A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Bealtaine 26

2 Samúéil 23:1-38
1. Seo iad briathra deireanacha Dháiví: Oracal Dháiví, mac Ieise, oracal an fhir a ardaíodh go hard, ungthach Dhia Iacóib, cantaire duanta Iosrael.
2. Labhraíonn Spiorad an Tiarna tríomsa, tá a bhriathar ar mo theanga.
3. Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,
4. is cuma é nó gile na maidine le héirí gréine agus an spéir gan scamall ag glioscarnach ar fhéar an bháin tar éis báistí.
5. Seasann mo theach daingean i láthair Dé, mar rinne sé conradh síoraí liom, agus d' fhág gach ní in eagar go teann. Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé gach ní is mian liom?
6. An mhuintir aindiaga is cuma iad nó deilgneach an fhásaigh, nach mbailítear choíche le láimh duine:
7. ach an té a bhaineann leo, gabhann sé chuige iarann nó crann sleá agus ansin dóitear ar fad iad sa tine.
8. Seo iad ainmneacha na ngaiscíoch a bhí ag Dáiví: Ís Bál an Hacmonach, ceannaire an triúir; d' imir sé a thua chatha ar ocht gcéad agus mharaigh sé iad le chéile.
9. Ina dhiaidh sin, ar an triúr gaiscíoch, bhí Eileázár mac Dhodó mac Achochaí. Bhí seisean le Dáiví [ag Pas Damaín] nuair a thionóil na Filistínigh chun catha ansiúd agus a chúlaigh clann Iosrael rompu.
10. Sheas seisean an fód agus bhí sé ag treascairt na bhFilistíneach go dtí gur éirigh a lámh chomh curtha sin gur cheangail sé í den chlaíomh. Thug an Tiarna bua mór chun críche an lá sin; d' fhill an t-arm i ndiaidh Eileázár, ach ba chun creiche amháin a rinneadar sin.
11. Ina dhiaidh sin bhí Seamá mac Áigé an Harárach. Thionóil na Filistínigh ag Leichí mar a raibh gort lán de lintilí. Theith an t-arm roimh na Filistínigh.
12. Ach sheas seisean an fód i lár an ghoirt, chosain é, agus mharaigh na Filistínigh. Chuir an Tiarna bua mór i gcrích ar an gcuma sin.
13. Ghabh triúr den tríocha taoiseach síos agus thángadar timpeall aimsir an fhómhair go Dáiví san uaimh in Adulám nuair a bhí longfort ag buíon Filistíneach i nGleann Rafáím.
14. Bhí Dáiví ansin sa dún, agus bhí garastún Filistíneach an uair sin i mBeithil.
15. Agus dúirt Dáiví le tnúth: «Uch, nár bhreá liom dá dtabharfadh duine éigin deoch uisce dom as tobar Bheithile atá le taobh an gheata!»
16. Ansin bhrúigh an triúr gaiscíoch trí longfort na bhFilistíneach agus tharraing siad uisce as an tobar ag geata Bheithile agus thug siad leo é agus thug siad do Dháiví é. Ach ní ólfadh sé é ach é a dhoirteadh mar ofráil don Tiarna.
17. «Gura fada uaim, a Thiarna,» ar sé, «é seo a ól! An ólfainn fuil na ndaoine a chuir a n-anam i mbaol ar eachtra?» Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.
18. Ba é Aibísí deartháir Ióáb agus mac Zarúá ceannaire an tríochad. Eisean a d' imir a shleá ar an trí chéad fear agus a mharaigh iad, agus a thuill cáil i measc an tríochad.
19. Ba mhó cáil é ná an tríocha, agus rinneadh captaen orthu de, ach ní raibh dul aige ar an triúr.
20. Banáiá mac Iahóideá, laoch ó Chabzael, fear déanta mórghníomh, threascair sé dhá churadh Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.
21. Agus mharaigh sé Éigipteach, fear dealraitheach; bhí sleá ina láimh ag an Éigipteach, ach ghabh Banáiá síos chuige agus bata ina láimh, sciob an tsleá as láimh an Éigiptigh agus mharaigh é lena shleá féin.
22. Ba shin iad bearta Bhanáiá mac Iahóideá a thuill cáil dó féin i measc an tríochad.
23. Ba mhó cáil é na an tríocha, ach ní raibh dul aige ar an triúr. Chuir Dáiví é i gceannas ar a gharda féin.
24. Duine den tríocha ab ea Asáhael deartháir Ióáb. Ealchánán mac Dhodó ó Bheithil.
25. Seamá ó Harod. Eilíceá ó Harod.
26. Heiliz ó Phalat. Íorá mac Icéis ó Theacóá.
27. Aibíeizir ó Anatót. Sibeacaí ó Huiseá.
28. Zalmón ó Achot. Maharaí ó Natofá.
29. Héilib mae Bháná ó Natofá. Iotaí mac Ríbí ó Ghibeá de threibh Bhiniáimin.
30. Banáiá ó Phioráton. Hidí ó ghleannta Gháis.
31. Aibíalbón ó Bhéit Arabá. Azmávat ó Bhachúraím.
32. Eiliachbá ó Shálbón. Clann Iáiséin Iónátán.
33. Seamá ó Harar. Aichíám mac Sheárár ó Harár.
34. Eilífilit mac Achasbaí ó Bhéit Mácá. Eilíám mac Aichítifeil ó Ghíolo.
35. Heazro ó Chairmeil. Páraí ó Arab.
36. Igeál mac Nátán ó Zóbá. Bánaí an Giteach.
37. Zeilic an tAmónach. Nacharaí ó Bhaerót a d' iompar airm Ióáb mac Zarúá.
38. Íreá ó Iaitir. Gáraeb ó Iaitir.

2 Samúéil 24:1-25
1. Las fearg an Tiarna arís in aghaidh Iosrael agus spreag sé Dáiví ina n-aghaidh. «Téigh,» ar sé, «agus déan daonáireamh ar Iosrael agus ar Iúdá.»
2. Dúirt an rí le Ióáb agus leis na hoifigigh shinsir den arm a bhí in éineacht leis: «Imígí libh anois i measc treibheanna Iosrael ó Dhán go Béar Seaba agus déanaigí daonáireamh; is mian liom a fhios a bheith agam cad é líon an phobail.»
3. Dúirt Ióáb leis an rí: «Go gcuire an Tiarna, do Dhia, an rath faoi chéad ar do phobal fad tá súile ag an rí fós chun iad a fheiceáil. Ach cad ab áil le mo thiarna an rí a bheith chomh tógtha leis seo?»
4. Ach chuir an rí a ordú i bhfeidhm ar Ióáb agus na hoifigigh shinsir, agus d' imigh Ióáb agus na hoifigigh shinsir leo ó láthair an rí chun daonáireamh a dhéanamh ar phobal Iosrael.
5. Ghabhadar thar Iordáin agus thosaíodar le hAroéir agus leis an gcathair atá i lár an ghleanna, agus ar aghaidh go Gád agus Iazaer.
6. Chuadar as sin go Gileád agus go Cáidéis i dtír na Hiteach; ansin chuadar go Dán, agus ó Dhán timpeall go Síodón.
7. Thángadar ansin go daingean na Tuíre agus go cathracha uile na Hiveach agus na gCanánach, agus ag sroicheadh ceann cúrsa i Neigib Iúdá ag Béar Seaba.
8. Tar éis dóibh gabháil tríd an tír go léir d' fhilleadar ar Iarúsailéim faoi cheann naoi mí agus fiche lá.
9. Thug Ióáb figiúir an daonáirimh don rí: ocht gcéad míle fear troda, lucht claíomh a tharraingt, a bhí in Iosrael agus cúig céad míle in Iúdá.
10. Ach tháinig aiféala ar Dháiví ina chroí istigh ar ball cionn is go ndearna sé daonáireamh ar an bpobal. «Tá peaca trom déanta agam,» ar sé leis an Tiarna. «Ach anois, a Thiarna, impím ort an cion seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Ba an-amaideach an rud dom é.»
11. Nuair a d' éirigh Dáiví an mhaidin ina dhiaidh sin, bhí teachtaireacht ón Tiarna go dtí Gád fáidh, fear feasa Dháiví, á rá:
12. «Téigh agus abair le Dáiví: seo mar a deir an Tiarna: 'Tairgim trí rud duit; bíodh do rogha agat astu agus déanfaidh mé duit é.'»
13. Chuaigh Gád chuig Dáiví mar sin agus d' inis sé sin dó. «Cé acu is fearr leat,» ar seisean, «trí bliana de ghorta a theacht ort i do thír féin, nó thú a bheith trí mhí ar do sheachaint agus do namhaid sa tóir ort, nó plá a bheith ar do thír ar feadh trí lá? Déan do mhachnamh air anois agus socraigh cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.»
14. Dúirt Dáiví le Gád: «Is é rogha na ndíogha agam é! Ach is fearr go dtitimis i láimh an Tiarna, óir is mór é a thrócaire, agus gan mé a thitim i lámha daoine.»
15. Mar sin thogh Dáiví an phlá. Aimsir fhómhar na cruithneachta a bhí ann. Chuir an Tiarna plá ar Iosrael ón maidin go dtí an uair a bhí leagtha amach agus rinne aicíd léirscrios ar an bpobal, agus ó Dhán go Béar Seaba fuair seachtó míle acu bás.
16. Shín an t-aingeal a lámh amach ionsar Iarúsailéim lena scrios, ach rinne an Tiarna athsmaoineamh faoin olc seo agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: «Is leor sin! Fóill ar do láimh!» Bhí aingeal an Tiarna le hais urlár buailte Arauná an Iabúsach.
17. Nuair a chonaic Dáiví an t-aingeal a bhí ag scrios an phobail, labhair sé leis an Tiarna: «Is mise a pheacaigh,» ar sé, «is mise a rinne an drochrud seo. Ach an tréad seo, cad atá déanta acusan? Luíodh do lámh go trom ormsa mar sin, impím ort, agus ar mo chlann.»
18. Chuaigh Gád go Dáiví an lá sin agus dúirt leis: «Gabh suas agus tóg altóir don Tiarna ar urlár buailte Arauná an Iabúsach.»
19. Ar fhocal Ghád, ghabh Dáiví suas ar ordú an Tiarna.
20. Nuair a d' fhéach Arauná síos agus go bhfaca sé an rí agus a oifigigh ag céimniú ina threo, chuaigh sé ar aghaidh agus chrom chun talún in ómós don rí.
21. «Cén fáth ar tháinig mo thiarna an rí chun a shearbhónta?» a d' fhiafraigh Arauná. D' fhreagair Dáiví: «Chun an t-urlár buailte a cheannach uait le haltóir a thógáil don Tiarna ionas go staonfadh an phlá den phobal.»
22. Dúirt Arauná le Dáiví: «Tógadh mo thiarna an rí é, agus íobraíodh sé a rogha. Seo iad na daimh don íobairt uileloiscthe, na súistí agus na cuingeacha mar adhmad.
23. Tugann Arauná iad sin go léir don rí. Agus go nglaca an Tiarna, do Dhia, leat,» arsa Arauná.
24. Ach dúirt an rí le hArauná: «Ní dhéanfaidh mé amhlaidh, ach díolfaidh mé as le hairgead. Ní dhéanfaidh mé íobairtí uileloiscthe nár chosain aon ní orm a ofráil don Tiarna mo Dhia.» Thug Dáiví dá bhrí sin caoga seicil airgid ar an urlár buailte agus ar na daimh.
25. Thóg Dáiví altóir ansiúd don Tiarna agus d' ofráil sé íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach. Ansin d' éist an Tiarna leis na hachainíocha ar son na tíre agus casadh an phlá ar shiúl ó Iosrael.

Salm 68:7-10
7. 8 A Dhia, nuair a ghabh tú roimh do phobal amach, nuair a thriall tú tríd an bhfásach bhí an talamh ar crith. Selah
8. 9 Bhí néalta neimhe ag díle báistí i bhfianaise Dé i bhfianaise Dé is Dia do Iosrael.
9. 10 D' fhear tú flúirse fearthainne, a Dhia, ar d' oidhreacht; thug tú beatha do do phobal agus iad ar an ngorta.
10. 11 Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltais mar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.

Seanfhocal 17:5-6
5. Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht; an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.
6. Sliocht a sleachta coróin na sean; a n-athair glóir na clainne.

Eoin 9:1-23
1. Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn.
2. D' fhiafraigh a dheisceabail de: «A raibí,» ar siad, «cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?»
3. D' fhreagair Íosa: «Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.
4. Fad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh; tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d' aon duine obair a dhéanamh.
5. An fad atáim ar an saol is mé solas an tsaoil.»
6. Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill
7. agus dúirt sé leis: «Imigh agus nigh i Linn Siolóam» is é sin le rá, Seolta. D' imigh sé, nigh é féin agus d' fhill agus a radharc aige.
8. Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: «Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?» Dúirt daoine: «Is é.»
9. Dúirt daoine eile: «Ní hé, ach is cosúil leis é.» Dúirt sé féin: «Is mé é.»
10. Dúirt siad leis ansin: «Conas a osclaíodh do shúile mar sin?»
11. D' fhreagair sé: «An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: 'Imigh go Linn Siolóam agus nigh.' D' imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.»
12. D' fhiafraigh siad: «Cá bhfuil sé?» «Níl a fhios agam,» ar sé.
13. Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth.
14. Ba é an tsabóid é an lá a rinne Íosa an láib agus a d' oscail sé súile an duine.
15. D' fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: «Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.»
16. Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: «Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.» Dúirt cuid eile: «Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?» Agus bhí aighneas eatarthu.
17. Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: «Cad deir tusa mar gheall air ó d' oscail sé do shúile?» D' fhreagair sé: «Fáidh is ea é.»
18. Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc
19. agus gur cheistigh siad iad: «An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?» ar siad. «Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?»
20. D' fhreagair a thuismitheoirí: «Is eol dúinn,» ar siad, «gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é.
21. Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d' oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.»
22. Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d' admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg.
23. Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: «Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin.»