A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Bealtaine 22

2 Samúéil 15:1-37
1. Ina dhiaidh sin fuair Aibseálóm carbad agus eachra agus leathchéad fear le rith roimhe.
2. D' éiríodh Aibseálóm go moch, agus sheasadh sé le taobh bhóthar an gheata. Aon uair a thagadh duine le cúis le cur faoi bhreith an rí, ghlaodh Aibseálóm air agus deireadh: «Cén chathair arb as duit?» D' fhreagraíodh seisean: «As a leithéid seo de threibh in Iosrael do shearbhónta.»
3. Deireadh Aibseálóm leis: «Tá d' éileamh ceart agus cóir, ach níl aon fhear ionaid ceaptha ag an rí le héisteacht leat.»
4. Agus leanadh Aibseálóm air: «Uch nach gceapfaí mé i mo bhreitheamh sa tír! Ansin aon duine a mbeadh cúis nó caingean aige, d' fhéadfadh sé teacht chugamsa agus gheobhadh sé ceart uaim.»
5. Nuair a thagadh duine chuige le hómós a thabhairt dó, shíneadh sé amach a lámh, bheireadh greim air agus phógadh é.
6. Is mar sin a dhéanadh Aibseálóm leis na hIosraelaigh go léir a thagadh chuig an rí ag tagra a gcirt, agus mheall Aibseálóm croí fhir Iosrael ar an tslí sin.
7. Tar éis ceithre bliana dúirt Aibseálóm leis an rí: «Lig dom dul go Heabrón chun an mhóid a thug mé don Tiarna a chomhlíonadh;
8. mar nuair a bhí mé i nGisiúr in Arám, thug do shearbhónta an mhóid seo: 'Má thugann an Tiarna ar ais go Iarúsailéim mé,' arsa mise, ' tabharfaidh mé ómós don Tiarna i Heabrón.'»
9. Dúirt an rí leis: «Imigh faoi shíocháin!» agus d' imigh sé leis agus tháinig go Heabrón.
10. Chuir Aibseálóm teachtairí ar fud treibheanna Iosrael go léir á rá: «A luaithe a chloisfidh sibh glór an trumpa, abraigí: 'Tá Aibseálóm ina rí i Heabrón!'»
11. Chuaigh dhá chéad fear le hAibseálóm ó Iarúsailéim; bhí cuireadh acu, agus thángadar gan urchóid ina gcroí ná eolas ar bith acu.
12. Chuir Aibseálóm fios ar Aichítifeil, an Gíolonach, comhairleoir Dháiví ó chathair Ghíolo [agus bhí sé ina theannta] agus é ag ofráil na n-íobairtí. Neartaigh an chomhcheilg agus chuaigh lucht tacaíochta Aibseálóm i neart.
13. Tháinig teachtaire chuig Dáiví agus dúirt leis: «Tá lé ag fir Iosrael le hAibseálóm anois.»
14. Ar an ábhar sin dúirt Dáiví lena chuid oifigeach go léir a bhí in éineacht leis in Iarúsailéim: «As go brách linn; teithimis, nó ní éalóimid choíche ó Aibseálóm. Imígí le teann deabhaidh, ar eagla go mbéarfadh sé orainn le barr luais agus an bua a fháil orainn agus bás le faobhar a thabhairt ar mhuintir na cathrach.»
15. D' fhreagair oifigigh an rí: «Féach, táimidne, do shearbhóntaí, réidh le déanamh de réir cibé ní a bheartóidh mo thiarna, an rí.»
16. D' imigh an rí agus a theaghlach go léir ina dhiaidh agus d' fhág sé deichniúr leannán i bhfeighil an pháláis.
17. D' imigh an rí de chois agus a mhuintir go léir ina dhiaidh agus stad siad ag an teach deiridh.
18. Ghabh a oifigigh go léir thairis, agus ghabh na Ceiréitigh go léir, agus na Peiléitigh go léir, agus gach duine den sé chéad Giteach a lean é ó Ghat, ar aghaidh roimh an rí.
19. Dúirt an rí le hIotaí an Giteach: «Cén fáth a bhfuil tusa ag teacht linne? Fill ar ais agus fan in éineacht leis an rí mar is coimhthíoch thú, agus deoraí ó do thír féin chomh maith.
20. Níor tháinig tú ach inné, agus an amhlaidh a thabharfainn ar guardal inniu thú inár dteannta, agus gan fhios agam féin cén treo? Fill ar ais, tabhair do mhuintir leat agus [go raibh an Tiarna] buanchineálta dílis leat.»
21. D' fhreagair Iotaí an rí: «Dar an Tiarna beo, agus dar anam mo thiarna an rí, cibé áit ina mbeidh mo thiarna an rí, más beo, más marbh dó, is ann a bheidh do shearbhónta chomh maith.»
22. «Ar aghaidh leat tharainn, más ea,» arsa Dáiví le hIotaí. Ghabh Iotaí an Giteach ar aghaidh lena chuid fear go léir agus na miondaoine go léir a lean é.
23. Rinne an tuath go léir caoineadh agus olagón agus na daoine ag gabháil thar bráid. Sheas an rí i nGleann Chidreon agus mháirseáil na daoine go léir thairis i dtreo an fhásaigh.
24. Bhí Zádóc ansiúd agus na Léivítigh go léir ag iompar áirc chonradh Dé. Leagadar áirc Dé ansiúd ar an talamh os comhair Aibíátár nó gur ghabh an pobal go léir thart amach as an gcathair.
25. Dúirt an rí ansin le Zádóc: «Tabhair áirc Dé ar ais isteach sa chathair. Má fhaighim fabhar i súile an Tiarna, tabharfaidh sé ar ais mé agus tabharfaidh sé radharc arís dom uirthi féin agus ar a háit lonnaithe.
26. Ach má deir sé: 'Ní gean liom thú,' seo mé agus déanadh sé liom mar is rogha leis.»
27. Dúirt an rí le Zádóc an sagart: «Féach, fillse agus Aibíátár ar ais faoi shíocháin chun na cathrach leis an mbeirt mhac agaibh, Aichímeáz do mhac féin agus Iónátán mac Aibíátár.
28. Fanfaidh mise i réitigh an fhásaigh go bhfaighidh mé gaoth an fhocail uaibhse.»
29. Thug Zádóc agus Aibíátár áirc Dé ar ais go Iarúsailéim agus d' fhanadar ann.
30. Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.
31. Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: «A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.»
32. Nuair a shroich Dáiví mullach an tsléibhe mar a ndéantar Dia a adhradh, chonaic sé chuige Húisí an tAircíoch agus a chóta stróicthe agus cré ar a cheann.
33. Dúirt Dáiví leis: «Má théann tú ar aghaidh liom, beidh tú i d' ualach orm;
34. ach má fhilleann tú ar an gcathair agus a rá le hAibseálóm: 'Beidh mé i mo shearbhónta agat, a rí; bhí mé tráth i mo shearbhónta ag d' athair, ach anois beidh mé i mo shearbhónta agatsa,' beidh ar do chumas beartas Aichítifeil a shárú dom.
35. Nach mbeidh na sagairt Zádóc agus Aibíátár ansiúd i do theannta? Aon scéal a gheobhaidh tú ón bpálás, inis é do Zádóc agus d' Aibíátár, na sagairt.
36. Agus féach, tá a mbeirt mhac, Aichímeáz mac Zádóc, agus Iónátán mac Aibíátár, in éineacht leo; seolfaidh sibh gach scéala a gheobhaidh sibh chugamsa lena gcabhairsean.»
37. D' fhill Húisí, cara Dháiví, ar ais chun na cathrach díreach agus Aibseálóm ag teacht isteach in Iarúsailéim.

2 Samúéil 16:1-23
1. Nuair a bhí Dáiví imithe tamall gairid thar mhullach an tsléibhe, tháinig Zíbeá, searbhónta Mheirí Bál, ina araicis le dhá asal, diallaití orthu agus ualach orthu de dhá chéad builín aráin, céad crobhaing rísíní, céad de thorthaí an tsamhraidh, agus seithe fíona.
2. Dúirt an rí le Zíbeá: «Cá rachaidh tú leo sin?» D' fhreagair Zíbeá: «Do theaghlach an rí le marcaíocht orthu na hasail; do na saighdiúirí le hithe an t-arán agus na torthaí samhraidh; le hól ag an mhuintir a éireoidh lag san fhásach an fíon.»
3. «Agus cá bhfuil mac do mháistir?» arsan rí. D' fhreagair Zíbeá an rí: «Féach, d' fhan sé in Iarúsailéim, mar a deir sé: 'Tabharfaidh teaghlach Iosrael ríocht m' athar ar ais dom inniu.'»
4. Ansin dúirt an rí le Zíbeá: «Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.» Dúirt Zíbeá: «Umhlaím duit. Gura fiú mé d' fhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!»
5. Nuair a tháinig Dáiví a fhad le Bachúraím, amach le fear den sliocht céanna ónar shíolraigh clann Shóil. Simeí mac Ghéará ab ainm dó. Agus ag teacht dó bhí sé ag mallachtaigh leis
6. agus ag caitheamh cloch le Dáiví rí agus lena chuid oifigeach go léir, cé go raibh an t-arm ar fad agus na gaiscígh uile thart timpeall ar an rí, ar dheis agus ar chlé.
7. Seo mar a bhí sé ag mallachtaigh: «Beir as, beir as, a fhir na fola, a chladhaire!
8. Bhain an Tiarna díoltas asat i bhfuil theaghlach Shóil ar ghlac tú a fhlaitheas ort féin, agus tá an Tiarna tar éis an flaitheas céanna a thabhairt i láimh Aibseálóm do mhac. Seo chugat anois uair na cinniúna, a fhir na fola.»
9. Dúirt Aibísí mac Zarúá leis an rí: «An bhfuilimid chun ligean don mhadra marbh seo bheith ag mallachtaigh ar mo thiarna, an rí? Lig dom dul anonn agus an ceann a bhaint de.»
10. Ach d' fhreagair an rí: «Cá mbaineann sé liomsa agus libhse, a mhaca Zarúá. Má tá sé ag mallachtaigh mar go ndúirt an Tiarna leis: 'Cuir mallacht ar Dháiví,'
11. cén ceart atá ag aon duine a rá: 'Cad chuige a ndearna tú seo?'» Dúirt Dáiví le hAibísí agus lena chuid oifigeach go léir: «Ar ndóigh tá mo mhac féin, síol mo choirp, ag iarraidh mé a mharú anois. Cá hionadh, mar sin, gur mó a bheadh an Biniáimineach seo á iarraidh? Lig do a bheith ag mallachtaigh leis, más é sin an rud a dúirt an Tiarna leis.
12. B' fhéidir go mbreathnódh an Tiarna ar [m' anró] agus an mhaith a chur i mo threo in éiric a mhallachta inniu.»
13. Chuir Dáiví agus a chuid fear chun bealaigh mar sin. Ach lean Simeí air ar feadh an tsléibhe ar a aghaidh anonn ag mallachtaigh ar an mbealach agus ag caitheamh cloch agus cré leis.
14. Shroich an rí agus an mhuintir go léir a bhí in éineacht leis [an Iordáin] agus an-tuirse orthu, agus ligeadar a scíth ansiúd.
15. Tháinig Aibseálóm lena lucht leanúna go léir de chlann Iosrael isteach in Iarúsailéim; bhí Aichítifeil ina theannta.
16. Nuair a tháinig Húisí an tAircíoch, cara Dháiví, i láthair Aibseálóm, dúirt sé: «Fad ar shaol an rí! Fad ar shaol an rí!»
17. Agus dúirt Aibseálóm le Húisí: «An mar sin atá ag do dhílseacht do do chara? Cén fáth nár imigh tú le do chara?»
18. Agus dúirt Húisí le hAibseálóm: «Ní mar sin atá. Ach an té a thogh an Tiarna agus an pobal seo agus muintir Iosrael go léir is aigesean a bheidh mise, agus is leis-sean a fhanfaidh mé.
19. Agus thairis sin, cé dó a ndéanfainn seirbhís? Cé eile ach dá mhac? Déanfaidh mé seirbhís duitse faoi mar a rinne mé do d' athair.»
20. Agus dúirt Aibseálóm le hAichítifeil: «Déan do mhachnamh go maith; cad tá le déanamh againn?»
21. Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: «Luigh leis na leannáin dá chuid a d' fhág d' athair i bhfeighil a thí; ansin beidh a fhios ag Iosrael go léir go mbeidh an ghráin ag d' athair ort, agus beidh breis misnigh ag do lucht tacaíochta go léir.»
22. Shuíodar both dá bhrí sin d' Aibseálóm ar dhíon an tí agus ghabh Aibseálóm isteach chun leannáin a athar i bhfianaise Iosrael go léir.
23. Sna laethanta úd ba gheall le dul i muinín oracail Dé féin dul i muinín chomhairle Aichítifeil. Sin é an meas a bhí ar gach comhairle a thugadh Aichítifeil ag Dáiví agus ag Aibseálóm chomh maith céanna.

Salm 66:8-15
8. Beannaígí dár nDia, a chiníocha, go gcluintear a mholadh os ard,
9. Óir is é a thug beatha dár n-anam agus nár lig dár gcosa bheith ag tuisliú.
10. Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn, mar a thriailtear an t-airgead sa tine.
11. Sheol tú isteach sa líon sinn gur leag tú tromualach anuas orainn.
12. Chuir tú daoine ag marcaíocht sa mhullach orainn go ndeachamar trí thine is trí uisce; ach threoraigh tú amach chun na saoirse sinn.
13. Tabharfaidh mé íobairtí dóite chun do thí liom; leatsa a dhíolfaidh mé mo mhóideanna
14. na móideanna a gheall mé ó bhéal duit agus a chan mo theanga le linn mo bhuartha.
15. Ofrálfaidh mé caoirigh méithe uileloiscthe mar aon le deatach reithí dóite; ofrálfaidh mé damhra agus gabhair duit.

Seanfhocal 16:27-30
27. Beartaíonn an t-alfraits olc, agus is cuma nó tine loiscneach briathra a bhéil.
28. Síolann an cealgaire aighneas, agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile.
29. Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán, agus meallann é ar bhóthar nach fónta.
30. Tá urchóid á taibhreamh d' fhear sméidte na súl, agus tá an t-olc déanta ag an té a chuireann grabhas air féin.

Eoin 7:1-27
1. Ina dhiaidh sin bhí Íosa ag gabháil thart sa Ghailíl, mar níorbh áil leis gabháil thart in Iúdáia mar go raibh na Giúdaigh ag iarraidh é a chur chun báis.
2. Bhí féile na nGiúdach, féile na dTaibearnacal, in achmaireacht.
3. Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: «Fág an áit seo agus imigh go Iúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh.
4. Óir ní dhéanann aon duine aon rud faoi choim, agus fonn air a bheith i mbéal an phobail; má dhéanann tú na nithe seo, taispeáin tú féin don saol.»
5. Óir níor chreid fiú a bhráithre ann.
6. Dúirt Íosa leo dá bhrí sin: «Níor tháinig m' uain-sé go fóill; ach tá bhur n-uain-sé i gcónaí ullamh.
7. Ní féidír don saol fuath a thabhairt daoibhse, ach tá fuath aige domsa mar go dtugaim fianaise ina thaobh go bhfuil a oibreacha go holc.
8. Téigí-sé suas chun na féile, ach nílimse ag dul suas chun na féile seo [fós], óir níl m' uain-sé comhlíonta go fóill.»
9. Ar rá na nithe sin leo, d' fhan sé sa Ghailíl.
10. Ach nuair a bhí a bhráithreacha imithe suas chun na féile, chuaigh sé féin suas chomh maith, níorbh os ard é, ach mar a bheadh faoi choim.
11. Bhí na Giúdaigh dá réir sin á lorg lá na féile agus deiridís:
12. «Cá bhfuil sé siúd?» agus bhí monabhar mór i measc na sluaite mar gheall air. Bhí cuid acu á rá: «Duine maith é»; tuilleadh acu á rá: «Ní hea, ach ag mealladh an phobail atá sé.»
13. Níor labhair aon duine, áfach, amach os ard ina thaobh, le heagla roimh na Giúdaigh.
14. Nuair a bhí ceiliúradh na féile leath-thart, chuaigh Íosa suas isteach sa Teampall agus chrom ar theagasc.
15. Tháinig ionadh, dá bhrí sin, ar na Giúdaigh agus dúirt siad: «Cén chaoi a bhfuil léann aige agus nach bhfuair sé foghlaim?»
16. D' fhreagair Íosa ansin: «An teagasc seo a thugaim,» ar sé, «ní liomsa é ach leis an té a chuir uaidh mé.
17. Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh, aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc nó an uaim féin atá mé ag labhairt.
18. An té a labhraíonn uaidh féin, bíonn a ghlóir féin á lorg aige. An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é, tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann.
19. Nár thug Maois an dlí daoibh? agus ní chomhlíonann aon duine agaibh an dlí. Cad chuige daoibh a bheith ag iarraidh mé a chur chun báis?»
20. D' fhreagair an slua: «Tá deamhan ionat! Cé atá ag iarraidh tú a chur chun báis?»
21. D' fhreagair Íosa: «Aon obair amháin a rinne mé,» ar sé, «agus tá ionadh oraibh go léir.
22. Thug Maois, más ea, an timpeallghearradh daoibh ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha agus déanann sibh timpeallghearradh ar dhuine fiú sa tsabóid.
23. Má dhéantar timpeallghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfí dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liomsa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas sa tsabóid?
24. Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear ach tugaigí breith chóir.»
25. Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim: «Nach hé seo an fear atá siad a iarraidh a chur chun báis?
26. Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní á rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é?
27. Is eol dúinn áfach cad as dó seo; ach an Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní eol d' aon duine cad as dó.»