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.» |
25.
Dúirt Íosa léi:
«Mise an t-aiséirí agus an bheatha; An té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh sé,
|
26.
agus gach duine a mhaireann is a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú an méid sin?»
|
27. «Creidim, a Thiarna,» ar sí, «creidim gur tú Críost, Mac Dé, atá ag teacht ar an saol.» |
28. Arna rá sin di, d' imigh sí agus ghlaoigh sí ar Mháire a deirfiúr gan fhios agus dúirt: «Tá an máistir anseo agus tá sé ag glaoch ort.» |
29. Nuair a chuala sise an méid sin d' éirigh sí go tapa agus chuaigh sí ag triall air. |