A A A A A
Bíobla i gceann bliana
Bealtaine 2

1 Samúéil 6:1-21
1. Bhí áirc an Tiarna i gcríocha na bhFilistíneach ar feadh seacht mí.
2. Ansin chuir na Filistínigh fios ar a sagairt agus ar a n-asarlaithe agus d' fhiafraíodar díobh: «Céard a dhéanfaimid le háirc an Tiarna? Insígí dúinn conas í a chur ar ais chun a háite féin!»
3. D' fhreagair siad: «Má chuireann sibh áirc Dhia Iosrael ar shiúl, ná cuirigí ar shiúl folamh í; ní foláir daoibh ofráil chiontachta a íoc leis. Ansin leigheasfar sibh agus beidh a fhios agaibh cad chuige nach gcasfadh a lámh uaibh.»
4. D' fhiafraíodar ansin: «Cén ofráil chiontachta ar chóir dúinn a íoc leis?» D' fhreagair siad: «Dé réir líon flatha na bhFilistíneach, cúig neascóid óir agus cúig luch óir mar bhí an t-aon phlá oraibh idir fhlatha agus uile.
5. Ní foláir daoibh dá réir sin dealbha a dheanamh de bhur neascóidí agus dealbha de na lucha atá ag creimeadh bhur dtíre, agus glóir a thabhairt do Dhia Iosrael. Ansin b' fhéidir go mbogfaidh sé a lámh díbh féin, de bhur ndéithe, agus de bhur dtír.
6. Cad ab áil libh ag cruachan bhur gcroí, faoi mar a chruaigh na hÉigiptigh agus Forann a gcroí? Tar éis dó magadh fúthu, nár scaoileadar leis an bpobal agus nár imíodarsan?
7. Cóirigí carr nua dá bhrí sin agus dhá loilíoch nach ndeachaigh riamh faoin gcuing. Gabhaigí na ba faoin gcarr agus tugaigí a laonna abhaile uathu.
8. Ansin tógaigí áirc an Tiarna, leagaigí ar an gcarr í, agus cuirigí na dealbha óir atá á n-íoc agaibh dó mar ofráil chiontachta i gcófra lena hais. Ansin scaoiligí léi agus ligigí di imeacht léi.
9. Bíodh súil agaibh uirthi; má théann sí an bóthar suas i dtreo a dúiche féin, go Béit Seimis, ansin eisean a rinne an urchóid mhór seo dúinn; ach mura dtéann, ansin beidh a fhios againn nárbh í a lámh a luigh orainn, ach gur de thaisme a d' éirigh sé seo dúinn.»
10. Rinne na daoine amhlaidh. Thugadar leo an dá loilíoch, agus ghabhadar faoin gcarr iad, agus dhún ar a laonna sa bhaile.
11. Leagadar áirc an Tiarna ansin ar an gcarr, leis an gcófra, na lucha óir agus dealbha na neascóidí.
12. Ghabh na ba caol díreach i dtreo Bhéit Seimis, ar feadh an bhóthair, iad ag géimneach ar an tslí gan casadh ar dheis ná ar chlé. Lean flatha na bhFilistíneach iad chomh fada le teorainneacha Bhéit Seimis.
13. Bhí muintir Bhéit Seimis ag baint fómhar na cruithneachta sa ghleann: d' ardaíodar a súile agus chonaiceadar an áirc agus chuir an radharc sin lúcháir orthu.
14. Tháinig an carr isteach i ngort Iósua ó Bhéit Seimis, agus stad sé ansin. Bhí gallán ansiúd agus bhris na daoine adhmad an chairr agus d' ofráil siad na ba mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
15. Thóg na Léivítigh áirc an Tiarna anuas, agus an cófra, leis na dealbha óir ann, a bhí ina haice, agus leag siad an meid sin go léir ar an ngallán. D' ofráil muintir Bhéit Seimis ofrálacha uileloiscthe, agus d' íobair íobairtí, an lá sin don Tiarna.
16. Nuair a chonaic cúigear flatha na bhFilistíneach é sin, d' fhill siad ar Eacrón an lá céanna.
17. Ba iad seo na neascóidí óir a d' íoc na Filistínigh mar íobairt chiontachta don Tiarna: ceann ar son Aisdeod, ceann ar son Ghazá, ceann ar son Aiscileon, ceann ar son Ghat, ceann ar son Eacrón;
18. mar an gcéanna le dealbha na luch de réir líon cathracha Filistíneacha uile na gcúig flatha, idir chathracha daingne agus bhailte gan chosaint. An gallán mór ar ar leagadar áirc an Tiarna, is finné é go dtí an lá inniu i ngort Iósua ó Bhéit Seimis.
19. Mharaigh sé cuid de mhuintir Bhéit Seimis mar gur fhéachadar isteach in áirc an Tiarna; mharaigh sé deichniúr agus trí fichid díobh. Rinne an pobal olagón mar gur bhuail an Tiarna chomh dian iad.
20. Dúirt muintir Bhéit Seimis ansin: «Cé a fhéadfaidh seasamh i láthair an Tiarna an Dia naofa seo? Cé chuige a rachaidh sé suas uainne?»
21. Chuireadar teachtairí go dtí muintir Chiriat Iáraím ansin á rá: «Sheol na Filistínigh áirc an Tiarna ar ais; tagaigí anuas agus tugaigí suas libh chugaibh féin í.»

1 Samúéil 7:1-17
1. Thainig muintir Chiriat Iáraím agus thugadar áirc an Tiarna leo suas, agus chuireadar isteach i dteach Aibíneádáb ar an gcnoc í, agus rinneadar mac Eileázár a choisreacan chun aire a thabhairt d' áirc an Tiarna.
2. Ón lá a socraíodh an áirc i gCiriat Iáraím, ghabh tamall fada thart, fiche éigin bliain, agus bhí teaghlach Iosrael go léir ag tnúth leis an Tiarna.
3. Ansin dúirt Samúéil le teaghlach Iosrael go léir: «Má tá sibh ag filleadh ar an Tiarna ó chroí go hiomlán, cuirigí i leataobh uaibh na déithe deoranta atá agaibh, agus na hAisteárót, agus dírigí bhur gcroí ar an Tiarna, agus déanaigí fónamh dósan amháin, agus fuasclóidh sé sibh ó láimh na bhFilistíneach.»
4. Ansin chuir clann Iosrael uathu na Bálaím agus na hAisteárót agus d' fhónadar don Tiarna amháin.
5. Ansin dúirt Samúéil: «Cruinnígí Iosrael uile le chéile i Mizpeá, agus guífidh mé an Tiarna ar bhur son.»
6. Thionóil Iosrael go léir dá bhrí sin i Mizpeá, agus tharraing siad uisce agus dhoirt siad ansiúd é i láthair an Tiarna. Rinne siad troscadh an lá sin agus d' fhógair siad: «Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna.» Agus bhí Samúéil ina bhreitheamh ar chlann Iosrael i Mizpeá.
7. Nuair a chuala na Filistínigh go raibh clann Iosrael cruinnithe i Mizpeá, chuaigh flatha na bhFilistíneach suas in aghaidh Iosrael. Nuair a chuala clann Iosrael é sin tháinig eagla orthu roimh na Filistínigh.
8. Dúirt clann Iosrael le Samúéil: «Glaoigh gan stad ar an Tiarna ár nDia chun sinn a shaoradh ó chumhacht na bhFilistíneach»
9. Ansin fuair Samúéil uan diúil agus d' ofráil é ina íobairt uileloiscthe don Tiarna agus ghlaoigh sé ar an Tiarna thar ceann Iosrael agus thug an Tiarna toradh air.
10. Nuair a bhí Samúéil ag ofráil na híobartha dóite, dhruid na Filistínigh ina n-aice chun catha a chur ar Iosrael, ach rinne an Tiarna tréanghlór toirní an lá sin ar na Filistínigh agus chuir sceimhle orthu, agus theitheadar roimh Iosrael.
11. Chuaigh muintir Iosrael amach ó Mhizpeá sa tóir ar na Filistínigh agus bhíodar á n-eirleach chomh fada le Béit Cár.
12. Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir («Cloch na Cabhrach») uirthi á rá: «Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!»
13. Cloíodh na Filistínigh ar an gcuma sin agus níor thángadar isteach i gcríocha Iosrael a thuilleadh. Luigh lámh an Tiarna go trom ar na Filistínigh i gcaitheamh shaol Shamúéil ar fad.
14. Na cathracha a bhain na Filistínigh d' Iosrael, fuair Iosrael ar ais iad, ó Eacrón go Gat, agus d' fhuascail Iosrael a gcríocha ó chumhacht na bhFilistíneach. Bhí síocháin chomh maith idir Iosrael agus na hAmóraigh.
15. Bhí Samúéil ina bhreitheamh ar Iosrael gach lá dá shaol.
16. Théadh sé gach bliain ar cuaird go Béitéil, go Gilgeál agus go Mizpeá. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael sna háiteanna sin go léir.
17. D' fhilleadh sé ansin ar Rámá mar gurb é ba bhaile dó. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael ansiúd leis. Thóg sé altóir ann don Tiarna.

Salm 55:1-8
1. 1 Do siúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. Mascil Dháiví. 2 Tabhair cluas do m' urnaí, a Dhia: ná téigh i bhfolach ó m' achainí. Salm 54
2. 3 Tabhair aire dom agus éist le mo ghuí, óir tá mé cloíte ag an mbuairt.
3. 4 Táim ar crith de bharr gártha an namhad agus ansmacht na n-urchóideach; óir tarraingíonn siad an t-olc anuas orm; bíonn siad do mo chiapadh le neart a bhfeirge.
4. 5 Tá mo chroí arna chloí ionam istigh: titeann eagla an bháis orm.
5. 6 Tagann sceimhle is scanradh orm anuas, tá mé i mo stalc ag an uamhan.
6. 7 «Mo thrua,» a deirim, «gan sciatháin an choilm agam; d' eitleoinn liom faoi shuaimhneas.»
7. 8 Is amhlaidh a rachainn in imigéin go ndéanfainn cónaí san fhásach.
8. 9 Theithfinn gan mhoill ar lorg fothana ón stoirm is ón spéirling;

Seanfhocal 15:14-14
14. Eolas is sprioc ag aigne an duine thuisceanaigh, ach baois an bia a bhíonn i mbéal na n-amadán.

Lúcás 21:20-38
20. «Ach nuair a fheicfidh sibh Iarúsailéim arna timpeallú ag sluaite armtha, bíodh a fhios agaibh ansin go bhfuil a lomscrios in achmaireacht.
21. Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti;
22. óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomhlíonadh.
23. Is mairg do na mná a bheidh ag iompar clainne nó ag tabhairt cíche sna laethanta sin! Go deimhin, beidh éigean mór sa tír agus díbheirg chun an phobail seo:
24. titfidh siad le béal an chlaímh; seolfar ina mbránna iad ar fud na náisiún uile; agus beidh Iarúsailéim á satailt ag gintlithe nó go dtiocfaidh aimsirí na ngintlithe chun críche.
25. «Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige;
26. daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.
27. Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire.
28. Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht.»
29. Agus labhair sé parabal leo: «Féachaigí an crann fígí agus na crainn eile.
30. Nuair a bhíonn siad ag eascar, bíonn a fhios agaibh ag féachaint orthu, go bhfuil an samhradh in achmaireacht feasta.
31. Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.
32. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn.
33. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.
34. Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh
35. mar a bheadh gaiste. Óir is de phreib a thiocfaidh sé ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir.
36. Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.»
37. Bhíodh sé ag teagasc ar feadh an lae sa Teampall, ach san oíche théadh sé amach agus thugadh an oíche ar an gcnoc ar a dtugtar Ola-Choill.
38. Agus ó éirí lae, bhíodh an pobal uile ag teacht chuige sa Teampall ag éisteacht leis.